bhídís ag labhairt na Gaeilge
they used to speak Irish

" Rud eile ba chuimhin leis faoi ná nuair a bhí An Bráthair Beausang in Áth Dara bhí foirne iománaíochta na scoile faoina chúram agus
bhídís ag labhairt na Gaeilge ar pháirc na himeartha.
lucht labhartha na teanga
speakers of the language

An fhadhb a bhí agam i gcónaí, áfach, ná go raibh mé ag iarraidh a bheith ag foghlaim na Gaeilge gan teagmháil a bheith agam le
lucht labhartha na teanga.
chun labhairt na Gaeilge a spreagadh
to encourage the speaking of Irish

An té a cheapfadh nach bhfuil a lán Gaeilgeoirí anseo i bpríomhchathair na hEorpa, an Bhruiséil, ní bheadh an ceart aige in aon chor! Ní thógann sé ach duine amháin
chun labhairt na Gaeilge a spreagadh agus is iontach an rud é an "*domino effect*" a fheiceáil.
lucht labhartha na Gaeilge
Irish speakers

Tá impleachtaí fuaimintiúla i gceist anseo a bhaineann le pobal na hÉireann ar fad, agus ní le
lucht labhartha na Gaeilge amháin.
Stiúrthóir na Gaeilge Labhartha
the Director of Spoken Irish

Cathain a bunaíodh Áras Mháirtín Uí Chadhain agus cé a bhunaigh é?
D'oscail Coláiste na hOllscoile Gaillimh go páirtaimseartha é i 1977 agus go lánaimseartha i 1985, faoi scáth
Stiúrthóir na Gaeilge Labhartha sa choláiste, Peadar Mac an Iomaire.
atá á labhairt
that are being spoken

Nuair a smaoinítear ar na teangacha
atá á labhairt ar shráideacha Nua-Eabhrac, smaoinítear ar go leor teangacha éagsúla, ach is annamh a luafaí an Ghaeilge.
ghné labhartha
oral aspect

Tá an
ghné labhartha mar chuid thábhachtach den damhsa seo agus, ós rud é go raibh an damhsa i gcónaí lárnach sna féilte traidisiúnta, chabhraigh seo leis an teanga a choimeád beo.
phatrúin labhartha teanga
language speech patterns

Ar an gcaoi sin mheas sí go raibh sí in ann eolas éigin a fháil ar
phatrúin labhartha teanga 439 duine eile - is é sin, daoine nár chuir sí agallamh orthu ach a chuir sí san áireamh sa staidéar.
cumas labhartha
ability to speak

Bainim le glúin atá an-bháúil léi, ach nach bhfuil
cumas labhartha againn.
á labhairt
being spoken

Cén fhís atá agat féin maidir leis an nGaeilge?
Bheinn lánsásta dá mbeadh ceantair ann san am atá romhainn ina mbeadh an Ghaolainn
á labhairt go nádúrtha.
an oiread sin dá lucht labhartha
so many of its speakers

(Is mór an trua nach mbíonn úsáid na Gaeilge mar chuid lárnach den ócáid phoiblí náisiúnta seo, ócáid a d'fheilfeadh go mór d'úsáid na teanga agus
an oiread sin dá lucht labhartha gafa leis na cluichí Gaelacha.
gur cás leis todhchaí na Gaeilge mar theanga labhartha laethúil
who have an interest in the future of the Irish language as an everyday spoken language

Cinntí iad a thabharfaidh ardú croí d'éinne
gur cás leis todhchaí na Gaeilge mar theanga labhartha laethúil.
dá labhairt
being spoken

“Thug bráthair Críostaí, a mhúscail spéis sa nGaeilge sa rang ar fad, beagnach, ar thuras scoile go Gaeltacht Chorca Dhuibhne muid agus bhí iontas orainn nuair a chonaic muid go raibh Gaeilge
dá labhairt ag chuile dhuine ann.
gurb í an príomh-theanga labhartha í
that it is the main spoken language

Ní féidir le duine ar bith a rá a thuilleadh
gurb í an príomh-theanga labhartha í i measc an aoisghrúpa ar a dtugtar déagóirí.
dea-labhartha
well-spoken

Gan amhras, is Éireannach é Kennedy – spleodrach, saibhir agus
dea-labhartha – a mbeadh sé furasta cion a bheith agat air.
chumas labhartha
speaking ability

Is ar
chumas labhartha sa Ghaeilge go príomha a dhíríonn an bonnleibhéal agus an gnáthleibhéal agus tá an inniúlacht a lorgaítear an-teoranta.
á labhairt go forleathan
being spoken on a widespread basis

Bhí a fhios agam go raibh sí ann agus nach raibh sí
á labhairt go forleathan ach b’in é.
Gaeilge labhartha
spoken Irish

Cé nach raibh
Gaeilge labhartha le cloisint go minic ar na sráideanna, chuala mé corrfhocal ó am go chéile.
chumas labhartha
speaking ability

Is ar
chumas labhartha sa Ghaeilge go príomha a dhíríonn an bonnleibhéal agus an gnáthleibhéal agus tá an inniúlacht a lorgaítear an-teoranta.
a dtig liom labhairt leo
to whom I can speak

Mar a dúirt mé thuas, ceann de na deacrachtaí is mó atá agam ná nach bhfuil daoine ann
a dtig liom labhairt leo go rialta, agus tar éis blianta fada ar an choigríoch, tá meirg ar mo chumas labhartha Gaeilge.
mo chumas labhartha Gaeilge
my ability to speak Irish

Mar a dúirt mé thuas, ceann de na deacrachtaí is mó atá agam ná nach bhfuil daoine ann a dtig liom labhairt leo go rialta, agus tar éis blianta fada ar an choigríoch, tá meirg ar
mo chumas labhartha Gaeilge.
scríofa nó labhartha
written or spoken

An deacracht is mó ná nach bhfuil mé in ann abairtí fada –
scríofa nó labhartha – a thuiscint.
á labhairt
being spoken

Tá sé beagnach cosúil le bheith i dtír eile uaireanta, go mór mór nuair nach gcloiseann tú Gaeilge go laethúil agus freisin toisc go bhfuil an oiread teangacha eile
á labhairt i mBaile Átha Cliath anois.
tá fonn uirthi a bheith ag labhairt
she has a desire to speak

Tá Aisling seacht mí dhéag anois agus is iad na frásaí is fearr léi faoi láthair ná "Mamaí, tuilleadh bia!" agus "Amach!" Tá Aisling ag baint triail as gach focal, is cuma faoin teanga,
tá fonn uirthi a bheith ag labhairt.
caighdeán Gaeilge labhartha na ndéagóirí
the teenagers' standard of spoken Irish

Go mbeadh
caighdeán Gaeilge labhartha na ndéagóirí ag feabhsú i gcónaí.
chun labhairt faoin taithí a bhí acu
to speak about their experience

Thug sé cuireadh do naonúr a bhí páirteach i gcláracha réaltachta éagsúla teacht chuig preasócáid a bhí ar siúl aige sa Café Royal i Londain le gairid
chun labhairt faoin taithí a bhí acu agus chun ceisteanna a fhreagairt.
go rabhthas á labhairt san iargúltacht
that they were being spoken in remote areas

“In Alasca, mhair na teangacha mar gheall ar
go rabhthas á labhairt san iargúltacht nó de bhrí nach raibh acmhainní nádúrtha sna ceantair ina raibh siad á labhairt.
go mairfidh teangacha a bhfuil ar a laghad milliún duine á labhairt faoi láthair,
that languages with at least a million speakers at the moment will survive,

”
Deir Krauss go bhfuil gach seans ann
go mairfidh teangacha a bhfuil ar a laghad milliún duine á labhairt faoi láthair, cé go ndeir sé go dtiocfadh le brúidiúlacht stáit deireadh a chur le teanga a mbeadh fiú an méid sin cainteoirí aici.
Gaeilge labhartha
spoken Irish

“Tá ciorcal comhrá á eagrú againn agus is é an aidhm atá leis an tionscadal sin ná muinín a spreagadh sna foghlaimeoirí lena gcuid
Gaeilge labhartha a úsáid taobh amuigh den tseomra ranga.
cearta labhartha, creidimh, agus cruinnithe.
rights of speech, faith and assembly.

Sa bhille seo, tugadh “cearta” breise do phoblacht na Stát Aontaithe, ina measc
cearta labhartha, creidimh, agus cruinnithe.
Níor ghá dó labhairt.
He didn't need to talk.
Níor ghá dó labhairt.
a bhfuil sé ar a gcumas teanga eile a labhairt.
who are able to speak another language.

Maidir leis na Nua-Shéalannaigh a rugadh sa tír, níl ach 10% san aoisghrúpa 15-64
a bhfuil sé ar a gcumas teanga eile a labhairt.
Chinn siad ar labhairt leo
they decided to speak to them
Chinn siad ar labhairt leo faoi rud den chineál céanna a dhéanamh i Learpholl.
dream ar dhiúltaigh siad labhairt leo
a group they refused to talk to

Bhí Oráistigh Dhroim Cria ag éileamh cainteanna le bunadh Bhóthar Gharbh Achaidh,
dream ar dhiúltaigh siad labhairt leo ar feadh 13 bliana nó mar sin.
an dóigh le labhairt le fir
the way to speak to men

Gan paidir capaill a dhéanamh de, seo mar a nochtaíodh dó:
Go luath i mí na Samhna, ceapfar Twink mar bhainisteoir ar fhoireann sacair Phoblacht na hÉireann, cionn is go dtuigeann sí
an dóigh le labhairt le fir nach ndéanann beart de réir a briathair.
go mbeadh sé chomh maith acu Fraincis a labhairt linn.
that they might as well be speaking French to us

Ach na Francaigh – thiocfadh leo a bheith sa tír le tríocha bliain agus bíonn Béarla s’acu chomh “*t’ick*”
go mbeadh sé chomh maith acu Fraincis a labhairt linn.
labhairt, cluastuiscint, léamhthuiscint agus scríobh.
speaking, listening comprehension, reading comprehension and writing

Tá na scrúduithe bunaithe ar na ceithre scil teanga:
labhairt, cluastuiscint, léamhthuiscint agus scríobh.
ar thuiscint agus ar labhairt na teanga.
on understanding and speaking the language

Ag an mBonnleibhéal, cuirtear an-bhéim
ar thuiscint agus ar labhairt na teanga.
dá lucht labhartha
to its speakers

Is cinnte go bhfuil ábhar inspéise sa saothar seo do lucht na Gaeilge agus is cosúil go dtabharfaidh sé lón machnaimh don chuid eile den tsochaí Éireannach nach bhfuil eolach ar an teanga nó ar na nithe atá ina n-údair imní – agus ina n-údair bhróid –
dá lucht labhartha in Éirinn agus i gcéin.
focal labhartha
the spoken word

Faoin tionscadal nua seo, beimid ag comhoibriú le Raidió Fáilte le nasc níos láidre a chruthú idir an
focal labhartha agus an focal scríofa, trí bhlagadóireacht, trí cholúin úra agus trí phodchraoltóireacht.
ag labhairt go poiblí
speaking publicly

Ach d’fhéadfaí a chur ina leith go mbíonn sé ag bualadh bob ar mhuintir na tíre seo go minic agus gur cur i gcéill é an *persona* a bhíonn i gceist agus é
ag labhairt go poiblí – is é sin, *persona* an ghnáthdhuine a labhraíonn mar a labhraíonn an gnáthdhuine.
teacht níos gaire don té a bhfuil sé ag labhairt leis
get closer to the person he is talking to

”
Creidim go láidir gurb é an bua is mó atá ag an bhfísiriseoireacht ná go ligeann sí don iriseoir
teacht níos gaire don té a bhfuil sé ag labhairt leis sa chaoi is go bhfaighidh sé agallamh níos nádúrtha – rud a fhágann gur cur chuige í atá an-oiriúnach do chláracha faisnéise ina ndéantar scéalta pearsanta a insint ach go háirithe.
an teanga is mó labhartha sa tír,
the most widely spoken language in the country

Is í Chichewa
an teanga is mó labhartha sa tír, ach labhraítear Chitumbuka agus Chitonga sna ceantair ina raibh mise lonnaithe.
labhairt thar ár gceann
to speak on our behalf

Is ag leibhéal an Choimisiúin a dhéantar reachtaíocht a thionscnamh ach ní bheadh aon Choimisinéir againn le
labhairt thar ár gceann ar feadh tréimhsí fada as a chéile.
lucht labhartha na Gaeilge
Irish speakers

Anois, is iad na naimhde atá á n-ionsaí acu ná lucht an chomhshaoil, na heolaithe agus
lucht labhartha na Gaeilge.
dul i ngleic leis an teanga labhartha gan stró
to tackle the spoken language without difficulty

Tá teicneolaíocht nua forbartha ag an tSaotharlann Foghraíochta agus Urlabhra i gColáiste na Tríonóide, áfach, a chuirfidh ar chumas an dreama sin
dul i ngleic leis an teanga labhartha gan stró.
deiseanna labhartha
opportunities for speaking

Cuireadh tús le *Oieghyn Gaelgagh* (Oícheanta
Gaelacha) ar fud an oileáin chun
deiseanna labhartha a thabhairt d’fhoghlaimeoirí.
labhairt-i-dteangacha.
speaking in tongues

Is Críostaí go smior í a bhfuil na blianta caite aici mar bhall den Eaglais Chincíseach agus creideann sí go láidir i neart an Spioraid Naoimh agus i rudaí mar
labhairt-i-dteangacha.
co-labhairt
debate, discussion

Cumaidh Institiùd OGE na Mìle Bliadhna
co-labhairt acadaimigeach air mion-chànanan ann an Eden Court air 20 Òg-mhìos airson ceangal a-steach ri Nòs Ùr.
fear labhartha na dánlainne
the gallery spokesperson

“Níl fadhb ar bith agam leis an athchóiriú atá ar bun ag an *East Side Gallery*” a dúirt an tUasal Vrubel “ach ní thig liom teacht ar ais agus an pictiúr céanna a phéinteáil arís – ba phictiúr go hiomlán difriúil a bheadh ann!”
Dhearbhaigh
fear labhartha na dánlainne, Kani Alavi, atá ina ealaíontóir balla é féín, nach raibh an dara rogha ann ach na pictiúir a bhaint mar gheall ar an truailliú a bhí déanta orthu ag an trácht, an aimsir agus ag an scrios a rinne loitiméirí.
níos fusa labhairt
easier to talk to

Fritheadh fosta gur bhraith gasúirí go raibh sé
níos fusa labhairt le fir faoi chúrsaí maistíneachta agus faoi fhadhbanna chaithreachais.
lucht a labhartha
its speakers

Thosaigh an Ghéarleanúint ansin sna 1690í, reachtanna i ndiaidh reachta a cheil oideachas agus céim aníos, dá laghad, ar Chaitlicigh, móramh mór na tíre, agus níl mé a rá gur bhisigh sin a raibh i ndán don teanga ná do
lucht a labhartha.
ngnáthláthair a labhartha
where it's usually spoken

Ní thig a shéanadh go dtitfeadh an tóin as an tionscal seo d’uireasa na scéime, tionscal a raibh buntáiste dúbailte leis - teacht isteach maith a thabhairt do na glúnta de theaghlaigh Ghaeltachta mar aon le tuiscint a thabhairt do dhaltaí na Galltachta ar an Ghaeilge i
ngnáthláthair a labhartha.
saoirse labhartha
freedom of speech

Mí Eanáir 2010, tháinig cás os comhair na Cúirte Uachtaraí a raibh
saoirse labhartha agus ról ghnó sa phróiséas polaitíochta mar cheisteanna lárnacha.
ghnáth-theanga labhartha
vernacular

Tá sé ráite ag cuid mhór daoine go mb’fhéidir gurb é seo an seans deiridh a bheas againn gníomh suntasach a dhéanamh leis an Ghaeltacht a tharrtháil mar phobal ina bhfuil an Ghaeilge mar
ghnáth-theanga labhartha in uachtar.
labhairt
speak

Cad déarfá faoi na feisirí a d’fhan sa seomra sin faoin gcoinníoll nach sceithfidís eolas Rehn lena gcuid vótóirí?**
SÓhU: Caithfidh siad súd
labhairt dóibh féinig, ach, cinnte ó mo pháirt féin, cuireadh é sin in iúl, ón gCoimisinéir.
teanga labhartha
spoken tongue

Ó thaobh comhréire agus fuaimeanna de, bíonn sé furasta go leor dul i ngleic leis an
teanga labhartha.
lucht a labhartha
its speakers

Céard faoi Shinn Féin? Thar aon pháirtí eile shílfeá, leis an méid cainte a bhíonn ar bun ag Sinn Féin faoin nGaeilge, go mbeadh an oiread sin measa acu ar an dteanga is ar
lucht a labhartha is go roghnóidís duine le Gaeilge le seasamh i dtoghchán na huachtaránachta.
deiseanna labhartha
opportunities to speak

“Mar chuid dár bplean straitéise 2008-2010, agus arís, an beartas straitéise reatha, tá sprioc ag Glór na nGael áiseanna don fhoghlamóir agus don chainteoir Gaeilge araon, a chuidíonn le
deiseanna labhartha i suíomhanna spraoi agus sóisialta a fhorbairt.
lucht labhartha
speakers

“Tá an bonneagar atá riachtanach chun freastal ar riachtanais
lucht labhartha na Gaeilge ar tí a scriosta!” Sin téacs na teachtaireachta atá ag dul thart ó dhuine go duine i saol na Gaeilge san am i láthair mar a bheadh spideog ag eitilt ó chrann go crann.
le labhairt leis an mhadadh
to talk to the dog

D’fhoghlaim sí Gaeilg go leor
le labhairt leis an mhadadh.
lucht labhartha na Gearmáinise
the German speakers

Baineann cuid mhaith den ábhar le hoirthear na hEorpa agus leis an athlonnú a rinneadh ar
lucht labhartha na Gearmáinise nuair a cloíodh Hitler agus an tríú Reich.
cumas labhartha
ability to speak

Cé go maíonn 43% den aoisghrúpa idir 20 agus 24 bhliain d’aois go bhfuil
cumas labhartha Ghaeilge acu, níl ach 1.
Rua-Indiaigh ag labhairt a dteanga féin
first nation people speaking their own language

Bhí na
Rua-Indiaigh ag labhairt a dteanga féin, Cheyanne, Apache nó cibéard.
is nach mbíonn á labhairt ach seanduine thall is abhus
and only old people are speaking it here and there

Síleann siad gur teanga mharbh í
is nach mbíonn á labhairt ach seanduine thall is abhus.
tugadh cead dos na mairbh labhairt gan srian
the dead were given complete freedom of speech

”* Ba mhór ag Hugo óg leabhar Uí Chadhain mar sin, Cré na Cille, leabhar inar
tugadh cead dos na mairbh labhairt gan srian.
ag labhairt go cneasta
speaking in a friendly way

Choinnigh muid beirt, súil ar an bheirt bhan taobh eile na sráide ag caint, an bhean aibí
ag labhairt go cneasta leis an mbean óg fíorálainn seo.
ag diúltú Béarla a labhairt
refusing to speak English

Bhí sí
ag diúltú Béarla a labhairt agus bhí a cairde, sna déaga, ag gáire agus ag tathaint uirthi *“Ah come on (ainm), speak English to us, come on, please”*.
gnáthdhaoine in ann labhairt fúithi
ordinary folk able to speak about it

“Bhí mé ag iarraidh cuid d’ár stair radacach a thaispeáint in áit neamhfhoirmiúil, sa dóigh is go mbeadh
gnáthdhaoine in ann labhairt fúithi agus iad amach don oíche,” dúirt sé liom ag an t-am sin.
mar ghnáth-theanga labhartha
as a lingua franca

Tá na mílte bliain de fhorbairt déanta ar an oileán seo ag an nGaeilge chomh maith,
mar ghnáth-theanga labhartha, á seacadadh ó ghlúin go glúin sa nGaeltacht.
faoi lucht labhartha na teanga
about Irish speakers

”* Bíonn leisce ar an údar an fhaill a ligean thairis gan chlisé nó steiréitíopa nó claontuairim a nochtadh
faoi lucht labhartha na teanga.
ag labhairt a dteanga féin
speaking their own language

Is dócha, nuair a bhí mé i mo chónaí i Los Angeles go mór mór, gur bhuail mé le daoine as tíortha éagsúla agus bhíodar
ag labhairt a dteanga féin, Spáinnis mar shampla, agus is dócha gur mhothaigh mé go mba cheart go mbeinn in ann Gaeilge a labhairt.
is cóir dúinn í a labhairt
we ought to speak it

Is ceart dúinn a bheith bródúil as ár dteanga agus fiú más Gaeilge bhriste í
is cóir dúinn í a labhairt.
ag diúltú an Ghaeilge a labhairt
refusing to speak Irish

Thart ormsa i gCois Fharraige, le deich mbliain anuas nó mar sin, tá cuid mhaith de na daoine óga ó na déaga suas
ag diúltú an Ghaeilge a labhairt mar ghnáth-theanga eatarthu féin.
ar nós leo Gaeilge a labhairt go hiondúil
who habitually speak Irish

Cuid acu, a tógadh le Gaeilge go coinsiasach, cloisim iad ag brú Béarla ar dhaoine fásta
ar nós leo Gaeilge a labhairt go hiondúil.
do chaighdeán na Gaeilge labhartha
for the standard of spoken Irish

Níl aon cheist ach an oiread gur chéim mhór ar gcúl a bheas ann
do chaighdeán na Gaeilge labhartha sna scoileanna seo má chuirfear na rialacha úra iontrála do scoileanna atá beartaithe ag an Aire Oideachais, Ruairí Quinn, i bhfeidhm.
ag labhairt theanga an námhad
speaking the enemy’s language

Agus bhí sé
ag labhairt theanga an námhad, an Rúisís bhréan, ar thalamh bheannaithe na Rómaine.
An dtig linn labhairt faoi
can we talk about

**Balor:
An dtig linn labhairt faoi chúrsaí na hÉireann, a Michelle, ós rud é go bhfuil tú anseo inár measc arís? An bhfuil tú féin is na cailíní ag baint sú as bhur gcuairt?**
Michelle: Chuaigh muid go dtí Coláiste na Trioblóide, agus bhí Sasha cinnte gur in Hogwarts a bhí muid go dtí gur mhínigh Malia di an ceangal idir Trinity agus Hogwarts: gur in Trinity atá an chéad chóip a scríobh JK Rowling den chéad leabhar de chuid Harry Potter.
agus as lucht a labhartha
and its speakers

Síleann lucht na Gaeilge, áfach, go dtuigeann siad na hÉireannaigh gan Ghaeilge a bhíos ag spochadh as an teanga seo
agus as lucht a labhartha.
atá á labhairt i dtíortha go leor – seachas in Éirinn
being spoken in many countries – other than Ireland

Trí ní a thuig mé i gceart i Trier na Gearmáine i mí Lúnasa ag an *First European Symposium in Celtic Studies*: an cúlú mór atá i saol an léinn; an saibhreas ollmhór a bhí ag cuid de na Sean-Cheiltigh fadó; an Ghaeilge mhaith
atá á labhairt i dtíortha go leor – seachas in Éirinn.
coitianta a dhóthain le labhairt fúthu
common enough to be mentioned

Tá an liosta seo ag éirí fada, ach níl ach cúpla fadhb eile atá
coitianta a dhóthain le labhairt fúthu.
oiread teangacha á labhairt
so many languages been spoken

Ar ndóigh, tá an Spáinnis i nDeisceart Mheiriceá agus an Fhraincis i dtuaisceart na hAifrice le fada, ach ní móide go raibh
oiread teangacha á labhairt san iasacht riamh sa saol 's atá anois.
Beatha teanga í a labhairt
a language lives by the fact of it being spoken
Beatha teanga í a labhairt a deirtear ach is deacair a shamhlú go mbeadh aon rath ar an Ghaeilge gan scríbhneoirí nó léitheoirí ach an oiread, rud atá aitheanta ag ball eile den chlub eisiach úd, Seán Tadhg Ó Gairbhí:
“Is í fírinne an scéil nach mbéarfaidh aon nuachtán Béarla nó Fraincise an Béarla nó an Fhraincis go dtí an uaigh leis.
chun labhairt go hionraic
to speak honestly

Tá leathbhliain ann ó tháinig ceathrar fear cróga chun tosaigh
chun labhairt go hionraic ar Nuacht TG4 faoin mhí-úsáid gnéis a rinne an Lubhlaíoch orthu.
labhairt le baill
speak to members

Ba bhreá liom mar sin go raibh deis agam Gaeilge a
labhairt le baill CCÉ na hArda i ndiaidh an taispeántas iontach a thug siad ar ardán na seaneaglaise.
dá gcuid ceoil labhairt ar a son
their music to speak for them

Ligeann siad
dá gcuid ceoil labhairt ar a son.
faoi Ghaeilg a labhairt i gcuideachta daoine eile
for speaking Irish in other people’s company

Béal an Mhuirthead
==========
Cuimhním ar an mbaile sin, Béal an Mhuirthead, mar gheall ar an ionsaí ba fíochmhaire a rinneadh orm in áit ar bith ar domhan
faoi Ghaeilg a labhairt i gcuideachta daoine eile, breis is fiche bliain ó shin.
lucht labhartha na Breatnaise
of Welsh speakers

Seachas oíche ar bith d'oícheanta an tsaoil, bhí lán a' tí de
lucht labhartha na Breatnaise tagtha i láthair don Schubertiade.
i measc lucht labhartha na Gaeilge
amongst Irish speakers

Ábhar mór conspóide ab ea an cinneadh sin
i measc lucht labhartha na Gaeilge nuair a d’fhógair an tAire Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe, Brendan Howlin, i mí Dheireadh Fómhair, 2013 go rabhthas ag cur deireadh leis na pointí bisigh agus go gcuirfí cionmhéid i bhfeidhm feasta nuair a bheadh earcú á dhéanamh.
Mar gheall ar stair lucht a labhartha
because of the history of its speakers
Mar gheall ar stair lucht a labhartha, fanfaidh rian a staire agus a ndearcadh saoil mar chuid inmheánach den teanga, más iniompar agus más inláimshithe é.
lucht labhartha na Gaeilge
Irish speakers

Léirigh an eachtra sin sa tacsaí i nGlaschú roimh Nollaig arís na deacrachtaí atá ann do
lucht labhartha na Gaeilge.
Ba dheacair di labhairt mar gheall ar
it was hard for her to talk about
Ba dheacair di labhairt mar gheall ar na hionsaithe seo le ceithre bliana fichead, ach fé dheireadh i 1997 thug sí na sonraí go léir don Ghardaí Síochána tar éis do iardhalta eile as an scoil chéanna gearán a dhéanamh freisin ó thaobh iompar múinteora amháin sa scoil.
lucht labhartha
speakers

Bhí Tríonóid sa lucht éisteachta -
lucht labhartha na Gaeilge a bhí ag iarraidh an Gàidhlig a chluinstin; Preispitéirigh a bhí ansin leis an chantaireacht a chluinstin agus baicle nár Ghaeilgeoirí nó Phreispitéirigh iad ach a bhí ann leis an ealaín shaoithiúil andúchasach seo a chluinstin.
labhairt na hIodáilise go líofa
fluency in Italian

Níl
labhairt na hIodáilise go líofa agam, ach bhain mé feidhm as an leabhar sin mar chleachtadh le mo chuid Iodáilise a fheabhsú.
an teanga labhartha
the spoken language

Measann Dónall Ó Maolfabhailgo bhféadfadh sé dochar a dhéanamh don Ghaeilge béim a chur ar
an teanga labhartha amháin sa churaclam scoile.
an teanga labhartha
the spoken language

Measann Dónall Ó Maolfabhailgo bhféadfadh sé dochar a dhéanamh don Ghaeilge béim a chur ar
an teanga labhartha amháin sa churaclam scoile.
lucht labhartha na dteangacha sin
speakers of those languages

Cé go bhfuiltear ag déanamh iarrachta stádas oifigiúil a thabhairt don Bhéarla sna Stáit Aontaithe, agus céim síos a thabhairt don Spáinnis agus do theangacha eile, tá go leor de
lucht labhartha na dteangacha sin ar nós cuma liom faoin gceist, mar a mhíníonn Brian Ó Broin.
lucht labhartha na Gaeilge
Irish speakers

Ach anois, mar a mhíníonn Robert McMillen, tá siad ag tabhairt faoi naimhde úra – an pobal aerach, lucht na heolaíochta agus
lucht labhartha na Gaeilge ina measc.
lucht labhartha
speakers

Caitheann Breandán Delap a shúil ar na ciallachais atá i dTuarascáil An Bord Snip Nua don Ghaeltacht agus do
lucht labhartha na Gaeilge.
is féidir labhairt amach
one can speak out

Dá strómhaire é saol iarthar domhain, dar le Ciarán Mac Aonghusa, ar a laghad ar bith
is féidir labhairt amach go neamhfhaiteach is le feirg faoi.