Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
luann sé he mentions
" Ceapann sé go bhfuil an iomáint i mbaol áfach, fiú sna contaetha láidre, agus luann sé mar shampla de sin cás chathair Chorcaí.
luann sé he mentions
" luann sé, mar shampla, léiriú den dráma *An Druma Mór *a raibh sé aige roinnt blianta ó shin agus nach raibh ach cúigear i láthair aige.
luann tú you mention
" AÓF: Rudaí simplí den chuid is mó a luann tú i do chuid cuimhní faoin Nollaig.
luann sé cúinse eile atá riachtanach he mentions another necessary condition
" Go ginearálta, áfach, deir Krauss gur féidir a bheith dóchasach faoi theangacha a bhfuil ar a laghad milliún duine á labhairt agus luann sé cúinse eile atá riachtanach má tá teanga le maireachtáil: tacaíocht láidir stáit.
ní luann sé he doesn't mention
" Ach ní luann sé gur rugadh agus gur tógadh í i Learpholl fosta, áit a raibh comhlacht ceimiceán ag a hathair.
luann sé he mentions
" " Ní raibh aon bhrú i gceist, mar sin!In eagrán *Beo!* na míosa seo, tá anailís déanta ag Ciarán Mac Aonghusa ar na fáthanna ar vótáil muintir na hÉireann i gcoinne an Chonartha agus luann sé rud ar leith ba cheart a bheith curtha ar liosta an Taoisigh: imní mar gheall ar an bhféiniúlacht Éireannach.
a luann sé who he mentions
" Tá grianghraif de dhaoine agus d’áiteanna a luann sé le fáil ag deireadh an leabhair; a bhean Gracie ar bhuail sé léi i nGlaschú an t-am sin, a sheisear cailíní agus seanchaithe Rann na Feirste, Micí Sheáin Néill, Neidí Frainc, John Ghráinne féin, Joe Johnny Shéamaisín agus Seán Bán.
Luann sé he mentions
" Luann sé An Clár, Corcaigh, Gaillimh, Ciarraí, Maigh Eo agus Sligeach go háirithe, mar a raibh teaghlaigh, idir fhír, mhná agus pháistí ag siúl trasna na tíre chun an turas báid ba shaoire a fháil as Baile Átha Cliath nó as Droichead Átha go Learpholl.
Luann an t-údar the author mentions
" Luann an t-údar chomh maith gurb é scannán Gael-Linn an t-aon taifead ceart de Christy Ring, an t-iománaí, atá ann, agus gurb é an chuid is fearr den scannán ná an t-ábhar teagaisc, an t-aon taifead inchreidte de theagasc Uí Rinn ar an iomáint.
Luann sí she mentions
" Tuairimí Cén duine is mó a chuaigh i bhfeidhm uirthi ina hóige? - Luann sí a tuismitheoirí láithreach.
Luann mentions
" Luann an tOllamh Belcham "*the regular flow of gaelic-speaking new priests from Ireland* (lch.
luann mentions
" I measc ‘lucht sofaisticiúil an airgeadais,’ luann Gates leithéidí Robert Rubin, Larry Summers (príomhchomhairleoir eacnamaíochta do Barack Obama anois) agus Alan Greenspan a raibh baint mhór acu leis ‘na hollmhargaidh airgeadais’ ar nós Goldman Sachs agus Citigroup a d’éascaigh siad lena ‘leasuithe,’ agus iad in ainm is a bheith ag obair ar son mhuintir Mheiriceá.
luann mentions
" ” Baintear siar asam nuair a luann sí an Mhainistir Thuaidh mar gur le buachaillí amháin a ghlactaí agus cairde de mo chuid féin ag freastal ar an meánscoil sin.
luann mentions
" Seo bot a chruthaigh mise a bhailíonn giolc ar bith a luann gael, gaeilge, gaeil, irish language, agus mar sin.
Luann mentions
" Luann an t-údar trí theanga dhéag ina bhfuil aistriúchán den leabhar ar fáil.
luann mentions
" ” Cohen » Al-Khattab === In alt amháin dá chuid, luann Miller gur mar Giúdach darb ainm Joseph Cohen a rugadh al-Khattab, agus gur iompaigh sé ina Mhoslamach tar éis freastal ar scoil raibíneach Ceartchreidmheach.
luann mentions
" ” Is minic a chloistear freagra mar sin nuair a luann duine éigin fíricí nach bhfuil ar fáil sna mórmheáin.
Ní luann siad they don’t mention
" Ní luann siad 'bás' ar ndóigh, agus do bhuachaillí le taithí ar an chluiche chogaidh *'Call of Duty'* is cuma leo faoi sin.
Luann tú you mention
" Luann tú an tionscal eolais, ach ins an tionscal san tá dúshaothrú fíochmhar ar siúl; pá an-íseal don chuid is mó agus coinníollacha oibre atá go huafásach, go minic, ins na lárionaid ghutháin agus a leithéid.
luann mentions
" Creideann Hessel go bhfuil dul chun cinn iontach déanta ag an gcine daonna le seasca bliain anuas - luann sé go háirithe an próiseas díchoilínithe agus deireadh leis an gcóras cinedheighilte mar aon le titim Aontas na Sóivéide - ach ní leor é.
luann mentions
" Anuas air sin, luann David McWilliams cás na nGréagach, a bhfuil brú ag teacht orthu ón Aontas Eorpach agus ón gCiste Airgeadaíochta Idirnáisiúnta roinnt dá sócmhainní féin a dhíol chun a gcuid fiacha a ghlanadh.
luann mentions
" I measc na scéalta suimiúla a luann Mary Ward sa leabhar tá cur síos ar eachtra inar chuir fear ón Lucht Siúil (glantóir poll deataigh) agus daoine ón bpobal buanlonnaithe an dallamullóg ar na Dúchrónaigh i nGaillimh nuair a bhí na Tans ag lorg gunnaí agus iad sa tóir chomh maith ar fhir a bhí ar a gcoimeád.
Luann mentions
" Luann sé eachtra amháin a tharla cóicís sular insealbhaíodh Bill Clinton mar Uachtarán Stáit Aontaithe Mheiriceá.
luann mentions
" Ba liosta le háireamh iad na healaíontóirí agus na filí Beat a luann Kerouac mar inspreagadh, Hunter S.
bíodh nach luann sé ach although he only mentions
" com/us/app/pocket-universe-virtual-sky/id306916838?mt=8> (Ceapaim gur Éireannach é an cruthaitheoir John Kennedy, bíodh nach luann sé ach na Stáit agus Ríocht Aontaithe mar áit chónaithe ar a shuíomh).
Luann mentions
" Luann Mhic Róibín leoga (sna naisc leis an alt seo ar dheis) an aicme eile sin, infheisteoirí i dtráchtáil chóir na cruinne.
Luann mentions
" Luann Rolston na teagmhálacha a bhí idir Éireannaigh agus daoine eile nár den chine gheal iad, anseo in Éirinn, i dtíortha na himpireachta, i Meiriceá Thuaidh, an caidreamh acu difriúil, ag brath ar shiocracha áirithe na linne agus na háite.
na boinn sin a luann those coins which W. mentions
" Ach íomhánna Joysúla (aidiacht Uí Chadhain é sin) na boinn sin a luann Wallace, boinn an tsolais.
Luann mentions
" Dar leis ansin, níorbh iad muintir na n-oileán ach: ‘Peártaí an Aois Saothair, an Phróletariat, an Aitheach Tuatha, Peártaí na nDaor agus na bhFuidhear, agus na sean-chleith, Peártaí an Ollphobail dhísheilbhithe…’ (Luann Ó Buachalla ráiteas brónach Pheig Sayers sa seoladh amach aige in Aisling Ghéar, ráiteas a fhíoraíonn imeagla Uí Chadhain: ‘Daoine bochta ab ea sinn ná raibh eolas ar rachmas ná ar éirí in airdre an tsaoil againn.
Luann mentions
" Luann Campbell eachtraí ilghnéitheacha eile sa leabhar a léiríonn meon tánaisteach Jenkins fé lán seol, an cur chuige mall muiníneach sin a bhí le feiscint agus é i gceannas ar Státchiste na Breataine ó 1967-70 agus ar Choimisiún an Aontais Eorpaigh ó 1977.
Luann sé an méid he mentions what
" Luann sé an méid a dúirt John Major nuair a bhí sé ina phríomhaire – “tá na moltaí seo faoin dílárú seafóideach ar fad.