Pota Focal Intergaelic
ash | clash | flash | lakh | lamh
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
steall sé amach he poured with gusto, lashed out
" Ach níor éist an fear fada léi agus steall sé amach gloine eile.
steall sé amach he poured with gusto, lashed out
" Ach níor éist an fear fada léi agus steall sé amach gloine eile.
fabhraí lashes
" Stán Balor go mailíseach ar an ghuthán póca, scríob sé a gheadán, a imleacán, a dhá ascaill agus fabhraí a shúile leis an aeróg, dhruid an fearas fuafar agus chuaigh ag meabhrú os cionn na tine ina phluais bhrocach.
fabhraí lashes
" Stán Balor go mailíseach ar an ghuthán póca, scríob sé a gheadán, a imleacán, a dhá ascaill agus fabhraí a shúile leis an aeróg, dhruid an fearas fuafar agus chuaigh ag meabhrú os cionn na tine ina phluais bhrocach.
go mbídís ag lascadh an tsliotair ina choinne they used to be lashing the ball against it
" Scéal amháin greannmhar a bhí ag Billí Riocaird ina dhírbheathaisnéis, *No Hurling at the Dairy Door*, ná go mbíodh a mháthair de shíor ag fógairt orthu gan a bheith ag iomáint i gcoinne dhoras chró na mbó mar go mbídís ag lascadh an tsliotair ina choinne gach seans a d'fhaighdís.
fhabhraí lashes
" A fhabhraí níor chorraigh, nó sméideadh súl ní dhearna sé.
do do lascadh le camán lashing you with a hurling stick
" Tá sé níos deacra scóráil ón imirt, go háirithe má tá duine nó beirt den fhreasúra ag brú isteach ort, ag tarraingt do gheansaí nó do do lascadh le camán.
sciúradh lashing
" Ardmholadh a thug na léirmheastóirí do “Irish Blood, English Heart” - ní hionann agus an sciúradh a rinne imirceach de Morrissey seacht mbliana roimhe sin, ná an gháir faoi tholl a tharraing cuid de shaothar The Smiths níos sia siar.
le léasadh maith a thabhairt dóibh to give them a good lashing
" Níl sé dleathach a thuilleadh daoine a chur i bpiolóid le léasadh maith a thabhairt dóibh nó torthaí a chaitheamh orthu.
lascadh lashing
" Tá Balor an-bhuartha faoinar bhain dá seanchara, agus níos buarthaí fós nár tharla an lascadh céanna do chuid mhór de na daoine a bhí ina suí i Seomra Mór na Dála ag éisteacht lena chur chun báis os comhair an domhain.
lascadh lashing
" Cúpla oíche ó shoin bhí gaoth fhuar fheanntach ag feadaíl sa ghairdín agus bhí an fhearthainn ag lascadh in aghaidh na fuinneoige.
ag stealladh báistí lashing rain
" Is fearr liom a bheith liom féin le dul amach ag siúl nó a bheith ag léamh, nó fanacht istigh – níl aon rud chomh deas le fanacht istigh nuair a bhíonn sé ag stealladh báistí taobh amuigh.
faoi shúiste being lashed
" Deir daoine áirithe gur dream dúchais iad, ach tá barúil ag daoine eile go bhfuil na Rohingya síolraithe ó dhaoine a bhain Arakan amach le linn don áit a bheith faoi shúiste na Breataine ó 1824 go 1948.
léasadh a lashing
" Thug siad léasadh agus ceacht peile do chontae na Mí, i gcluiche ceannais Laighean, le taispeántas de pheil chliste, thomhaiste a raibh imreoirí ag gluaiseacht agus ag taisteal ar fud na páirce agus ag cur na liathróide go híseal de ghnáth go dtína chéile imeartha.
ag lascadh lashing out at
" An liobrálach in éide bunchreidmheach é nó bunchreidmheach in éide liobrálach é? An cadhan aonair é i bpáirtí ina bhfuil Sammy Wilson, Gregory Campbell, Nigel Dodds? Thug an triúr sin aithisc bhinbeacha, ag lascadh poblachtánach agus rialtas na hÉireann as a bhfaillí, ach ní raibh gíog astu faoin ról a bhí acu i dteip fhuilteach an Stáit ó thuaidh.
lasc Cliarlathas na Róimhe lashed the Roman clergy
" Agus cé a bhí i láthair? Michael Dee Ó Daighdeal Dum, an daonnachtaí gáireachtach a labhair go minic agus go láidir i nDáil Éireann in éadan an chléiriúlachais; Enda Álainn Aoibhinn, an Taoiseach a lasc Cliarlathas na Róimhe an bhliain seo caite agus a labhair go láidir faoina ‘narcissism’.
Tharla go mbíonn go seasta bolg an aeir briste as it’s always lashing rain
" Tharla go mbíonn go seasta bolg an aeir briste le síorbháisteach abhus i gCorca Dorcha, céard eile atá le cailleadh againn! Múinimis do mhuintir an tsaoil bhraonaigh gur cuma faoin bhraon anuas agus faoi ghadaíocht ár gcuid airgid nuair is féidir leat ceol, braon a ól le STUAIM, agus taitneamh a thabairt do chomhluadar an daoine eile, an ‘chuileachta’ mar a deirid ó dheas.
an fhearthainn ag stealladh anuas rain lashing down
" Bhí an aimsir go breá le linn mo chuairte ar ámharaí an tsaoil, ach ní fhéadfainn gan lá síne a shamhlú, i lár an gheimhridh, an ghaoth mhór ag caitheamh na dtonn in aghaidh na gcarraigeacha agus an fhearthainn ag stealladh anuas.
tar éis a threascartha san olltoghchán after their being lashed in the election
" Bhí an chiall ceannaithe ag Páirtí an Lucht Oibre tar éis a threascartha san olltoghchán agus is beag an bhá a léirigh a dhúnghaois le muintir na mbád ó shin i leith.
ag ól sláinte a chéile lashing back the drink
" Agus an nóiméad céanna ’s a bhí an comhluadar ilghnéitheach s’againn féin ag ól sláinte a chéile sa mbeár, cé a tharlódh isteach ach an t-ollamh mór céanna.
Bhreá leat an sásamh a bhain le lascáil na caide i gcoinne na binne you loved the satisfaction of lashing the ball of the gable end
" Bhreá leat an sásamh a bhain le lascáil na caide i gcoinne na binne aige baile cúpla míle babhta.
an lascáil neafaiseach, shimplí sin that simple irrelevant lashing (of the ball)
" Sin é an rud is mó a bhraithimse uaim mar imreoir caide, an lascáil neafaiseach, shimplí sin i gcoinne na binne.
cheart ciontóirí a lascadh offenders ought to be lashed
" Mhol breithiúna áirithe gur cheart ciontóirí a lascadh agus bhí polaiteoirí éagsúla ag moladh go mbeadh ar fhir óga tréimhse sheirbhís mhíleata a chur isteach.