Pota Focal Intergaelic
is | it | I | is- | sit
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
a dhraíocht its magic
" ' Measann sí go dtiocfadh leis dochar a dhéanamh don cheol, go gcaillfeadh sé a dhraíocht, dá mba rud é gur thosaigh sí ag smaoineamh ar an teanga seachas ar an cheol féin.
mbeidh a thionchar le brath its influence will be felt
" Cé go bhfuil Napster féin beagnach imithe, is cinnte go mbeidh a thionchar le brath ar an tslí a scaiptear eolas ar an idirlíon amach anseo.
a riocht its form
" Níl an ciníochas athraithe i Meiriceá - tá a riocht athraithe, sin uile.
ina hiomláine in its entirety
" Tar éis sé mhí de chur agus cúiteamh, chinn an Bord Pleanála ar dhiúltú don scéim ina hiomláine.
dá daonra of its population
" Ach mar a dúirt tráchtaire amháin san Astráil, má bhí ceacht le foghlaim ag an Astráil faoi chearta daonna nó faoi aon cheist eile, ní ón Iorua a bheadh sé le foghlaim, tír ar thug an oiread sin dá daonra tacaíocht do réimeas na Naitsíoch in aimsir an chogaidh.
a luach its value
" Ach uaireanta léiríonn an Seanad a luach, agus de ghnáth is iad na seanadóirí neamhspleácha a bhíonn i gceist.
ag ithe a eireabaill féin eating its own tail
" Thrácht duine de na cainteoirí ar an seantíogar Ceilteach a bheith ag ithe a eireabaill féin agus is deas liom an nath! Bhí an t-athrú sa mhargadh ardteicneolaíochta le feiceáil breis agus bliain ó shin nuair a theip ar an WAP i margadh na dteileafóin soghluaiste.
ag tochras ar a ceirtlín féin working in its own interest
" Beidh gach tír díobh, ní nach ionadh, ag tochras ar a ceirtlín féin.
i ndiaidh a fhoilsithe after its publication
" Tá teangacha ag athrú chomh tapaidh anois (an Ghaeilge san áireamh) gur féidir linn glacadh leis go mbeidh foclóir ar bith as dáta bliain nó dhó i ndiaidh a fhoilsithe.
a luachanna aicme oibre its working-class values
" Cad é an pictiúr a chruthaíonn sin den "dream eile"? An bhfuil mé ag caomhnú an tseicteachais? Ar cheart dom ligint dóibh Gaeilge a labhairt ar Bhóthar na Seanchille?) Sochaí fhearúil ======= Sochaí fhearúil a bhí riamh i sochaí Thuaisceart na hÉireann, bródúil as neart a luachanna aicme oibre.
ar an dé deiridh on its last legs
" Cén fáth ar bunaíodh é? Bhí an seanchóras oideachais trí mheán na Gaeilge ar an dé deiridh ag an am.
a leigheas its solution
" Tá roinnt ábhar feasachta i dtaobh na litearthachta aosaigh curtha i gcló againn fosta, agus feachtas poiblíochta, i dtaobh na faidhbe agus a leigheas, réidh le seoladh againn i mí Mheán Fómhair seo chugainn.
dá dhaonra of its population
" Tá breis is 20% dá dhaonra ag maireachtáil faoin líne náisiúnta bochtanais.
a shosa cogaidh its ceasefire
" Tá aontachtaithe frith-Chomhaontaithe oiread sin ar bís ag iarraidh cruthúnais go bhfuil an IRA - agus an IRA amháin, chan na dílseoirí - ag briseadh a shosa cogaidh, go gcreidfidh siad rud ar bith.
i mbarr a réime at its peak
" Nuair a bhí an Tíogar Ceilteach i mbarr a réime agus foireann sacair na hÉireann ag déanamh thar cinn, bhí an deis ar fáil infheistiú sna háiseanna atá de dhíth ar lucht sacair agus rugbaí.
tromlach a chuid ball the majority of its members
" Bhí sé in ann a pháirtí féin a thosú, páirtí nach raibh aon taithí pholaitiúil ag tromlach a chuid ball.
chun a féiniúlacht a chur in iúl to express its identity
" Tuigtear chomh maith go bhfuil dlúthbhaint idir teanga agus cultúr; tugann an teanga guth mothúchánach do shochaí chun a féiniúlacht a chur in iúl.
ag teacht i mbun a méide coming into its own
" Bhain siad go háithrid leis an chéad ghlúin a fuair ardoideachas fríd mheán na Fionlainnise, nach raibh ach ag teacht i mbun a méide mar theanga chultúrtha san am sin.
faoina leagan Béarla in its English version
" Cén fáth ar chinn tusa ar cheann eile a scríobh? Déanta na fírinne, gí gur foilsíodh *Leabhar Gramadaí Gaeilge* ar na mallaibh, tá ábhar an leabhair féin faoina leagan Béarla agus, ar thoradh moille, faoina leagan Gaeilge, ar fáil ó lár na nóchaidí.
a shimplíocht its simplicity
" Agus a shimplíocht freisin.
a chomhionann its equivalent
" Ansin, déanann Outlook (nó a chomhionann) iad a chóipeáil anuas go dtí an ríomhaire a bhfuil Outlook féin air.
ina ghlóire ar fad in all its glory
" Cá bhfuil an seomra folctha agus an cith? Ar ais amach sa chlós, isteach doras eile, agus sin é - ina ghlóire ar fad.
dá bhaill of its members
" Mar, i ndeireadh na dála, is chun leas Chumann na nIriseoirí féin atá sé féachaint chuige nach scríobhfadh aon duine dá bhaill rud ar bith a tharraingeodh droch-chlú ar an ngairm.
a tionchar á mhothú its influence being felt
" An é go bhfuil an sneachta geanmnaíochta ag titim ar mhuintir na hÉireann faoi láthair? Tá an Eaglais Chaitliceach ar cheann de na fórsaí is cumhachtaí sa tír seo agus a tionchar á mhothú i ngach réimse den tsochaí, ón bhunscolaíocht go dtí an pobal is imeallaí sa tír.
Chuir sé in iúl ag am a bhunaithe he made it known at the time of its founding
" Chuir sé in iúl ag am a bhunaithe go raibh dáimh faoi leith aige leis an Ghaelscolaíocht agus leis an oideachas iomlánaithe.
iarrachtaí a cheannasaíochta the attempts of its leadership
" Agus todhchaí an PSNI á plé faoi láthair, tá iarrachtaí a cheannasaíochta an milleán uilig a chur ar na poblachtánaigh ag dul thar fóir.
ag sárú a chuid rialacha infringing its own rules
" Ceist amháin a bheadh agam orthu ná seo: cén fáth a bhfuil RTÉ ag sárú a chuid rialacha féin lá i ndiaidh lae maidir le fógraíocht do pháistí? De réir tuarascála de chuid na Náisiún Aontaithe tá Éire ar cheann den dornán tíortha a chuireann srianta fógraíochta áirithe i bhfeidhm, mar dhea, maidir le cláracha do pháistí.
an chloch is mó ar a pháidrín its greatest concern
" Más "craoltóir tráchtála" feasta é, cuireadh sé deireadh leis an tseanmóireacht faoi thábhacht an stáisiúin agus admhaíodh sé gurb é leas na hinstitiúide agus ní leas an náisiúin an chloch is mó ar a pháidrín.
a mhacasamhail its likes
" Má bhíonn tú ag féachaint ar "No Frontiers" nó ar a mhacasamhail ar na cainéil Shasanacha, b'fhéidir nach dtaitneodh an clár seo leat.
ag déanamh a díchill doing its best
" Ach mar sin féin, bhí an chuma ar an scéal go raibh an iris ag déanamh a díchill gan an duine a bheadh níos feiliúnaí ná éinne eile a roghnú dá n-onóir: an tUachtarán George W.
an ealaín Bhriotanach uilig British art in its entirety
" Dúirt siad nach raibh sé i gceist gur cur síos a bheadh sa ghradam ar an ealaín Bhriotanach uilig ach go raibh sé mar sprioc ag an chomórtas poiblíocht a fháil d'ealaín úr agus go háirithe do cheannródaithe na healaíne sin.
a cháil its reputation
" Más beag é an paróiste ní beag é a cháil ná a chlú.
dá leithéid of its kind
" Mar tháinig níos mó leabhar ón mBlascaod ná ó aon phobal dá leithéid ar fud an domhain ar fad.
lena shaolré its life cycle
" Chun a chinntiú go dtugann déantúsóirí todhchaí fhadtéarmach a dtrealaimh san áireamh, tá sé á mholadh ag an Aontas Eorpach go mbeadh orthu féin íoc as athchúrsáil an trealaimh nuair atá deireadh tagtha lena shaolré.
Chuir sé in iúl ag am a bhunaithe he made it known at the time of its founding
" Chuir sé in iúl ag am a bhunaithe go raibh dáimh faoi leith aige leis an Ghaelscolaíocht agus leis an oideachas iomlánaithe.
ina iomláine in its entirety
" Córas craiceáilte é sin, a dhéanann dochar don tionscal agus don stoc éisc araon, agus nach bhfreagraíonn do leas na sochaí ina iomláine.
a tháillí a ísliú to lower its charges
" Cuireadh brú ar eircom a tháillí a ísliú le déanaí, rud a chabhróidh leis an margadh amach anseo.
gur sheas an UUP an fód that the UUP stood its ground
" Ba é an masla a chaith an UUP ar an DUP ná gur éalaigh siad ón choimhlint le Sinn Féin agus gur sheas an UUP an fód sna cainteanna ilpháirtí as ar fáisceadh Comhaontú Aoine an Chéasta.
páirtí a thréig a chuid préamhacha sóisialacha a party that deserted its socialist roots
" Níl fáth ar bith nach n-éireodh le hEnda Kenny na vótóirí sin a mhealladh ar ais, agus tuilleadh vótóirí a mhealladh ó Pháirtí an Lucht Oibre, páirtí a thréig a chuid préamhacha sóisialacha go hiomlán le linn na 1990í.
lucht a fhorbartha its developers
" D'fhéach lucht a fhorbartha le cearnóg baile mhóir seanfhaiseanta a athchruthú, sa dóigh is go mbraithfeadh muintir na háite go raibh siad ag maireachtáil i sráidbhaile beag ina raibh "stíl mhaireachtála níos simplí agus níos taitneamhaí" ná mar atá le fáil áiteanna eile.
dá theacht isteach of its income
" " De réir Tony Byrne ón chomhlacht próiseála éisc Norfish, atá lonnaithe i nDún na nGall, tagann 10% dá theacht isteach ón mhargadh Éigipteach agus dá dteipfeadh air sin chaillfí postanna.
i mbarr a réime at its peak
" D'imir siad ar fheabhas i gcoinne Chnoc Síon as Port Láirge ach ní raibh an t-ádh leo sa chluiche ceannais sa mhéid is gur bhuail siad le foireann as Biorra atá i mbarr a réime le cúpla bliain anuas agus go speisialta Lá Fhéile Pádraig seo caite.
a chruth féin its own shape
" "Uaireanta, ní bhíonn barúil agam cad é le déanamh," a deir Séigheann, "ach tosaím ag gearradh ar scor ar bith agus tógann an píosa a chruth féin.
a háilleacht fhiáin its wild beauty
" I measc na saothar bhí radharcanna éagsúla den Earagail, an timpeallacht áitiúil agus a háilleacht fhiáin, chomh maith le roinnt portráidí agus stáidéir neamhbheo.
a shuíomh ar dhromchla an domhain a dhéanamh amach to make out its location on the surface of the earth
" Ón difríocht ama idir na comharthaí sin, bíonn an glacadóir ábalta a fhad ó na satailítí a ríomh agus, uaidh sin, a shuíomh ar dhromchla an domhain a dhéanamh amach.
atá ag iarraidh a láthair a cheilt which is trying to hide its location
" Ach cruthóidh sé seo fadhbanna freisin - ní arm Mheiriceá amháin atá ag iarraidh a láthair a cheilt.
a smut its front (lit. snout)
" Ar a taobh a bhí an carr féin caite agus bearna chám curtha ar a smut ag an bpól.
a hordóg its thumb
" " D'ardaigh an chos scoite a hordóg san aer go buacach ag aontú leis.
a méaracha its toes
" Shiúil an chos timpeall go mórálach ar bharr a méaracha agus í ag cur guaillí uirthi féin amhail is dá mba léi féin an áit is dá mbeadh ag féachaint ó dhuine go duine nó ar thóir duine faoi leith ón slua le milleánú.
ar a bhonnaí on its feet
" Ní ghéillfidh an IRA go humhal le go dtig le David Trimble bua a fháil ar an DUP, a deir siad; ach mhaígh Gerry Adams go raibh an tríú gníomh díchoimisiúnaithe beartaithe ag an IRA a ligfeadh don UUP cruinniú de Chomhairle s'acu a ghairm ina molfadh David Trimble go gcuirfí an Tionól ar a bhonnaí arís.
nuair a thabharfadh an ghrian coirnéal an tí when the sun made its way around the corner of the house
" Bhí snag beag sa ghaoth anois agus nuair a thabharfadh an ghrian coirnéal an tí bheadh teas ann fosta.
ar tí a ghnaithe a dhéanamh about to do its business
" Leis sin, chuala sí sceamhlach cait agus chonaic sí cat rua na gcomharsan agus é ar tí a ghnaithe a dhéanamh faoi scáth na gcrann.
gona fheisteas go léir with all its trappings
" Ach in ainneoin gur teach ón naoú haois déag gona fheisteas go léir atá i gceist, is taispeántas stairiúil de chuid an 21ú haois amach is amach é.
a ghaire is a bhí sé its proximity
" Chuir a ghaire is a bhí sé do Ground Zero lena chumhacht fosta.
dá chineál of its kind
" Bhí mé i mo phríomhfheidhmeannach ar DIGRM idir 2001 agus 2002 agus d'eagraigh muid "Gaelfest Frankfurt", an scoil samhraidh ba mhór riamh dá chineál áit ar bith sa Ghearmáin.
a mhacasamhail its kind
" Ainneoin an phlota seanchaite, a bhfaca muid a mhacasamhail go mion minic roimhe, is dul chun cinn mór é go bhfuil an dráma áirithe seo ar an ardán ar chor ar bith.
dá lochtaí é despite its faults
" Faoi láthair, dá lochtaí é, tá mud ag dul fríd thréimhse ina bhfuil go leor daoine a mharódh a chéile deich mbliana ó shin, sásta labhairt lena chéile.
ina bhreith in its birth
" Ní fhaca mé an leagan is déanaí fós, ach d'ainneoin sin tá fíormhórtas orm faoi bheith páirteach ina bhreith an oíche gheimhridh sin agus tá mé buíoch go raibh bearna sa bhuidéal.
a bhuaicphointe its peak
" Sílim gur shroich an cairdín a bhuaicphointe le linn na tréimhse a raibh an-tóir ar Sharon Shannon.
ina broinn aici féin in its own womb
" Tá an Fhrainc agus an Ghearmáin ar a seacht ndícheall chun an leanbh a shábháil agus tá Éire ag súil nach sábhalófaí an leanbh go dtí go bhfuil sé ina broinn aici féin san Athbhliain.
ag teacht i dtír ar a cuid acmhainní nádúrtha taking advantage of its natural resources
" Níl an dara rogha anois ag na Naisiúin Aontaithe ach teacht i gcabhair ar Mheiriceá le cinntiú go ndéanfar an Iaráic a riaradh go cothrom agus nach mbeidh comhlachtaí móra ag teacht i dtír ar a cuid acmhainní nádúrtha, idir an ola agus acmhainní eile nach í.
a thréithe féin its own characteristics
" Feiceann sé chomh hálainn is atá sé, agus chomh hilchineálach is atá na créatúir, agus a thréithe féin ag gach ceann acu.
a ghearrcach féin its own fledgling
" Tá cuma ghránna ar an scalltán, ach mar a deir an seanfhocal, "Is fada dho ráite gur geal leis an bhfiach dubh a ghearrcach féin.
dá leithéid of its kind
" I 1991, d'aistrigh sé chuig an BBC, áit a bhfuair sé post mar eagarthóir sa rannóg cúrsaí reatha Breatnaise, agus i mí Dheireadh Fómhair 1992 ceapadh é mar Cheannasaí Nuachta agus Cúrsaí Reatha ar BBC Wales, rud d'fhág go raibh sé i gceannas ar an dara roinn is mó dá leithéid taobh amuigh de Londain.
a mhíneoidh a mholtaí which will explain its recommendations
" "Tá BBC Thuaisceart Éireann ar tí doiciméad a fhoilsiú a mhíneoidh a mholtaí maidir le cur le líon na gcláracha Gaeilge a bheas le feiceáil ar an BBC.
as a stuaim féin by its own initiative
" Tá an BBC ag geallstan go mbeidh iarratas ar bith a chuirfear chuig an Chiste Craolacháin sa bhreis ar chláracha ar bith a dhéanfaidh an BBC as a stuaim féin," arsa Aled.
a ruball féin its own tale
" Ainmhí é siúd a itheann a ruball féin.
de bharr fheabhas a sceidil because of the excellence of its schedule
" Tá gradaim bainte ag cláracha éagsúla de chuid TG4 in Éirinn agus ar fud na hEorpa le blianta beaga anuas, agus tá méadú suntasach tagtha ar an líon daoine atá ag féachaint ar an stáisiún de bharr fheabhas a sceidil.
a fhorbairt its development
" Saineolaí ======= Is léir go bhfuil Con faoi dhraíocht ag gach saghas spóirt agus is minic é ag cíoradh na fealsúnachta taobh thiar de, a stair agus a fhorbairt i gcomhthéacs cluichí éagsúla.
óna bhrat néalta from its covering of clouds
" Dúirt Denise go bhfuil Cnoc Bréanainn taobh thiar dá teach, ach níl mé féin ábalta a rá go cinnte go bhfuil sé sin fíor mar nár tháinig sé amach óna bhrat néalta an tseachtain ar fad.
a chomhlíon a gheallúintí réamhthoghcháin uile which fulfilled all its pre-election promises
" Ach le bheith fírinneach, an raibh rialtas riamh a chomhlíon a gheallúintí réamhthoghcháin uile!? Creidim féin gurb é an *Bertie Speak *thar aon rud eile is cúis leis an titim thubaisteach i leibhéal tacaíochta an phobail don *Teflon Taoiseach*.
ina gríosacha in its hot ashes
" Ba í freisin a d'fhadaigh an tine don bhocht, le cleití a brollaigh, nuair ba bheag den dé a bhí fanta ina gríosacha, gur barrdhódh í agus go mb'in údar eile lena broinn a bheith dearg.
a phutóga its guts
" Go ndéanfadh sé é a fheannadh di agus a phutóga a ghlanadh as.
a leithéid its like
" Tá muintir na tíre deas séimh cuirtéiseach agus ní minic a bhíonn deacrachtaí ag an turasóir le gadaithe nó a leithéid.
dul i ngleic leis an dúshlán ba mhó a bhí riamh aici to face up to its greatest ever challenge
" Go deimhin, ó Nua-Eabhrac go hiarthar na hÉireann, tá ceann de na cuntais is fearr agus is géarchúisí sa chéad phearsa ag Nicholson, dar le go leor daoine, ar na hÉireannaigh ar an dá thaobh den Aigéan Atlantach, ag am a raibh ar an tír dul i ngleic leis an dúshlán ba mhó a bhí riamh aici, b'fhéidir.
a cheannairí tréadacha its pastoral leaders
" Cuirfidh daoine áirithe ina leith go bhfuil sé ag ionsaí na hEaglaise, ach tá a cháineadh, atá géar agus feargach go minic, dírithe ar a cheannairí tréadacha agus ar nósanna iompair na hinstitiúide, a ionsaíonn sé leis an chumhacht chéanna is a bheadh ag 'cúltortann trucaile', chun a fhrása féin a úsáid.
dá cuid comharsan of its neighbours
" Ach má tá feabhas ar an gcaidreamh leis an Indinéis, is é a mhalairt atá ag tarlú le ceann eile dá cuid comharsan - an Astráil.
le dlús a chur lena iarrachtaí to speed up its attempts
" Ar íoróiní an tsaoil, spreag na deacrachtaí sin an comhlacht le dlús a chur lena iarrachtaí margaí agus treonna nua a aimsiú - rud nach dtarlódh chomh sciobtha céanna, b'fhéidir, dá mbeadh an saol ar a gcompord acu sa mbaile i gcónaí.
ina iomláine in its entirety
" Cé a dúirt nach raibh fios a ghnaithe ag Seoirse Óg Mac Sceiche? Tá Balor ag súil go gcuirfidh eagarthóir *Beo Ar Éigean*, Éamonn Ó Doornail, an t-agallamh seo síos ina iomláine agus nach bhfágfaidh sé píosa ar bith ar lár a mbeadh impleachtaí aige do thodhchaí agus do shonas mhuintir na cruinne, mar a rinne an liúdramán leis na hagallaimh a chuir Balor ar Dhia cúpla bliain ó shin agus ar an Diabhal tamall ina dhiaidh sin.
an ceann is suntasaí dá shórt the most remarkable of its kind
" Ach is dóigh gurb é scéal Ern Malley an ceann is suntasaí dá shórt.
ar an dé deiridh on its last legs
" I gcomparáid le gníomhaíocht an IRA le 35 bliain anuas, is léir don dall go bhfuil an paramíliteachas ar an dé deiridh.
tar éis a bhunaithe after its founding
" I Vinegar Hill a tharla an chéad éirí amach sa gcoilíneacht nua, sé bliana déag tar éis a bhunaithe i 1788.
chuid dá sheanluachanna some of its old values
" Nuair a buaileadh cic ar Fhianna Fáil sna toghcháin áitiúla níor thóg sé i bhfad ar an Taoiseach a rá go poiblí go gcaithfeadh an páirtí filleadh ar chuid dá sheanluachanna agus aire a thabhairt do na dreamanna ba bhoichte agus ba laige sa tsochaí.
lucht a cháinte its critics
" Beidh sé níos deacra ag lucht a cháinte, dá bharr seo, cur ina leith nach bhfuil ann ach seó aonaigh.
faoina scáth under its shadow
" Tugtar *Diamond Mountain *air i mBéarla agus táimid suite díreach faoina scáth.
faoina stiúir under its guidance
" Chuir an rialtas béim ar bhainistiú an gheilleagair agus an chaoi a raibh cúrsaí go maith faoina stiúir.
ag druidim le ceann scríbe approaching its destination
" " Ceart go leor mar sin, ach cad faoi ríomhairí glúine? Bhuel, tá siad sin sa chatagóir seo a leanas: "Gléasanna atá ceadaithe le linn na heitilte ach a bhfuil cosc orthu nuair atá an t-eitleán ag gluaiseacht ar thalamh, ag éirí de thalamh, ag druidim le ceann scríbe nó ag tuirlingt.
dá leithéid of its kind
" Tá neart samplaí eile dá leithéid agus ní léir go bhfuil CLG ag déanamh a dhíchill chun deireadh a chur leis na hionsaithe dainséaracha gránna seo a tharlaíonn chomh minic sin.
dá leithéid of its kind
" Measaim féin gurb é seo an córas is fearr dá leithéid ar domhan.
a líon its number
" Bunaíodh tascfhórsa le gairid a bhfuil sé mar aidhm aige deireadh a chur leis an mbuaf chána san Astráil nó a líon a laghdú go mór - ar a laghad 90%.
a locht a laghad its fault is how scarce it is
" Is é a locht a laghad agus níl aon amhras ann ach gur cheart cur go mór leis agus cláracha den chineál céanna a chur ar fáil i chuile naíonra sa tír.
a bhlas Éireannach its Irish accent
" " Mar sin féin, ní chreideann Dennehy go bhfuil an lá ag teacht nuair a chaillfidh Nua-Eabhrac a bhlas Éireannach.
a rian féin its own mark
" Ba ag Lille, Glaschú agus Genoa a bhí an teideal seo le roinnt blianta anuas agus d'fhág gach cathair acu sin a rian féin ar an bhliain a bhí faoina cúram.
a séala sainiúil féin its own distinctive mark
" Níl aon amhras ach go gcuirfidh Corcaigh a séala sainiúil féin ar ócáid 2005.
is í an chloch is lú ar a bpaidrín í its the matter they're least concerned about
" In ainneoin go ndearbhaíonn siad gur cheart go mbeadh Giobráltar faoi chumhacht na Spáinne, i ndáiríre is cuma leo faoin gceist go ginearálta - is í an chloch is lú ar a bpaidrín í.
trí chéile in its entirety
" Tá faitíos ar Rialtas na hAstráile go bhféadfadh sceimhlitheoirí agus dreamanna eile a bhfuil suim acu sa gcoireacht leas a bhaint as laige an stáit ar mhaithe leo féin agus go mbeadh drochthionchar ag a leithéid ar an réigiún trí chéile.
ag tabhairt aire dá chuid saoránach taking care of its citizens
" An bhfuil mise corr nó an gcreideann sibhse fosta gurb é jab an rialtais é bheith ag tabhairt aire dá chuid saoránach? Páistí a bhfuil riachtanais speisialta oideachais acu ag fanacht uair an chloig mar go bhfuil an tseirbhís tacsaí curtha ar ceal.
a thionchar its influence
" Scríobhas i bhfábhar an athraithe seo cheana agus beidh sé suimiúil a thionchar a fheiceáil maidir le líon na bhfeall a dhéanfar agus líon na gcártaí buí a bhronnfaidh na réiteoirí.
a rialú its regulation
" Ach tapaíodh an deis arís, sna nuachtáin ach go háirithe, le gearáin a dhéanamh i gcoinne an tionscail agus a rialú in Éirinn.
Briseann an dúchas everything takes after its kind
" AÓF: Dá n-iarrfainn ort inseacht dom cén fáth a gcanann tú, céard déarfá? ÁNíD: Briseann an dúchas …! *Is amhránaí, ceoltóir, múinteoir agus fear spraoi é Antaine Ó Faracháin.