Pota Focal Intergaelic
kick | lick | Nick | pack | peck
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
í a aimsiú pick her out
" Ach má bhíodh áthas air í a aimsiú lena shúile cinn sa mbuíon daltaí scoile, bhí an oiread eile áthais air gan blas dá hainm a bheith ar eolas aige, chreid sé, óir b'amhlaidh a theorannódh ainm baiste ise agus a shamhlaíocht féin.
a d'aimsigh which picked us out
" Focal níor tháinig as a béal siúd ach oiread, ná cor níor bhain sí as a leiceann ach a súile ag tabhairt sciuirde timpeall ó dhuine go duine nó gur chaith sí fuíoll a hamhairc i dtreo na bhflaitheas nuair a d'aimsigh muid amharc a chéile.
ag toghadh picking
" Ansin d'oibir mé ar an phlandáil, ag toghadh agus ag pacáil na mbananaí.
tofa hand-picked
" Bhí thart fá mhilliún duine ina chónaí i bPapua Thiar ag an am, ach ní raibh ceart ach ag 1,022 duine tofa vótáil sa reifreann sin.
cóirigh an mhinicíocht a ardaíonn imreoirí an liathróid den talamh count the frequency with which players pick up the ball off the ground
" Páirc an Chrócaigh: ar chóir í a chur ar fáil do spóirt eile? Ceist amháin faoi sin: cén chaoi a bhféadfaí cead a thabhairt do lucht rugbaí imirt ansin nuair nach dtugann siad ómós cuí do "Amhrán na bhFiann"? Ticéid: an praghas ró-ard (aontaím) agus faigheann na daoine míchearta iad i mí Mheán Fómhair (níl tuairim agam cén chaoi); rud eile: cá mbíonn na "*genuine supporters*" go léir an chuid eile den bhliain? An GAA: an "Grab All Association" - céard a dhéanann siad leis an airgead go léir a thagann isteach ag na cluichí móra gach bliain? Agus tá siad ag iarraidh tuilleadh ón rialtas! Peil Ghaelach: an dtuigeann éinne na rialacha? An bhfuil rialacha ann? Sampla: cóirigh an mhinicíocht a ardaíonn imreoirí an liathróid den talamh go neamhdhleathach gan saorchic ina gcoinne.
nuair a roghnaítear duine dá gcuid when one of their is picked
" Tugann sé léargas ar an mbród mór, millteach a bhíonn ar mhuintir paróiste bhig nuair a roghnaítear duine dá gcuid ar fhoireann an chontae agus go háirithe má bhíonn siad ag imirt i gCluiche Ceannais na hÉireann.
Thóg sí dá dtiocfadh léi she picked up all she could
" Thóg sí dá dtiocfadh léi de thrioc a bheadh ina cosán agus chuir sí an t-iomlán i mullach an toilg mhóir a bhí i lár an tseomra.
piocóidí oighir ice picks
" Cuireann crampóin agus piocóidí oighir scanradh oraibh.
piocóidí oighir ice picks
" Bhí crampáin orainn, piocóidí oighir inár lámha agus muid ceangailte le chéile le rópa ar eagla go dtitfeadh duine againn isteach san oighearscoilt, mar go bhfuil neart acu ann.
a phiocadh to pick
" Antaine Ó Farcháin: Cén t-albam is fearr de cheol nó d'amhránaíocht thraidisiúnta a eisíodh in 2006, dar leat? Terry Moylan: Ó thaobh an cheoil de chaithfinn *The Dusty Miller* a phiocadh agus ó thaobh na hamhránaíochta de thaitin *I Heard a Bird at Dawn* go mór liom.
go bpiocfadh sibh suas í, that you'd pick it up,
" ‘Cheapas féin go bpiocfadh sibh suas í, agus í á labhairt mórthimpeall oraibh,’ a dúirt sé.
dhá phiocóid oighir, two ice picks,
" Ba é Jamie a bhí ag tiomáint, mar sin thug mé liom mo chuid trealaimh chuig a theach: dhá phiocóid oighir, crampáin, clogad, buataisí agus éadaí teirmeacha.
le sméara a bhaint to pick berries
" Gach samhradh, thagadh scata mór daoine le chéile ag Blàr Gobharaidh le sméara a bhaint – saothraítear sútha craobh agus sútha talún agus torthaí eile sa cheantar sin – agus an-deis a bhíodh ann le céilithe a chur ar siúl agus ceol a sheinm.
crampáin agus piocóidí oighir. crampons and ice picks.
" Is é an rud atá i gceist ná dreapadóireacht ar easanna reoite, ag baint úsáide as crampáin agus piocóidí oighir.
chun na cinn is fearr a roghnú to pick the best ones
" Chuir Daire in iúl dom go scríobhann na baill na hamhráin ina n-aonar ach go dtagann siad ar fad le chéile ansin chun na cinn is fearr a roghnú le cur ar albam.
Roghnaíodh é he was picked
" Roghnaíodh é mar iománaí na bliana 1959 agus Roghnaíodh é ar fhoireann an Chéid in 1984 agus ar fhoireann na Mílaoise in 1999.
bpiocadh picking
" Thart fá bliain go leith ó shin chuir mé deireadh leis an bpiocadh agus an tromaíocht a bhí dírithe orm agus shínigh mé suas le Facebook (nó féach ‘Aghaidhleabhar’ ag muintir Chorcaí).
cheapadh to catch, pick up
" Bíonn siad á meascadh isteach agus cabhraíonn sé sin leat nathanna a cheapadh agus gach rud agus thug siad blas canúna dom tharla gur Laighneach mé, saghas uch, an drochchanúint atá agam! Tarraingím focla Thír Chonaill chugam féin nuair a bhím sa taobh sin.
piceanna oighir ice picks
" Tá an fuacht ar ais aris agus tá aird dírithe ar spórt geimhridh, leis an Ionad Sciála san Aghaidh Mór, Alban, ag súil le séasúr maith agus sinne, na dreapadóirí, ag fáil ár gcuid crobh oighir agus piceanna oighir réidh do na sléibhte.
é a bhailiú to pick him up
" Tiocfaidh sí trasna láithreach chun é a bhailiú.
roghnaíodh é he was picked
" Agus é gan ach seacht mbliana déag d’aois roghnaíodh é ar fhoireann shinsir an chlub agus in aois a ocht mbliana déag d’imir sé a chéad chluiche le foireann Phoblacht na hÉireann.
atá ag teacht aníos which you pick up, record
" Anois is scéal eile ar fad má théann tú amach ar an tsráid, caithfidh tú an rud a thógáil atá ag teacht aníos.
tuanna oighir ice picks
" Bhí an cnoc géar as sin suas agus bhí orainn na tuanna oighir a chur ag obair.
caithfidh tú do lá a roghnú go cúramach you must pick your day carefully
" Eagla Roimh Cheannlínte ========== Dála Oileán Reachlainn Uí Bhirn, caithfidh tú do lá a roghnú go cúramach don turas seo, mar is droim sléibhe géar é, Sliabh a Liag, agus séideann an ghaoth go láidir thuas ansin, gaoth a dtiocfadh leis duine a sciobadh den aill gan stró.
foireann a roghnaíodh a team that was picked
" Bhí an t-ádh liom a bheith i láthair ag ócáid stairiúil an mhí seo a d'imigh tharainn, nuair a tháinig foireann a roghnaíodh ó chumainn éagsúla na Briotáine chun Naron, sa Ghailís, le haghaidh a thabhairt ar fhoireann na Gailíse.
Bíonn gliomach thall is abhus there’s an odd jewel (to be picked up)
thóg mé an blas I picked up the accent
" go dtí an Cheathrú Rua agus sin an áit ar thóg mé an blas, measaim," ar sí.
phiocóid oighir ice pick
" Déantar altán mar seo gan téadaí de ghnáth –‘soloing’ a thugtar air - agus mar sin caithfidh tú a bheith curamach gan titim! Má thiteann tú, caithfidh tú cosc a chur faoin siúl le do phiocóid oighir a thapúla is a thig leat le do bhás a sheachaint.
roghnaíodh ar fhoireann was picked for (the Irish) team
" I gcás Uí Ghadhra, a roghnaíodh ar fhoireann na hÉireann den chéad uair sa bhliain 2000, dealraíonn sé go bhfuil a ré seisean thart a fhad is a bhaineann leis an bhfoireann náisiúnta.
sciobairí póca pick pockets
" I mí na Bealtaine 1885, ghabh na húdaráis i Luimneach mná ar tugadh striapacha orthu agus sciobairí póca (idir fhir is mhná) agus bearradh gruaig na mban sular ligeadh isteach sa Teach Oibreachais iad, i.
ná tarraing troid ort féin nach féidir a bhuachaint don’t pick a fight you can’t win
" Níor mhiste do cheannairí an ASTI a mheabhrú dóibh féin an chomhairle a chuir Mao Tse Tung ar a chuid Ginearál airm uair amháin: ná tarraing troid ort féin nach féidir a bhuachaint.
Mo chluas a phioc an ceol suas I picked up music aurally
" Mo chluas a phioc an ceol suas ó m'athair agus ansin dheineas staidéar ar an gceol clasaiceach i Scoil an Cheoil i Luimneach.
a roghnaigh an naonúr cime poblachtach who picked the nine republican prisoners
" N’fheadar an col ceathrar é, nó uncail, b’fhéidir, le David Neligan, ‘*The Spy in the Castle*’? B’eisean Oifigeach Ceannais Faisnéise an Dublin Guard Brigade in Arm an tSaorstáit i dTrá Lí - an fear a roghnaigh an naonúr cime poblachtach a cuireadh go Baile Ua Síoda fá scáth dorchadas oíche an 7ú Márta 1923.
chuile ghasúr roghnaithe every single child picked
" Bhíodh cluichí ceannais na hÉireann san iomáint agus sa pheil i mí Mheán Fómhair agus chuile ghasúr roghnaithe ar cheann de na contaetha a bhí le himirt sna cluichí.
Roghnaigh sibh ceantar ciúin álainn you picked a beautiful and quiet area
" (gáire) Ceantar Chathail Bhuí Mhic Giolla Ghunna ============= **SMM: Roghnaigh sibh ceantar ciúin álainn le socrú síos i measc loch is sléibhte.
roghnaithe picked
" Tá sárpheileadóirí fágtha as agus tá seanfhondúirí roghnaithe ina n-áit.
b’fhéidir go sloigfidh tú teanga sa bhreis you might pick up another language
" Ní bhfaighidh tú bás den ocras agus b’fhéidir go sloigfidh tú teanga sa bhreis thar lear freisin.