Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
léacsacan lexicon, vocabulary
" Rinne mé staidéar air don Ardteistiméireacht agus chruthaigh mé roinnt córagrafaíochta comhaimseartha le léacsacan an damhsa ghaelaigh leis an phíosa don MA atá mé tar éis críochnú.
fhriotal lexicon
" 50)** Baineann cáilíocht mhantrach leis an leabhar seo, lena theideal, lena fhriotal, lena rithimí.
na téarmaíochta agus na foclóireachta of terminology and of lexicon
" Tháinig borradh mór i réimsí an aistriúcháin, na téarmaíochta agus na foclóireachta thart ar an am céanna ar chúiseanna gaolmhara ach neamhspleách ar a chéile – Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003, tionscadal téarmaíochta focal.
cur lena thaisce focal to increase his lexicon
" Fé mar atá rudaí faoi láthair is cinnte nach bhfuil aon dúshlán ins an tsiollabas nua seo don chainteoir Gaeilge ó dhúchas agus is beag deis a bhfaighfidh sé cur lena thaisce focal ná leis an teanga atá aige a shaibhriú.
foclóir sainiúil a distinct lexicon
" Cruthaíonn an ceol ilghnéitheach foclóir sainiúil.
mórán de fhoclóir a sufficient lexicon
" Ar an gcéad dul síos, níl mórán de fhoclóir acu.
tá sí á líonadh lena cuid focal féin it’s filling it with its own lexicon
" Tá lingua franca na sibhialtachta nua-aimseartha tar éis greim a fháil ar theanga na nGearmánach agus tá sí á líonadh lena cuid focal féin.
ag plé cúrsaí foclóireachta discussing matters of lexicon
" Ní minic a bhím mar sin ach bhí gearrsteall ólta agam le cairde de mo chuid agus muid ag plé cúrsaí foclóireachta, ceist a bhfuil fairsinge inti mar atá a fhios agaibh agus ábhar ar ceart cuid mhór ama a chaitheamh i mbun chur agus cúiteamh á plé i dtithe leanna.