Pota Focal Intergaelic
lea | leac | leafa | leafy | leag
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
bainid aoibhneas as an duilliúr they take delight from the leaves
" Ach na Seapánaigh, glacann siad grianghraif de chrainn agus ní gá go mbeadh an crann ar fad ann; bainid aoibhneas as an duilliúr, dathanna á dtréigean, glas, buí, dearg, órga.
duilleoga atá ag feo decaying leaves
" Tá pasáistí le feiceáil a lúbann isteach ar a chéile agus nach dtéann áit ar bith, agus iad clúdaithe le múnlú bambú, eoclaip, duilleoga atá ag feo agus adharcáin ochtapais.
duilliúr leaves, greenery
" Tá sé chóir a bheith faoi cheilt go hiomlán ag an duilliúr agus tá féar ag fás ar an díon freisin.
bhileog leaves
" Bhí an mugairle Mhuire sona, faoi mar a bhí an tseamair Mhuire, an tseamróg sin a raibh na ceithre bhileog uirthi.
an duilliúr úr the new leaves
" Tá an sabhaircín agus lus an chromchinn ag damhsa sa leoithne; tá na huain óga ag damhsa ar na bánta; tá an duilliúr úr ag damhsa ar ghéaga na gcrann; tá an magairlín meidhreach ag damhsa ar na méilte; tá Bertie an Bodach ag damhsa ó ghéarchéim go héigeandáil; tá Peewee Flynn agus an Half Leper Ó Leath Lobhair ag iarraidh damhsa amach ar dhoras an Bhinse Fhiosraithe, agus - Dia idir muid agus an t-olc - tá Balor na Súile Nimhe ag damhsa thart istigh sa phluais.
duilliúr leaves
" Ach is mí fhriseáilte, íocshláinteach, athbhríoch í mí seo na Bealtaine, dar le laoch na litríochta: an t-am a dtagann duilliúr ar na crainn agus bláthanna ar na sceacha, an t-am a dtosaíonn suán na beatha ag sníomh aníos arís fríd a chuid féitheacha.
duilleog órga golden leaf
" D'úsáid mé duilleog órga ar an gCríost chun an mhaitheas a chur in iúl.
súitear amach na duilleoga the leaves are sucked off
na crainn gléasta i nduilleoga úra the trees dressed in fresh leaves
" Radharc aoibhinn a bhí ann: na crainn gléasta i nduilleoga úra, an sceach gheal faoi bhláth, agus clocha méithe phálás an easpaig agus abhainn ghléigeal dhonn ag rith fúthu.
má thréigeann duine amháin an duine eile if one person leaves the other
" Faoi láthair, má tá fear agus bean ina gcónaí le chéile, is cuma más tréimhse fhada nó ghearr atá i gceist, agus má thréigeann duine amháin an duine eile de bharr easaontaithe, nó má éiríonn duine amháin tinn, nó fiú má fhaigheann duine acu bás, níl an duine eile i dteideal aon cheann de na cearta céanna a bheadh aige/aici dá mbeadh sé/sí pósta.
a mhéaradradh fríd an iris leafing through the magazine
" Thosaigh Màiri a mhéaradradh fríd an iris ach bhí sí dubhthinn ag amharc orthu agus, cibé, b’fhearr léi i bhfad a bheith ina suí ag cúléisteacht leis na gruagairí.
claisceadal na nduilleog the choir of the leaves
"claisceadal na nduilleog ag tosú, an teocht ag ísliú, tinte á lasadh in athuair.
dathanna na nduilleog colours of the leaves
" Tús mhí Dheireadh Fómhair; tá dathanna na nduilleog ag athrú.
sna duilleoga in the leaves
" Nuair a bhí na trí bhomaite sin thuas, bhí orm an pota a chur ina sheasamh mar is ceart sa dóigh is nach mbeadh an t-uisce ina luí sna duilleoga níos mó.
duilleoga leaves
" Samhlaigh fáschoill chnónna cócó, na duilleoga ag cogarnaigh lena chéile go séimh faoin spéir ghorm.
Dochtúir a fresh docken leaf
" Bhíodh Éamonn Ó Doornail againn ar feadh tamaill; ansin bhí Caoimhe Ní Lion againn ar feadh tamaill bhig; bhí Leamh Ó Cuinneagáin againn ar feadh cúpla uair an chloig; agus ar na saolta deireanacha seo, tá Balor ag fáil litreacha forbhannacha ón Dochtúir Seosamh Mac Muirí, ag áitiú air gan aon tagairt a dhéanamh dó féin nó d’eagarthóir sealadach ar bith eile, agus ag bagairt batrála ar Bhalor bocht caoch dearóil má dhéanann sé amhlaidh.
Fágfaidh gach glúin rian a láimhe each generation leaves its mark
" Fágfaidh gach glúin rian a láimhe ar an tír seo agus ar an ghlúin agus na glúnta a thig ina ndiaidh.
duilliúr leaf
" Tá an sabhaircín agus lus an chromchinn réidh le damhsa sa leoithne; tá na huain óga réidh le damhsa ar na bánta; tá an duilliúr úr istigh sna bachlóga réidh le damhsa ar ghéaga na gcrann; tá an magairlín meidhreach réidh le damhsa ar na méilte; tá Balor Builiúil ag damhsa le bamba agus dírathú; agus tá ceannairí na tíre ag damhsa iomlán an bhealaigh isteach i dTeach na nGealt.
duilleog leaves
" Ar mo shiúl thart na laethanta seo, tá snafach an Earraigh ag borradh timpeall orm: an sabhaircín is an lus cromchinn faoi bhláth, an snag breac cruógach i mbun oibre ag bailiú ábhair don nead atá le déanamh sa chrann fuinseoige, na bachlóga ar na crainnte ag buinniú is ag cur amach duilleog, searrach ag láir na comharsan, iomairí fataí réitithe go neata agus méileach na n-uan le cloisteáil mar chúlcheol an tséasúir.
nach bhfuil thar mholadh beirte who leaves a lot to be desired
" Bush go raibh an rás rite ag na tiarnaí cogaidh, ghríosaigh siad Meles Zenawi, deachtóir na hAetóipe nach bhfuil thar mholadh beirte ó thaobh cearta daonna de (ach ós rud é go dtéann sé i bpáirt leis an Iarthar, déanann na meáin neamhaird ar a chuid coireanna), dul isteach sa tSomáil, rud a rinne ar an 24 Nollaig, 2006.
imíonn goes away, leaves
" Tá an loch i lár an fhásaigh agus imíonn an t-uisce go tapaigh trí ghalú de dheasca go mbíonn an ghrian ag taitneamh anuas air an lá ar fad agus go bhfuil an loch an-éadomhain.
nduilleog leaves
" Tá mionstaidéar déanta aici ar na mílte grianghrafanna a bhaineann le lá na tubaiste agus deir sí nach bhfuil aon mhíniú eolaíochta aici ar roinnt des na nithe atá tugtha faoi deara aici - carranna dóite amach in aice le crainn faoi chlúmh iomlán a nduilleog glas sláintiúil, meirg róthapaidh tagtha ar phíosaí miotail, píosaí eile miotail casta as riocht i slite nach gcloínn le gnáthdhlíthe meicniúla.
fhágann a lorg leaves its mark
" As ceithre ráithe na bliana is é an geimhreadh is mó a fhágann a lorg ar intinn an duine.
duilleoga leaves
" Deacair a chreidiúint gur imigh an duilliúr breá a mhaisigh i rith an tsamhraidh iad agus go bhfuil na duilleoga anois ag lobhadh ina screamh salachair.
duilleoga leaves
" Tá polaiteoirí Theach Laighean ag titim dá gcuid suíochán costasach compordach mar a bheadh duilleoga sa ghaoth Mhárta – cuid acu ag titim gan éirí, agus cuid eile ag titim le teann gáire fúthu siúd nach n-éireoidh arís.
duilleog of leaves
" Buaileann gach aon chineál fuaime an tiompán - ó chogar go fothrom, ó shioscarnach duilleog i leoithne gaoithe go screadaíl linbh.
duilleoga raithní fern leaves
" Géaga crann agus imeallbhoird tíortha, gan amhras, ach sliabhraonta, deilteanna abhann, caisirníní deataigh, duilleoga raithní, agus go leor leor nach iad chomh maith.
duilleoige of a leaf
" Agus má bhreathnaíonn tú ar sheanléarscáileanna, feicfidh tú líonra traenach sa tír atá chomh tiubh sin go mbreathnaíonn sé mar mhionchuislí duilleoige.
dhuilleog cnáibe cannabis leaf
" Chas an ‘ermine’ – atá le feiceáil i gcúinne bhratach na Briotáine - ina dhuilleog cnáibe agus rinneadh carachtar cartún den tseanbhean ‘bigoudin’ (hata bán ard traidisiúnta) agus cuireadh ar T-léinte iad.
bhfágfar one leaves
" Ní thosaíonn an bóthar ag dul in airde i gceart go dtí go bhfágfar Moutiers, baile gruama faoi scáth na sléibhte a dtugtar baile tairsí na nAlp air sna bróisiúir thurasóireachta.
Faoi Chopóig under a dock leaf
" Faoi Chopóig nó Faoi Theastas? ================== Bhí an cheist ina mhórachrann arís le déanaí mar gheall ar an Uachtarán Barack Obama, a rugadh in Hawai'i in 1964.
duilleogaí úra new leaves
" Bhí dath dubh ar na duilleogaí úra ar na crainnte taobh an bhealaigh ar a rabhas ag siúl: iad dóite ag gaoth goirt na stoirme a d’fhág sáinnithe mé ar fuireach calaidh in Ailt an Chorráin ar feadh seachtaine.
ar dath duilliúr na giúise the colour of pine leaves
" Bhí an dearadh ar dath duilliúr na giúise.
duilliúr leaf
" IN Éimin, is tionscal mór atá sa khat, druga spreagúil a dhéantar ón duilliúr a bhíonn ar sceach atá an-chosúil le crann an bhosca – boxplant.
duilleoga leaves
" Tar éis na capaill a úmachan, na téada ruthaig agus na machetes a bhailiú agus duilleoga Coca (bunábhar cocaine) sa bhéal againn, bhíomar in ann bualadh chun béalaigh.
duilliúr leaves
" Bhí muid ar strae: crainnte ag clúdach radharc na habhann orainn; an ghaoth ins an duilliúr ag coinneáil fuaim agus boladh an uisce uainn.
dhuilleoga tae glas green tea leaves
" Bíonn úinéir an ionaid aclaíochta ag magadh fúm: “Cén mhaith atá sa tae sin?” Lá amháin, thug mé pacáiste de dhuilleoga tae glas dó mar bhronntanas.
le fios leaves to be understood
" Tugann roinnt fianaise ó na Stáit Aontaithe le fios go dtagann laghdú ar luach tithe nuair a thógtar feirmeacha gaoithe in aice leo.
folús a fhágann an tUachtarán aonarach a vacuum which leaves the president bereft
" Tá an t-amhras á chrá, ceart go leor, ach is amhras dlíodóra é; tá fuacht an phósta ann, ceart go leor freisin - folús a fhágann an tUachtarán aonarach, gan chompord ceana a mhná, agus é sáite i lár ualach na beartaíochta uasal uilig a bhí idir lámha aige.
ar tháirgeadh nitrigín a gcuid duilliúir because of their leaves producing nitrogen
" Cén dochar má ghlactar leis nach mbainfear móin ar na portaigh sléibhe faoi cheann deich mbliana agus in ionad an mhóin a bhaint, go mbearrfar crainn le haghaidh Brosna? Chuige sin, cuirfear cineálacha áirid crann sna lagphortaigh sléibhe, sail dúchais, beith agus crann fearna is inmholta (ar luas a bhfáis & ar tháirgeadh nitrigín a gcuid duilliúir .
a fhágann eagna chinn an duine which leaves human reasoning
" Tá sé lochtach áfach agus is í an neamhfhoirfeacht seo a fhágann eagna chinn an duine chomh lochtach is atá sé.
rian an ríomhaire ar shaol the computer (leaves) an impact on the lives
" Is mó ná riamh rian an ríomhaire ar shaol achan duine agus ní taise do cheoltóirí is do chumadóirí ár linne é.