Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
leatroim discrimination
" Tá an longlann sin clúiteach mar gur tógadh an Titanic inti - ach tá droch-chlú uirthi fosta de bharr an leatroim atá déanta le fada ar na Caitlicigh ansin.
leatrom discrimination
" Tháinig cuntas na bliana sin ar shála fheachtas Ghluaiseacht na gCeart Sibhialta, a dhírigh aird ar an leatrom in éadan na gCaitliceach agus bhí leisc ar naisiúnaithe a gcreideamh a fhógairt ar fhoirm oifigiúil.
leatrom discrimination
" Ar an mbonn gur dócha go bhfuil árachas príobháideach ag cuid de na daoine sin, tá an argóint ann go mb'fhéidir gur aisíoc é seo ar an leatrom a dhéantar ar na hothair phoiblí sna hospidéil i gcomparáid leis na hothair phríobháideacha, ach ag deireadh an lae, is ag na cógaslanna atá ann faoi láthair atá an bua agus an buntáiste airgid.
Má dhéantar leatrom ar pholaiteoirí if politicians are wronged against
" "Má dhéantar leatrom ar pholaiteoirí ar RTÉ, is cosúil gur peaca míle uair níos mó é in RTÉ ná dá ndéanfadh aon stáisiún eile é.
leatrom discrimination
" Tar éis agallamh nuachtáin ina ndúirt sé gur cheart deireadh a chur le hAlt 1 an bhunreachta, rud a chiallódh go mbeadh leatrom dleathach, briseadh as a phost mar cheannaire é.
leatrom a imirt ar dhuine to discriminate against someone
" D'inis siad dom go raibh sé in aghaidh an dlí leatrom a imirt ar dhuine de bharr é a bheith ag gearán faoin chiníochas.
bréan den leatrom tired of the discrimination
" Bhí sise cineál éideimhin," a d'admhaigh Cole, a bhfuil cónaí ar a mháthair i Muineachán, áit ar bhog an teaghlach i ndiaidh dóibh éirí bréan den leatrom agus den chiapadh i mBéal Feirste.
leatrom discrimination
" Is as an leatrom seo a d'eascair polaitíocht liobrálach mhuintir Chinnéide ina dhiaidh sin.
leatrom wrong
" Gan a bheith ag iarraidh leatrom a dhéanamh ar aon saghas eile ceoil, is ceart a lua nach n-imeodh *ballet *nó *opera *de dhroim an domhain ar fad dá dteipfeadh orthu in Éirinn.
leatrom discrimination
" "Bhí tuiscint agam, fiú amháin sular cuireadh an SDLP ar bun, go raibh gá le páirtí a mbeadh tacaíocht aige, le go dtiocfadh leis cás na náisiúnaithe a chur chun tosaigh os comhair an domhain ach, chomh tábhachtach céanna, go mbeadh cead acu a rá gur Éireannaigh iad, gur Gaeil iad gan leatrom a bheith á imirt orthu," arsa Bríd.
leatrom discrimination
" "Ní thiocfadh leat a bheith as Rossville Street ar Thaobh an Bhogaidh gan fios a bheith agat go raibh leatrom á dhéanamh ar Chaitlicigh na cathrach - ní raibh oiread agus Caitliceach amháin ag obair sa *Guildhall* agus ba Chaitlicigh iad dhá thrian den daonra.
leatrom discrimination
" Cé nach raibh an clár le feiceáil i Sasana, ba léir gur chuala lucht an BBC faoi agus rinne siad *vox pop *amuigh ar na sráideanna, ag déanamh iarrachta a chruthú nach raibh leatrom ar bith ann.
faoi leatrom oppressed
" Má léann sibh é seo go cúramach gheobhaidh sibh léargas glé glan glinn ar mheon an Oráistigh bhoicht atá faoi aintreise agus faoi leatrom ina chúige féin – cúige a chruthaigh Dia dó – ar na saolta deireanacha seo.
leatrom oppression
" ) Measann Neil Kinnock agus a leithéid go scoiltfidh an polasaí nua an córas oideachais, agus go mbeidh deighilt, éagóir agus leatrom mar thoradh air.
leatrom oppression
" Bhí sé amhail is gur tháinig cuimhne chomónta na ndaoine – na Péindlíthe, an leatrom agus an frith-Chaitliceachas go ginearálta agus an leatrom in éadan daoine aonair ó thuaidh – gur tháinig sé uilig le chéile sa choimhlint seo idir na stailceoirí agus Rialtas na dTóraithe sa Bhreatain.
leatrom discrimination
" Tá na fadhbanna céanna acu maidir le leatrom is atá ag daoine gorma, ach ní mheasann na húdaráis go bhfuil Éireannaigh i dteideal na seirbhísí agus na cosanta a chuirtear ar fáil do mhionlaigh eile.
gan trácht ar an leatrom a imríodh orthu not to mention the oppression visited on them
" D’fhulaing an pobal sin fríd 35 éigin bliain na dTrioblóidí, gan trácht ar an leatrom a imríodh orthu ó cuireadh an stat ó thuaidh ar bun, agus tá siad anois ag dúil le cur i gcrích na mianta agus na riachtanas atá acu, a oiread le gach saoránach eile.
leatrom victimisation
" Níorbh fhada gur thosaigh an leatrom.
leatrom discrimation
" Déantar leatrom orthu i ngach áit.
leatrom inequality
" Cé gurb íad na Stáit Aontaithe an tír is mó ar Chríocha Mheirceá lena samhlaímid an ciníochas agus an cos ar bolg ar an gcine gorm, tá tíortha eile ar an mór-roinn sin ina ndearnadh, agus ina ndéantar fós, éagóir agus leatrom ar dhreamanna eitneacha mionlaigh.
Leatrom discrimination
" Leatrom leitheadach le fada Is é is brí le Dalit ná ‘brúite’, nó ‘meilte’, ach tá an téarma sin glactha chucu féin ag an aos seachanta agus samhlaítear an focal anois le hiarracht ar iompú chun feabhais, le gluaiseacht ar son an athraithe.
leatrom injustice
" I ndiaidh na críochdheighilte, bhí siad sásta - dála Pháirtí an Lucht Oibre - neamhaird a dhéanamh de Sé Chontae agus a raibh de leatrom ann.
leatrom inequality
" Luaigh sí Cumann Chearta Sibhialta Thuaisceart Éireann agus na héilimh a bhí acu sin sna 1960í - vóta d’achan duine - *one man, one vote* - (seo roimh aimsir chomhionannais gnéis!), scor na B-Speisialach, deireadh le leatrom i gcúrsaí tithíochta agus fostaíochta agus deireadh leis an chlaonroinnt.
leatrom á imirt being discriminated
" Ó na hochtóidí i leith, bhí ceardchumainn na seirbhíse poiblí ag iarraidh go gcealófaí córas na marcanna breise d’arduithe céime siocair go raibh cuid dá mbaill nach raibh cáilithe do na marcanna seo den bharúil go raibh leatrom á imirt orthu.
saor ó leatrom free from inequality
" An ceart go mbeadh daoine saor ó leatrom maidir le cúrsaí tithíochta, cúrsaí bia, cúrsaí sláinte, cúrsaí cultúir agus go mbeadh cothromaíocht i gceist.
leatrom inequality
" Is allagar é a bhain le cumhacht a chur i bhfeidhm, cumhacht síceach agus fisiceach a bhfuil easpa cothromaíochta agus an leatrom le sonrú ann.
An Leatrom inequality
" An Leatrom ===== Tá próifíl an-íseal ag an Choimisiún Comhionnannais ó thuaidh cionn is, b'fhéidir, go mbíonn siad ag plé go minic le haonaráin agus nach dtig leo cásanna mór tromchúiseacha a throid, de cheal airgid, ach tá buanna beaga bainte ag an Choimisiún do ghnáthshaoránaigh an Tuaiscirt agus is obair thábhachtach í.
leatroim discrimination
" Chuir sé iontas orm a fheargach is a bhí Ervine faoin HET (Foireann na bhFiosrúchán Stairiúla), a bhí ag déanamh leatroim ar pharamhílitigh dhílseacha.
don tslí ina ndearnadh leatrom ar in how inequality was used against
" Mar a bheifeá ag dúil leis, tá tagairtí i leabhar seo Mary Warde don tslí ina ndearnadh leatrom ar an Lucht Siúil san am atá thart agus don tslí inar caitheadh anuas orthu.
leatrom inequality
" * B’é an scannal gur cheadaigh Westminister, cuma Tóraithe nó Lucht Oibre i gcumhacht, do na hAontachtóirí leatrom a dhéanamh ar Chaitlicigh/náisiúnaithe ag mórán gach leibhéal den saol.
leatrom an inequality
" Mhol an coiste freisin go gcuirfí ailt eile sa bhunreacht a dhearbhódh *“advancement”* don mhuintir dhúchais agus a chuirfeadh toirmeasc ar aon rialtas san Astráil leatrom a dhéanamh ar aon duine mar gheall ar a chine, ar a chneasdath nó ar a bhunadh eitneach nó náisiúin.
i láimseáil saol an leatroim in handling a life of inequality
" Más ea, agus má tá an tóin le titim as mórán gach tír agus as gach airgeadra ar domhan, d’fhéadfadh sé go mbeidh cuid mhaith de mhuintir na hÉireann níos oilte i láimseáil saol an leatroim ná go leor dá gcomharsana.
leatrom, den chos ar bolg inequality, of imperialism
" Daoine a bhí cleachtaithe le neamhaird a dhéanamh de na maslaí, den leatrom, den chos ar bolg, phléasc siad i racht ollmhór feirge.
a raibh leatrom a dhéanamh orthu who were being discriminated against
" 
 D'fhoghlaim muid an tseachtain seo fosta gurbh éigean do David Ford, ceannaire Pháirtí an Alliance agus an tAire Cirt éirí as a chúraimí mar sheanóir sa dara Eaglais Preispitéireacha i nDún Ó gCorra mar gheall ar an tacaíocht a thug a pháirtí don phosadh comhghnéis, ach thug a ráiteas le fios go raibh sé ag vótáil chun leasa dream áirithe sa tsochaí a raibh leatrom a dhéanamh orthu agus ní mar thoradh ar a dhearcadh creidimh féin.
imríodh leatrom institiúideach institutional inequality was practiced
" Is léir gur imríodh leatrom institiúideach ar na hÉireannaigh nó ar chuid den phobal Éireannach sna tíortha a ndeachaigh siad chucu.
leatrom leanúnach á dhéanamh a continual in-equality in practice
" An easpa Críostaíochta agus spioradáltachta atá go forleathan san Iarthar – na tíortha ar maos le pornagrafaíocht, caimiléireacht stáit, mímhacántacht agus leatrom leanúnach á dhéanamh ar mhná agus ar pháistí - is fearr dóibh fanacht mar atá siad san iargúil, fiú más bochtaineacht, aineolas agus sceon atá mar thoradh air.
leatrom na Síneach ar chearta an duine sa Tibéid, The Chinese oppression of Tibetians' human rights
" Tá cuid mhór den phobal idirnáisiúnta míshásta mar gheall ar leatrom na Síneach ar chearta an duine sa Tibéid, ach tá Maidhc Ó Cathail den tuairim nach bhfuil iompar an Dalaí Láma féin thar mholadh beirte.