Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
lagú ar a gcreideamh weakening of their faith
" Go fóill, is ann do na fíréin i gCeanada, tír dhúchais Gretzky, nach bhfuil aon lagú ar a gcreideamh gur dia cruthanta é Gretzky.
lagaithe go mór greatly weakened
" Dá réir sin, i 1997 agus Clinton lagaithe go mór, bhunaigh siad eagraíocht darbh ainm Project for the New American Century (PNAC).
lagaíodh an ceangal the tie weakened
" Ó cuireadh an t-oileán faoi riail Shasana ó 1346, chuaigh an teanga a bealach féin agus lagaíodh an ceangal leis na teangacha Gaelacha eile.
lagú weakening
" Chuir comhairleoir Bush, Karl Rove, síos ar na turasanna seo mar chúis náire don tír, é ag seasamh ar an bpointe nach ngabhann Meiriceánaigh leithscéal le héinne agus gur ag lagú Mheiriceá a bhí Obama i súile an domhain.
lagaithe weakened
" Tá a bhformhór mór lagaithe go mór agus tá 110 teanga acu i mbaol agus i gcontúirt a mbás.
lagaíonn weaken
" Ach thar thréimhsí fada, lagaíonn na matáin agus ní bhíonn an chosaint chéanna ar fáil - sin an fáth go mbíonn ceoltóirí rac nó daoine a bhíonn ag obair le fothram ard, ar feadh sealanna fada ama, bodhar! Cad a dúirt tú? Foghlaim na Fuaime ========= Tá an chochla (= an Laidin ar ‘seilmide’ mar gheall ar a cruth) lonnaithe go domhain sa bhlaosc, sa chnámh is dlúithe sa cholainn ar fad - cnámh na huisinne - cnámh a dhéanann córas casta na cochla a chosaint.
Lagú a lessening
" Lagú Creidimh ====== Measaim féin go bhfuil an ceart ag Robinson ach go bhfuil sé róluath a bheith ag caint ar pháistí de gach creideamh - nó gan creideamh – a bheith in aon rang lena cheile.
Ar lagaigh do chumas did your command weaken
" Cleachtadh Cainte ======== **SMM: Ar lagaigh do chumas ar na teangacha eile a Shéamais, KiSwahili agus araile, mar sin, as easpa cleachtaidh?** SÓD: Ó d’fhéadfainn labhairt in KiSwahili in am ar bith, agus déanaim sin.
Níor lagaíodh wasn’t weakened
" Níor lagaíodh an dílseacht sin go dtí an toghchán seo.
Níor lagaíodh wasn’t weakened
" Níor lagaíodh an dílseacht sin go dtí an toghchán seo.
lagú weaken
" Ba cheart an fócas Ghaeltachta a neartú seachas é a lagú, rud a tharlódh dá gcuirfí cúramaí na Gaeilge ar fud an stáit ar an Údarás, mar a bhí beartaithe ag an Rialtas deireanach faoin Straitéis 20 Bliain.
Lagaíonn weakens
" Lagaíonn an seanchosc Afraiceach ar phósadh homaighnéasach an t-ocras daonna is bunúsaí, ocras na drúise”.
lagaithe weakened
" Ní raibh ach 145 de na teangacha seo fós ar marthain, de réir tuarascála a foilsíodh sa bhliain 2005 agus, mar bharr ar an donas, bhí a bhformhór acu lagaithe go mór agus i gcontúirt a múchta, mar a míníodh ar an iris seo (eagrán 110, Meitheamh 2010).
chomh lagaithe so weakened
Nár lagaí Dia a pheann may he continue to write
" Nár lagaí Dia a pheann ná roinnt a léinn orainn riamh.
Lagaigh an bháisteach beagán the rain weakened somewhat
" Lagaigh an bháisteach beagán thart fán méanoíche, agus thosaigh an ghaoth ag teacht i bputhanna amháin.
lagaithe go mór ag an saol weakened by life(’s struggle)
" Tuigim an duine lag go rímhaith mar bhí mé mór le níos mó ná duine amháin a bhí gortaithe go dona agus a bhí lagaithe go mór ag an saol.
Lagaíonn a leithéid de racht domlasta such bitter outburst(s) weaken
" Lagaíonn a leithéid de racht domlasta aon phointe suimiúil atá déanta ag Flynn agus dá réir sin is beag aird a thabharfar ar a leabhar.
Tháinig lagú ar weakened
" Tháinig lagú ar an nGaeilge ó na ficheadaí i leith anuas go dtí, abair aimsir na n-ochtóidí nuair a tháinig Údarás na Gaeltachta isteach agus Donncha Ó Gallchóir, chuir sé an t-eagras sin ar bonn.
lagóidh sé a sheasamh it shall weaken his standing
" Mar gur tionscnamh de chuid Enda Kenny é, creidim gur buille mór in aghaidh a údaráis a bheas ann agus lagóidh sé a sheasamh taobh istigh dá pháirtí féin.