Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
mhaolú lowering
" Tá an freasúra ag cur béime ar fhostaíocht, oideachas agus sláinte agus ar mhaolú a dhéanamh ar an gcáin earraí agus seirbhísí.
teach íochtarach the lower house
" Is léir gur ag an gcomhrialtas nó ag an Lucht Oibre a bheas an lá sa teach íochtarach.
cánacha níos ísle lower taxes
" Bhí an tír breac le póstaeir a thaispeáin a aghaidh ghriandaite agus ar a raibh manaí mar "cathracha níos sábháilte, post agus cánacha níos ísle do gach duine".
céim síos a lower status
" An bhfuilimid chun neamhaird a thabhairt ar dhaoine nach de shliocht Éireannach iad? Agus cad faoi naimhde na Gaeilge atá de shíor ag iarraidh céim síos a thabhairt don teanga sa chóras oideachais? An gceapann éinne nach dtapóidh siad an deis amach anseo chun ísliú céime a thabhairt don Ghaeilge ar an mbonn nár chóir dúinn a bheith á brú ar dhaoine nach mbaineann sí leo? Tá sé in am ag na heagraíochtaí Gaeilge dúiseacht agus aghaidh a thabhairt ar cheist an ilchultúrachais sula mbeidh sé ródhéanach.
lagan lowering
" Ar ndóigh, caithfear a chur san áireamh nach bhfuil na teaghlaigh leath chomh mór anois, ar an meán, is a bhídís scaitheamh den tsaol, agus fágann sin go bhfuil lagan ar an líon daoine óga, gan cúinsí eacnamaíochta a chur san áireamh, beag nó mór.
an ráta dífhostaíochta a laghdú to lower the unemployment rate
" Ansin, d'éirigh an Rialtas an-ghnóthach agus iad ag cur in iúl don phobal go rabhadar ag iarraidh an ráta dífhostaíochta a laghdú; bunaíodh coimisiún a raibh sé mar aidhm aige tuarascáil a chur ar fáil faoin dífhostaíocht! Sea, ó bhuaigh Schröder an t-olltoghchán in athuair i mí Mheán Fómhair 2002, táthar fós ag caint faoin tslí is fearr leis an ngéarchéim eacnamaíoch a shárú.
a tháillí a ísliú to lower its charges
" Cuireadh brú ar eircom a tháillí a ísliú le déanaí, rud a chabhróidh leis an margadh amach anseo.
íslithe lowered
" "Maidir liom féin, bheinn sásta gan an t-ardleibhéal cánach a bheith íslithe chomh mór sin dá rachadh an t-airgead chun an bochtanas agus na heaspaí eile atá i gcúrsaí sóisialta, an tseirbhís sláinte, cuirim i gcás, go bhféadfaí feabhas a chur orthu sin.
a gcostais táirgthe a laghdú to lower their production costs
" Idir an dá linn, bhí lucht drioglainne Bowmore ag iarraidh a gcostais táirgthe a laghdú, costais bhreosla go áirithe.
ag ísliú getting lower
" "Tá Reg Empey ann, ach cá bhfuil na dlíodóirí, na cuntasóirí, na fir mhóra gnó?" Deir Feeney go bhfuil an caighdeán ionadaíochta atá ag an phobal aontachtach ag ísliú agus ag ísliú an t-am ar fad.
íochtarach lower
" Ar an 12 Iúil, 1870, ghlac suas le 2,000 ball de na hoird Oráisteacha áitiúla (le cois grúpaí eile a bhí frith-Chaitliceach agus i gcoinne na hinimirce) páirt i bparáid a chuaigh ó Manhattan íochtarach i rith an bhealaigh suas go hElm Park ag an West Side ag 92nd Street.
íslithe lowered
" Tá an praghas íslithe anois ag an nGníomhaireacht um Thionscadail Iarnróid, ach chun costais a spáráil chaith siad uathu na staighrí beo agus roinnt mhaith geataí ticéad sna stáisiúin agus chuir siad cosc ar thraenacha níos mó ná trí charráiste (i gcomparáid le teorainn 8 gcarráiste i gcás an DART), rud a chuirfidh srian chomh maith ar chumas iompair na líne.
d'íslíodh siad they used to lower
" ? seanchaitewell-worn leidprompt inphógthakissable seithehide ceimiceáinchemicals g-spota mo choinsiasathe g-spot of my conscience chuimlínn mo shúileI used to rub my eyes loinnirbrightness líonadh a meallaher charms used to fill mo dhá bhasmy two palms cuaracurves sleasasides go cleitiúillike a feather néaróga a pléisiúirthe nerves of her pleasure a bharrchigiltto tickle a chaiteáthat you would wear na bróga cnocadóireachtathe hill-climbing shoes choisbheartfootwear briathra binnesweet words i ndiaidh na coisíochtaafter walking mo dhara ríomhaire glúinemy second laptop computer craiceann crogaillcrocodile skin méarchlárkeyboard lannablades d'íslíodh siadthey used to lower sclábhaí deonachvoluntary slave mo mhianmo desire spíontaexhausted in ísle brídepressed d'fháirbrí a héadainfrom the wrinkles in her forehead smálmark máchailíblemishes scórthaí na snáthaideneedle scratches fíneáltachtdelicacy nochtnocht brocachfilthy tolgcouch mo rogha de thogha na n-amhrán grámy choice of the best love songs fá dtaobh den chruthabout the appearance easnacharibs ciúnasquietness glór scairdinnilljet-engine voice cúil na dramhaíolathe rubbish heap fonóid faoiscoff at ar an choinníoll go n-athchúrsálfar iadon the condition that they will be re-cycled
agus a ghuth ag ísliú leis and his voice was steadily lowering
" “Ar fhulaing sé?” arsa Dónall arís agus a ghuth ag ísliú leis.
níos ísle lower
" An t-aon difríocht a thabharfaidh tú faoi deara ná an costas níos ísle! Agus, má tá do chóras leathanbhanda ag feidhmiú thar cábla na teilifíse nó thar seirbhís gan sreang, is féidir leat fáil réidh le do ghnáthlíne theileafóin go hiomlán.
i bhfad níos ísle a lot lower
" Níl aon amhras faoi: tá costas an bhia agus na dí i bhfad níos ísle sa Spáinn ná mar atá in Éirinn.
i bhfad níos ísle a lot lower
" Níl aon amhras faoi: tá costas an bhia agus na dí i bhfad níos ísle sa Spáinn ná mar atá in Éirinn.
rud a d’ísleodh something that would lower
" Tá sé ag iarraidh níos mó eatánóil (ó phlandaí) a chur sa pheitreal, rud a d’ísleodh láithreach caitheamh na hola.
teach íochtarach lower house
" Tá ocht nduine dhéag ar fad ag déanamh ionadaíochta do na hIodálaigh thar lear – dhá dhuine dhéag sa teach íochtarach (a bhfuil 630 ball ann) agus seisear sa Seanad (as 315).
táillí níos ísle lower fees
" Bhí cloiste aige chomh maith go raibh gig nó dhó ann – táillí níos ísle ach saol níos éasca – céad slán le Lanzarote! Bhí an tábhairne lán meisceoirí glóracha, ag canadh amhrán sacair.
íslithe go mór greatly lowered
" Anois tá an spriocleibhéal íslithe go mór agus tá an dlí á chur i bhfeidhm! Tá sciar den locht, mar sin, ar na Gardaí as cuid den phobal bheith ar nós cuma liom maidir le bheith ag ól agus ag tiomáint.
go laghdófaí an dleacht mháil that the excise duty be lowered
" D’éiligh siad le déanaí, mar shampla, go laghdófaí an dleacht mháil ar dheochanna meisciúla sa Cháinaisnéis, dleacht a cuireadh air d’fhonn srian a chur ar ró-ólachán sa tír.
costais inmheánacha a laghdú to lower internal costs
" D’eisigh Thomson Scientific ráiteas ag rá go raibh orthu an chéim seo a ghlacadh toisc go raibh orthu costais inmheánacha a laghdú chun dul in iomaíocht i gceart sa mhargadh.
brú, strus agus ísliú meanman? pressure, strus and lowering of morale?
" Ach an gcaithfear íoc as na rudaí seo le brú, strus agus ísliú meanman? Céard faoinár saibhreas agus forbairt spioradálta? I gceann seachtaine fillfidh mé ar an Maláiv go ceann sé mhí.
nótaí níos ísle ná an D notes lower than D
" Bhí sé i gceist agam go mbeadh uirlis dhifriúil le cloisteáil ar chuile rian! Uaireanta mhalartaigh mé an uirlis le cur in oiriúint don phíosa ceoil, abair dá mbeadh nótaí níos ísle ná an D ar an bhfeadóg.
pá íosta na Sé Chontae a ísliú. to lower the minimum wage in the Six Counties.
" Tá rún ag Gordon Brown pá íosta na Sé Chontae a ísliú.
ísliú sa ráta Cánach Corparáidí a lowering of the Corporation Tax rate
" Nó thiocfadh leis gur ag cuimilt meala den lucht gnó atá iar-Sheansailéir an Státchiste, le nach mbeidh siad ag gearán barraíocht nuair a dhiúltóidh sé ísliú sa ráta Cánach Corparáidí chuig leibhéal an deiscirt a cheadú do na Sé Chontae.
a liopa uachtair her lower lip
" Luaitear níos mó ná uair amháin faoi Aisling, mar shampla, go bhfuil ribí dorcha gruaige ar a liopa uachtair agus samhlaítear cumhrán róis le Caoimhe.
ísliú lowering
" Níl fáil acu ar na seirbhísí seo in ainneoin go léiríonn taighde gurb iad na fir Éireannacha an t-aon ghrúpa imirceach amháin ar tháinig ísliú ar a n-ionchas saoil i ndiaidh dóibh teacht go Sasana.
teach íochtarach lower house
" Ina theannta sin, tá tromlach mór ag an rialtas sa teach íochtarach faoi láthair.
teach íochtarach Pharlaimint na Polainne the lower house of the Polish Parliament
" Mar ba léir ó na híomhánna de na mílte Polannach a sheas i scuaine chun vóta a chaitheamh in Éirinn, i Sasana, agus i dtíortha nach iad, ba iad Polannaigh óga ba dhúthrachtaí a ghlac páirt sa toghchán, agus ní foláir ná gurbh é an dream seo ba mhó a thug 209 suíochán do PO sa *Sejm*, teach íochtarach Pharlaimint na Polainne ina bhfuil 460 suíochán san iomlán.
Bíonn an ghrian níos ísle. the sun is lower
íochtar lower parts
" Bhí deis agam cuairt a thabhairt ar Chreneash, thíos in íochtar Mhanann, áit ar mhair go leor de na cainteoirí traidisiúnta deiridh san fhichiú haois.
luacháil stoic íslithe lowered stock value
" Ansin, dar leis, ceannóidh na hairgeadaithe go saor, leis an airgead a fuair siad ó cháiníocóirí, corparáidí a bhfuil a luacháil stoic íslithe, cuid acu mar gheall ar amhantraíocht na n-airgeadaithe céanna.
ísliú to lower
" Tá sé seo craiceáilte, go speisialta agus muid ag iarraidh an “*carbon footprint*” a ísliú.
ísliú to lower
" Bhí cuid de na ceardchumainn abhus, ámh, glan in aghaidh an chur chuige seo, ag maíomh go mbainfeadh fostóirí áirithe mí-úsáid as le coinníollacha oibre san Astráil a ísliú.
Ísleofar shall be lowered
" Ísleofar caighdeán maireachtála gach éinne againn suas le 10% - gach rud curtha san áireamh.
ísliú lower
" Cuireadh scairt ar Fhoireann Tarrthála a’ Chairn Ghoirm agus bhí siad ar a mbealach de chois, nuair a nocht bearna sa scamall agus bhí an t-ingearán ábalta ísliú isteach agus James a ghlinneáil aníos 7.
ísliú to lower
" Ní fios go fóill cé a d'eagraigh é, ach táthar ag díriú na méar go forleathan i dtreo Dick Armey, feisire fíorchoimeádach as Texas, agus a eagraíocht FreedomWorks, brúghrúpa a oibríonn thar ceann comhlachtaí chun cáin a ísliú agus gnó an stáit a chur i lámha na hearnála príobháidí.
níos ísle lower
" Corrán Tuathail is ainm don cheann eile agus cé go bhfuil sé os cionn céad troigh níos ísle, is ann atá an pointe is airde in Éirinn.
níos ísle lower
" 09), costas atá níos ísle ná mar a bhí sé i rith na tréimhse Samhain/Nollaig 2008 (€0.
hísealaicmí lower classes
" Arís, gealladh cúiteamh dóibh, go háirithe dóibh siúd sna hísealaicmí.
íochtair lower
" Ba léir freisin go raibh daoine ón eite dheis den Pháirtí Liobrálach go hiomlán míshásta leis an mbille, ach go háirithe i measc seanadóirí an pháirtí – bíonn baill an tSeanaid níos coimeádaí ná na feisirí sa teach íochtair de ghnáth.
íochtarach lower
" Tá dhá theach parlaiminte abhus agus bíonn an páirtí a bhfuil móramh aige sa teach íochtarach, ar a dtugtar Teach na nIonadaithe, i gcumhacht.
D’isligh lowered
" D’isligh Standard and Poor grádú an stáit go ‘A-‘ ag tús na bliana.
íosteorainn an bhochtanais the lower poverty line
" Den 190 milliún duine atá ina gcónaí sa tír, tá 54 mhilliún – an cheathrú chuid – ag maireachtáil faoi íosteorainn an bhochtanais i dtólamh.
ísealaicme lower working class
" Ceantar ísealaicme ab ea é agus an Glaisneach óg ag fás aníos agus d’fhoghlaim sé scileanna an tsacair ar shráideanna an cheantair, díreach mar a d’fhoghlaim na céadta mílte eile dá mhacasamhail timpeall an domhain.
níos ísle lower
" Cinnte, tá an ráta os cionn 1% níos airde ná an ráta ab éigean dúinn a íoc le blianta beaga anuas, ach tá an ráta níos ísle ná an ráta 6.
níos ísle lower
" Bíonn cuma mharbh air, le buille an chroí chomh mall le seachtain fliuch agus titfidh teocht na colainne níos ísle chomh maith.
teach íochtar lower house
" Sin díreach a tharla in Wisconsin, a thug 19 suíochán as 33 sa seanad don pháirtí poblachtach, 60 suíochán as 99 sa teach íochtar don pháirtí céanna, agus suíochán an ghobharnóra mar sméar mullaigh.
níos ísle lower
" Dar liom ba chóir go mbeadh an aois scoir níos ísle, ceathracha hocht b’fhéidir.
ísligh siad they lowered
" Siocair eile gur thiontaigh na daoine in aghaidh Fhianna Fáil is ea gur ísligh siad oifigí an stáit.
n-íosaicmí lower classes
" I *Pygmalion* feictear an mhí-iontaoibh, fuath agus faitíos na n-íosaicmí bochta neamhliteartha i gcoinne na huasaicme, ach feictear go háirithe an srian a bhí ar mhná uasaicme chun a bheith ag tuilleamh airgid.
teach íochtar lower house
" Ceapann móramh sa teach íochtar, Teach na nIonadaithe, an príomh-aire tar éis olltoghcháin, ach mothaíonn na vótálaithe go gceapann siadsan an príomh-aire de bharr go mbíonn a fhios acu roimh olltoghchán cé a bheas ina phríomh-aire nuair a vótálann siad.
an teocht íslithe the temperature lower
" Is iad na mothúcháin bhróin agus dúlagair a thréithríonn SAD, agus tagann a leithéid chun cinn go háirithe in oícheanta dorcha na dúluachra, tráth a mbíonn na laethana níos giorra agus an teocht íslithe.
aois an mhóraimh laghdaithe the age of the majority has lowered
" Cuimhnímis go bhfuil aois an mhóraimh laghdaithe ó am dréachta an Bhunreachta ó 21 go 18 bliain d'aois.
an t-íos-sprioc aoise the lower age target
" I bhfocail eile, tá an t-íos-sprioc aoise go dtig leat a sheasamh don Uachtaránacht dhá oiread níos airde ná an aois go bhfuil cead ag duine vóta a chaitheamh agus cáipéisí dlíthiúla a shíniú.
níos ísle lower
" Dálta áiteanna eile, thug na bancanna ó thuaidh méid sheafóideach airgid amach ar iasacht le go gceannódh daoine díomhaoine idir 2000 agus 2008 gan sciar mhaith de bheith aisíoctha, tá líon na morgáistí níos ísle inniu ná mar a bhí sé i 1994.
le héileamh go n-ísleofaí bratach na hÉireann to demand that the Irish flag be lowered
" 
 An ‘Grá’ Aduaidh ======= Is cosúil go bhfaighidh Baile Átha Cliath blaiseadh den chur chuige dílseach seo agus é fógartha go bhfuil "níos mó ná 150 dílseoir" le dul go BÁC am éigin an mhí seo le héileamh go n-ísleofaí bratach na hÉireann os cionn Teach Laighean.
níos ísle ná a chromáin lower than his hips
" Thosaigh sé leis an dá láimh thuas ar na guaillí, “*I feel great all over here*” agus shín an dá láimh siar is aniar thar a chabhail ach níor chomharthaigh níos ísle ná a chromáin.
hísliú stádais lowering of status
" I ndiaidh dó glacadh le ciorraithe agus le hísliú stádais do mhuintir na Gaeilge agus do mhuintir na Gaeltachta araon, tá sé thar am aige a chumas seasaimh a fháil ar ais.
Saol só, íseal-mheánaicmeach á chaitheamh passing a leisurely lower middle class lifestyle
" Saol só, íseal-mheánaicmeach á chaitheamh aige lena bhean is lena mbeirt pháiste.
beagáinín níos ísle ná meánráta na hEorpa a little lower than the European mean rate
" Mar a tharlaíonn sé, tá an ráta sin beagáinín níos ísle ná meánráta na hEorpa faoi láthair.
chun tairbhe an íseal aicme to the benefit of the lower class
" Má laghdaítar ar cháin an ‘squeezed middle’, ní thiocfaidh sé chun tairbhe an íseal aicme atá ag obair ar an ‘minimum wage’, agus is cinnte go mbeadh níos lú airgead sa státchiste le feabhas a chur ar shaol na ndaoine atá ag brath ar an státchóras lena gcaighdeán maireachtála a chosaint.
costais a ísliú to lower costs
" Measann Diarmaid Mac Mathúna go n-aistreofar go leor post in earnáil na ríomhaireachta go tíortha mar an Ind sna blianta atá romhainn mura n-éiríonn linn costais a ísliú sa tír seo.
cosmhuintir na heaglaise the laity and lower echelons
" Ní raibh an Vatacáin ag éisteacht le cosmhuintir na heaglaise agus tá Ciarán Mac Aonghusa den bharúil go gcaithfidh siad aird a thabhairt ar an phobal.