Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
ag athchognadh abairtí regurgitating/rehearsing sentences
" Chaith sí an oíche uilig ag athchognadh abairtí agus ceisteanna fá choinne an agallaimh poist lá arna mhárach.
in abairtí seafóideacha in silly sentences
" Sciob siad focla agus leaganacha as áiteacha éagsúla - ina measc foclóirí, Shakespeare agus pé leabhra eile a bhí ar fáil go héasca - agus chuir siad an meascán le chéile in abairtí seafóideacha a raibh cuma "nua-aoiseach" orthu.
ná déan abairtí iomlána a chóipeáil don't copy whole sentences
" Is é sin, ná déan abairtí iomlána a chóipeáil ón alt focal ar fhocal.
abairt Mhanainnise a sentence in Manx, i.e. the language
" Bhí abairt Mhanainnise ar an admháil a tugadh dom sa bheár ar bord na loinge Ben My Chree agus sinn ag seoladh amach as cuan Bhaile Átha Cliath tráthnóna gréine mí Lúnasa seo caite.
abairt sentence
" ” Nach iontach an léargas é sin ar chur chuige, ar aigne, ar fhís, ar dhearcadh an DUP i leith na cothromaíochta? Tá taithí fada ag an Uasal McCausland, iarbhall den UUP a d’iompaigh chuig an DUP, i bpolaitíocht na sáraíocht (adversarial politics) agus is iad an CLG, an Ghaeilg agus an cultúr Gaelach, na clocha is mó ar a phaidrín má tá an abairt sin fóirstineach don Phrotastúnach Soiscéalach! Dúirt an ceimí de chuid Oxford, i ndiaidh a cheaptha, nach dtabharfadh sé cuairt ar ionad CLG a bhí baiste as poblachtánaithe agus é ag tagairt do Pháirc Mhic Easmainn ach go háirithe.
abairt sentence
" Balor: Ach, a eagarthóir, ní fhaighim mar íocaíocht san am i láthair ach cent amháin, nó mar ‘chianóg’ in do leagan arse féin, gabh mo leithscéal, ársa, Liatromach féin - sula ‘gceartaí’ tú mé! - cianóg in aghaidh gach abairt a scríobhaim.
abairt sentence
" ” Ach sula n-éiríonn le hIvana an abairt a chríochnú, tagann an fear garraí ionsorainn is cuireann in iúl go mbeidh an lomaire faiche á úsáid aige.
habairte sentence
" ’ (2005) Taobh amuigh den aineolas a léiríonn tús na habairte sin, is macalla ráiteas an Ollaimh Elliott ar theoiric ‘political economist’ na bliana 1848, Nassau Senior a dúirt le Benjamin Jowett, ‘*the celebrated Master of Balliol*’, go raibh eagla air ‘*the famine of 1848 would not kill more than a million people, and that it would scarcely be enough to do much good*.
eagar na habairte sentence structure
"eagar na habairte éagosúil go hiomlán agus is gá dearmad a dhéanamh ar theangacha eile chun í a fhoghlaim.
cúig abairt five sentences
" Luaigh an Taoiseach an lá céanna sin thuasluaite, 16 Feabhra 2011, nach raibh daltaí meán scoile in ann “cúig abairt Gaeilge a chur i ndiaidh a chéile” tar éis 13 bliain staidéir ar an Ghaeilg amhail is gur chruthú an méid sin nach raibh rath ar an gcóras.
ag deireadh na habairte at the sentence ending
" Bíonn an chopail (ar nós ‘Is’ agus ‘ba’ sa Ghaeilge) ann agus cuirtear í ag deireadh na habairte mar shampla ‘Seán desu’ (Is mise Seán.
i lár abairtí midsentence
" Ba ghnách linn códmheascú a dhéanamh i lár abairtí agus shíl muid go raibh sé iontach greannmhar ar fad! Ag an aois óg sin, bhí a fhios againn go raibh rudaí éagsúla ar siúl.
abairt sentence
" Ina chur i láthair ‘Ag cuimhneamh’ (2009), a rinne sé do Haus der Kunst i Munich, chroch sé 9,000 mála scoile ar bhalla leis an abairt ‘Mhair sí go sona ar feadh seacht mbliana ar an domhan seo’.
habairtí samplacha sample sentences
" Níl a fhios agam cé acu is measa, go bhfuil meirg ar na habairtí samplacha sa leabhar, nó nach mbeidh siad de dhíth ar dhuine ar nós Moisés go deo: *‘I am partial to strawberries’*.
abairt sentence(s)
" Mar sin, fógraím na foraitheanta seo a leanas: Seacht nAitheanta na hAthstraitéise ================= - Uimhir a hAon: Íocfar trí chéad Euro sa tseachtain le tuismitheoirí nó caomhnóirí páiste ar bith a fhreastalaíonn ar Ghaelscoil, fhad is a bhíonn an páiste sin ag freastal ar an Ghaelscoil, agus fhad is a fhoghlaimíonn an páiste sin ar a laghad abairt nua Gaeilge amháin in aghaidh an lae.
abairt a sentence
" "* Rith abairt Henry Ford fríd m'intinn agus mé ag éisteacht le Peter Robinson agus é ag caint ag ardfheis a ocsamóróin, an Democratic Unionist Party.
abairt sin that sentence
" Chuir abairt sin Walsh cur síos breá de chuid Edwin Cameron ar bhreitheamh cáiliúil san Afraic Theas i gcuimhne dom.
Chuir an abairt an oiread iontais orm the sentence amazed me so much
" Chuir an abairt an oiread iontais orm go raibh orm dul ag an leagan Bhéarla le ciall a bhaint as agus seo mar a deirtear ansin: *‘Irish language broadcasters insist that there is no evidence anywhere of media being successfully used to teach a language or add to the number of speakers’*.
corrfhocal nó abairt Ghaeilge an odd word or Irish sentence
" Má tá fadhb acu le daoine eile ag úsáid corrfhocal nó abairt Ghaeilge ó am go ham, b’fhéidir go mb’fhearr dóibh a bheith ag obair i seirbhís eile craolacháin nach bhfuil aon dualgas reachtúil air ó thaobh na Gaeilge.
an abairt the sentence
" Dar leis an mBreitheamh Cooke gur fhág an abairt “dá rogha féin amháin” nach raibh aon dualgas ar an Aire cúiseanna a lua le diúltú iarratas ar shaoránacht.
abairt sa ghnáthchaint sentence in everyday speech
" "* “Tá na soilse lasta ach níl aon duine istigh,” an abairt sa ghnáthchaint agus tháinig sé isteach i mo chloigeann i ndiaidh mé Peter Robinson agus Nigel Dodds a fheiceáil ar dhá chlár teilifíse Dé Domhnaigh.
abairt Ghaeilge a úsáid using a sentence of Irish
" Mar shampla, ba ag tagairt d’iarrachtaí briotacha Barack Obama abairt Ghaeilge a úsáid a bhí Aire na Gaeltachta, Dinny McGinley, nuair a dúirt sé sa Dáil gur “fearr Gaeilge briste ná Béarla cliste.
aon abairt amháin just one sentence
" Is iomaí tagairt dó le leathchéad bliain roimhe sin, ach aon abairt amháin a bhí faoi i mbliain a bháis in Annála Inis Faithleann: Donnchad mc.
a chluintear abairtí mar seo does one hear sentences like this
" “Cén mhaith dúinn a bheith ag caitheamh airgid ar theanga atá marbh, ná atá ag fáil bháis?” Cé chomh minic a chluintear abairtí mar seo, go háirithe in am seo an ghátair ó thaobh an gheilleagair de? In ainneoin go bhfuil creideamh an-láidir ar fad ag Balor i dtodhchaí gheal na Gaeilge, bhí an tsíorcháisíneacht agus an chnáimhseáil shíoraí ag creimeadh a dhóchais… go dtí gur thug sé cuairt ar Ghaelscoil na Gaeilge Gaelaí i mBaile Gaelach sa chathair cois Life.
deich n-abairt Polannaise a shlogadh to swallow ten sentences of Polish
" Bheartaigh mé deich n-abairt Polannaise a shlogadh is a chleachtadh achan lá, rud a chiallódh an t-anmhéid 3,650 abairt faoi cheann bliana! Tháinig ciall chugam agus ghearr mé sin siar go 5 abairt achan lá, líon a bhéarfas 1,825 abairt ar mo thoil agam faoi cheann bliana.
abairt ar mo thoil agam sentence(s) on the tip of my tongue
" Bheartaigh mé deich n-abairt Polannaise a shlogadh is a chleachtadh achan lá, rud a chiallódh an t-anmhéid 3,650 abairt faoi cheann bliana! Tháinig ciall chugam agus ghearr mé sin siar go 5 abairt achan lá, líon a bhéarfas 1,825 abairt ar mo thoil agam faoi cheann bliana.
abairt a chuireann roinnt Éireannach ag dioscán fiacla is dócha a sentence which puts some Irish to grinding their teeth
" Tá ardghradam ag an mBéarla sa domhan idirnáisiúnta agus má bhíonn Gearmánaigh óga ag iarraidh dul chun cinn a dhéanamh sa saol, is i dtreo an Bhéarla a rachaidh siad (abairt a chuireann roinnt Éireannach ag dioscán fiacla is dócha).
móide abairtí samplacha Gaeilge plus sample Irish sentences
" Taobh leis an gceannfhocal Béarla tá an soláthar lom Gaeilge móide abairtí samplacha Gaeilge a léiríonn ceartúsáid an fhocail nó an nath ina chomhthéacs nádúrtha.
chuir mé an oiread sin béime san abairt seo I noted this sentence so much
" Cad chuige ar chuir mé an oiread sin béime san abairt seo?
Mar ba é ceannlíne cead leathanaigh an *Irish News* an lá sula bhfaca mé an dráma ná “*Loyalist killers 'targeted middle-class Catholics.
abairt a bhfuil an oiread sin doiléire a sentence so indistinct
" “Tá fíordhul chun cinn déanta againn ar cheist na mórshiúlta agus ar an am atá thart,” arsa Haass, Dé hAoine, “ach ‘we shall see where we come out on flags’ - abairt a bhfuil an oiread sin doiléire inti go bhfuil sí do-aistrithe ach is léir gurb í ceist na brataí an ceann is doréitithe.
i lár abairte mid-sentence
" Is féidir an focal haischlibeáilte a úsáid i lár abairte nó ina diaidh.
abairt ná nath ná fiú focal ar bith a sentence nor phrase nor even a word at all
" Chaith sé deich mbomaite ag moladh Jimmy *When He Was Winning Matches Mc Guinness*; luaigh sé a chuid comhghleacaithe ar fad ar Chomhairle Contae Dhún na nGall; thug sé íde na muc is na madraí dóibh siúd a scar an contae amach óna chúlchríoch nádúrtha dúchasach, ach… abairt ná nath ná fiú focal ar bith ní dúirt sé faoi phearsa úrcheapaithe na bliana reatha, Liam Uasal Ó Cuinneagáin.
fiú san abairt chéanna even midsentence
" Tá Béarla na hÉireann agus Béarla na Banríona ar a thoil aige, agus thig leis tiontú ó cheann go chéile fiú san abairt chéanna.
ngach uile abairt every single sentence
" “Ní ceart go mbeadh ach na focail a bhfuil gá leo i ngach uile abairt, an rud céanna maidir leis na habairtí i ngach uile alt.
ach abairtí gearra just short sentences
" Ní chiallaíonn sé sin nach gá don scríbhneoir ach abairtí gearra a scríobh nó go mba cheart dó na mionsonraí agus na mionmhínithe a sheachaint ach go mbeadh feidhm agus riachtanas le chuile fhocal a bhreactar ar phár.
abairt sentence
" Bhí siad scartha leathchéad troighe nuair a chuala sé an abairt ina dhiaidh, “*Brian, you’re a good man, you’re a good man*”.