Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
ag tréigean an tionscail leaving the industry
" Mar sin féin deir An Roinn Cumarsáide, Mara agus Acmhainní Nádúrtha go bhfuil níos mó agus níos mó daoine ag tréigean an tionscail.
ag eitilt thar loch amach leaving the country
" agus tá an brabús ar fad ag eitilt thar loch amach.
ag fágáil an fhoréigin ina ndiaidh leaving violence behind
" Má bhí an béarlagair chomh casta le *spaghetti*, béile blasta a bhí ann do na daoine a chreideann go bhfuil an IRA ag fágáil an fhoréigin ina ndiaidh.
gan trácht ar leaving aside
" In áit is mó a fheictear difríochtaí, gan trácht ar chúrsaí teanga ná cultúrtha, ná ó thaobh na timpeallachta de.
ag tréigean an tsaoil seo leaving this world/dying
" “Tá mo sheanchomrádaithe ag tréigean an tsaoil seo.
dhaltaí Ardteiste Leaving Certificate pupils
" Tá ranganna á reáchtáil againn ag am lóin freisin agus cúrsaí do dhaltaí Ardteiste agus do mhic léinn tríú leibhéal.
dhaltaí Ardteiste Leaving Certificate pupils
" Tá ranganna á reáchtáil againn ag am lóin freisin agus cúrsaí do dhaltaí Ardteiste agus do mhic léinn tríú leibhéal.
san Ardteist in the Leaving Cert
" Idir an dá linn, tá torthaí sásúla á bhfáil san Ardteist i nGaeilge, bliain i ndiaidh bliana – drochtheist ar chaighdeán na scrúduithe sin! Anuas air sin, níl aon chomhthéacs sóisialta á thabhairt d’fhoghlaim na teanga.
daltaí na hArdteiste the Leaving Certificate pupils
" Ní fada anois go mbeidh daltaí na hArdteiste ag tabhairt faoin scrúdú is tábhachtaí ina saol.
cúrsa iar-Ardteistiméireachta post-Leaving Cert course
" Ní mar sin a bhí sé i gcónaí i gcás an fhir thréithigh seo as Brí Chualainn – i ndiaidh dó an scoil a fhágáil i lár na nóchaidí agus cúrsa iar-Ardteistiméireachta déanta aige, bhí sé ag súil go mbeadh sé ábalta leanúint lena chuid staidéir i gceann de na coláistí ealaíne sa phríomhchathair.
ghoill a n-imeacht ar Bhalor Bocht their leaving upset Poor Balor
" Cuid acu, ghoill a n-imeacht ar Bhalor Bocht agus cuid eile níor ghoill.
ag fágáil na mór-roinne is ansa liom, leaving the continent I like the most,
" Love, fiú! Bhí lionn dubh ar mo chroí agus mé ag imeacht as an Maláiv, ní hamháin mar go raibh mé ag fágáil na mór-roinne is ansa liom, ach toisc go raibh mé ag fágáil cairde a bhí mar a bheadh teaghlach agam, agus ag fágáil tíre a bhí tar éis greim docht a fháil ar mo chroí.
trí theachtaireachtaí a fhágáil ar shuímh a chéile. by leaving messages on each other's site.
" Déanann siad teagmháil lena gcairde, trí theachtaireachtaí a fhágáil ar shuímh a chéile.
ag fágáil mhór-roinn iontach na hAfraice, leaving the wonderful continent of Africa,
" Is cinnte go raibh lionn dubh ar mo chroí agus mé ag fágáil mhór-roinn iontach na hAfraice, ag eitilt ó Johannesburg go Perth, ach ag an am céanna bhí mé ar bís leis an mór-roinn nua seo a bhí ag feitheamh orm a fheiceáil.
ag tréigbheáil an pháirtí faoi láthair leaving the party at the moment
" Ba chuid den straitéis fhadtéarmach riamh é agus murar thuig na daoine atá ag tréigbheáil an pháirtí faoi láthair gur cuid den loighic a bhí taobh thiar de Chomhaontú Aoine an Chéasta é go nglacfadh Sinn Féin leis an chóras cirt ó thuaidh, thuig an cheannaireacht é.
daltaí Ardteiste Leaving Cert pupils
" An rud ba shuimiúla, is dócha, faoi na scéalta seo ná go raibh siad sna ceannlínte thart ar an am go raibh daltaí Ardteiste na tíre ag líonadh isteach a bhfoirm CAO chun cúrsa ollscoile a roghnú.
a n-imeacht as Éirinn their leaving Ireland
" Is minic a chuirtear síos ar a n-imeacht as Éirinn i dtéarmaí talaimh amháin, is é sin, d’fhág siad an t-oileán ocrach ina ndiaidh agus sin go bunúsach a raibh i gceist lena gcaill.
ag fágáil na hIaráice leaving Iraq
" Níorbh fhada Gordon Brown i gceannas na Breataine gur tháinig sé go Meiriceá leis an teachtaireacht go mbeadh trúpaí a thíresean ag fágáil na hIaráice gan mhoill.
agus na súmairí á fhágáil, and the scroungers are leaving him,
" Sea, tá an t-othar beagnach marbh, agus na súmairí á fhágáil, de cheal fuil úr le hól.
goirt a fhágáil bán leaving fields fallow
" Baineann an nós seo le cosaint an dúlra agus an talaimh – goirt a fhágáil bán ar feadh bliana le meas a léiriú orthu, cuir i gcás.
ag fágáil an fhoréigin ina ndiaidh. leaving violence behind them.
" Mar sin, is léir go bhfuil fadhbanna ag na grúpaí dílseacha seo ag teacht isteach sa 21ú haois agus ag fágáil an fhoréigin ina ndiaidh.
ag fágáil na bunscoile idirchreidmhí leaving the inter-denominational primary school
" Bhí páistí ag fágáil na bunscoile idirchreidmhí Emmaus, atá béal dorais don teach tábhairne, agus mé ansin.
ag fágáil na meánscoile leaving secondary school
" “*Come on* – tá 24 faoin gcéad de na páistí scoile ag fágáil na meánscoile agus iad neamhliteartha ó thaobh *an Bhéarla* de, gan trácht ar an nGaeilge.
ag fágáil na scoile leaving the school
" An dtabharfar vóta amach anseo dóibh ar ábhair Ardteiste, ar cheapadh múinteoirí, ar obair bhaile nó ar leathlá ar an Aoine fiú? Bhí daoine eile den tuairim gur ábhar iontais é go mbeadh vóta ag daltaí a bheadh ag fágáil na scoile faoi cheann cúpla mí ach gur chuma faoi thuairim na ndaltaí a bheadh ag teacht isteach ann.
maidir le cé acu ar chóir filíocht Uí Shearcaigh a choimeád ar churaclam na hArdteistiméireachta nó nár chóir. with regard to whether or not Ó Searcaigh's poetry should be kept on the Leaving Certificate curriculum
" Is mian le *Beo!* fosta a ghuth a chur leis an gcáineadh atá déanta ar an Aire Oideachais, Mary Hanafin, as ucht an mhéid a dúirt sí sa Dáil maidir le cé acu ar chóir filíocht Uí Shearcaigh a choimeád ar churaclam na hArdteistiméireachta nó nár chóir.
ar son Giobráltar a fhágáil faoi smacht na Breataine. in favour of leaving Gibraltar under British control
" Sa bhliain 1967, reáchtáladh reifreann inar chaith níos mó ná 95 faoin gcéad de dhaonra na háite vóta ar son Giobráltar a fhágáil faoi smacht na Breataine.
torthaí na hArdteiste Leaving Cert results
" Bhí an Chomhairle Contae ag iarraidh go mbainfí úsáid as torthaí na hArdteiste ach thug Máire Seo Breathnach le fios nach raibh sé seo sásúil in aon chor mar shlat tomhais.
torthaí na hArdteiste the Leaving Cert results
" Bhí an Chomhairle Contae ag iarraidh go mbainfí úsáid as torthaí na hArdteiste ach thug Máire Seo Breathnach le fios nach raibh sé seo sásúil in aon chor mar shlat tomhais.
ábhar Ardteiste Leaving Cert subject
" Rinne mé féin agus mo chuid cairde staidéar ar an cheol mar ábhar Ardteiste ar scoil.
Imeacht in Iomrall leaving in mistake
" Imeacht in Iomrall Sin an cineál tionchair a bhíonn ag an stáisiún seirbhíse ar dhuine is dócha.
ardteist leaving certificate
" An duine aonair agus pointí an duine aonair sin, as an ardteist, don lároifig iontrála.
dhaltaí na hArdteistiméireachta leaving cert students
" Aimsir scrúdaithe is ea é freisin do dhaltaí na hArdteistiméireachta, ar ndóigh, agus bíonn teannas na scrúduithe ina chuing throm anuas orthu agus ar a muintir ar feadh cúpla seachtaine.
Ardteistiméireacht Leaving Certificate
" Is é an baccalauréat Ardteistiméireacht na Fraince, an scrúdú a chuireann deireadh leis na blianta caite san iarbhunscoil.
Ardteistiméireacht Leaving Cert Exam
" Ceacht sách crua dúinn atá ann agus is ceacht é a bheas ann go ceann tamaill eile, ach is tábhachtaí dúinn mar dhream daoine ná an Ardteistiméireacht féin an ceacht céanna a fhoghlaim! -------------------------------- Is ball gníomhach í an t-údar de Chumann Scríbhneoirí Úra na Gaeilge.
imeacht leaving
" Tar éis scaipeadh an fhaitís agus imeacht as an eitleán, tabharfaidh tú faoi deara go bhfuil tú in aerfort nua-aoiseach, lán le daoine sláintiúla agus (rud a chuireann iontas orm agus mé ag teacht ó Nua-Gheirsí) cairdiúla.
imeacht leaving
" Eoin Ó Brionglóidí Méala mór do Bhalor imeacht Cheann Comhairle Dháil Éireann ar shlí an phinsin.
Imeacht as leaving
" Imeacht as Ciarraí SMM: Do chaithis seal blianta i Luimneach (i gColáiste Mhuire gan Smál), i Chicago, i nGaillimh, ag teacht is ag Imeacht as Baile Átha Cliath – An airíonn tú uait Ciarraí in aon chor? An mbeifeá sásta socrú síos i nGaillimh, i mBÁC nó i gCorcaigh? DÓS: Thugas.
fhágaint leaving
" An bhfuil a fhios agat, aon uair a théim abhaile go Ciarraí, bíonn áthas orm é a fhágaint mar maraíonn siad mé le deoch thíos! (Tosaíonn ag gáire) Bíonn ana-chraic agam nuair a théim abhaile agus go mór mór nuair ná téim abhaile go rómhinic.
ag dealú leis leaving
" Timpeall orm bhí na scórtha ag scaoileadh na mionnaí móra, ag dealú leis an diallait agus á shiúl! Bhí cuid eile ag éirí as ar fad agus ag casadh timpeall! Nuair a thagann tú amach as an mbóithrín arís (atá faoi chrainn), bíonn radharc iomlán nua romhat.
imeachta leaving
" Is conradh fada uileghabhálach é Conradh na nOibrithe Imirce a chuimsíonn gach gné de phróiseas na himirce ó chúrsaí ullmhúcháin, earcaíochta is imeachta sa tír bhunaidh go cúrsaí fostaíochta sa tír cheann scríbe agus ath-lánpháirtiú sa tír bhunaidh sa chás go bhfillfí abhaile.
na seolta a chrochadh taking off, leaving
" ** SÓD: Tá mé ag smaoineamh ar na seolta a chrochadh, tá a fhios a't.
Ardteist Leaving Cert
" Caithfear feachtas láidir a chur in éadan na dúnghaoise seo agus seasamh leis an ngeallúint atá sa bPlean Fiche Bliain go múinfear an Ghaeilge ar ardleibhéal le curaclam nua go leibhéal na hArdteiste do gach dalta scoile.
imeacht as in leaving
" ” Sin ráite, fuarthas Triúr na Colóime ciontach ach lá i ndiaidh a ndaortha, d'éirigh leo imeacht as an tír agus pilleadh ar Éirinn.
hArdteiste leaving certificate
" Agus creid é nó ná creid: is fearr an Ghaeilge a bhíonn ag daltaí ghnáthmheánscoileanna na hÉireann tar éis na hArdteiste ná an Béarla a bhíonn ag a gcomhghleacaithe sa Bhrasaíl, áit a bpléitear an t-ábhar céanna sa rang Béarla bliain i ndiaidh bliana: an briathar to be.
ag déanamh bearna leaving a gap
" Ach ar ball agus níos mó féinmhuinín múscailte agam, bhí mé ag déanamh bearna do na beithígh agus ag ligean dóibh éalú díreach mar spraoi! Nathracha Nimhe ======== Tá an áit te, fliuch agus uaine tá féar ard ann.
Imeacht ón Eoraip leaving Europe
" Imeacht ón Eoraip ========= Tamall soir bhí uaigheanna aos Allah go líonmhar le taobh an bhealaigh, oidhreacht an chogaidh a strac an tír ó chéile fiche bliain ó shin ar éigean.
táirsigh imeachta point of leaving
" D’réir a chéile, agus de réir mar a theipeann ar na cuairteoirí éaló as an árasán tar éis gach babhta slaide agus leath-athmhuintearais eile – iad ar an táirsigh imeachta nuair a fhreagraíonn Waltz (bodach ceart fir) an ‘sméar dubh’ póca arís eile, beag beann ar an treampán a chuireann sin ar an dtriúr eile.
ar a gcéad imeacht on his first leaving
" Dúradh leis na cimí ar a gcéad imeacht den bhád gurbh iad an fharraige agus an dufair na ballaí is airde faoin gcarcair.
roghnach mar ábhar ardteistiméireachta optional as a leaving cert subject
" **SÓC: An moladh as cuimse a bhí i ndúnghaois Fhine Gael leis an Ghaeilge a dhéanamh roghnach mar ábhar ardteistiméireachta?** MMGE: Ní bhacaim barraíocht le polaitíocht ach téann gach rud trí thréimhsí athraithe, ó thaobh an stair a bhí againne faoi rialtas Shasana, tá muid i gcoinne gach rud a thaganns anuas ón bharr! **SÓC: Mar fhocal scóir a Mhichíl, luaigh tú linn ar ball go raibh tinneas ort tráth.
ag scaradh leo leaving them
" Agus nuair a chonaic a chairde é gléasta mar a bhí, dúirt siad go mba mhór an trua é a bheith ag scaradh leo, nó nach raibh fear ar bith ar an domhanchlár a bhí in inmhe dul chun spairne leis ó thaobh na háilleachta agus na cumhachta agus na cumhrachta de.
le fonn imeachta with the intent of leaving
" Corrdhuine atá á fhoghlaim is le fonn imeachta é, le súil is go mbeidh sé in ann post a fháil ar an gcoigríoch agus labhairt an Bhéarla aige.
Imeacht ó Phost leaving a job
" Imeacht ó Phost ======= **CF: Caithfidh go raibh dúil mhór aige san aisteoireacht ón chéad lá, an raibh?** PNC: Á, bhí sé fiáin agus sa deireadh, bhí Áine óg, is dóigh liom, bhí obráid croí aige, *murmur*, ach níor chuir sé isteach air in aon chor… Bhí sé ag obair sa *Bonding Company*, ach bhí *The Full Shilling* (dráma le Lee Dunne, Joe McPartland sa phríomhpháirt) ar siúl i 1971.
ardteist leaving certificate
" Tá timpeall 3500 daltaí iontu (ón naíonra go dtí an bac/ ardteist) agus tháthar ag oscailt scoileanna nua gach bliain.
Ardteist Leaving Cert
" Bhí scéal te bruite ag Uinsionn an tseachtain sin mar go raibh cáipéis de chuid na Comhairle Náisiúnta Curaclaim agus Measúntachta feicthe aige, cáipéis a leag amach siollabas nua don Ardteist.
ar chlár Ardteiste on the Leaving Cert syllabus
" Glacaim leis mar sin gur cinneadh místuama a bhí ann Peig a chur ar chlár Ardteiste do mhic léinn nach raibh líofacht bhunúsach sa teanga ag a bhformhór.
Ní amach amháin not just leaving
" Ní amach amháin a shaothraíonn an Gaeil, nó ‘an tÉireannach Nua’ ach oiread, an dea-cháil, ach is féidir leis an duine a thiocfas isteach chun na tíre cur linn mar dhream daoine nó baint dínn agus b’fhéidir an fháilte a cuireadh roimhe a choilleadh.
Imeacht ón Innealtóireacht leaving engineering
" Imeacht ón Innealtóireacht =========== **SMM: Ar bhraith tú a fhad is a bhí tú beo ar an obair aistriúcháin go raibh an saol sin crua, tharla go raibh tú ag taisteal?** BL: Rinne mé gach rud ar an ríomhphost.
Ní dhearna mé ach Gaeilge bhonnleibhéil san ardteist I only did basic level Irish in the Leaving
" Ní dhearna mé ach Gaeilge bhonnleibhéil san ardteist! Ní dhearna mé ach leibhéal C sa Ghearmáinis.
Ceisteanna sábháilteachta fágtha de leataobh leaving matters of security aside
" Ceisteanna sábháilteachta fágtha de leataobh, tá ceist eitice fite fuaite le turasóireacht i gceantair bhochta.
ar fágáil na meánscolaíochta leaving secondary schooling
" 7% de na daoine le cumas sa Ghaeilge ar fágáil na meánscolaíochta, in ann a rá go labhraíonn siad Gaeilge go laethúil sa ghnáthshaol! Mholfainn an €1.
cad chuige nár smaoinigh mé riamh ar an áit a fhágáil why I never thought of leaving it
" Ach in áit fuath a bheith agam ar an stáitín ina bhfuil mé i mo chónaí, thuig mé níos fearr cad chuige nár smaoinigh mé riamh ar an áit a fhágáil.
ag eisiúnt torthaí na hArdteistiméireachta releasing the Leaving Cert results
" Ní bheidh i bhfad anois go mbeidh Coimisiún na Scrúduithe Stáit ag eisiúnt torthaí na hArdteistiméireachta.
Ní thugtaí an Ardteist the Leaving Cert wasn't awarded
" Ní thugtaí an Ardteist dá dteipfeadh duine sa Ghaeilge ag an am.
a d’eascair as imeacht which arose from the leaving
" Siúlóidí Móra ====== Bhí siúlóid mhór san ardchathair an mhí seo chuaigh thart mar thaca le roinnt éileamh, go háirithe a d’eascair as imeacht Choimisinéir Teanga go luath as a phost, an tUasal Seán Ó Cuirreáin.
Ag fágáil na leabharlainne leaving the library
" ) Ag fágáil na leabharlainne dom bhí fonn an amhráin agus tuilleadh de na focla ag éirí i mo cheann: 'S níl duine dá gcuala mo scéal an uair sin nár shíl gur thrua bhocht é an Caisideach Bán'.
ag tréigean leaving
" Baineadh geit as an bpobal, agus as Marois í féin is cosúil, agus thosaigh dóibh siúd nach raibh cinnte faoina vótaí ag tréigean an pháirtí, ag tacú leis an dara páirtí ba chumhachtaí, na Liobrálaigh.
má shocraíonn siad ar imeacht if they decide on leaving
" Bochtanas an Iarthair ========== Cé nach mínítear an scéal ina iomláine riamh, tuigtear dúinn nach bhfuil “útóipe” de shaghas éigin amach roimh Alina agus Voichita má shocraíonn siad ar imeacht chun na Gearmáine.
gan an gréasán a fhágáil without leaving the web
" Ligfidh an cnaipe seo don úsáideoir gligeáil agus ceannach gan an gréasán a fhágáil.
a gcuid torthaí Ardteiste their Leaving Cert results
" Ós rud é gur i mí Lúnasa a fhaigheann na mílte scoláire a gcuid torthaí Ardteiste, thapaigh Breandán Delap an deis le marcanna a thabhairt do bhaill an Rialtais agus iad ag déanamh réidh dá mbliain dheireanach in oifig.
mar ábhar don Ardteist as a subject for the Leaving Cert
" Léirigh taighde a rinne Breandán Delap le gairid go bhfuil méadú mór tagtha ar an líon daltaí nach bhfuil orthu an Ghaeilge a dhéanamh mar ábhar don Ardteist agus go bhfuil sé sin amhlaidh de bhrí go bhfuil mí-úsáid á baint as an díolúine atá ann do dhaoine a bhfuil míchumas foghlama orthu.
Ardteist leaving cert
" Amharcann Breandán Delap ar an dóchúlacht pholaitiúil go gcuirfí beartas Fhine Gael i gcoinne éigeantas na Gaeilge san Ardteist i bhfeidhm.
aicme na gcroí-ábhair ardteiste the leaving cert group of core subjects
" Mheas an Taoiseach úrthofa achar gairid ó shin ar bonn ‘hunch’ an Ghaeilg a chartadh amach as aicme na gcroí-ábhair ardteiste.