Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
otharcharr á leanacht an ambulance following them
" Bhí sé ar tí gearán os ard nuair a tháinig foireann dochtúirí faoi luas lasrach agus otharcharr á leanacht, an slua ag cúlú siar agus ag oscailt cosán caol isteach dóibh.
leanacht ar aghaidh to carry on
" Bhíodh breabanna beaga aige - úlla, toitíní nó slisní aráin - do bhuachaillí eile i ndiaidh na n-ionsaithe, agus deireadh sé leo ansin leanacht ar aghaidh lena gcuid oibre amhail is nár tharla tada.
leanacht leis an dea-obair to continue with the good work
" Ansin tagann an bhliain úr agus tosaíonn an rabharta litreacha ag teacht trí dhoras na pluaise: achainíocha ó mhaithe agus ó mhóruaisle na tíre, ag impí orm leanacht leis an dea-obair, ag maíomh gur mise amháin as measc scríbhneoirí na tíre a thugann misneach don phobal - agus géillim arís.
ag leanacht ar aghaidh continuing
" Tá an taighde sin fós ag leanacht ar aghaidh ach níor tugadh aird dá laghad ar a thuairimí.
ag leanacht mná following a woman
" Tháinig Nino Randazzo, 73, go dtí an Astráil i 1952, ag leanacht mná a deir sé.
ag leanacht liathróide ar an scáileán. following a ball on the screen.
" Go deimhin, ní bhíonn an béile ach críochnaithe nuair a ritheann daoine go dtí an teilifíseán chun an chuid eile den lá a chaitheamh ag leanacht liathróide ar an scáileán.
leanacht continue
" ag tús na bliana, ach ní raibh sé sásta leanacht dá fhoilsiú le linn lagtrá fógraíochta.
ag leanacht following
" Chaith mé maidin an 18 Samhain ar an idirlíon ag leanacht a raibh ag tarlú sa Dáil.
ag leanacht continuing
" Tá duine amháin, Merrit Ruhlen, ag leanacht ar aghaidh leis an obair sin anois.
leanacht to follow
" Tá macasamhail den bhád beag sin sa taispeántas idirghníomhach seo agus is féidir leat seiseamhán a úsáid chun a gcúrsa go South Georgia a leanacht.
leanacht to follow
" Bhí sé ar an léarscáil gur cheart cosán seanbhóthar Rómhánach a leanacht agus bhí fhios agam go raibh mé ag druidim le Ribchester, nó Bremetennacym, mar atá tugtha ar an léarscáil fosta.
conair na Fionlainne a leanacht to follow Finland’s direction
" Tá polaiteoirí san Ísiltír ag moladh conair na Fionlainne a leanacht.
ag leanacht following
" Faoin am a bheas an píosa seo á léamh ag léitheoirí Beo, tá súil agam go mbeidh muid ar an dturas farraige aríst ag déanamh ar chósta thiar na hAlban, ag leanacht an chúrsa a thóg Breandán agus é ar an mbealach ó thuaidh go dtí na Scigirí agus an Íoslainn.
bhféadfadh muid a leanacht we could follow up on
" B’fhéidir gur rud é a bhféadfadh muid a leanacht níos mó, ach tá méid áirithe ama a’t le chuile shórt a dhéanamh (pléascadh gáire).
D’fhéadfaí í a leanacht she could be followed
" D’fhéadfaí í a leanacht timpeall an chúinne, i ngan fhios di b’fhéidir, sa chaoi go dtiocfaí aníos léi agus dúshlán cainte a thabhairt di, in áit a bheith ag tathaint uirthi, rud ar bith le teacht thart uirthi.
leanacht ar aghaidh lena gcuid oibre to continue with their work
" Ach ordaíodh do na hoibrithe gabháil isteach ann agus leanacht ar aghaidh lena gcuid oibre.
ag leanacht agus ag scrúdú coimhthíoch following and inspecting strangers
" Mar gheall ar seo, tá forairdeallaithe armtha ag siúl timpeall ceantar “Geala” ag leanacht agus ag scrúdú coimhthíoch.
chun an t-ógánach a leanacht going to follow the youth
" Ghlaoigh sé ar na póilíní agus dúirt go raibh sé chun an t-ógánach a leanacht, ar eagla na heagla.
cogadh cathartha ag leanacht ar aghaidh civil war going on
" Agus tá an cogadh cathartha ag leanacht ar aghaidh sa tSiria le dhá bhliain anuas.
le leanacht ar aghaidh set to continue
" In ainneoin mianta an phobail mar a léiríodh san anailís ón bpróiséas comhairliúcháin, tá an Foras le leanacht ar aghaidh beag beann ar na torthaí.
leanacht follow
" An féidir linn leanacht ar aghaidh ag milleadh gach áit inár dtimpeall?An gcomharthaíonn salachar tinneas intinne a bheith orainn mar dhream? Tugann Donncha Ó hÉallaithe cur síos ar an earrach i gConamara, ach deir sé go bhfuil cuid den mhaitheas bainte as an Earrach ag an bplaisteach dubh, fágtha ina ndiaidh ag feilméirí.
leanacht following
" Bhí Tony Birtill ag leanacht an scéil thall.
an cur chuige s’aige a leanacht by following his approach
" Bhuail Seosamh Mac Muirí le fear siúlach scéalach as an Chabhán a mhaíonn gur féidir teanga a fhoghlaim iontach mear ach an cur chuige s’aige a leanacht.