Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
moill shíoraí a lengthy delay
" Mar shampla, i gcás an ionaid d'fhir gan dídean a bhíothas ag iarraidh a thógáil in aice le Cúl an tSúdaire, deir an tUasal Digan go bhfuil moill shíoraí ar airgead a gheall an Roinn Comhshaoil dóibh agus, muna n-athraíonn seo, go mbeidh orthu na pleananna le haghaidh an ionaid chéanna a chur ar ceal.
próiseas fadálach lengthy process
" Tá a leithéid de chóras measartha coitianta ar mhór-roinn na hEorpa agus tá trealamh ardteicneolaíochta ar fáil anois a chiallaíonn nach próiseas fadálach a bhíonn ann.
fadálach lengthy
" Tá íoróin nach beag ag baint leis seo: tugadh neart eolais don té nach bhfuil aon taifead ar fáil dá iarratas ach níor tugadh a dhath don té a chuir iarratas oifigiúil faoi bhráid na Roinne! Tá mugadh magadh déanta ag an Aire, dar liom, don chóras seo mar gur léirigh sé gurbh fhearr i bhfad cara sa chúirt ná dul trí phróiseas fadálach, costasach.