Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
síntí fada length accents
" De ghnáth bíonn roinnt botún sa téacs (bíonn síntí fada ar lár go minic, mar shampla) ach is féidir na botúin a cheartú agus is slí thapaidh é chun téacs ó leabhar a ionchur ar ríomhaire.
ar fhad in length
" Tá sé timpeall dhá mhíle go leith ar fhad agus thart ar an tomhas céanna ar leithead.
ar leithead in length
" Is é Loch Finne, atá trí mhíle ar fhad agus leathmhíle ar leithead, an loch is mó sa cheantar.
ar fhad in length
" Nuair a bhíonn lá maith ann, bíonn an t-oileán le feiceáil ina luí amuigh ag bun na spéire mar a bheadh fathach mór sínte siar ina chodladh; laetha eile ní bheadh a fhios agat go bhfuil sé ann mar go mbíonn sé clúdaithe i gceo agus an fharraige mhór ag briseadh ar na clocha fá chladaí an oileáin - ní gan ábhar a thugtar "Tonnaí Thoraí" ar an damhsa! Tá an t-oileán é féin trí mhíle ar fhad agus míle go leith ar leithead agus tá daonra 180 duine aige.
an meánfhad the average length
" Sa bhliain 2001, ba é 11 litir an meánfhad a bhain le hainmneacha fearainn ".
ar fhaid in length
" 3 ciliméadar ar fhaid agus thóg an turas dhá lá.
fadscannáin full-length features
" " Mar sin, an bhfuil níos mó deiseanna sa teilifís nó sna scannáin, dar leis? "Go gearrthéarmach, ba mhaith liom oibriú ar chláracha teilifíse, agus bheadh fadscannáin níos faide síos an líne.
fad an chic amach the length of the kick-out
" Seans go gcuirfeadh sé le fad an chic amach freisin.
fad an aistir the length of journey
" Gan dabht ar bith, tá impleachtaí móra do chúrsaí spóirt i gceantar Átha Cliath ag baint le fás sna cathrach, an méadú sa trácht agus fad an aistir idir áit chónaithe agus ionad oibre.
gruaig go coim waist-length hair
" Nuair a d’fhoscail sé an doras bhí cailín óg ina seasamh roimhe, a raibh gruaig go coim uirthi agus gach dath faoin spéir ar a cuid éadaí.
ar fhad in length
" I gcathair Lublin tá an bóthar seo tuairim is dhá chiliméadar go leith ar fhad.
ar fhad in length
" I gcathair Lublin tá an bóthar seo tuairim is dhá chiliméadar go leith ar fhad.
is féidir leat fad do shiúlóide féin a roghnú. you can choose the length of your own walk.
" Iompraíonn báid na paisinéirí ó chuan go cuan agus is féidir leat fad do shiúlóide féin a roghnú.
an fad ab fhaide the longest length
" Chaitheadh siad cloch mar chaitheamh aimsire agus ba é Seosamh i gcónaí a chaitheadh an fad ab fhaide í.
fad an champa the length of the camp
" Ait go leor, tá achar maith idir an foirgneamh créamtha agus na seomraí gáis, rud a fhágann go mbíodh na coirp le tabhairt fad an champa ó na seomraí gáis sula ndófaí iad.
téarma oifige term of office, ie length of time in office
" Ní foráil ar leith leagtha síos maidir leis an téarma oifige – bíonn fad an téarma “*at her majesty’s pleasure*”, mar a deirtear sa Bhéarla – ach de ghnáth tréimhse cúig bliana a bhíonn i gceist.
ar fhad in length
" Tá an turas iomlán breis agus 800 ciliméadar ar fhad agus síneann sé ó Saint Jean Pied de Port – ar baile beag é atá suite ar an teorainn idir an Fhrainc agus an Spáinn – go dtí Santiago de Compostela in Iarthar na Spáinne.
fad do sciatháin the length of your arm
" com mar a bhfuil dioscaisnéis fad do sciatháin le feiceáil.
dua a chaitheamh ar to go to some length
" Cén dochar, ní bheidh maolú aon phioc ar an dúshlán a bheas roimh an Aire: ’s é sin a chur ina luí ar phobal amhrasach le linn cúlú mór eacnamaíochta gur fiú airgead agus dua a chaitheamh ar an Ghaeilge.
ó cheann ceann na tíre the length and breadth of the country
" Meastar go labhraítear 1,500 teanga ó cheann ceann na tíre.
achair length
" Bhí a fhios ag an domhan mór go raibh muintir Thíomór Thoir thíos leis an nascghabháil agus gur caitheadh go dona leo ar feadh an achair 24 bliain a raibh siad faoi dhiansmacht fórsaí míleata na hIndinéise.
fud fad na tíre the length and breadth of the country
" Anuas ar sin, eagraítear ráschruinnithe fud fad na tíre ar an lá céanna agus bailíonn na sluaite acu, iad gléasta go lonrach.
achair length
" Seo mo chéad uair ar an oileán agus tá fonn orm an achair uilig a shiúl, ó cheann go tóin.
lánfhada full length
" Stiúir Frank dráma teilifíse lánfhada dar teideal *This Time Round* a craoladh ar RTÉ freisin, ach b’fhéidir go mbeadh aithne níos fearr air don sraithdhráma teilifíse Teenage Cics a craoladh ar TG4 in 2006, tionscadal a raibh Frank ag obair air mar chomhscríbhneoir agus mar chomhstiúrthóir le hAudrey O Reilly.
fad saoil (length of) life
" Gan amhras is iontach an fad saoil a bhaineann le roinnt ainmneacha agus is díol iontais é an chomhsheasmhacht a bhain leo anuas na céadta bliain chugainn.
ar a fhad in length
" Bíonn an crogall fionnuisce fásta idir 2-3 mhéadar ar a fhad agus bíonn sé níos lú ná an crogall inbhir.
fad agus méid a the length and size of her
" Princeam na Rónóige ========== Siocair fad agus méid a gúna, tugadh cead speisialta di damhsa na scuaibe a dhéanamh le scuab fiacla, seachas le scuab urláir.
bhfad ama length of time
" Rinne dornán beag eile an dá ról a chomhlíonadh ag leibhéal club i Sasana, ach b’eisceacht é mac Uí Ghlaisne mar gheall ar an bhfad ama a chaith sé sa dá chúram sin idir chlub agus thír.
fud fad the length and breadth
" Táimid ag glaoch ar gach éinne a bhfuil aithne againn air fud fad an stáit agus na tíre.
fad an tsléibhe the mountain’s length
" Ach an aimsir a bheith in arraíocht, beidh cion siocrach an ainm, fad an tsléibhe, le tabhairt faoi deara go soiléir.
ar a fhad in length
" ar a fhad - chomh fada le dhá pháirc peile go leith i gceann a chéile.
fud fad the length and breathe
" Tá aithne fhairsing air fud fad Mheiriceá, agus is maith le "Seabhaic" an pháirtí é, ó is é a chuir an páirtí ar bhealach na buachana sna nóchaidí.
ildaite go talamh ankle-length multi-coloured
" Cailín deich mbliana d’aois, gúna ildaite go talamh uirthi agus scairf dá réir.
i ngach cathair fud fad na tíre in every city the length and breadth of the country
" Reáchtáiltear mórshiúlta i ngach cathair fud fad na tíre tar éis na gcluichí le comhghairdeas a dhéanamh leis na rannpháirtithe iontu, leo siúd a bhuann boinn go mór mór.
fud fad na tíre the length and breadth of the country
" ‘De Ghlaschloich an Oileáin’ =========== Rinne an Bord comhairliúchán le hionadaithe na gcomhphobal Maorach, ar a dtugtar na iwi, fud fad na tíre cúpla bliain ó shin le moltaí a fháil i ndáil le hainmneacha oiriúnacha Maoraise do na hoileáin.
go fada leitheadach at length
" Tchítear breis is fiche teachtaireacht faoi roinnt de na hailt ó am go chéile agus tá súil againn go mbraithfidh sibh breis saoirse le scríobh go fada leitheadach feasta nuair nach mbeidh aon bhagairt le brath sa timpeall oraibh anseo ar Beo.
fud fad na tíre the length and breadth of the country
" Is fada daoine i saol na Gaeilge ag magadh faoin Ghaelscoilis, an ghibiris bhriotach úd a bhíonn á labhairt ag daltaí Ghaelscoileanna fud fad na tíre.
an chiontacht a choinneáil uait to keep guilt at arm’s length
" Is í aidhm an leithscéil, an ciúnas a sheachaint agus an chiontacht a choinneáil uait, go fóill.
Tá a mhacasamhail d'fhorbairtí beartaithe fud fad na tíre such developments are planned the length and breadth of the country
" Tá a mhacasamhail d'fhorbairtí beartaithe fud fad na tíre.
Is gearr go mbeidh leat it’ll be no length of time until you succeed
" ” “Is gearr go mbeidh leat.
go fial, fonnmhar at length and with pleasure
" D'inseoinnse an scéal ó thús deireadh go fial, fonnmhar, ach bhí daoine eile sa gcomhluadar, cuntasóir Béarlóra as Baile Átha Cliath, agus beirt as Londain, rud a thug orm freagra gonta a thabhairt ar an gceist ar fhaitíos go gcuirfinn bréantan ar an gcóisir le saineolas.
b’éigean dó an-dua a chur air he had to go to great lengths
" Níl aon ghréasan gan sreang sa bhaile ag Diarmaid Mac Mathúna agus b’éigean dó an-dua a chur air féin chun ceann a aimsiú.
b’éigean dó an-dua a chur air he had to go to great lengths
" Níl aon ghréasan gan sreang sa bhaile ag Diarmaid Mac Mathúna agus b’éigean dó an-dua a chur air féin chun ceann a aimsiú.
fhadscannán full length film
" Tá Pat Butler tógtha go mór le céad fhadscannán Momoko Ando, *‘Kakera – A Piece of Our Life’*.