Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
stuama sensible
" Tá a aidhmeanna á gcur chun cinn go breá stuama aige go dtí seo.
stuama sensible
" I ndiaidh tamaillín, d'éirigh an chuideachta iontach leadránach domsa agus mé stuama staidéartha.
stuama self-possessed, matter of fact
" Thosaigh muintir na hOllainne, a bhíonn chomh Cailvíneach agus stuama de ghnáth, ag éirí tochtach, bogchroíoch.
stuama level-headed
" Cén sórt duine a bheadh ag iarraidh a bheith ina réiteoir? Cén duine ciallmhar, stuama a chuirfeadh suas le híde béil, le cáineadh pearsanta agus mímhúinte, agus anailís á dhéanamh ag na mílte duine ar a chuid gníomhartha seachtain i ndiaidh seachtaine.
go stuama calmly
" Súile nach mbaineann leis an domhan seo, ach a amharcann ort go stuama agus iad lán scéalta agus críonnachta.
thuairsceoir stuama level-headed/sensible reporter
" "Má thig le duine ar chéim níos airde ná mise dialann a sceitheadh le May Mac Ránais, ar mhaithe le féin-laochadhradh, thig liomsa cion ranna as mo dhialann féin a sceitheadh leatsa le go dtuigfidh daoine mo chás, a Bhalor, agus tú ar chéim litríochta i bhfad níos airde ná an beathaisnéisí bladrach sin," a scríobh Micí agus é ag iarraidh Fear na Súile Nimhe a mhealladh le slíomadóireacht agus le cluanaireacht, amhail is go rachadh tláithínteacht den chineál sin i gcion ar thuairsceoir stuama.
stuama sensible
" Tá súil againn go mbeidh sé de chiall ag pobal Mheiriceá fáil réidh le George Bush sa chéad toghchán eile agus go gcuirfear uachtarán ina áit a bheas stuama agus níos tuisceanaí ar chúrsaí domhanda.
stuama level-headed, sensible
" Tugann sé le fios nach daoine stuama agus freagracha muid.
go stuama sensibly
" Labhraíonn sé go ciallmhar is go stuama ag na cruinnithe.
stuama sober
" Ach ná déanaimis dearmad gur féidir le Neamh ina bhfuil daoine stuama bheith meidhreach freisin.
stuama steady
" Bhí sé i gcónaí foighdeach, stuama agus cuidiúil mar mhúinteoir.
an-stuama level-headed
" “Is duine an-stuama é, nach dtéann i scaoll.
stuama sensible
" Caithfidh siad é seo a dhéanamh ar dhóigh mhuiníneach, stuama, réadúil.
stuama sensible
" Ach, bhí cuid acu a bhí ciallmhar agus stuama fosta.
stuama sensible
" Fear féasógach, fear maith, fear stuama, fear scléipe, fear spéaclaí, fear comhluadair, fear codlatach.
stuama sensible
" Fear féasógach, fear maith, fear stuama, fear scléipe, fear spéaclaí, fear comhluadair, fear codlatach.
stuama level-headed
" Agus in ainneoin an leasainm sin a chuirfeadh náire ar chuid againn agus a d’éireodh sa chloigeann ag an chuid eile againn, ba í an íomhá phoiblí a bhí ag Gretzky gurbh fhear umhal stuama é.
Stuama seachas réabhlóideach. Level-headed instead of revolutionary.
lámh stuama sensible hand
" Ach idir shnípéireacht leanúnach na naimhde, eachtrach is inmheánach, dhá olltoghchán agus trí éirí amach páláis ina choinne thar thréimhse bliana idir 1982/83, (bhí tacaíocht an neamhspleáigh Tony Gregory de dhíth ar Haughey chun Rialtas Fhianna Fáil a chruthú tar éis Olltoghchán mhí Feabhra na bliana sin), chaill Haughey cumhacht i mí na Samhna 1982 agus bhí ceithre bliana aige sa fhreasúra chun lámh stuama a chur ar mhaide stiúrach an Pháirtí a bhí ag imeacht le sruth uaidh fá ualach poiblí na n-argóintí “oiriúnachta” inmheánacha.
céillí, stuama sensible, level-headed
" Lena chois sin, ba dhaoine céillí, stuama iad a raibh rudaí tathagacha le rá acu; ní raibh an amaidí agus *razzmatazz* atá ag baint leis an spórt sna Stáit Aontaithe i gceist leo.
go bhfuil tuigbheáil ag cuid mhór daoine do na figiúirí stuama aonaracha seo that a lot of people appreciate these steady solitary figures
" Ach is léir go bhfuil tuigbheáil ag cuid mhór daoine do na figiúirí stuama aonaracha seo agus go spreagann siad machnamh agus tuairimí éagsúla.
stuama level-headed
díospóireacht stuama levelheaded debate
" Bíodh sin mar atá, ach tá oiread céanna creidiúnachta ag reifrinn ar chonarthaí an Aontais is atá ag tástálacha drugaí an *Tour de France*! Is í Éire an t-aon bhallstát amháin a mbeidh a saoránaigh ag caitheamh vóta ar son nó in aghaidh an chonartha leasaithe is deireanaí – Conradh Liospóin – agus cheana féin, tá an chosúlacht ar an scéal go ndéanfar gach iarracht aon díospóireacht stuama faoi a chur faoi chois.
stuama. level-headed
stuama level-headed
chomh stuama le fiche príomhoide as level-headed as 20 headmasters
" Tá an Trajet stuama ach tá mise chomh stuama le fiche príomhoide cheana féin.
stuama wise
" Is mar fhreagra ar chás géarchéime agus mar mholtaí ciallmhara agus stuama ‘san aeráid eacnamúil atá ann faoi láthair’ a chuirfí chun tosaigh iad.
stuama sensible
" Is mar fhreagra ar chás géarchéime agus mar mholtaí ciallmhara agus stuama ‘san aeráid eacnamúil atá ann faoi láthair’ a chuirfí chun tosaigh iad.
stuama sensible
" Bainfear an sprioc seo amach trí rogha leathan de bheartais stuama, comhtháite.
stuama sensible
" Déanann Lyons agus O Connor tagairt do chuntas a scríobhadh ag an am a deir nach raibh ‘an bóthar idir St Germain agus Páras sábháilte de dheasca na robálaithe Seacaibíteacha (Éireannacha) seo’ agus go mbíodh ‘drogall ar aon saoránach stuama dul amach tar éis titim na hoíche’ toisc go raibh an pobal faoi bhagairt ó iarshaighdiúirí Shéamais.
go stuama sensibly
" Tar éis feachtas crua a troideadh go stuama agus go straitéiseach, faoi chinnireacht Dúbhghlas de hÍde agus Eoin Mhic Néill, d’éirigh le Conradh na Gaeilge stádas éigeantach a bhaint amach don Ghaeilge san Ollscoil nua mar ábhar máithreánach le fáil isteach san Ollscoil.
shaothar stuama wise work
" Dúirt Socraitéas ‘Má thagann duine chuig doras na filíochta, nach raibh i dteagmháil riamh le buile seo na héigse, agus a chreideann go ndéanfaidh scileanna cumadóireachta file maith de, ní bhainfidh a shaothar stuama céim na foirfeachta amach go deo, mar a dhéanfaidh saothar fhile na buile.
stuama sensible
" Ach cá as ar tháinig tacaíocht thobann an Pháirtí Ghlais? An bhfuil muintir na Brasaíle iompaithe ina n-óglaigh timpeallachta thar oíche? Níl, cé nach féidir a shéanadh gur mheall feachtas criticiúil, stuama an Pháirtí Ghlais neart daoine, vótóirí a bhí míshásta le hiarrthóir Pháirtí na nOibrithe, Dilma Rousseff, cuid mhór de na daoine a chaith vóta do Marina Silva.
stuama sound
" Fear stuama, righin é Hennessy.
stuama sensible
" Cé gur admhaigh an tAire Pat Carey, sa gcur i láthair meáite stuama a rinne sé, nach bhfuil ach “idir 15 agus 20 bliain fágtha mar shaolré ag an nGaeilge mar theanga theaghlaigh agus phobail sa nGaeltacht,” níor thug sé le tuiscint go mbeidh an Straitéis ag dul i ngleic, go príomha in aon bhealach, leis an ngéirchéim teanga sa mhéidín beag de Ghaeltacht, ina bhfuil an Ghaeilge fós á husáid mar theanga i measc an phobail.
go stuama wisely
" B’fhearrde dúinn cruachan agus ár n-aghaidh a thabhairt ar an anachain agus dul i ngleic lenár gcuid fadhbanna go stuama.
comhairle stuama sound advice
" Sular chríochnaigh sé an dara téarma mar uachtarán SAM, thug George Washington comhairle stuama do mhuintir Mheiriceá.
stuama go leor sensible enough
" ” Cúig Phointe ====== **Balor: “Cén áit a dtosóidh tú leis sin, a Thaoisigh? Caidé an chéad rud a dhéanfaidh tú?** Enda: “Bhuel, i ndiaidh céad lá agus céad oíche ar an drabhlás, tógfaidh sé céad lá eile le go mbeidh gach duine stuama go leor le tabhairt faoin bheartas cúig phointe.
stuama sensible
" Cruthaíonn Windscale, Agent Orange, Cliseadh Wall Street agus an Spealadh Mór, Géarchéim Geillagair 08 an domhain, Chernobyl, Simi Valley, cartadh úráiniam laghdaithe ar Fallujah, pléasc an Betelgeuse ag Oileán Faoide, Deepwater Horizon agus Fukashima nach bhfuil lucht eolaíochta ná lucht údaráis stuama, léirsteanach ná díreach leis an bpobal.
stuama solid, level headed
" Tá mé cinnte nach mbeidh aon áifeála orainn gur roghnaíodh polaiteoir stuama, intleachtóir misniúil agus saor focal gan sárú le bheith mar chomharba ar Mháire Mhic Giolla Íosa.
moladh stuama sensible advice
" I léacht a thug sé i gColáiste na Tríonóide ar na mallaibh, léirigh an Coimisinéir Teanga, Seán Ó Cuirreáin, amhras áirithe faoi cé chomh dáiríre is atá an próiseas maidir le leasú an Achta: “An dtapóidh muid, mar stát, an deis stairiúil seo nó ar mugadh magadh, cleasaíocht agus cur i gcéill a bheidh i gceist leis?” Ar an ábhar sin, is cúis díomá é nach bhfuil aon chinneadh déanta ag an Roinn maidir le moladh stuama a tháinig ó shaineolaí idirnáisiúnta ar phleanáil teanga faoin dóigh a chuirfí na haighneachtaí seo i dtoll a chéile.
freagraí stuama sensible answers
" Mura mbronnfaimid saibhreas, oiliúint (agus bronnaimid!), freagraí stuama ar mhórcheisteanna ár linne (ní bhronnaimid!) ar dhreamanna eile daoine ar domhan, nach fiú, ar a laghad ar bith, iad a ardú ina meanmain le ceol, le foinn is le filíocht más féidir.
gur polaiteoir stuama é a rialaíonn ón lár he’s a sensible politician who rules from the centre
" Is dócha gurb é sin an faraor géar is mó dó, mar is léir cheana féin óna stair mar rialtóir ar Massachusetts gur polaiteoir stuama é a rialaíonn ón lár, seachas ó dheireadh na heite deise.
Líon tí stuama staidéartha a steady and studious household
" Líon tí stuama staidéartha ab ea muintir Bohr agus rachadh sé dian ort piseogaíocht d’aon sórt a shamhlú leo, b’fhéidir.
stuama, oilte, deisbhéalach prudent, skilled, well spoken
" Níl siad sásta nach bhfuil sé ar bhonn uile-Éireann, ach dar linne, má táimid le freastal ar na pobail as a dtagaimid agus seasamh ar son a gcearta siúd, caithfimid ár gcás a chur chun cinn i bhfoirm ionadaithe poiblí atá stuama, oilte, deisbhéalach, atá in ann taighde a dhéanamh agus cás a throid ar na ceisteanna ar fad atá tábhachtach don phobal.
stíl stuama mheáite an bhainisteora the manager’s solid reasoned approach
" Ní fhéadfainn a rá go dtacaím le haon fhoireann faoi leith sa Príomhshraith, cé go bhfuil bá áirithe agam le Arsenal, ar chúis éicint: is maith liom stíl stuama mheáite an bhainisteora, Arsène Wenger, nuair a labhraíonn sé leis na meáin tar éis an chluiche.
a nochtfaidh an léitheoir stuama which the competent reader shall bring to life
" Scríobhann sé in áit amháin: ‘Léitheoir is ea an criticeoir liteartha go bunúsach’, rud a chuireann seanáiteamh Brooks i gcuimhne dúinn óna leabhar cáiliúil mar gheall ar cheird léitheoir na filíochta, The Well Wrought Urn, ceird a bhí bunaithe ar chreathlach neamhspleách inmheánach an dáin féin, nó an ‘independent poetic structure’ a nochtfaidh an léitheoir stuama.
as an obair stuama for the sensible work
" Tá fáth ag roinnt pobail Ghaeltachta a bheith buíoch go deo den Chomhdháil as an obair stuama a deineadh na blianta sin, obair nach raibh an tÚdarás ná An Roinn sásta drannadh leis.
go stuama sensibly
" Is dóchas gurb é an chéad chéim eile eagraíocht a bhunú a bheas sásta tabhairt faoin stocaireacht go cliste, go stuama agus go straitéiseach i measc na bpolaiteoirí de chuile dhath agus i measc na meán chomh maith.
stuama level-headed
" Níor mhiste leis dá mbeadh Alfa Romeo aige ach, ach an oiread lena phearsantacht stuama sheasmhach, is í praiticiúlacht an bua is mó atá ag a charr.
go stuama skillfully
" Tá bean as íochtar álainn Mhaigh Eo ag tiomáint go stuama an eagraíocht rathúil, Gaillimh le Gaeilge, a bhfuil a lorg fágtha go láidir is go feiceálach ar thimpeallacht agus ar shochaí na Gaillimhe ó thosaigh sé.
stuama conscientious
" Tá Caitlicigh stuama trína chéile faoin méid atá tagtha chun solais maidir leis na scéalta faoi shagairt ag baint mí-úsáide as leanaí lena mianta gnéis a shásamh agus le hiarrachtaí na Vatacáine an oilbhéim a cheilt.
ceannaireacht stuama wise
" Tchítear do Robert McMillen gur ag comhaireamh cúinne beag toghthóirí atá ceannaire an DUP in ionad ceannaireacht stuama fhadbhreathnaitheach a thabhairt.