Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
chomh místuama sin so clumsily
" Ach cuireadh na bréaga inár láthair ar bhealach chomh místuama sin an chéad seachtain gur thit an straitéis óna chéile, agus ó shin i leith tá na hIarácaigh ag déanamh go maith sa gcoimhlint bholscaireachta.
mhístuama clumsy
" Tar éis an tsaoil, bhí a fhios ag chuile dhuine céard a dhéanfaidís lena gcuid cos, fiú nuair ba mhístuama leo iad, an fhad is gur chuid díobh iad .
náisiúnachas místuama imprudent/clumsy nationalism
" Tá sé á mhaíomh ag daoine eile, áfach, go bhfuil cúngaigeantacht agus náisiúnachas místuama ag baint leis, .
Beart místuama imprudent action
" Beart místuama a bhí ann do na heagrais fheirmeoireachta tacú le McSharry i mo thuairimse.
beagán místuama a little clumsily
" Lena lámh chlé rug m’athair ar lámh dheis mo mháthar agus chas siad beirt taobh le chéile, beagán místuama, isteach doras na cistine, áit ar slogadh iad—bhí siad ceangailte le chéile ag na cluasáin, dhá phéire acu sáite isteach sa seinnteoir dlúthdhioscaí i bpóca ghúna mo mháthar.
go místuama clumsily
" Casfaidh muid ceann, a dúirt sé, ach cén ceann? Dhún sé a shúile, chas timpeall cúpla uair, trí, ceithre, cúig huaire, timpeall níos sciobtha, sé, seacht, thosaigh ag titim, d’ardaigh gach aon lámh agus rinne iarracht greim a fháil ar an aer, dhírigh é féin, chuir cos go místuama amach ar leataobh, ar ais arís, cos eile chun tosaigh, shiúil sé agus lámh amach roimhe san aer, ghluais go mall le corrmhéar sínte gur theagmhaigh sí le dlúthdhiosca—d’oscail sé a shúile.
místuama thoughtless
" Sa chomhthéacs sin, tá an ráiteas thuasluaite a rinne urlabhraí an fhreasúra místuama agus griosaitheach, agus is an-mhaolaisnéis é sin.
místuama agus trodach imprudent and pugnacious
" Rinne Bush oiread praisigh le linn a réimis ocht mbliana is gur fáiltíodh roimh iarrthóir a bhí difriúil uaidh ar mórán chuile bhealach, seachas a ghnéas: óg agus dubh seachas bán agus meánaosta, daonlathach ón tuaisceart seachas poblachtánach ón deisceart, deisbhéalach agus síochánta ina chuid cainte in áit a bheith místuama agus trodach.
go místuama imprudentally
" Dúirt sé go místuama go raibh 9/11 “go han-mhaith” d’Iosrael.
go místuama unwisely
" An lá i ndiaidh 9/11, dúirt Benjamin Netanyahu go místuama go raibh marú suas le 3,000 Meiriceánach “go han-mhaith” d’Iosrael.
místuama impractical
" Tá an mheicníocht a bhaineann lena gcur le chéile místuama agus níl fhios ag an bpobal céard tá iontu.
místuama unfortunate
" ’Bhfuil seans ann gurb í sin ba chúis lena bheart sáraithe domhaite ag Cannes, áit inar tugadh bata agus bóthar dó, ar shála na raiméise a thug sé uaidh faoi Hitler i bpreasagallamh místuama, dána, danartha, Von-Triarach.
gur cinneadh místuama a bhí ann that it was an errant decision
" Glacaim leis mar sin gur cinneadh místuama a bhí ann Peig a chur ar chlár Ardteiste do mhic léinn nach raibh líofacht bhunúsach sa teanga ag a bhformhór.
mo léamh místuama féin ar an gceird sin my own amateur understanding on the matter
" Uisce faoi bhrú ard á chur go domhain faoi thalamh leis an ngás atá ann a bhrú aníos, mo léamh místuama féin ar an gceird sin, is chonac comharthaí go leor ag cur ina choinne.
d’ainneoin cheapacháin mhístuama a aireachta despite the imprudent appointments of his ministers
" Mar fhreagairt ar an aitheasc seo, foilsíodh sna meáin ráitis éagsúla a rinne Abbott le blianta anuas a léirigh an saghas aigne a bhí aige i dtaca le mná, cuir i gcás an ceann seo a rinne sé sna 1970í: *I think it would be folly to expect that women will ever dominate or even approach equal representation in a large number of areas simply because their aptitudes, abilities and interests are different for physiological reasons* Maíonn Abbott go bhfuil athrú intinne tagtha air anois i dtaca le ról na mban sa tsochaí, d’ainneoin cheapacháin mhístuama a aireachta.
millteanach místuama á choinneáil siar a really crazy (structure) holding it back
" An Conradh ==== Cé go mbeadh an-mhuinín agam as cumas agus as feidhmiúlacht Ard-Rúnaí an Chonradh, Julian de Spáinn, tá an CnaG ag iompar a dhóthain meáchain, le structúr millteanach místuama á choinneáil siar: 31 ball ar an gCoiste Gnó, i bhfad an iomarca le bheith feidhmiúil; na céadta craobh san eagraíocht, scór acu liostáilte i gContae na Gaillimhe amháin, ach fíorbheagán acu gníomhach.
doiligh agus místuama difficult and unwise
" Bheadh sé doiligh agus místuama iarracht a dhéanamh an gnás léitheoireachta sin a athrú.