Pota Focal Intergaelic
kink | kirk | lick | Nick | pick
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
beo beathach alive and kicking
" Tá an Ghaeilge beo beathach i Melbourne chomh maith faoi chúram Chumann Gaeilge na hAstráile.
cic saor free-kick
" Tugann sé sin buntáiste d'fhoireann amháin - cic saor gan aon bhac.
cic saor free-kick
" Glacann **Séamus Aldridge** cuid den fhreagracht as an gcúl is cáiliúla a scóráladh riamh sa pheil Ghaelach, cúl Mikey Sheehy do Chiarraí i gcoinne Átha Cliath i 1978 - is beag nach n-admhaíonn sé nár chóir dhó an cic saor a bhronnadh ar Chiarraí as ar scóráil Mikey Sheehy an cúl clúiteach úd.
fuaireas drochchic sa cheann I got a bad kick in the head
" D'imrínn ana-dhian agus fuaireas drochchic sa cheann agus ní ligfeadh na húdaráis dom aon am saor a thógaint.
lascadh kicking
" Bhí bualadh agus lascadh agus troid ann agus cuireadh duine de na himreoirí is fearr a bhí ag Contae an Chláir riamh, Seáiní Mac Mathúna, den pháirc.
saorchic a free kick
" Páirc an Chrócaigh: ar chóir í a chur ar fáil do spóirt eile? Ceist amháin faoi sin: cén chaoi a bhféadfaí cead a thabhairt do lucht rugbaí imirt ansin nuair nach dtugann siad ómós cuí do "Amhrán na bhFiann"? Ticéid: an praghas ró-ard (aontaím) agus faigheann na daoine míchearta iad i mí Mheán Fómhair (níl tuairim agam cén chaoi); rud eile: cá mbíonn na "*genuine supporters*" go léir an chuid eile den bhliain? An GAA: an "Grab All Association" - céard a dhéanann siad leis an airgead go léir a thagann isteach ag na cluichí móra gach bliain? Agus tá siad ag iarraidh tuilleadh ón rialtas! Peil Ghaelach: an dtuigeann éinne na rialacha? An bhfuil rialacha ann? Sampla: cóirigh an mhinicíocht a ardaíonn imreoirí an liathróid den talamh go neamhdhleathach gan saorchic ina gcoinne.
agus an dréimire a chiceáil ar shiúl ón dream a bhí thíos fúthu and to kick away the ladder from those who were below them
" "Bhí siad sásta cibé deontais a bhí ag teacht ón Eoraip agus ón Bhreatain a ghlacadh agus an dréimire a chiceáil ar shiúl ón dream a bhí thíos fúthu.
ciceáil tóna backside kicking
"ciceáil tóna á chleachtadh.
fad an chic amach the length of the kick-out
" Seans go gcuirfeadh sé le fad an chic amach freisin.
le linn na gciceanna éirice during the penalty kicks
" Níor ardaigh aon duine an cheist nuair a bhí Jerzy Dudek ag geáitsíocht mar a bheadh muileann gaoithe ann os comhair Shevchenko ach rith ceisteanna fá chúrsaí cultúir, Éire aontaithe agus an chiall atá leo fríd m’intinn le linn na gciceanna éirice.
le raic a thógáil to kick up a fuss
" An é go bhfuil polaiteoirí an chontae róshibhialta le raic a thógáil? An é nach mbuaileann siad an bord minic go leor i mBaile Átha Cliath? Tá fáth éigin ann go bhfuil faillí á déanamh sa chontae agus caithfear díriú air seo luath nó mall.
Tá tú mar a bheadh fear ann a bhfuil a sheal ar shéala a bheith caite. You look like someone who's about to kick the bucket.
" Tá tú mar a bheadh fear ann a bhfuil a sheal ar shéala a bheith caite.
thóg siad an-racán. they kicked up a big fuss.
" D’fhoilsigh siad a gcéad *prospectus* agus nuair a chonaic cuid de na scoileanna Caitliceacha sa tuaisceart nach raibh an Ghaeilge ar an chlár léinn acu, thóg siad an-racán.
ag tógáil raice kicking up a fuss
" Ní haon ionadh, mar sin, go raibh muintir Luimnigh ag tógáil raice i rith mhí Dheireadh Fómhair agus go ndeachaigh 10,000 acu amach ar na sráideanna mar agóid i gcoinne chinneadh Aer Lingus deireadh a chur lena eitiltí idir an tSionainn agus Aerfort Heathrow.
an bhfuil speach fós inti. if there is still a kick in them
" Ach tá sé deacair a thuar cé acu an bhfuil an fhoireann imithe thar an a spriocdháta díola, nó an bhfuil speach fós inti.
ag tógáil raice kicking up a fuss
" Is léir cén fáth a raibh feirmeoirí na hÉireann ag tógáil raice faoin sárú atá déanta ag feirmeoirí mairteola na Brasaíle ar an gcaighdeán sláinte agus sábháilteachta atá leagtha síos ag an Aontas Eorpach (AE) i dtaca le táirgeadh feola.
beo beathach alive and kicking
" Go traidisiúnta sa mheánaois, ní bhíodh cead ag mná a bheith ar an ardán ar chor ar bith agus gi gur tháinig athrú ar an riail seo de réir a chéile, ní bhíodh sé go fóill inglactha go mbeadh íomhá mná rótharraingteach! San aois victeoiriach, nuair a bhí cosc ar chosa cuaracha pianó a thaispeáint, ba mhór an faoiseamh ag fir é go raibh cead acu súil a chaitheamh ar chosa dea-chumtha an ‘principal boy’ gan náire a bheith orthu! Tá an traidisiúin geamaireachta beo beathach go fóill agus bíonn amharclanna in iomaíocht lena chéile le hainmeacha móra a mhealladh leis na príomhpháirteanna a ghlacadh ina gcuid seónna.
tabhairt speiche kicking
" Tá beagnach gach marbhán cóirithe ar bhealach a léiríonn gníomh éigin – ceann amháin ag tabhairt speiche do liathróid, ceann eile ag cromadh siar le liathróid leadóige a bhualadh – is mar sin is fearr a léirítear feidhmeanna na gcnámh agus na matán.
dhíbirt kick out
" An bhfuil tú sásta leo, nó an fíor do na ráflaí atá ag dul thart: go bhfuil tú ag iarraidh iad a dhíbirt as an chomh-aireacht? Biffo: Ní fíor ar chor ar bith.
speach a kick
" Le linn cluiche cleachtaidh, thug an tAilpíneach idir shonc is speach do Cloke, rud a d’fhág gur chuir an club ar fionraí é ar feadh tamaill.
beo beathaíoch alive and kicking
" Tá sé beo beathaíoch anois, le siamsallán, siopaí, agus iliomad rudaí eile.
Cic sa bhéal a kick in the mouth
" "‘Fianna Fáil, the best of them all, Fine Gael, Cic sa bhéal’ a cheoladh muid aimsir na dtoghchán,” ar sí ag gáire, "ach i bhfírinne, ní raibh mórán polaitíochta páirtí sa teach againn.
beo beathach alive and kicking
" Tá aigne an léigir beo beathach go fóill! Búistéireacht ====== Sin ráite, le tamall beag anuas, tá aitheantas a thabhairt, diaidh ar ndiaidh, go raibh siocair ghearáin ag Caitlicigh/Náisiúnaigh an tuaiscirt, rud a shéantar go minic.
beo beathach alive and kicking
" Tá sé beo beathach inár measc sa dobrón a mhothaíonn daoine na deicheanna de bhlianta i ndiaidh duine a raibh grá acu dó nó di a bheith maraithe, gan aon chúis go minic.
speach a kick
speach a tharraingt to draw a kick
" Gníomh nádúrtha, shamhlófá, speach a tharraingt ar rud éigin, ar chloch nó cnap adhmaid a bhualadh le maide – an cluiche cnaig -, ach ba dheacair a shamhlú go bhféadfaí cluichí foirne agus páirce a chur ar bun nuair a bhí daoine scaipthe ar fud taobh tíre fairsing agus gan ach siúl na gcos acu mar mhodh taistil.
ag fáil greadadh fíochmhar síos an bóthar being kicked ferociously down the road
" Ritheann an íomhá liom den channa smolchaite úd ag fáil greadadh fíochmhar síos an bóthar.
chiceáil sa chloigeann kicking on the head
" Seile á caitheamh le céile comhraic, satailt anuas ar imreoir atá sínte ar an talamh, céile comhraic atá ar an talamh a chiceáil sa chloigeann, greim fiacaile a bhaint as céile comhraic, sin cuid de na coireanna a tharla ar pháirceanna imeartha abhus agus i gcéin le roinnt seachtainí anuas.
tharraing sé cic ar an liathróid he drew a kick on the ball
" Is féidir glacadh leis nach raibh sé i gceist ag Ó Conaill a chéile comhraic a ghortú, ach ní mó ná cúramach a bhí sé nuair a tharraing sé cic ar an liathróid a bhí an-ghar do chloigeann an imreora a bhí ar an talamh ag an am.
thú a bheith ar lár chomh hóg seo you to kick the bucker so young
" a bhí ag damhsa, chan na sciatháin!) Agus iad ag válsáil go bog agus ag cogarnach go ciúin le chéile i gcoirnéal an tseomra mhóir ghalánta, shleamhnaigh Aingeal a bruasa taise teo in aice le cluas chlé Bhaloir agus labhair go ciúin leis: ‘A Bhaloir, a thaisce, tá a fhios ag an saol mór go bhfuil mo chroí istigh ionat, agus níor mhaith liom thú a bheith ar lár chomh hóg seo i do shaol.
beo beathach go fóill alive and kicking still
" In ainneoin nach bhfuil scannáin Iodálacha chomh haitheanta ar bhonn idirnaisiúnta inniu is a bhí sna 50í agus 60í, tá an tionsal scannánaíochta beo beathach go fóill.
buailfear cos air shall be kicked
" An té atá thíos, buailfear cos air.
beo bisiúil alive and kicking
" An cineál saoil a d’éalaigh ar throigh gan tuairisc as tíortha go leor ó lár an chéid seo caite le meath na dtithe ceann tuí, tá sé beo bisiúil go fóill sa Rómáin dar le Diarmuid Johnson.