Pota Focal Intergaelic
leal | geal | lea | leag | leaga
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
seasamh dlí legal standing
" De réir Patricia Kennealy-Morrison, bean a phós Morrison i ndeasghnáth Wicca nach raibh seasamh dlí aige, ba í Pamela an duine a mharaigh é go hindíreach nuair a thug sí hearóin dó.
chosaint cheart dlí proper legal defence
" ) Tá go leor daoine neamhchiontacha curtha chun báis, agus tarlóidh sé sa todhchaí fosta, de bharr mhí-iompar cosantóirí agus póilíní, de bharr nach raibh teacht ag cosantóirí ar chosaint cheart dlí, mar gheall ar chlaontacht fhorleathan ciníoch, bréagaithint, fianaise ó fhinnéithe nach bhféadfaí brath orthu, agus faoistiní a fuarthas leis an lámh láidir.
stádas dleathach legal status
" Le tamall anuas tá George W ag moladh stádas dleathach a thabhairt dóibh.
dlíthiúil legal
" Tá díol haisíse agus marachuain dlíthiúil sna caifí, ach níl taobh amuigh.
inimircigh dhleathacha legal immigrants
" I ngach stát, seachas Wyoming, níl inimircigh dhleathacha a tháinig chun na Stát Aontaithe ar nó roimh 22 Lúnasa 1996 i dteideal clúdach poiblí a fháil trí Medicaid nó an State Children's Health Insurance Program (SCHIP) go dtí go mbeidh cúig bliana istigh, agus ina dhiaidh sin bíonn teoranna eile i gceist.
dleathach legal
" Tar éis agallamh nuachtáin ina ndúirt sé gur cheart deireadh a chur le hAlt 1 an bhunreachta, rud a chiallódh go mbeadh leatrom dleathach, briseadh as a phost mar cheannaire é.
cosaint dlí legal protection
" Tá eagraíochtaí agus rialtais ag gníomhú i gcoinne *spam *anois, agus tá an chuma air go mbeidh cosaint dlí ag daoine ina choinne amach anseo.
gnáthrudaí dleathacha ordinary legal things
" Rudaí dleathacha ======= Ar ndóigh, bíonn daoine ag déanamh gnáthrudaí dleathacha ar an idirlíon freisin - ag cur eitiltí in áirithe, ag ceannach leabhar agus ag seiceáil a sonraí bainc, mar shampla.
cúnamh dlí legal aid
" Ní raibh siad ábalta dlíodóirí a fháil mar nach raibh cúnamh dlí ar fáil.
dleathach legal
" 3 den Bhunreacht: "Ní dleathach cogadh a fhógairt ná páirt a bheith ag an Stát in aon chogadh ach amháin le haontú Dháil Éireann.
dualgas morálta agus dleathúil moral and legal obligation
" Más amhlaidh go bhfuil an fhianaise i dtuarascáil Barron chomh láidir agus atáthar ag tuar, beidh dualgas morálta agus dleathúil ar an rialtas muintir agus flaitheas na hÉireann a chosaint agus fiosrúchán ceart a chur ar bun, macasamhail fhiosrúchán Saville.
dleathach legal
" Nuair a fógraíodh an cinneadh, d'fhoilsigh an rialtas an tuairim a bhí faighte acu go raibh an t-ionradh dleathach.
chostaisí dlí legal costs
" "Caithfidh siad damáistí a íoc leat, leithscéal a ghabháil go poiblí agus cuid de chostaisí dlí NATFHE a íoc fosta.
dualgas dleathúil legal duty
" Ach más fíor sin, cén fáth go bhfuil dualgas dleathúil ar 250,000 tionónta sa stát seo, sin an ceathrú cuid de thionóntaí an stáit, cíos talún a íoc sa lá atá inniu ann? Muna ndéantar reachtaíocht an stáit seo maidir le húinéireacht talún a leasú go tapaidh ní hamháin go bhfuil fadhbanna móra i ndán do go leor tionóntaí eile sa stát, ach tá gach seans ann go mbeidh ar an stát suim ollmhór airgid a íoc amach as an státchiste freisin.
foireann dlí legal team
" Ach chruthaigh foireann dlí McKevitt go raibh Rupert tar éis a chur in iúl don bhanc seachtain sular tharla an taisme go raibh an comhlacht bancbhriste.
ón earnáil dlí from the legal sector
" Tá ionadaithe ann ó Chonradh na Gaeilge, Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge, Gaelscoileanna, Comhar na Múinteoirí Gaeilge, Fiontar agus Oideas Gael, mar aon le hionadaithe ón earnáil dlí.
bunphrionabail dlí basic legal principles
" Is impleachtaí iad a bhaineann le fostaíocht, le héagsúlacht chultúrtha agus teangeolaíoch, le hacmhainní, le feidhmeanna na scolaíochta in Éirinn, le tionchar stádas idirnáisiúnta teanga ar lucht a labhartha agus a foghlamtha, agus le bunphrionabail dlí.
dleathach legal
" Nuair a toghadh Alex den chéad uair ar Chomhairle Chathair Bhéal Feirste i 1983, an chéad Sinn Féineach riamh lena áit a ghlacadh i Halla na Cathrach, cuireadh gach bac roimhe, cuid acu dleathach, cuid eile mídhleathach.
dleathach legal
" An chéad cheann ná cén aidhm atá ag na drugaí sa chéad áit? Is dóigh gurb é airgead agus brabach an freagra agus an peaca is bunúsaí ar fad laistiar dó - saint - an tsaint chéanna a chuireann cathú orainn ar fad an deis a thapú chun airgead bog a ghnóthú ar dhóigh nach bhfuil iomlán morálta nó dleathach.
stádas dleathach legal status
" I mí na Nollag, le linn cruinnithe i halla pobail i Miami, dúirt Ridge: "Go bunúsach, mar thír, caithfidh muid dul i ngleic leis an tslí a bhfuil idir 8 agus 12 milliún duine anseo go mídhleathach, agus stádas dleathach a thabhairt dóibh ar shlí éigin.
cheart dlíthiúil legal right
" Ach bhí coinníollacha ag baint leis - níor mhór do na daoine a bheith beo in 2002 agus bhí orthu admháil a shíniú go raibh aon cheart dlíthiúil acu d'aon airgead eile dá shórt curtha ar ceal.
dlíthiúil legal
" Tá poitín dlíthiúil anois sa tír ach tá an pobal iontach fraochta Nó níl feirmeoirí ag obair ach iad uilig sa leaba caochta Is tá Enda Kenny ceapaithe mar Aire Talmhaíochta Ó chuaigh Mary Mac isteach arís san Áras.
stádas dleathach legal status
" Tugadh aitheantas oifigiúil do leaganacha Gaeilge de logainmneacha faoin Acht Logainmneacha 1973 agus rinneadh ordú amháin faoin Acht sin a thug stádas dleathach d'ainmneacha Gaeilge na mbailte poist sa stát.
comhionannas dleathach legal equality
" Faoi Alt 5 den acht sin, tugtar comhionannas dleathach do logainmneacha Gaeilge agus logainmneacha Béarla araon taobh amuigh den Ghaeltacht; sna ceantair Ghaeltachta, is iad na logainmneacha Gaeilge amháin a bheas dleathach.
dleathach legal
" Tá sé suntasach freisin go bhfuil chuile iarracht á déanamh le tamall anuas sa mBreatain comhairle an Ard-Aighne don rialtas ansin faoi an raibh an t-ionradh dleathach a choinneáil faoi cheilt.
éiginnteacht dhleathúil legal uncertainty
" Cé go seasann GIF do *Graphics Interchange Format *(nó Formáid Idirmhalartaithe Grafaice), tá roinnt dearthóirí suíomh gréasáin ag gearradh siar ar úsáid a bhaint as comhaid GIF d'idirmhalartú grafaicí toisc go bhfuil éiginnteacht dhleathúil ag baint leis.
a caomhnóir dlíthiúil her legal guardian
" Thug Michael Schiavo, fear céile Terri agus a caomhnóir dlíthiúil, cead do na dochtúirí córacha leighis de chineálacha éagsúla a thriail, agus chuaigh sé ar ais chun na hollscoile le staidéar a dhéanamh ar an altracht sa dóigh is go bhféadfadh sé aire níos fearr a thabhairt di.
cleachtais sheanbhunaithe dlí agus dhaonlathacha long-established legal and democratic practices
" Cá mhéad duine a chaill a shaoirse mar gheall ar reachtaíocht éigeandála a thug na rialtais ó thuaidh, ó dheas agus sa Bhreatain isteach? Truaillíodh cleachtais sheanbhunaithe dlí agus dhaonlathacha agus scriosadh an meas a bhí ag daoine ar *“British justice”.
cúrsaí eitice agus dlí ethical and legal matters
" Cuimsíonn sé gnéithe éagsúla den cheird, ón iriseoireacht go dtí an chraoltóireacht, cúrsaí eitice agus dlí agus an taobh teicniúil.
bhagairtí dlí legal threats
" Chuirfeadh sé sin na feirmeoirí ar a suaimhneas faoi bhagairtí dlí.
cáipéis dhleathúil legal document
" Is cáipéis dhleathúil í an scéim, ina bhfuil cur síos ar na seirbhísí a bheartaíonn an comhlacht a chur ar fáil trí Ghaeilge.
go mbeadh imeachtaí dlíthiúla á dtionscnamh acu that they would be instituting legal proceedings
" Sna sála ar an bhreith seo, d’fhógair grúpa aturnaetha in Éirinn go mbeadh imeachtaí dlíthiúla á dtionscnamh acu go luath ar son íospartaigh MRSA agus a muintir.
dleathach legal
" ” Tá sé beagnach deich mbliana ó rinneadh an colscaradh dleathach in Éirinn ach ní dóigh le Muireann go bhfuil aon tionchar diúltach tar éis bheith aige ar an tír.
chóras dlí legal system
" Baineadh stangadh as pobal Mheiriceá i gcoitinne le déanaí nuair a thug an tUachtarán George Bush le fios, in óráid phoiblí, go ndeachaigh sé taobh amuigh den chóras dlí chun cúléisteacht agus spiaireacht a dhéanamh ar amhrasaigh, agus go raibh an chúléisteacht seo ar siúl ó 2001 i leith.
dlíthiúil legal
" Tá córas cúléisteachta dlíthiúil i bhfeidhm i Meiriceá cheana féin, córas a d'úsáid an tUachtarán Bush 1,758 uair in 2005.
páirtnéireachta dleathaí legal partnership
" Ar an ábhar sin, mhol an coiste go gcuirfí reachtaíocht bhfeidhm a chuirfeadh ar chumas fear agus bean neamhphósta, nó beirt den ghnéas céanna atá ina gcónaí le chéile, clárú le haghaidh páirtnéireachta dleathaí.
cáipéisí dlíthiúla legal documents
" Earraí beaga éadroma ======= Agus cad é an “lasta” seo? Sliseanna sileacain, b’fhéidir, nó cáipéisí dlíthiúla.
údarás dleathach legal authority
" Ciontaithe i gCúirt Idirnáisiúnta Dlí a bhí tionscanta in údarás dleathach agus ag teacht síos le hurraim agus stádas doshéanta.
dúshlán dlíthiúil legal challenge
" Thug Ronnie dúshlán dlíthiúil i gcoinne an choisc ar oideachas nuair a bhí sé i Hull i 1979 ach dúirt an gobharnóir leis nach raibh sé i dteideal a leithéid mar go raibh sé ag cur in aghaidh an chórais.
an córas dlí the legal system
" Sa scrúdú eile, beidh ar dhaoine tuairim is 30 ceist a fhreagairt a bhaineann le cúrsaí na hAstráile, ina measc an córas dlí, toghcháin agus dúchasaigh.
comhfhreagraí le cúrsaí dlí legal affairs correspondent
" D\'eascair cairdeas saoil as seo agus is í anbhean a thit i laige ar fheiceáil na miodóige fuiltí di ná Mary Wilsona bhí ina comhfhreagraí le cúrsaí dlí le RTÉ ó 1996 go dtí an bhliainseo.
dleathach legal
" Ba bheag iomrá a bhí ar Shinn Fein, a rinneadh dleathach an bhliain chéanna sin, 1974, ach a raibh a chumhacht folaigh toghchánaíochta ina suan.
riachtanais dhlíthiúla legal requirements
" Cuirfear oiliúint ar dhaoine maidir le riachtanais dhlíthiúla faoi Acht na dTeangacha Oifigiúla chomh maith.
bunús foirmiúil dleathach formal legal basis
" Níl bunús foirmiúil dleathach ag Curaclam Úr na Bunscoile (1999), atá á úsáid i scoileanna na tíre le hocht mbliana anuas.
éiginnteacht dhlíthiúil legal uncertainty
" Is léir ó na cáipéisí go bhfuil an éiginnteacht dhlíthiúil seo faoi stádas an churaclaim á plé sa roinn le beagnach dhá bhliain anuas.
comhairleoir dlí legal consultant/advisor
" ”* Is comhairleoir dlí ar fhoireann na Roinne Oideachais agus Eolaíochta é an fear Dalton Tatton a luaítear thuas.
stádas dlíthiúil legal status
" Tabharfar stádas dlíthiúil do Chairt an Chomhphobail um Chearta Sóisialta Bunúsacha le haghaidh Oibrithe agus, seiftiúil go leor, tabharfar cead den chéad uair do bhallstáit an tAontas Eorpach a fhágáil.
seasamh dlíthiúil legal position
" Ní raibh bunús na pobalbhreithe iontach soiléir ón tús siocair nach raibh sé cinnte cén seasamh dlíthiúil a bhí aige.
stádas dlíthiúil legal status
" Is cosúil go bhfuair an t-aire rialtais a bhí freagrach as na hathruithe, Éamon Ó Cuív, comhairle ón Ard-Aighne nach mbeadh stádas dlíthiúil ar bith ag an phobalbhreith agus chuir sé Comhairle Contae Chiarraí ar an eolas faoi sin.
dleathach legal
" Níl sé dleathach a thuilleadh daoine a chur i bpiolóid le léasadh maith a thabhairt dóibh nó torthaí a chaitheamh orthu.
gurbh éigean don bhrúghrúpa pleanála Airdeall an dlí a bhagairt ar Chomhairle Contae na Gaillimhe that the planning pressure group Airdeall had to threaten legal action against Galway County Council
" ” Tuigtear dom gurbh éigean don bhrúghrúpa pleanála Airdeall an dlí a bhagairt ar Chomhairle Contae na Gaillimhe ar chúpla ócáid nuair nach raibh siad sásta an socrú dlí a shíniú, ainneoin go raibh an forbróir sásta a leithéid a dhéanamh.
an socrú dlí a shíniú, to sign the legal arrangement,
" ” Tuigtear dom gurbh éigean don bhrúghrúpa pleanála Airdeall an dlí a bhagairt ar Chomhairle Contae na Gaillimhe ar chúpla ócáid nuair nach raibh siad sásta an socrú dlí a shíniú, ainneoin go raibh an forbróir sásta a leithéid a dhéanamh.
de na forálacha dlí of the legal provisions
" Chuirfeadh Conradh Liospóin 96% de na forálacha dlí a bhí i mBunreacht na hEorpa i bhfeidhm go hindíreach, dar leis an saineolaí Anthony Coughlan, trí leasuithe a dhéanamh ar an dá phríomhchonradh Eorpach, gan an teideal “Bunreacht” a thabhairt ar an gcáipéis.
chomhairle dlí legal advice
" Ar deireadh, ba í an chomhairle dlí a fuaireamar ná gur chóir dúinn dearmad a dhéanamh ar an eachtra ar fad mar go raibh an tsuim airgid a bhí i gceist róbheag le dul i mbun cáis cúirte.
fadhbanna móra dlíthiúla big legal problems
" Bhí go leor daoine eile a raibh fadhbanna móra dlíthiúla acu ina mball chomh maith – leithéidí Agha Hasan Abedi, mar shampla, a bhunaigh BCCI, banc a d’úsáid an CIA chun sciúradh a dhéanamh ar airgead a tuilleadh as díol drugaí.
dhaonlathach, dhleathach, shábháilte safe, legal, democratic
" Dúshlán mór a bhí ann náisiún a thógáil ina tír dhaonlathach, dhleathach, shábháilte.
comhairleoirí dlí legal advisors
" Cuireadh iontas ar go leor i lár mí Aibreáin nuair a d'fhoilsigh rialtas Obama litreacha a seoladh idir ceistneoirí na gcimí agus comhairleoirí dlí i rialtas Bush.
dleathach legal
" Gheobhaidh gach ‘buaiteoir’ uair a chloig ar an cheap cholúin le cibé rud is mian leis / léi a dhéanamh – fad is go bhfuil sé dleathach.
chóras dlí legal system
" D'fhág sí Princeton i gcéadáit a ranga chun céim mháistreáchta a dhéanamh in Ollscoil Yale agus ó shin i leith d'éirigh suas trí chóras dlí Nua-Eabhrac.
dlí law, legal
" ” Is é an post ollscoile atá ag Ivana ó 1996 ná Ollúnacht Reid sa dlí Coiriúil, Coireolaíocht agus Pionóseolaíocht ach tá sé éagsúil le gnáthphost acadúil.
lucht dlí legal profession
" Sa lucht dlí, gur i gcás, tá níos mó cailíní ná buachaillí ag gabháil do chúrsaí dlí ach tosaíonn na mná ag éirí as nuair a shroicheann siad na lárthriochaidí agus leanaí á mbreith dóibh.
córas dlí legal system
" fr) agus a cuireadh sa phost ar an gceathrú lá déag de Mheán Fómhair, deir sé go raibh sé ar tí lámh a chur ina bhás féin toisc gur mheas sé nár thug an córas dlí cothrom na Féinne dó.
reachtúil legal
" Is trua, áfach, nach dtugtar mioneolas ar na critéir teangeolaíochta a bheidh in úsáid feasta sa sainmhíniú nua reachtúil den Ghaeltacht.
dleathach legal
" Níl aon sprioclá luaite i dtéacs an aontaithe; ní chuireann sé dualgas dleathach ar aon tír níos lú carbóin a astú; nó ní chuirfear pionós ar bith ar aon tír as neamhaird ghlan a dhéanamh den aontú nua.
An Lá a Rachas tú i mBannaí, Cuir do Lámh i do Phóca expect to pay dearly for legal proceedings
"An Lá a Rachas tú i mBannaí, Cuir do Lámh i do Phóca’ Tá straitéis beachtaithe ag Mac Unfraidh le dul i ngleic le seo.
reachtúla legal
" Seo é mo mholadh ina bhfuil dhá chuid: (i) sara gcuirfí deireadh le héigeantas na Gaeilge mar ábhar Ardteiste agus mar ábhar iontrála Ollscoile, go leagfaí síos go mbeadh dúbailt pointí san Ardteist le fáil as Gaeilge, Béarla agus Matamaitic agus (ii) go socrófaí go mbeadh 50% ar a laghad de na postanna sa gcóras poiblí á líonadh ag daoine atá inniúil ar an dá theanga agus a bheadh in ann a gcuid oibre a dhéanamh go paiteanta trí mheán na Gaeilge, ar an ábhar go bhfuil fíor-riachtanas ag an Stát riar mhaith daoine atá dátheangach a fhostú lena gcuid dualgais reachtúla a chomhlíonadh i dtaobh freastal ar an bpobal trí Ghaeilge.
dleathach legal
" Thug siad stádas dleathach don chomhpháirtíocht shibhialta agus chuir siad dlíthe comhionannais i bhfeidhm a chuidigh go mór le mionlaigh eitneacha agus leis an duine aerach.
ionstraimí reachtúla legal instruments
" Rialaigh an Chúirt ar an 6 Bealtaine nach bhfuil aon dualgas Bunreachta ann, go ginearálta, ionstraimí reachtúla a bheith ar fáil i nGaeilge.
stádas dlíthiúil legal status
" De réir an Chonartha, cuirim i gcás, chaithfí cóireáil leighis éigeandála a chur ar fáil d’imircigh bonn ar aon le saoránaigh agus bheadh ceart chun oideachais ag leanaí na n-oibrithe Imirce gan aird ar stádas dlíthiúil.
dlisteanach legal
" Mhaígh ceannasaithe an pháirtí nach raibh rialtas Gillard dlisteanach mar nach bhfuair sé saintaca na dtoghthóirí, ach is léir nach bhfuair ceachtar acu a leithéid.
t-íosphá dleathach legal minimum wage
" Is iad na gearáin is coitianta a chloiseann MRCI ná nach n-íoctar oibrithe as uaireanta ragoibre, nach n-íoctar an t-íosphá dleathach is nach bhfaightear sosanna, laethanta saoire ná pá saoire.
bhradaíl dleathach legal theft
" com>* Tá naisc de leataobh an ailt seo a threoróidh thú ar an eolas faoin amaidí go léir a cheadaigh an tUasal Bille Clinton agus a lig an bhradaíl dleathach chun tosaigh i saol na margaíochta nach raibh chomh scaoilte ón am ar thit an tóin as Sráid an Bhalla cheana, 1929, agus as geilleagar an domhain dá réir.
Dleathach Legal
" Séard atá insna Boird Oideachais seo ná Coiste Bunreachtúil Dleathach le cumhachtaí, freagracht, agus le rialacha.
dleathach legal
" ) Tá beartas sóisialta amháin, ámh, is é sin an pósadh comhghnéis a dhéanamh dleathach, go mór i mbéal an phobail ar na mallaibh, agus is léir nach bhfuil an Astráil chun tosaigh ar thíortha forbartha áirithe eile i dtaca leis an mbeartas seo.
dualgas reachtúil legal duty
" Ba cheart don Chomhrialtas leasú a dhéanamh ar Alt 11 den Acht faoina bhfuil dualgas reachtúil ar os cionn 600 eagras stáit go leor doiciméidí toirtiúla teicniciúla, ar nós tuarascálacha bliantúla agus cuntais airgeadais, a fhoilsiú ‘go comhuaineach sa dá theanga oifigiúla’.
dualgaisí reachtúla legal obligations
" ” An toradh tubaisteach a bhí ar na hathruithe is ea nach bhfuil an státchóras in acmhainn na dualgaisí reachtúla agus bunreachtúla atá orthu, i dtaobh na Gaeilge, a chomhlíonadh.
de chóras an dlí of the legal system
" An gcabhróidh na leasuithe dlí atá á moladh sa Bhrasaíl agus san Ísiltír? Má léiríonn eachtraí Rio de Janeiro agus Alphen aan den Rijn rud amháin, is é seo é: tiocfaidh gealt ar ghunna nuair a theastaíonn uaidh – laistigh nó lasmuigh de chóras an dlí.
dleathach legal
" Is dream atá tugtha don imirt iad muintir na hAstráile agus tá beagnach gach saghas cearrbhachais dleathach abhus dá bharr.
dlíthiúla legal
" Go deimhin, tá an chosúlacht ar an scéal go bhfuil feachtas ar bun ar an idirlíon le dúshlán a thabhairt do na horduithe gobáin agus leis na séala dlíthiúla a scaoileadh.
saineolaí dlí legal expert
" Deir an saineolaí dlí Sineach, Jerome A.
caingne éagsúla various legal cases
" Faoin am sin, beidh comhlachtaí Meiriceánacha eile ag saothrú a gcoda go súch sách as na caingne éagsúla.
dleathach nua-aimseartha legal and modern
" Fuair sé deis shainiúil a chomhphobal féin a athdhearadh de réir phrionsabal dleathach nua-aimseartha, agus tá fonn air an soiscéal sin a scaipeadh.
shíolraigh a chuid carthanacht dleathach his legal altruism arose from
" D’fhéadfaí a mhaíomh gur shíolraigh a chuid carthanacht dleathach as na tubaistí sin - gur leanbh de chuid na himeagla nó gur táirge den ár í - agus má shíolraigh, an léiríonn a chuid breithiúnais gur rud múnlaithe, deartha fiú an charthanacht sin? Rinne Wilde tagairt do ‘chneácha an ghráidh’ i De Profundis.
cúlra dlí na beirte the legal background of both of them
" Le cúlra dlí na beirte, bhíodar cáilithe go maith le dualgaisí bunreachtúla na huachtaránachta a chomhlíonadh.
bhreithiúnais dleathacha legal judgments
" Scríobhadh Ó Faoláin leis an ocras céanna dar léirigh Oliver Wendell Holmes ina bhreithiúnais dleathacha i Meiriceá, an fealsúnaí dar mhaígh tráth *‘a word is the skin of a living thought.
an sárú reachtúil seo this contravention of legal rules
" An bhfuil aon bhaol ann go dtarlódh a mhacasamhail de dhúshlán maidir le bailíocht na hoibre a bheadh ar bun ag garda atá lonnaithe i gceantar Gaeltachta agus nach bhfuil ábalta an teanga a labhairt? B'olc an scéal é dá gceisteofaí údarás aon gharda faoi leith mar thoradh ar an sárú reachtúil seo.
gcosc dleathach legal bar
" Cé gur chuir an Fuascailteoir deireadh leis an gcosc dleathach a dhíbir Caitlicigh na hÉireann as parlaimint *Westminster*, agus cé gur deineadh laoch domhanda as fé 1829, scríobh MacDonagh *“there would never be escape from his own inherent ardour, or the hereditary bondage of his ancestry, time or place.
Caingean the legal action
" ' Caingean Anita Groener ========== Sa chomhthéacs sin, is fiú a chuimhneamh gur theip ar chás cúirte a ghlac múinteoir ealaíne ón Ísiltír, Anita Groener, in éadan na Roinne Oideachais i Samhain na Bliana 1989.
dleathach legal
" Buanna Mórálacha agus an Geilleagar ============== Cé acu gur chóir tús áite a thabhairt dóibh, iompar príobháideach an tsaoránaigh nó forais ghinearálta dár thóg na saoránaigh céanna? An rud dleathach seachas matamaticiúil í sláinte an gheilleagair i ndeireadh báire? An n-éireoidh le Páirtí Cumannach na Síne riamh glúin dúchasach cosúil le Jefferson agus Madison na Meiriceánach a chruthú roimis chúlú i bhforbairt a ngeilleagair? Bhain ceann amháin des na léachtaí leis an nasc idir an dlí coiteann agus sláinte an gheilleagair.
i gcaingin dá leithéid in such legal cases
" Ar ndóigh, b'aighneas thar a bheith binibeach a bhí i gceist i gcás Áth na Sceire agus mhol an Breitheamh John McMenamin gur cheart go mbeadh iachall feasta ar na páirtithe dul i mbun eadrána i gcaingin dá leithéid.
fianaise ar chónaí dleathach riachtanach evidence of legal residence necessary
" Féadfaidh na hiarratasóirí a n-éireoidh leo cur isteach ar cheadúnas tiomána, ar dheontais oideachais agus ar phoist nárbh fhéidir leo cur isteach orthu roimhe seo mar go raibh fianaise ar chónaí dleathach riachtanach.
faoi chomhairle dlíodóra from legal advice
" Tá Balor faoi chomhairle dlíodóra gan a bhéal a oscailt faoin scéal nó bhí pictiúr dá chuid cíoch féin ar taispeáint sa News of the World cúpla bliain ó shin, agus níor thóg sé raic faoi ag an am.
fanacht fad a bhíonn na himeachtaí dlí ar siúl to stay while the legal process runs its course
" Má táthar sásta comhoibriú, ligtear don íospartach fanacht fad a bhíonn na himeachtaí dlí ar siúl agus abhaile leis ansin – ar ais go dtí an tír ina bhféadfadh gáinneálaithe eile a bheith ag feitheamh leis, nó daoine eile nach mbeadh sásta go ndearnadh comhoibriú i gcoinne na ngáinneálaithe.
choimhlint dleathach the legal contest
" Is féidir poll mór a aithint i lár an bhreithiúnais mór-le-rá, Fleming v Ireland, AG and DPP a scríobh triúr breithimh de chuid na hArd-Chúirte insa choimhlint dleathach idir Mrs Fleming agus Oireachtas na hÉireann.
an dualgas reachtúil seo this legal obligation
" Ar an gcuid is mó, is airgead amú an caiteachas stáit a eascraíonn as an dualgas reachtúil seo.
níl srian dlí ar bith ná tada orthu there’s no legal limit whatsoever on them
" Maireann muintir an Chultúir gan gabháil in aois munar mian leo (nó murab é sin an faisean is déanaí gur mian leo), is féidir leo smacht a choinneáil ar gach uile chóras ina gcorpanna, is féidir leo a ngnéas fiú amháin, a roghnú nuair is mian leo: níl srian dlí ar bith ná tada orthu mar níl ganntanas ar bith ann.
stádas dlíthiúil iomlán full legal status
" r hunting,”
Bhí stádas dlíthiúil iomlán ag an bhundúchasach - mar dhea - rud a chuir isteach ar na cimí saortha.
gan adhradh a dhéanamh ar bhonneagair dhleathacha na hÉireann without adoring Ireland’s legal structures
" Is deacair don bhreitheamh tábhachtach seo aon rud a scríobh gan adhradh a dhéanamh ar bhonneagair dhleathacha na hÉireann.
na tubaistí dleathacha seo fé cheilt air conceals these legal tragedies
" Cuireann an tírghrá a fheictear i smior scríbhneoireacht Hogan na tubaistí dleathacha seo fé cheilt air áfach.
níl aon dualgas dlíthiúil there’s no legal obligation
" Is próiseas neamhfhoirmiúil é an FDIF, áfach, atá lasmuigh de struchtúir na NA is níl aon dualgas dlíthiúil ag baint leis na cinntí a thógtar mar chuid den phróiseas seo.