Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
iriseoireacht scríofa written journalism
" Is dócha an t-aon bhearna a bhí sa chúrsa nuair a bhíosa á dhéanamh ná ní raibh aon iriseoireacht scríofa i gceist, ach is dóigh liom gur sin páirt mhór den gcúrsa anois.
saoririseoireacht freelance journalism
" Bhí mé mar eagarthóir ar an iris *Comhar *ar feadh bliana agus tá saoririseoireacht déanta agam do TG4 agus RnaG; ach tar éis tamall shocraigh mé nach iriseoireacht nuachta a bhí uaim don chuid eile de mo shaol.
ghairm na hiriseoireachta the journalism profession
" Léiriú maith ar a chlaonta agus atá dlíthe leabhail an stáit seo in aghaidh ghairm na hiriseoireachta is ea an méid airgid a chaitheann nuachtáin Shasanacha ar chásanna cúirte bainteach lena n-eagráin Éireannacha.
iriseoireacht journalism
" Láidreachtaí: an dearadh, an iriseoireacht, an léamh eile ar an scéal.
hiriseoireacht fhiosraitheach investigative journalism
" *Magill*, ainm atá ceangailte le fada an lá le hiriseoireacht fhiosraitheach Éireannach den chaighdeán is airde.
iriseoireacht ghairmiúil professional journalism
" Iarmhúineoir is ea Con, a d'éirigh sé as an mhúinteoireacht am éigin sna seachtóidí nó roimhe sin, agus a chuaigh leis an iriseoireacht ghairmiúil.
iriseoireacht journalism
" D'fhág Anna RTÉ dhá bhliain ó shin i ndiaidh seacht mbliana déag a chaitheamh san eagraíocht agus d'éirigh léi an t-úrscéal seo, ar thosaigh sí air i mí na Samhna 2002, a scríobh idir tionscadail eile - obair theilifíse do chomhlachtaí léiriúcháin neamhspleácha, aistriúchán agus iriseoireacht, i measc rudaí eile.
iriseoireachta journalism
" Chomh maith le bheith ina fheachtasóir cearta daonna, caitheann sé a chuid ama i mbun iriseoireachta, craoltóireachta agus ag scríobh.
iriseoireacht bhuille crazy journalism
" Is breá liom iriseoireacht bhuille a léamh.
iriseoireacht journalism
" "Athraíodh an cúrsa go cúrsa bunchéime ceithre bliana ansin, cúrsa níos leithne i scannáin, físeáin, raidió agus iriseoireacht, measaim.
iriseoireacht journalism
" Mar chuid den chúrsa d’fhoghlaim na mic léinn méid áirithe faoi cheird na hiriseoireachta clóite.
na hiriseoireachta clóite print journalism
" Mar chuid den chúrsa d’fhoghlaim na mic léinn méid áirithe faoi cheird na hiriseoireachta clóite.
iriseoireacht an tseicleabhair chequebook journalism
" Bhí na meáin eile ar buile, ag clamhsán faoi “iriseoireacht an tseicleabhair”, rud a bhíonn ar siúl acu féin nuair a fheileann sé.
iriseoireacht journalism
" Tá an t-idirlíon agus gutháin siúil tar éis an iriseoireacht a dhéanamh daonlathach - agus tá siad tar éis uirlisí nua a thabhairt do na póilíní freisin.
iriseoireacht journalism
" Is baolach go bhfuil an nós seo coitianta go maith in iriseoireacht na tíre seo le dornán blianta anuas.
i dtreo na hiriseoireachta cogaidh in the direction of war journalism
" ” Ba scannán a sheol Fisk i dtreo na hiriseoireachta cogaidh, ainneoin nach maith leis an téarma sin.
iriseoireacht óstáin hotel journalism
" Mar sin, an mbreathnaíonn Fisk air féin mar fhinné ar an chogadh nuair atá iriseoirí eile sásta iriseoireacht óstáin a chleachtadh? “Téim chun na hIaráice agus – dálta Patrick Cockburn, an tÉireannach atá ag obair don *Independent *agus iriseoir an *Guardian *- bím ag tuairisceoireacht ó na sráideanna,” ar sé.
san iriseoireacht in journalism
" Bhí m’athair ag léachtóireacht sa choláiste san iriseoireacht faoin am sin.
ag treabhadh ghort na hiriseoireachta Gaeilge, ploughing the field of Irish language journalism,
" Mar dhuine atá ag treabhadh ghort na hiriseoireachta Gaeilge, is iomaí uair a bhí cathú orm féin dul i muinín an fhóid mhóna chéanna ach measaim go bhfuil iriseoirí na Gaeilge ag cur barraíocht brú ar acmhainní nádúrtha mar atá.
gur athraíodh iriseoireacht na Gaeilge ó bhonn that Irish language journalism was changed utterly
" Ní haon áibhéil a rá gur athraíodh iriseoireacht na Gaeilge ó bhonn i mí Dheireadh Fómhair 1996 agus gur cuireadh tús le ré órga na cumarsáide.
cultúr na hiriseoireachta imscrúdaithí the culture of investigative journalism
" ” Ceann de na dúshláin is mó atá romhainn amach sna meáin Ghaeilge ná cultúr na hiriseoireachta imscrúdaithí a bhunú.
chun staidéar a dhéanamh ar an iriseoireacht. to study journalism.
" Agus an mheánscolaíocht curtha di aici chuaigh Justine níosfaide fós ó bhaile agus aghaidh tugtha aici ar Choláiste na Tráchtálai Rathmines i 1977 chun staidéar a dhéanamh ar an iriseoireacht.
caighdeán ard iriseoireachta a high standard of journalism
" Faoina chúram bhí an-cheannach ar an bpáipéar, ach san am céanna, bhí caighdeán ard iriseoireachta ag an bpáipéar.
dea-iriseoireacht, dea-scríbhneoireacht good journalism, good writing
" Creideann Nic Pháidín agus Ó Cearnaigh gur “beag fóram atá ar fáil chun dea-iriseoireacht, dea-scríbhneoireacht agus fiú díospóireacht chultúrtha éigin a thionscnamh i nGaeilge”.
iriseoireacht). journalism).
" D’aistrigh sé go Dunedin (logainm a eascraíonn ó Dhún Éideann na hAlban) sa bhliain 1869, agus lean sé ar aghaidh leis an scríbhneoireacht (filíocht agus iriseoireacht).
iriseoireacht journalism
" Is léir, mar shampla, go bhfuil an tóin ag titim as ról fadbhunaithe na hiriseoireachta traidisiúnta mar gheatóirí a dhéanfadh cinneadh faoi na míreanna nuachta agus faoi na tuairimí ba cheart a chur faoi bhráid an phobail.
ról fadbhunaithe na hiriseoireachta traidisiúnta the long-established role of traditional journalism
" Is léir, mar shampla, go bhfuil an tóin ag titim as ról fadbhunaithe na hiriseoireachta traidisiúnta mar gheatóirí a dhéanfadh cinneadh faoi na míreanna nuachta agus faoi na tuairimí ba cheart a chur faoi bhráid an phobail.
iriseoireacht ghairmiúil agus amaitéarach. professional and amateur journalism.
" Is iontach an rud é go bhfuil na teicneolaíochtaí is nua ar fad in úsáid chun an comhluadar Gaelach a neartú ar an idirlíon – bímis ag blagadóireacht ar son na cúise! Ceann de na tionchair is mó atá ag an bhlag ar na meáin chumarsáide ná go bhfuil sé níos deacra anois idirdhealú ceart a dhéanamh idir iriseoireacht ghairmiúil agus amaitéarach.
leagan féin de cheird na hiriseoireachta a version of the journalism occupation
" Níl aon ghá le heagarthóir, le húinéir ná le cárta NUJ anois le do leagan féin de cheird na hiriseoireachta a chleachtadh.
iriseoireacht journalism
" Ach deir daoine áirithe go bhfuil an iomarca cúrsaí dá leithéid á reáchtáil faoi láthair – idir chúrsaí i nDún na nGall agus Gaillimh agus chéim nua san iriseoireacht agus sa Ghaeilge in Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath – agus nach mbeidh go leor fostaíochta ar fáil do na rannpháirtithe ina ndiaidh.
de bhunghnéithe na hiriseoireachta basic aspects of journalism
" Ceann de bhunghnéithe na hiriseoireachta í an neamhchlaontacht agus cé nach bhfuil a leithéid de rud ann agus "iriseoir neamhchlaonta" amach is amach, ceapaim gur cheart d’aon nuachtán maith iarracht a dhéanamh a bheith tomhaiste.
cumhacht na físiriseoireachta the power of video journalism
" Bhí mé ar Oileán Chliara, amach ó chósta Mhaigh Eo, nuair a thuig mé cumhacht na físiriseoireachta i gceart den chéad uair.
Bleachtaireacht na hIriseoireachta investigative journalism
" Bleachtaireacht na hIriseoireachta Bhí sé ar chumas na nuachtán (agus mar aidhm acu) an cineál seo fiosrúcháin a dhéanamh, rud nach bhfuil fíor i gcás na meán nua.
iriseoireachta journalism
" Chleacht INNIU caighdeán maith tuairisceoireachta agus iriseoireachta.
iriseoireacht journalism
" ” Níorbh fhada, áfach, gur chuir cúrsaí spóirt cor i gcinniúint na mná óige, rud nach ndéanfar iontas chomh mór sin de nuair a thuigtear go bhfuil cúrsa in iriseoireacht spóirt déanta aici.
post iriseoireachta a job in journalism
" Shílfeá ó bheith ag amharc ar Dinny go raibh sé i ndiaidh an Lotto a bhaint, nó post Phat Kenny a fháil, nó post iriseoireachta a fháil ar Beo Ar Éigean.
hiriseoireacht an tsaoránaigh citizens' journalism
" An bhfuil deireadh le hiriseoireacht an tsaoránaigh as Gaeilge? An bhfuil an cleamhnas idir iriseoireacht na Gaeilge agus ardáin áirithe de chuid na meán úr tite as a chéile? Cá seasann an glór úr Gaeilge a aimsíodh don ghnáthdhuine a bhuíochas d’fhorbairtí ar líne? Traidhfil blianta ó shin, bhíothas ag caint ar bhreacadh ré úr do mheáin chumarsáide na Gaeilge.
iriseoireachta journalism
" Is é an rud is suntasaí faoina bheith ag obair le Raidió na Life, dar liom, go mbíonn saoirse ag daoine dul i mbun oibre raidió agus iriseoireachta ón tús, in áit a bheith ag tosú ón mbonn, mar is gá do neart oibrithe deonacha a dhéanamh i láthair na huaire, bídís ag réiteach tae is ag bailiú poist lá i ndiaidh lae.
iriseoireacht scríofa written journalism
" B’fhearr liom a bheith in ann suí siar anois is arís agus beagán staidéar a ghlacadh agus smaoineamh a dhéanamh, ach ba mhaith liom níos mó den chraoltóireacht, den iriseoireacht scríofa, agus tá mé ag cuimhneamh ar chúpla leabhar chomh maith.
iriseoireacht iniúchach investigative journalism
" Bagairt nó Níos Measa ======== Le linn sheimineár ar an iriseoireacht iniúchach, duirt Allison Morris ón Irish News gur bagraiodh ar gach iriseoir dá bhfuil aithne aici orthu le linn na n-agóidí agus roimhe, ag an uile dhream.
céim san iriseoireacht a degree in journalism
" Rinne sí céim san iriseoireacht in Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath ach níor thuig sí go dtí go ndeachaigh sí go TG4 agus go ndeachaigh sí ag inse scéalta ar an teilifís a chumhachtaí is atá an meán.
Nach í sin an iriseoireacht i ndáiríre isn’t that really what journalism is
"Nach í sin an iriseoireacht i ndáiríre? D'fheadfadh muid a bheith ag cíoradh cúrsaí geilleagair ach i ndáiríre píre, ciallaíonn an iriseoireacht is fearr ná an iriseoireacht a insíonn scéal an duine.
rath na hiriseoireachta chlóite Gaeilge ag brath go mór the success of Irish print journalism shall depend greatly
" Beidh rath na hiriseoireachta chlóite Gaeilge ag brath go mór ar an chinneadh sin.
iriseoireachta na Gaeilge of Irish journalism
" Breith an Bháis ====== Tá an chuma ar an scéal go bhfuil breith an bháis á tabhairt ag Foras na Gaeilge ar thraidisiún fada iriseoireachta na Gaeilge.
faoi chleachtadh na hiriseoireachta on the practice of journalism
" Tá idir mhagadh is dáiríre sa leabhar seo agus tarraingíonn na hiriseoirí ó thaithí fhairsing na mblianta le scéilíní agus le smaointe faoi chleachtadh na hiriseoireachta a roinnt linn.
féidearthachtaí gnó na hiriseoireachta business opportunities of journalism
" Déantar cíoradh ar réimse leathan ábhair ann: na tréithe atá riachtanach, an tablóideachas, claonta polaitiúla, tuairiscí ó láithreacha cogaíochta, féidearthachtaí gnó na hiriseoireachta, cén chaoi le ceisteanna a chur agus le freagraí a sheachaint.
iriseoireachta journalism
" Tá tríocha bliain caite ag Cathal Mac Coille i mbun na hiriseoireachta agus tá meas air go forleathan mar scríbhneoir agus mar chraoltóir.
hiriseoireacht journalism
" Cé gur as an Ísiltír ó dhúchas é Alex Hijmans d'éirigh leis caighdeán ard go leor Gaeilge a bhaint amach le hiriseoireacht, craoltóireacht agus scríbhneoireacht a dhéanamh sa teanga.
iriseoireachta journalism
" Labhair sí le hÉamonn Ó Dónaill faoin obair atá déanta aici go dtí seo i réimse na hiriseoireachta agus faoi na dúshláin atá roimpi.
iriseoireacht journalism
" D'fhoilsigh Cois Life leabhar nua faoi iriseoireacht na Gaeilge, (i)Ar an Taifead: Fís, Fuaim, Focal(/i) le Breandán Delap, an mhí seo caite.
iriseoireacht na Gaeilge, journalism in Irish,
" D'fhoilsigh Cois Life leabhar nua faoi iriseoireacht na Gaeilge, (i)Ar an Taifead: Fís, Fuaim, Focal(/i) le Breandán Delap, i mí Lúnasa.
duais chomórtas na hiriseoireachta idirlín the internet journalism prize
" D’éirigh le Sadhbh Ní Cheallaigh, arb as an gCeathrú Rua di, duais chomórtas na hiriseoireachta idirlín a bhuachan.