Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
ag luí isteach ar getting stuck into
" Cloiseann duine scéalta faoi na foghlaimeoirí a mbíonn an t-ádh dearg orthu agus a n-éiríonn leo cúpla rud, mar théipeanna agus leabhair, a cheannach agus iad ag luí isteach ar fhoghlaim na Gaeilge.
a luíonn isteach which blends in
" Foirgneamh é An Nasc, 199 Bóthar na bhFál, a luíonn isteach lena thimpeallacht; oireann aghaidh an fhoirgnimh don lochtán Victeoiriach atá in aice leis, ach cuireann a dhearadh nua-aoiseach le forbairt nádúrtha na sráide.
nuair a luím isteach ar an obair when I start the work
" Suím síos ag an phianó agus b'fhéidir go mbeadh creatlach beag déanta agam sna míonna sin, ach nuair a luím isteach ar an obair, bíonn sé éasca go leor.
chinn sí ar luí isteach ar phleanáil an úrscéil she decided to get stuck into planning the novel
" Bhí Anna ag obair ar leabhar Béarla faoi inimircigh ag an am ach bhí moill ar an tionscadal áirithe sin, mar sin chinn sí ar luí isteach ar phleanáil an úrscéil.
chinn Seán ar luí isteach ar an staidéar Seán decided to get stuck into the studying
" ” Céim oíche ======= Ceann de na cúiseanna go raibh an t-airgead gann ná gur chinn Seán ar luí isteach ar an staidéar.
luíodh isteach ar réiteach bia sa chistin, people got stuck into preparing food in the kitchen,
" Chomh luath agus a shroicheamar an teach arís, luíodh isteach ar réiteach bia sa chistin, agus chaitheamar trí nó ceithre huaire an chloig ag ullmhú turcaí, prátaí, búiste, anlann sonóige, pióg puimcín, agus cá bhfios cad eile.
luíodh isteach ar mhuintir an gheiteo seo a dhíothú. the extermination of the people of this ghetto began.
" Agus Giúdaigh á dtabhairt go dtí an chathair ó chearnaí eile den Eoraip cuireadh geiteo ar bun i mí an Mhárta 1941 chun iad a choinneáil agus in earrach na bliana dár gcionn luíodh isteach ar mhuintir an gheiteo seo a dhíothú.
réidh le luí isteach ready to concentrate
" Tá muid réidh le luí isteach ar an obair.
le luí isteach ar an obair. to get down to the work
" Bhíos cinnte go raibh an oíche caillte againn gur dtí gur chas Shea chugam, a shúile lán fíona drithligh, agus dúirt sé go raibh sé in am dúinn filleadh ar an stiúideo le luí isteach ar an obair.
go luífinn isteach that I would concentrate
" Ach caitheadh an coincheap sin i dtraipisí ar chúiseanna éagsúla agus shocraigh mé go luífinn isteach ar an tsraith faoin nGaeilge.
mar nach luífeadh siad isteach leis na hamhráin eile a bhí ag an ghrúpa. because that wouldn't fit in with the other songs that the group had
" “Bhí roinnt mhaith amhrán ag Christy nár ghlac Planxty leo mar nach luífeadh siad isteach leis na hamhráin eile a bhí ag an ghrúpa.
luigh sé isteach ar an obair sin he concentrated on that work
" ” Ag obair mar léiritheoirBhí Lunny ag obair mar léiritheoir ó bhí lár na seachtóidí ach nuair a tháinig deireadh le Moving Hearts i 1985, luigh sé isteach ar an obair sin agus léirigh albaim le réimse leathan daoine agus grúpaí, leithéidí Paul Brady, Elvis Costello, Rod Stewart, Sinéad O’Connor, the Waterboys agus Clannad.
go mbeadh orm luí isteach ar an albam that I would have to get down to doing the album
" I mí Eanáir na bliana seo, fuair mé amach cén cineál sceidil a bhí leagtha amach don bhliain ó thaobh dátaí agus camchuairteanna de agus ba léir dom go mbeadh orm luí isteach ar an albam chomh luath agus ab féidir dá dteastódh uaim é a dhéanamh in 2008.
Luíonn sé seo isteach go deas leis this nicely compliments
" Luíonn sé seo isteach go deas leis an tseirbhís mhianliosta atá acu.
luíodh sé isteach le do threalamh scíála it’d go well with your skiing equipment
" Is teicneolaíocht ghlan é agus cuma an- “allamuigh-ach” agus dlúth leis an uirlis seo: luíodh sé isteach le do threalamh scíála an geimhreadh seo.
luíomar isteach ar we commenced
" D'ordaigh an triúr againn piontaí (trí Bhéarla) agus luíomar isteach ar chomhrá.
luí isteach engage, get stuck in
" Caithfear luí isteach anois i gceart ar an taighde agus an bonneagar cuí a chruthú chuige sin lenár ndeis a thapú.