Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
Loch Cuan Strangford Lough
" Tearmann d'éin fhiáine atá ann, ar imeall Loch Cuan.
Reonn Loch nEachach Lough Neagh freezes
" Focal Scoir ó Bhalorina na Súile Nimhe agus na Tóna Nimhní: ======= 50 céim: Reonn Loch nEachach.
Loch Arbhach Lough Arrow
" Ar shliabh amháin, a amharcann amach trasna Loch Arbhach, tá roinnt carn mar sin, agus bealaí isteach oscailte acu, agus is féidir an dorchla a fheiceáil, agus é líneáilte go cúramach le clocha móra.
an loch a aimsiú to find the lake
" Téann siad go dtí cnoc darb ainm 'The Old Man' chun campáil in aice le ceann de na lochanna atá faoina bharr, ach níl siad ábalta an loch a aimsiú.
tá Loch Súilí Lough Swilly
" Ar thaobh amháin tá Loch Súilí agus Inis Eoghain.
ag seasamh an fhóid ar son Loch Garman competing for Wexford
" Dá bhfaigheadh muid iarratas amháin ó chuile chraobh bheadh an-chomórtas againn! Dá mbeinnse i mbun Chonradh na Gaeilge i Loch Garman, mar shampla, nó in aon chontae eile sa tír, bheinnse ag iarraidh go mbeadh seaimpín áitiúil ag seasamh an fhóid ar son Loch Garman ag an Oireachtas.
ag eitilt thar loch amach leaving the country
" agus tá an brabús ar fad ag eitilt thar loch amach.
dá n-ólfadh sé a raibh d'uisce i Loch nEathach if he drank the rivers dry (lit. all the water in Loch Neagh)
" Chomh maith le bheith á leá leis an teas, bhí a theanga amuigh leis an tart agus ní thiocfadh leis a chosc dá n-ólfadh sé a raibh d'uisce i Loch nEathach.
Loch Cuan Strangford Lough
" Ar an taobh eile de Loch Cuan, tá mainistir ón dara haois déag ann, Mainistir Liath.
Baile Loch Cuan Strangford
" Siúd chun siúil é ó Phort an Pheire, ansin bhailigh sé grúpa s'againne ón ché ag Baile Loch Cuan ar an taobh thall.
Loch Cairlinn Carlingford Lough
" Le chéile, chosain an dá chaisleán an teacht isteach cúng go Loch Cairlinn.
Loch Garman Wexford
" Tá tacaíocht ar fáil, i bhfoirm deontais i gcomhair chostas táillí, taistil agus lóistín, dóibh siúd atá ina gcónaí laistigh de limistéar INTERREG na hÉireann: Baile Átha Cliath, Ceatharlach, Cill Dara, Cill Chainnigh, Cill Mhantáin, Loch Garman, Port Láirge, an Mhí, agus Tiobraid Árann Theas.
Loch Bhraoin Loch Broom
" Tá bóthar amháin chuig Ulapul, a thagann ó Inbhir Nis trí shléibhte fiáine seasca, ansin ritheann sé le fána go dtí Loch Bhraoin, atá fada leathan.
ag béal Loch Cuan at the entrance to Strangford Lough
" Chríochnaigh muid ag Port an Pheire, an baile beag gleoite ag béal Loch Cuan, os comhair Bhaile Loch Cuan.
Loch Lao Belfast Lough
" Tá Beannchar suite ar theacht isteach Loch Lao agus tá bá mór foscúil in aice leis.
Loch Lao Belfast Lough
" Tá Beannchar suite ar theacht isteach Loch Lao agus tá bá mór foscúil in aice leis.
Loch Lao Belfast Lough
" Tá Beannchar suite ar theacht isteach Loch Lao agus tá bá mór foscúil in aice leis.
ó phailin i mbun locha from pollen at the bottom of a lake
" Tá fianaise aimsithe le gairid ó phailin i mbun locha go raibh ar a laghad trí thriomach le míle bliain a bhí chomh holc leis an gceann seo agus a mhair níos mó ná leathchéad bliain.
Linne Sheileach, Loch Linnhe,
" Tá sé suite ag an bhealach isteach go Linne Sheileach, cóngarach do bhaile an Òbain ar an mhórthír.
ceann de na lochanna is cáiliúla one of the most famous lakes
" Tar éis lá a chaitheamh i Lilongwe, príomhchathair na tíre, ag baint suilt as an atmaisféar speisialta a bhaineann le cathracha Afracacha, bhuail mé bóthar suas go Nkhata Bay, baile ar bhruach Loch na Maláive, ceann de na lochanna is cáiliúla ar domhan.
an loch dorcha séimh. the dark calm lake.
" Nuair a théann na báid iascaireachta amach istoíche, bíonn solas ar lasadh ar gach ceann acu agus is radharc fíorálainn iad seo amuigh ar an loch dorcha séimh.
Loch Garman Wexford
" Is deacair a chreidiúint leis gurb iad na foirne láidre iomána a bhí ann sa tréimhse sin idir 1993 agus 1998 ná an Clár, Uíbh Fhailí, Loch Garman agus Luimneach.
nuair a mhúscail Loch Garman as a suan when Wexford woke from their slumber
" Bhí forlámhas ag Uíbh Fhailí sa tréimhse sin ar Chill Chainnigh agus ar fhoirne eile Laighean (cé is moite de 1996 nuair a mhúscail Loch Garman as a suan agus a d’fhógair a mbainisteoir Liam Ó Gríofa gurb í an iomáint “Riverdance” an spóirt! San am céanna bhí an Clár beagnach do-chloíte sa Mhumhain (cé is moite de bheith buailte ag Luimneach i 1996.
loch tarraingteach, an attractive lake,
" Is baile beag eile é Te Anau, atá in aice le loch tarraingteach, agus ina bhfuil cónaí ar go leor lampróg.
Sráid Loch Garman Wexford Street
" Sráid Loch Garman (is as an ainm Carman a tháinig Garman).
locha beaga little lakes
"locha beaga in Ruaumoko ar féidir suí iontu, mar a dhéanfadh duine i Jacuzzi.
sna locha teo. in the hot lakes.
" B’iomaí cuairteoir a chaith seal sa bhaile beag Maorach Te Wairoa, a chiallaíonn "an t-uisce fada", chun na léibhinn a fheiceáil agus chun folcadh a bheith acu sna locha teo.
locha cráitéir crater lakes
" Tá loch ar bhuaic shliabh Ruapehu atá ar cheann de na locha cráitéir is mó ar domhan.
folmhaíodh an loch cráitéir the crater lake was emptied
" Mar thoradh ar phléascthaí a tharla sna blianta 1995 agus 1996, folmhaíodh an loch cráitéir agus chlúdaigh *tephra - *focal ón Maoiris a chiallaíonn luaithreamháin, gaineamh agus clocha - barr abhainn an Whangaehu.
sa loch taobh thiar de. in the lake behind it.
" Mar sin, bhí smionagar réidh le titim dá n-ardódh leibhéal an uisce sa loch taobh thiar de.
an loch goirt the salt lake
" Ó 1846 amach, thaistil corradh agus 70,000 Mormannach thar na Sléibhte Creagacha go dtí an loch goirt a bhí cúpla céad míle ón teorainn.
ar Shráid Loch Garman, on Wexford Street,
" Táimid ag breathnú ar láithreacha ar Shráid Loch Garman, Sráid San Seoirse agus i mBarra an Teampaill faoi láthair, cuir i gcás, mar go bhfuil muid ag iarraidh go mbeidh an t-ionad thar a bheith feiceálach agus go mbeidh an pobal in ann teacht air go héasca.
in óstlann cois locha in a lakeside hotel
" Chaith mé cúig mhí ag obair le comhlacht arb é a ghnó ná safari ar dhroim capaill a chur ar fáil in Nyika National Park – an pháirc is mó de na cúig pháirc náisiúnta sa tír – agus sé mhí ag obair in óstlann cois locha i mbaile ar a dtugtar Nkhata Bay.
trasna an locha across the lake
" Braitheann go leor daoine ar an iascaireacht lena mbeatha a thabhairt i dtír agus is foinse thábhachtach bia é an loch chomh maith – bíonn éisc de gach cineál le feiceáil ar díol sna margaí, ar an tsráid, istigh i mbialanna agus ceangailte suas taobh amuigh de mhionbhusanna ionas nach mbíonn boladh lofa taobh istigh! Téann an bád farantóireachta – an ILALA, a tógadh i nGlaschú sna caogaidí – trasna an locha gach seachtain.
áilleacht an locha beauty of the lake
" Cé gur tír í an Mhaláiv atá álainn amach is amach – agus cé gur bhain áilleacht an locha agus Nyika fós siar asam i ndiaidh dom a bheith bliain ansin – is dócha gurb é an rud is draíochta faoin Maláiv ná muintir na tíre.
i Réigiún Mór-Lochanna na hAfraice in the Great Lakes Region of Africa
" In ionad an milleán a chur go róshimplíoch ar an bhfuath eitneach a bhí i gceist i dtíortha áirithe Afracacha, ar chóir “cinedhíothú” a thabhairt ar pholasaí na Stát Aontaithe i dtaca leis na corparáidí ilnáisiúnta i Réigiún Mór-Lochanna na hAfraice i rith na tréimhse millteanaí seo?*Is as Cloch Shiurdáin i gContae Thiobraid Árann é Maidhc Ó Cathail ach tá sé ina chónaí sa tSeapáin anois, áit a bhfuil sé ag obair mar léachtóir ollscoile agus mar shaoririseoir.
feadh lochanna mórthaibhseacha alongside spectacular lakes
" Is furasta taisteal go dtí an t-oileán álainn seo ar thuras bóthair nó iarnróid trí ghleannta is shléibhte sciamhacha maorga, agus feadh lochanna mórthaibhseacha iarthar na hAlban.
gCeantar na Lochanna the Lake District
" Ba chaitheamh aimsire coitianta é fiche bliana ó shin i Sléibhte Cuimbria (i gCeantar na Lochanna), sna Sléibhte Pennine i Sasana agus i Sléibhte Coimre, sa Bhreatain Bhig, ach thógadh sé mí nó dhó chun staid na sléibhte a bheith i gceart, leis an timthriall 'seaca-coscairt.
gCeantair Locha Lake District
" Muid ag taisteal chuig Manchain agus uaidh sin, ó thuaidh, go Sedbergh, baile beag i gCeantair Locha Chumbria.
Mór-Lochanna Great Lakes
" Tá aird an domhain tarraingthe ar Réigiún Mór-Lochanna na hAfraice ag tubaistí éagsúla i gcaitheamh na mblianta.
Dhál Riata Antrim, Argyll, Bute, Loch Abar
" (Betha Colaim Chille, DIAS) Ba é a chol ochtair, Conall a bhí ina rí ar Dhál Riata ag an am agus ceannas dá réir aige ar thailte in Albain agus in Aontroim ar an dá thaobh de Shruth na Maoile.
loch lake
" Chuireas suas thart ar chloch meáchain nuair a bhíos ann.
an locha bhig of the small lake
" Bhí corr éisc ag faire amach ar bhruach an locha bhig, agus bhí lorg coise coiníní le feiceáil go flúirseach ar bhrat sneachta na mbóithríní mórthimpeall.
Loch Garman Wexford
" Chuaigh an bothán sin agus leagan amach an tsráidbhaile féin go mór i bhfeidhm orm toisc go raibh a leithéid feicthe agam sa Pháirc Oidhreachta Náisiúnta i Loch Garman cheana, áit a bhfuil macasamhlacha de na ráthanna agus de na crannóga ina gcónaíodh muintir na hÉireann beagnach dhá mhíle bliain ó shin ann.
Loch Garman Wexford
" B'as Loch Garman a athair féin, agus *'Irish Emigrants Entering Liverpool'* an teideal atá ar phictiúr eile de cuid David Jacques, agus tá sin le feiceáil i nDánlann Walker i Learpholl.
Loch Garman Wexford
" Chun eolas níos mó a fhoghlaim faoi na rónta atá againn in Éirinn, labhair mé leis an *“Irish Seal Sanctuary”* i Loch Garman le déanaí.
bhruach an locha lakeshore
" Dhá cheann de na comharthaí teorainn faoi leith ná an Túr CN agus an tIonad Rogers atá le taobh a chéile ar bhruach an locha.
teach dísirt cois locha a lakeside hermitage
" D’aimsigh Séamus teach dísirt cois locha tamall beag as Toronto a d’oirfeadh go maith dá leithéid agus thugadar faoi.
an loch thuasluaite the abovementioned lake
" Edward Eyre ab’ ainm don chéad fhear geal a chonaic an loch thuasluaite thiar sa bhliain 1840 agus bhaist sé a shloinne féin air.
freagracht as riar cheantar an locha responsibility for administering the lake district
" Fuair an mhuintir Arabana freagracht as riar cheantar an locha i mí na Bealtaine anuraidh agus chuir siad ina luí gaidhte ar an Geographical Names Unit dhá ainm an locha a chuir i bhfeidhm as seo amach.
Bhí solas na gealaí ag lonrú ar na lochanna thíos moonlight shinning on the lakes below
" Bhí solas na gealaí ag lonrú ar na lochanna thíos uainn agus áilleacht an cheantair á nochtú leis an scarthanach.
Tearmann an Dá Loch twin lake retreat
" Tearmann an Dá Loch ======== I ndáiríre, níl againn ach garbhfhíricí scéal Trayvon Martin, ó tá na sonraí ceilte i dteanga na n-aturnaetha, ach an méid atá againn, téann sé mar seo: bhí George Zimmerman ar a bhealach tríd an gceantar tithíochta "geataithe" ina raibh cónaí air, “The Retreat at Twin Lakes”, nuair a thug sé fear óg faoi deara a raibh cuma agus geatsaíochtaí amhrasacha air.
Ag fadú tine faoi loch trying the impossible
" Ag fadú tine faoi loch a bhí siad faoi gur éalaigh sí ón ngramaisc i veain de chuid Cainéal 7, an t-eagras Astrálach a bhuaigh an iomaíocht tairisceana le clár eisiach a chraoladh faoin scaoileadh.
Loch Cuan Strangford Lough
" Is breá le Liz Curtis am a chaitheamh ar chladaí Loch Cuan i gContae an Dúin.
Loch Cuan Strangford Lough
" Tá Liz Curtis an-tógtha le Loch Cuan i gContae an Dúin, áit a mbíonn sí go minic.
i Loch Garman in Wexford
" Bhí ceolchoirm mhór amhránaíochta ar siúl i Loch Garman le déanaí ina raibh breis agus 500 dalta scoile páirteach.
Má tháinig sé aníos as Loch Rúraí féin if he resurfaced like Fergus mac Léti
" Má tháinig sé aníos as Loch Rúraí féin, níor fágadh ainimh ná máchail ar a éadan ná ar a áiteamh.
fechain Locha Febhuil find, con a ealaibh as aibhind seeing L. F. with its swans is delightful
" Phill Ciara Nic Gabhann ar a cathair dhúchais, Doire, fechain Locha Febhuil find, con a ealaibh as aibhind, anuraidh le blaiseadh den lón mór ealaíne a bhí ag titim amach ann.