Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
mhúnla form, mould
" " Fanfaidh eachtra amháin go buan ina chuimhne: an lá a rinne sé iarracht briseadh ón mhúnla agus ón fhoirmle a bhí ann d'aistí agus rud éigin suimiúil agus cruthaitheach a scríobh.
mhúnla mould
" Bíonn saghas cathú ort an rud nua a bhrú isteach sa mhúnla atá foghlamtha agat díreach roimhe sin.
múnla mould
" "Má tá do chois chomh cóir cneasta sin, b'fhéidir gur chóir dúinn múnla a thógáil di agus deilbh naofa a dhéanamh di le fágáil ag an ngrotó atá le taobh theach an phobail.
múnlaí moulds
" Is é an tslí a gcuirtear an pharáid le chéile ná go ndéantar múnlaí de choirp bhó as snáithín gloine agus iad ar lánmhéid (7 dtroithe ar fhad, 4 troithe ar airde agus 2 throigh ar leithead), ansin tugtar cuireadh d'ealaíontóirí, idir aitheanta agus amaitéaracha, as na tíortha éagsúla atá ag glacadh páirte sa pharáid iad a mhaisiú ar a ndóigh féin.
múnla II mark II
" Má thosaítear ar an athscagadh, áfach, is Nice, múnla II, a bheidh mar thoradh ar an gcaint.
múnla corparáideach corporate model
" Cé gur gnátheagraíocht é Cumann na Gaeltachta (tá táillí ballraíochta, cruinnithe ginearálta bliantúla agus toghcháin i gceist), seachnaímid an "múnla corparáideach".
an múnla traidisiúnta the traditional model
" " Bíonn leithéidí an IDA ag baint úsáide as nathanna ar nós "*going up the food chain*" agus iad ag iarraidh a thabhairt le fios gur cheart do chomhlachtaí níos mó béime a chur ar an taighde agus ar an bhforbairt, agus earraí nó seirbhísí costasacha a sholáthar seachas leanacht leis an múnla traidisiúnta atá faoi bhagairt mar gheall ar iomaíocht ó oirthear na hEorpa agus ón Áis.
múnla model
" Tá comhlachtaí príobháideacha tar éis tosú ar an múnla seo a leanúint freisin - mar shampla, chabhraigh ionchur ón bpobal go mór le Google leagan Gaeilge den inneall cuardaigh acu siúd a chur ar fáil (http://www.
múnla model
" múnlaí difriúla ======= Ar an iomlán tá 34 tionscnamh iompair áitiúil ag feidhmiú ó cheann ceann na tíre.
chun an múnla is fearr a fhorbairt to develop the best model
" ” Tá an plean á chur i bhfeidhm cheana féin agus monatóireacht á déanamh air chun an múnla is fearr a fhorbairt, agus féachaint cén dul chun cinn is féidir a dhéanamh.
múnla cast, moulding
" Bhris siad an múnla i ndiaidh a chruthaithe.
ar mhúnla na dtíortha Eorpacha on the model of European countries
" Córas dhá pháirtí Níl ach dhá pháirtí polaitíochta i Meiriceá, rud a chuireann iontas ar Eorpaigh, a fheiceann cúig nó sé cinn de mhórpháirtithe ina bparlaimintí féin, ach ní ar mhúnla na dtíortha Eorpacha a bunaíodh daonlathas Mheiriceá.
múnlaí eile other models
" Tosófar ag cur múnlaí eile ina n-áit i gceann sé nó seacht de bhlianta, ach níor thosaigh Airbus nó Boeing, i ndáiríre, ag forbairt na n-aerlínéar nua fós.
an múnla model
" Ba é an múnla a bhí agam féin Modern Masters, sraith leabhar a foilsíodh ar na húdair agus fhealsúna is céimiúla agus arbh iad mic léinn ollscoile nó léitheoirí ginearálta a bpríomh-mhargadh.
ar mhúnla na dtíortha Eorpacha. like the model in European countries.
" Tá sé ina luaidreán gur íoc na comhlachtaí móra árachais airgead mór chun é a smálú mar gheall ar a phlean chun ollchóras sláinte náisiúnta a thabhairt isteach ar mhúnla na dtíortha Eorpacha.
múnla model
" An bhfuil muid chun eiseamláir na Fraince a leanúint agus an bhéim a chur ar asamhlú iomlán na n-inimirceach, nó an bhfuil muid chun múnla na Breataine a chur chun cinn agus glacadh leis an ilchultúrthacht i ngach réimse den saol? Tá sé soiléir nach bhfuil ceachtar den dá chur chuige gan locht.
múnla na hÉireann a leanúint, to follow the Irish model,
" Ach más mian le hAlban múnla na hÉireann a leanúint, beidh orthu tabhairt faoin easnamh sin.
mhúnla réigiúnach regional model
" Sílimse gur sprioc i bhfad ní ba chiallmhaire a bheadh ann dá dtabharfaí an Foras maoiniú do nuachtán a d’fhoilseofaí i lár na seachtaine – mar atá i gceist leis an mhúnla réigiúnach atá ann faoi láthair – agus dá mbeadh sé sin in iomaíocht leis an cheann a d’fhoilseofaí ag an deireadh seachtaine.
mhúnla a mould
" Tá an nós tar éis fás sa Fhrainc le roinnt blianta anuas bean a roghnú ón phobal agus a haghaidh a úsáid mar mhúnla chun Marianne a linne a shamhlú.
múnla type, mould
" ie go bhfuil gá le múnla ghnó difriúl a chruthú agus a chothú.
mhúnla mould, model
" Plean oibre cuimsitheach é seo a bheas mar mhúnla do chur chun cinn na Gaeilge sa scór bliain atá le teacht mar aon le beartais lena chinntiú go mairfidh an Ghaeilge mar theanga bheo pobail sa Ghaeltacht.
ar mhúnla na nglún like the generations
" Díreach ar mhúnla na nglún a chuaigh romhainn, is breá linn ár gcairde agus is mór againn an spraoi, an spriolladh agus an spórt; siamsa simplí an tsaoil, mar a déarfá.
mhúnla mould
" Ar ndóigh, is ag trácht ar nuachtáin sa mhúnla traidisiúnta (a fhoilsítear agus a cheannaítear i siopaí) atá mé, óir tá moladh mór tuillte ag an iriseoir Eoghan Ó Néill a choinnigh beatha san fhocal scríofa Gaeilge leis an nuachtán ar líne Nuacht 24.
mhúnla rathúil successful model
" Bunaithe ar mhúnla rathúil na Breataine Bige, tá ionaid ilfhreastail le bunú i gcathracha agus i mbailte éagsúla agus beidh lárionaid acmhainní ar leith i mBaile Átha Cliath agus i nGaillimh.
múnla mould
" Ansin, dúirt Camshrón go raibh sé sásta an múnla a bhriseadh agus comhrialtas den ‘deis láir’ a bhunú leis an DL.
múnla form
" Ag deireadh na bliana anuraidh, shocraigh an CATT go raibh gá le múnla cuíchóirithe a leagan síos don todhchaí agus nach leanfaí leis na gealltanais a bhí ann maidir le bunmhaoiniú ar bhonn bliantúil.
mhúnla (same) mould
" Bhí an-éileamh orthu agus thosaigh daoine ag aithris ar John Beag agus ag leanacht an mhúnla chéanna.
mhúnla mould
" Pamela Geller, cuir i gcás, blagadóir as Nua-Eabhrac a bhfuil luí aici le polaitíocht na heite deise ("Atlas Shrugs" is ainm dá blag, in ómos don fhealsúnaí frithchumannach Ayn Rand) agus leis an bhfrith-Ioslamachas (bhunaigh sí grúpa darb ainm *Stop Islamization of America* ar mhúnla na buíne *Stop Islamisation of Europe* sa Danmhairg agus sa Ríocht Aontaithe).
Is múnla gnó spéisiúil é it’s an interesting business model
" Is múnla gnó spéisiúil é Gruupy: cuireann siad margadh ar fáil chuile lá ar an tuiscint go mbeidh a dhóthain daoine ann chun a margadh a chomhlíonadh.
Ar mhúnla in the mould
" Ar mhúnla na n-ionad i Meiriceá a tógadh na hionaid seo, ar ndóigh.
mar mhúnla for a model
" D'fháiltigh sí rompu agus mhínigh go raibh mórtas uirthi gur roghnaigh siad Éire mar mhúnla, go dtí gur shoiléirigh siad an scéal.
múnla model
" I nDeabhaidh Lainne =========== Is amhlaidh a bhí an múnla traidisiúnta ar aon nós, ach tá teicneolaíocht na cumarsáide ag forbairt chomh tapa sin gur féidir a áitiú go bhfuil teicnící na bhfeachtas ó fiú cúig bliana ó shin anois go hiomlán as feidhm.
múnlaí moulds
" Agus cosúil leis an idirlíon baineadh úsáid as na meáin seo ar fad, na meáin chló san áireamh, chun pornagrafaíocht a dhíol is a scaipeadh! Bearnaí á Líonadh ========= Tá roinnt fiontraithe Éireannacha agus seanmhná uaisle na nuachtán ag baint trialach as múnlaí na meán eile cheana féin.
briseadh as an mhúnla break out of the mould
" Beidh Sinn Féin agus an DUP mar chomhrialtas do-ionsaithe - an mbeidh an SDLP agus an UUP ann ag leibhéal ar bith fiúntach - ach ó tharla an tuaisceart a bheith comhtháthaithe i ngeilleagair nualiobrálach domhanda, is beag a bheas ar a gcumas briseadh as an mhúnla atá cruthaithe go daingean ag an chaipitleachas ó thosaigh sé, má chreideann tú Karl Polanyi, in 1834.
múnlaí eile other ways
" Tá méid áirithe le foghlaim chun na cláir seo a thuiscint is a úsáid i gceart ach is fiú go mór é seo a dhéanamh má tá tú ag iarraidh do chuid griangraf a úsáid i múnlaí eile.
ar mhúnla in the mould/style
" Athchruthú atmasféarach a tógadh sna nóchadai seo d’imigh, ar mhúnla an ‘Rose Theatre’ a chonacthas sa scannán ‘Shakespeare in Love’.
ag brú an mhúnla nua pushing the new formula
" Bhí Roinn na Gaeltachta abhus, DCAL ó thuaidh agus Foras na Gaeilge ar a seacht ndícheall le linn an ama sin ag brú an mhúnla nua mhaoinithe seo, ina mbeadh na heagrais dheonacha á maoiniú ar bhonn tionscadail feasta in ionad deontas bliantúil a fháil.
An Múnla the mould
" An Múnla ==== Tá sé faiseanta, ar shála leithéid *‘Priceless’* (2006) - atá sárthaithneamhach, dála an scéil - agus ag cur san áireamh a chéad mór-ruathar ceallalóide *‘Amelie’* (2001) go mbeadh criticí téagartha (ina mbreithiúnas féin, gan amhras) ag fanacht leis an ról gairmshainithe sin di.
ag breathnú ar an múnla seo looking at this formula
" *SmartyPig* ==== Tá cúpla seirbhísí mar seo agus tá a fhios agam go bhfuil roinnt bainc thraidisiúnta ag breathnú ar an múnla seo mar sheirbhís bhreisluacha.
idir mhúnla de láimh including a mould of the hand
" Tá seoda go leor ann idir mhúnla de láimh dheas Frederic Chopin, agus na veidhlíní luachmhara a rinne Marcin Groblicz i Kraków thart ar an mbliain 1600.
mbeidh múnla nó plean áit éigin there’ll be a template or plan somewhere
" Tá eagla orm go mbeidh múnla nó plean áit éigin a sheolfar amach chuig gach duine, go ndéarfaidh siad leanaidh oraibh anois, sin an rud atá le déanamh agus i gceann fiche bliain, beidh fiche cúig fán gcéad níos mó daoine ag labhairt Gaeilge.
athrú múnla a paradigm change
" Tig linn an nath áirithe seo a shamhlú leis an rud a dtugann Thomas Kuhn ‘athrú múnla’ air i réimse na heolaíochta .
an aoin mhúnla tuisceana amháin of the one and only paradigm of understanding
" An féidir linn tátal ar bith a bhaint as an méid seo, más ea? Tig linn ‘Tolamaes-iú na faidhbe’ a shamhlú le cur chuige coimeádach ar bith atá teanntaithe i ngeimhleacha an aoin mhúnla tuisceana amháin agus a thacaíonn leis an status quo.
múnla geilleagair an-difriúil a very different financial model
" Tá muide ag cur múnla geilleagair an-difriúil chun cinn agus tógfaidh sé tamall ar dhaoine athrú mar gheall ar an gcoimeádachas atá iontub.
Níorbh aon mhúnla eiseamláireach é saothar na mBlascaodach the works of the Blasket people was no formula
" Déanann de Paor cur síos ar smaointí Uí Chadhain anseo: ‘Níorbh aon mhúnla eiseamláireach é saothar na mBlascaodach ach go háirithe don té a bhí ag iarraidh tomadh faoi chraiceann an duine i bpoll guairnéain na haigne…’ B’ionann an leabhar is tábhachtaí dar chum Ó Cadhain, Cré na Cille, le hionsaí ar an dtraidisiún seo.
bunaithe a bheag nó a mhór ar mhúnla based more or less on the style
" Tá Seachtain bunaithe a bheag nó a mhór ar mhúnla Foinse cé go bhfuil níos mó téagair iriseoireachta le sonrú sa chéad cúpla eagrán den nuachtán úr ná mar a bhí ar a réamhtheachta.
an múnla is fearr a d'fheilfeadh the mould which would best suit
" ’Sé an múnla is fearr a d'fheilfeadh, dar liom, ná múnla na féinfhoilsitheoireachta (nó an fhéinordaithe) faoi mar atá in úsáid ag an iris An Gael.
Múnla Nua Maoinithe the new method of financing
" Faoin Múnla Nua Maoinithe beidh an t-airgead, a bhíodh á chaitheamh ar 16 de na heagraíochtaí Gaeilge go dtí seo, le dáileadh ar 6 ‘Cheanneagraíocht’.
ar ár múnla foilsitheoireachta reatha of our current publication format
" Tá athbhreithniú á dhéanamh againn ar ár múnla foilsitheoireachta reatha agus tá muid ag fiosrú féidearthachtaí éagsúla maoinithe.
mhúnla model
" An bhfuilimid ag iarraidh níos mó cumhachta a thabhairt d'fhórsaí an mhargaidh agus do mhúnla chaipitleachas dírialaithe Mheiriceá, nó an fearr múnla sóisialta na hEorpa.