Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
ar leic an dorais againn on our doorstep
" Ní thiocfaí sibh a fhágáil gan chomhluadar lá Nollag agus sibh ar leic an dorais againn, anois an dtiocfaí?" Ní raibh cónaí ar Dervla agus Daire sa tsráid seo ach le cúpla mí anois agus cé go raibh aithne shúl acu ar go leor de na comharsana ní raibh cuma ar aon duine go raibh faill cainte aige.
ar leic an dorais acu in their own backyard
" Mar sin féin, le linn turais phríobháidigh ar an ionad, dúirt oifigigh gur cheart do bhunadh Nua-Eabhrac a bheith bródúil go bhfuil ionad cuimhneacháin den scoth agus den dearadh is déanaí ar leic an dorais acu.
leic na fuinneoige the window-sill
" " Chuir Seán a thóin le leic na fuinneoige agus shuigh Máire ar leic an dorais agus lig siad a n-anáil ar feadh cúig nó deich mbomaite.
na toghcháin áitiúla ar leic an dorais the local elections around the corner
" Fágann sin na comhairleoirí bochta áitiúla ag plé le scéimeanna míthaitneamhacha táillí a chuirfidh múisiam mór ar an bpobal, díreach agus na toghcháin áitiúla ar leic an dorais.
go leic an dorais againn féin to our own doorstep
" Bhí gach duine in aghaidh na cinedheighilte san Afraic Theas, ach an túisce is a tháinig siad go leic an dorais againn féin, d'éiríomar sprionlaithe, agus ceachartha agus just fucking barbartha i ndáiríre.
ar leic an dorais on the door step
" Cé go bhfuil sí i bhfad i gcéin inár n-aigne, níl Manainn ach ar leic an dorais againn i ndáiríre.
leic (commemorative) slab of rock
" ‘An scríobh ar an leic, ní buaine ná an lámh do chuir’ - “Sna seanlaethanta, d’úsáid muid péint shaor” a dúirt sé ag míniú go raibh drochbhail ar shaothar Vrubel mar gheall air seo.
leic (commemorative) stone
" Mar sin, tá an lucht fógraíochta ag tabhairt a gcúil don sean-nuachtán agus ag tiontú ar na meáin leictreonacha.
ar leic on the eve
" Sochaí, i mbliain ár dTiarna 1913, ar leic an Chogaidh Mhóir, ina n-oibríonn an Críost agus an Kaiser as lámha dianrialúcháin a chéile.
dhá leic Mhaois Moses' two tablets
" Jobs, Mac na hOibre Slán! Dúirt Jobs gur chuir an ráiteas thuas sa *New York Times*, faoi dhá leic Mhaois anuas den sliabh, meangadh ar a bhéal.
ar leic an dorais acu right beside them
" Ag croílár an scannáin tá pobal Ros Dumhach agus cúigear fear a chaith 94 lá sa phríosún toisc gur dhiúltaigh siad gan cur isteach ar an ollchomhlacht idirnáisiúnta ola Shell agus iad ag iarraidh píplíne gháis ardbhrú a leagan ar leic an dorais acu, go deimhin, an píopa a leagan tríd a gcuid talún.
ar fad ar aon leic mhara all together on a rock in the sea
" ) Ach tá daonra mór ann: mar a bheadh muintir na Gaillimhe, muintir Luimnigh agus muintir Chorcaí ar fad ar aon leic mhara – gar don 400 míle duine.
ag breathnú go ciúin ar an leic nua looking quietly at the new stone
" Bhí scata beag againn ag breathnú go ciúin ar an leic nua nuair a dúirt fear go borb linn go raibh an focal “dúnmharfóir” in easnamh ag barr na leice.
ar an leic is sine on the oldest tombstone
" Tá daoine á n-adhlacadh i reilig na Seanchille le míle bliain gí go bhfuil dáta 1685 ar an leic is sine.
ar leic an dorais acu on their doorstep
" Chomharthódh a leithéid go bhfuil cúltaca ag muintir na Gaeltachta, ar leic an dorais acu i nGalltacht na hÉireann.
Tá téagar agus líofacht fós sa leic there is substance and a shine on the slab
" Tá téagar agus líofacht fós sa leic os a chionn.
gleic na ndaoine ar an leic lom the peoples’ getting to grips with the bare rock
" Talamh agus trá, mná faoi sheálta, gleic na ndaoine ar an leic lom, an cime cathrach, Oisín i ndiaidh na Féinne: bhí a chuid ábhair aige agus chloigh sé leis.
ar leic an dorais agam right next door to me
" Ní raibh mé lonnaithe sa Ghaeltacht ach beagán le cois bliain, nuair a eagraíodh príomhfhéile na Gaeilge ar leic an dorais agam.
leic (commemorative) stone
" Is buan an inscríbhinn ar an leic, ach ní buan ar an nuachtán, is léir, más leideadh ar bith a bhfuil tite amach sna Stáit Aontaithe.