Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
beatha na mílte duine thousands of lives
" **PM:** Ach nár shábháil siad beatha na mílte duine sa choimhlint ó thuaidh? **ANO:** Sin an rud a deir siad ach an bhfuil a fhios ag duine ar bith an bhfuil sé fíor? Tá fianaise ag teacht amach diaidh ar ndiaidh go raibh baill an Bhrainse Speisialta páirteach in imeachtaí mídhleathacha, dúnmharú san áireamh.
na mílte dlí the thousands of laws
" Cuid de na rudaí is mó atá ag cur isteach ar fhás an gheillgeair ná na mílte dlí atá ann agus an maorlathas costasach a thagann sna sála orthu.
na mílte turasóir thousands of tourists
" Tá iolair fhíréana ar Mhuile fosta agus téann na mílte turasóir chuig an oileán sin chun iad a fheiceáil.
na mílte Meicsiceach thousands of Mexicans
" Roimh ionsaithe an 11 Meán Fómhair 2001, bhí fonn ar rialtas Bush teacht ar shocrú le Meicsiceo maidir le plean chun stádas dleathach a chur ar fáil do na mílte Meicsiceach atá sna Stáit Aontaithe go mídhleathach.
na mílte féidearthacht thousands of possibilities
" Bíonn siad cumasach sna tuisil - tá seacht gcinn acu féin, mar aon le hainmfhocail neodracha, beomhara agus neamhbheomhara, agus na mílte féidearthacht! Agus céard a spreag iad chun an Ghaeilge a dhéanamh, agus cén cúlra a bhíonn acu? Bhuel, bíonn cuid acu ag déanamh staidéir ar an sean-Bhéarla, cuid eile ag díriú ar an nGaeilge ar bhonn teangeolaíoch chomparáideach, cuid eile ag lorg ábhar neamhghnách spéisiúil, agus cuid eile ar thóir na craice amháin.
ag cur thar maoil leis na mílte ceap árasán overflowing with thousands of apartment blocks
" Tá PuDong ag cur thar maoil leis na mílte ceap árasán anois: suanliosanna do mheitheal oibre an gheilleagair nua ocraigh.
na mílte lámhdhéantúsán thousands of artefacts
" Anuas trí na blianta, fuarthas na mílte lámhdhéantúsán agus tá samplaí le feiceáil san iarsmalann.
na mílte lámhdhéantúsán thousands of artefacts
" Anuas trí na blianta, fuarthas na mílte lámhdhéantúsán agus tá samplaí le feiceáil san iarsmalann.
na mílte manach thousands of monks
" Áit an-mhór léinn a bhí inti, agus chuaigh na mílte manach ansin le hoideachas a fháil.
na mílte manach thousands of monks
" Áit an-mhór léinn a bhí inti, agus chuaigh na mílte manach ansin le hoideachas a fháil.
na mílte sibhialtach thousands of civilians
"na mílte sibhialtach maraithe ag na Meiriceánaigh san Iaráic le trí bliana anuas *and they have the cheek to be lecturing Gerry Adams on terrorism.
na mílte príosúnach poblachtánach agus dílseach thousands of republican and loyalist prisoners
" Is ag Donovan Wylie atá an focal scoir lena chuid pictiúr den Maze, an príosún cáiliúil inar coinníodh na mílte príosúnach poblachtánach agus dílseach agus ina bhfuair 13 óglach bás le linn na stailceanna ocrais.
na mílte manach thousands of monks
" Áit an-mhór léinn a bhí inti, agus chuaigh na mílte manach ansin le hoideachas a fháil.
na mílte finscéal thousands of legends
"na mílte finscéal cumtha agus na mílte scéal atá fíor nó leathfhíor inste faoi eachtraí a bhain le lucht leanúna na hÉireann, an chuid is mó acu greannmhar agus áiféiseach.
na mílte crann cnó cócó thousands of coconut trees
"na mílte crann cnó cócó le feiceáil i ngach aon áit.
na mílte seomra breise thousands of extra rooms
" Ar an chéad dul síos, tá na mílte seomra breise curtha ar fáil ag na hóstáin timpeall na tíre le dornán blianta anuas; tá i bhfad barraíocht seomraí ar fáil i ndáiríre agus bíonn scéalta le cloisteáil go rialta faoi óstáin i mbailte tuaithe bheith ag díol a gcuid seomraí ar phraghas an-íseal – is cuma le go leor acu, a fhad is go dtig leo na leapacha a líonadh.
na mílte léitheoir dil dílis the thousands of beloved and loyal readers
" Tá mé iontach buíoch fosta de na mílte léitheoir dil dílis a rinne gearán mar gheall ar nár cuireadh alt na míosa seo a chuaigh thart i gcló.
na mílte caorach thousands of sheep
" Toradh amháin atá air sin ná go bhfuil na mílte caorach á dtabhairt chuig margaí ar fud na tíre agus an tóin tite as na praghsanna dá bharr.
go gcaillfí na mílte post that thousands of jobs would be lost
" Tá sé á mhaíomh ag lucht an tobac sa nGearmáin go mbeadh a leithéid de chosc in aghaidh an bhunreachta, go mbeadh an rialtas ag cur isteach ar shaoirse shaoránaigh na tíre, go rachadh tithe tábhairne as gnó agus go gcaillfí na mílte post de dheasca an choisc.
na mílte turasóir thousands of tourists
" Iarrann siad ar thurasóirí gan an charraig a dhreapadh, ach tugann na mílte turasóir faoin dreapadh gach bliain.
na mílte cúlphacálaí eile! thousands of other backpackers!
" Ag deireadh mhí Dheireadh Fómhair, thosaigh mé ar thuras síos cósta thiar na hAstraile – mé féin agus na mílte cúlphacálaí eile! Is cinnte go raibh a draíocht féin ag baint leis an Astráil, ach dar liomsa nach raibh ag éirí léi an Afraic a shárú.
na mílte tiománaí the thousands of drivers
" Tá an rialtas tar éis an bealach éasca a thógáil le léiriú go bhfuil iarracht éigin á déanamh acu laghdú a dhéanamh ar an líon daoine atá á marú ar na bóithre (366 duine sa bhliain 2006) ach níl mórán iarrachtaí á ndéanamh maidir le fadhbanna eile: na mílte tiománaí atá ag tiomáint gan ceadúnas ar bith; na mílte atá ag fanacht le triail tiomána; na céadta eachtrannach atá ag tiomáint gan árachas nó ceadúnas; agus, an easpa comhoibrithe atá ann idir na húdaráis ó thuaidh agus ó dheas, a chiallaíonn go bhfuil ráta an-ard timpistí i gcontaetha na teorann.
na mílte rún thousands of resolutions
" Seo chugainn an bhliain úr agus caithfidh mé a rá go bhfuilim beagáinín míshocair, mar seo an t-am a dheinim na mílte rún faoin saghas saoil is mian liom a chaitheamh sa dá mhí dhéag atá romham.
na mílte cuairteoir thousands of visitors
" Meallann áiteanna mar Oileán Fraser agus Oileáin Whitsundays na mílte cuairteoir gach mí.
na mílte turasóir thousands of tourists
" Téann na mílte turasóir ansin le cuairt a thabhairt ar na seanfhoirgnimh mheánaoiseacha agus ar na tránna fada gainmheacha.
na mílte míle tuathánach thousands of peasants
" Idir 1770 agus 1860, chuir na tiarnaí talún na mílte míle tuathánach amach as a lonnaíochtaí beaga, mar bhí níos mó airgid le fáil as an talamh a ligean ar cíos don fheirmeoireacht caorach ar mhórscála.
na mílte turasóir thousands of tourists
" Dá dtiontófá coirnéal sráide agus portráid de John Lennon a fheiceáil ar an bhalla os do chomhair, chuirfeadh sé sin miongháire ar d’aghaidh gan amhras! Mheall na ballaí múrmhaisithe i mBéal Feirste na mílte turasóir le cuairt a thabhairt ar an chathair, agus níl cúis ar bith nach bhféadfadh an rud céanna tarlú i Learpholl.
na mílte Polannach thousands of Poles
" ” Ba i mí Mheán Fómhair 2001 a tháinig Izabela go hÉirinn, seachtain i ndiaidh na n-ionsaithe a rinneadh ar na Stáit Aontaithe agus dhá bhliain go leith roimh an méadú ar an Aontas Eorpach a lig do na mílte Polannach teacht go hÉirinn ag lorg oibre.
chun na mílte a chur chun báis. to kill thousands of people.
" Níl mórán ag teastáil chun na mílte a chur chun báis.
ach níl i mbás na mílte ach staitistic. but the death of thousands is a statistic.
" Nárbh é Stalin a dúirt gur tragóid é bás duine amháin, ach níl i mbás na mílte ach staitistic.
go gcaithfear na mílte post a scor that thousands of jobs will have to be slashed
" Leoga, measann Varney go gcaithfear na mílte post a scor le geilleagar an tuaiscirt a chur ar a bhonnaibh arís.
na mílte ealaíontóir gorm thousands of black artists
" I Nua-Eabhrac déantar trácht ar an "*Harlem Renaissance*" – uair a tháinig na mílte ealaíontóir gorm go dtí an ceantar sin chun bualadh lena chéile agus chun leas a bhaint as áiseanna na cathrach.
bhí na céadta mílte punt Sterling buaite acu they had won hundreds of thousands of pounds Sterling
" De réir na dteachtaireachtaí ríomhphoist, bhí na céadta mílte punt Sterling buaite acu sa chrannchur agus bhí a sonraí pearsanta de dhíth chun an t-airgead a chur chucu.
a mheallann na mílte duine which attract thousands of people
" I rith na bliana, bíonn imeachtaí éagsúla ar siúl in Sydney, príomhchathair New South Wales, a mheallann na mílte duine chuig an gcathair.
mílte in aghaidh an ghalúin miles per gallon
" Is éard atá ann ná go léirítear sonraí maidir le hinniúlacht MPG (mílte in aghaidh an ghalúin) na gcarranna go soiléir, is é sin, chomh tíosach is atá siad ar an mótarbhealach agus sa chathair.
mílte dúchasach thousands of natives
" Ar ndóigh, chun a leithéid de sprioc a bhaint amach, ba ghá na mílte dúchasach a dhíshealbhú sa tír sin, agus ar fud na hAfraice.
maireachtáil ar ghualainn na mílte eile thart timpeall orthu. live shoulder to shoulder with the thousands of people around them
" Tuigeann muintir na gcathracha cheana féin go bhfuil orthu maireachtáil ar ghualainn na mílte eile thart timpeall orthu.
mílte thousands
" Bíonn ócáidí spóirt go fairsing freisin, agus bhí rás mór na mbád seoil, rás Volvo, tagtha chuig cathair na dtreabh agus na mílte duine bailithe timpeall ar dhuga na Gaillimhe chun na báid a fheiceáil agus taitneamh a bhaint as an atmaisféar.
mílte thousands
" (Beo, Eagráin 80 agus 103) Is é tuairim chiotach Belcham nach raibh ach Béarla ag na mílte Éireannach a tháinig i dtír i Learpholl, ach thaispeáin Frank Neal ina leabhar *'Black '47*' nach raibh sin fíor, agus tacaíonn an taighde a rinne an tUrramach Abraham Hume i Learpholl i 1850 le tuairim Neal.
mílte thousands
" Ón gcéasadh a rinneadh ar dhaoine aonair a raibh an deachtóir in amhras orthu, go dtí an t-ionsaí gáis nimhe a rinneadh ar phobal Coirdíneach Halabja i 1988 inar dúnmharaíodh suas le 5000 duine ar an toirt, gan trácht ar an máchail a fágadh ar na mílte sna blianta i ndiaidh an ionsaithe.
mílte thousands
" Cheana féin tá na mílte eagras ag tabhairt aghaidh ar Washington D.
mílte faoileán thousands of seagulls
" Tugtar ‘La Ristic’ ar an mbóthar seo, agus is féidir seasamh aon áit le taobh an bhealaigh, agus siúl síos chuig tránna carraigeacha mar a bhfuil diúilicíní, feamainn agus portáin, nó tránna gainimh bán agus na mílte faoileán ann.
mílte míle thousands of miles
" Anachain na Cathrach ========== Aistear na mílte míle a bhí ann, ar chúl trucaile.
mílte thousands
" Cogadh uafásach ina raibh na mílte de mhuintir Vítneam á marú agus á ngortú agus na mílte de shaighdiúirí óga as Meiriceá á gcur sall ansan ar mhaithe, i ndáiríre, leis an maorlathas agus leis an gcos ar bolg.
mílte of miles
" Bhí líon áirithe mílte le taisteal mar chuid den phacáiste a bhí againn agus mhol an cléireach taistil dúinn cuairt a thabhairt ar na hOileáin Mhic Cùga ar an mbealach ón Nua-Shéalainn go Taihítí.
mílte thousands
" Maidir le Teamhair na Rí, cuirim i gcás, tugadh na mílte síniúchán isteach chuig an Oireachtas i gcoinne an chúrsa a bhí beartaithe don bhóthar nua.
mílte thousands
" Leis an dtacaíocht sin a dhaingniú, crochadh na mílte postaeirí ar fud na tíre leis an dteachtaireacht *‘Gilmore for Taoiseach’* clóite orthu.
mílte thousands
" Mar gheall ar a áit lárnach idir tuaisceart agus deisceart, d'fhás an chathair go tapa mar cheanncheathrú trádála agus tionscail, agus d'éirigh go seoigh leis go lár na haoise seo caite, nuair a bhog na mílte Gormach as stáit an deiscirt chuici, agus theith muintir an chine ghil amach.
mílte thousands
" Athfhianna - An Chéad Bheirt le Cóilín Ó Corrbuí ======================= Mhair na Fianna na mílte bliain ó shin.
mílte thousands
" Leis an dtacaíocht sin a dhaingniú, crochadh na mílte postaeirí ar fud na tíre leis an dteachtaireacht *‘Gilmore for Taoiseach’* clóite orthu.
mílte míle bealaigh thousands of miles in distance
" Tá na mílte míle bealaigh idir cathair Rio de Janeiro sa Bhrasaíl agus an chathair bheag Alphen aan den Rijn san Ísiltír, ach bhain an dá áit na ceannlínte idirnáisiúnta amach ar an údar céanna an mhí seo caite: d’fholmhaigh beirt ógfhear a gcuid gunnaí le daoine neamhurchóideacha gan fáth ar bith, sular chuir siad iad féin den tsaol.
torann na mílte inchinní beaga the noise of thousands of little brains
" Mar a dúirt cara liom i Wisconsin "An gcloiseann tú sin? Sin torann na mílte inchinní beaga ag pléascadh timpeall na tíre!" B'fhéidir go raibh sé seo réamhbheartaithe ag an uachtarán an t-am ar fad.
mílte buamaí thousands of bombs
" Nuair a theilg na Naitsithe na mílte buamaí anuas ar shráideanna Béal Feirste 70 bliain ó shin an mhí seo caite - maraíodh suas le míle duine - cuireadh páistí amach chun na tuaithe le hiad a choinneáil slán, ach baineadh geit as muintir na tuaithe nuair a chonaic siad cad é chomh lag, gannchothaithe is a bhí na páistí, bhí déistin orthu.
mílte thousands
" Ar ndóigh, tháinig na mílte Éireannach go Ceanada le linn an Drochshaoil agus tugadh tearmann dóibh anseo i dToronto.
mílte thousands
" Ní móide go dtabharfaidh Caoimhe — ná na mílte eile a chuir Barack Obama faoi dhraíocht lena bhriathra binne agus a mheangadh ceanúil — mórán aird go deo ar an méid atá á scríobh ag a huncail faoi Uachtarán SAM agus an bhaint atá aige le lucht an airgid atá ag déanamh scrios ar an domhan lena chomhairle geilleagair a d’eascair as Ollscoil Chicago agus a chuid saineolaithe ar nós Milton Friedman.
luach na mílte punta thousands of pounds worth
" Tá an twitterati in ann luach na mílte punta de chaingin chúirte a chur ó mhaith le scríob amháin den mhéarchlár.
mílte bealaí físe ann thousands of methods of video in use
cosúil leis na mílte like thousands
" Lawrence Lowry, an t-ainm agus sloinne a bhí air; ainm Éireannach mar rugadh a athair, Robert Lowry, in Éirinn agus cosúil leis na mílte Éireannach eile, fuair sé obair i measc na 'muilte dorcha diabhlaí' i Lancashire.
Ach oiread leis na mílte just like thousands
" Ach oiread leis na mílte bailte eile i dtuaisceart na Seineagáile, Mailí, An Nígir, An Nigéir agus Beinin, tá an talamh á tréigean agus á bánú.
ainneoin na mílte bliain a bheith ár scaradh despite the thousands of years which separate us
" Mothaím caidreamh iontach leo agus mé ag siúl ar na cnoic seo ainneoin na mílte bliain a bheith ár scaradh.
bhailigh na mílte seansruthanna le chéile gathered together innumerable old streams
" Cineál calafoirt ab ea Vidal ina scríbhneoireacht, an duine a bhailigh na mílte seansruthanna le chéile chun cur lena gcuid cumhachtaí neamhspleácha.
na mílte ball thousands of members
" ”* Bean mheánaosta ar chosúil nár chaith an saol go cineálta léi a scread an mhallacht thuas agus í ag siúl thart liom taobh amuigh de Theach Pobail Caitliceach Naomh Pádraig i Sráid Dhún na nGall i mBéal Feirste Dé Satharn seo caite, na mílte ball den Ord Dubh ag siúl ar an tsráid taobh léi.
mílte alt ar fáil thousands of articles available
" Tá na mílte alt ar fáil san Esperantais ar an idirlíon.
tháinig na mílte i dtír thousands disembarked
" Bhí sé suimiúil long ón tSeirbhís Chabhlaigh le brat na hÉireann ar foluain a bheith ag an Pier Head, cóngarach don áit inar tháinig na mílte i dtír 1845-52 agus áit a raibh na hÉireannaigh áitiúla ag smuigleáil gunnaí do Mhícheál Ó Coileáin i 1920.
Dúradh agus scríobhadh na mílte focal thousands of words were said and written
" An Rógaireacht ======= Dúradh agus scríobhadh na mílte focal faoi Pháidí tar éis a bháis.
sínithe ag na mílte signed by thousands
" Seo an deis aighneacht láidir a chur le chéile, sínithe ag na mílte le cur os comhair Comhairle na nAirí Eorpacha, nuair a bheas siad bailithe anseo faoi chathaoirleacht na hÉireann.
Dála na mílte Éireannach like thousands of Irish
" Dála na mílte Éireannach i Learpholl, thapaigh Seán Mac Con Mara agus Proinsias Mac Íomhair deis an bád farantóireachta as an chathair go Baile Átha Cliath ó aois óg.
phlódaigh na mílte isteach thousands crowded in
" Ní raibh a leithéid le feiceáil san Astráil cheana agus phlódaigh na mílte isteach go Canberra le freastal air.
chostas na mílte a choinneáil faoi ghlas the cost of incarcerating thousands
" Agus tá sé fíor, ní féidir leat dul ar stailc nuair nach bhfuil post ar bith agat, ach tá sé fíor fosta go gcosnaíonn sé a lán airgid ceithre mhilliún duine a choinneáil dífhostaithe go fadtéarmach, gan trácht ar chostas na mílte a choinneáil faoi ghlas nuair a théann siad i dtreo na coiriúlachta le hairgead a fháil.
in éineacht leis na mílte daoine eile along with thousands of others
" Tá an t-aos óg bréan den lipéad atá orthu, in éineacht leis na mílte daoine eile timpeall na tíre, ó chúlraí éagsúla is le fadhbanna éagsúla, a bhfuil tuairimí an-difriúla acu ar fad, mar Mheiriceánaigh.
ag fearadh céad mílte fáilte welcoming
" An fhad is a bhí cruinniú mór an G8 ar siúl i gContae Fhear Manach, áit a raibh Príomh-Aire na Breataine ag fearadh céad mílte fáilte go hÉirinn roimh cheannairí an domhain agus roimh Thaoiseach na hÉireann féin, bhí Michelle Obama agus a beirt iníonacha i mBaile Átha Cliath.
na mílte an mionn as Gaeilge thousands took the oath in Irish
" Fianaise eile ón am sin ná an chuairt a thug an tAthair Theobald Mathew ar Learpholl i Mí Iúil 1843, nuair a thug na mílte an mionn as Gaeilge: “Geallaim le cabhair Dé, gan aon sort ólacháin mheisceamhail a dhéanamh arís go brách.
mílte thousands
" Tharla go mbeidh na mílte de lucht labhartha na Gaeilge ar an aon láthair amháin, b'fhiú chomh maith cuimhne go dtagann an chuid is mó ann i gcarranna agus rachaidh siad abhaile mar a chéile.
roinnt mílte carranna some thousands of cars
" Beidh roinnt mílte carranna i gceist as gach cearn den tír.
na mílte deiridh the last miles
" Ach ní shin le rá nach de shiúl na gcos a chuirfeadh an bádóir na mílte deiridh de agus é ag brú faoi thír agus faoi shliabh.
inar cailleadh na mílte Astrálach in which thousands of Australians died
" Aisteach le rá, níl aon tagairt inti do chogadh amháin inar cailleadh na mílte Astrálach agus a mhair breis is céad bliain – Cogadh na Teorann.
mílte íospartach thousands of victimes
" Dúirt siad gur cruthúnas doiciméadach thar a bheith tábhachtach atá sna pictiúir sin – cruthúnas den Uileloscadh “ceilte” sin a rinneadh ar na mílte íospartach Roma, slad nach bhfuair aitheantas forleathan go fóill.
mílte mac léinn thousands of students
" Cé mhéad atá ar an tsliotar? Cuireadh an cheist seo ar na mílte mac léinn ag Harvard, MIT, agus Princeton, agus theip ar níos mó ná 50% an freagra ceart a thabhairt.
mílte tonna thousands of tons
" ‘An ghaoth aniar bíonn sí fial is cuireann sí iasc i líonta,’ a deirtear, ach nach aisteach an rud é gur tháinig na mílte tonna de chlocha beaga agus clocha móra, d’fheamainn ghaoithe agus d’fheamainn raice, agus de ghaineamh mín ghrinneall na mara i dtír le linn na stoirmeacha, agus nár tháinig iasc ar bith! ‘Ní hé lá na gaoithe lá cóirithe na líonta ná lá daingnithe na ndíonta ná lá deisithe na mballaí farraige,’ a deir Balor an Saoi agus an Gaothaire.
líon na mílte eile thousands in number of others
" Ní feas dúinn, áfach, líon na mílte eile atá caite i gcarn ar a chéile i bhfoisceacht maithe na leac.
mílte eile thousands of others
"mílte eile ann agus a scéal féin ag chuile dhuine.
na mílte Gael of thousands of Irish
" Tá scéal Guillermo cosúil le scéalta na mílte Gael a chuaigh go Meiriceá Theas ó leag beirt cos ar an tír den chéad uair in 1520.
na mílte bliain thousands of years
" Thóg sé na mílte bliain na portaigh, atá againn sa tír seo, a chruthú.
mílte cuairteoir thousands of visitors
" Cuireadh féasta de rogha gach ceoil agus togha gach rince, cainteanna, comórtais, mórshiúl ildaite il-Cheilteach ar fáil do phobal na cathrach agus do na mílte cuairteoir, ‘Ceiltigh’ agus ‘neamh-Cheiltigh’, a bhí i láthair i rith na seachtaine agus neart ceoil is craic is cuideachta i gClub na Féile agus sna tithe ósta ina dhiaidh sin.
na mílte dá gcoscairt being slaughtered
" Aidtrínsí agus Bumbaigh ar gach taobh dhíom, na mílte dá gcoscairt ' s dá ngéurghuin 's dá ndícheannadh le fiorlanna géara.
muiníneach faoi na mílte duine confident about the thousands of people
" Ach le borradh teicneolaíochta tá sraithe eile ann: conas gur féidir linn a bheith muiníneach faoi na mílte duine atá inár gciorcal soisialta anois? Conas is féidir linn muinín a bheith againn sna céadta seirbhísí idirlín a bhfuil sonraí pearsanta acu fúinn? Conas is féidir linn ár ngá don teicneolaíocht a chomhardú le príobháideachas agus le sábháltacht eolais? Tá caibidil nua, gan chaint ar leabhar nua, á dhreachtú (is athhdreachtú) faoi mhothú ionannas an duine, cúrsaí muiníne agus teorainn phearsanta.
mílte státseirbhíseach thousands of civil servants
" Tá na mílte státseirbhíseach a bhaineann leis an Aontas lonnaithe in Albain.
dála na mílte eile like thousands of others
" Tá dhá leibhéal sa scannán seo: ríomhann an scannán scéal beirt bhan óga agus iad idir dhá thine Bhealtaine: bealach na himirce a roghnú agus slán a fhágáil lena dtír dhúchais dála na mílte eile sa lá atá inniu ann ar mhaithe le saol eile a d’fhéadfadh a bheith níos fearr? Ar leibhéal eile, leibhéal a bhfuil uilíochas níos mó ag roinnt leis, baineann an scéal seo leo siúd a sheasann an fód i gcoinne an mhaorlathais agus iad siúd a bhfuil an t-údarás gan réasún acu.
chruinnigh sí na mílte she gathered thousands
" De thoradh air seo, chuir mo dheirfiúr lá tae agus cístí ar siúl agus chruinnigh sí na mílte euro do Féileacáin.
na mílte thousands (of people)
" Bhí na mílte ar shráideanna Manhattan an mhí seo caite ag agóid i gcoinne an chogaidh san Iaráic ach, mar a mhíníonn Tom Deignan, tá go leor daoine ar imeall na cathrach atá go mór i bhfábhar an ionraidh.
an áit ar maraíodh na mílte where thousands were killed
" Le gairid, chaith Brian Ó Broin cúpla lá in Gettysburg, an áit ar maraíodh na mílte thar tréimhse cúpla lá in 1863, Éireannaigh ina measc.
cailltear na mílte duine thousands die
" Míníonn Bearnaí Ó Doibhlin go mbeidh údaráis na hAstráile anuas ar chaitheamh toitíní níos mó ná riamh roimh i bhfad mar cailltear na mílte duine agus na billiúin dollar chaon bhliain dá dheasca.