Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
le cur fúthu ar tír mór to settle on the mainland
" Ach ó 1948 ar aghaidh, thosaigh na teaghlaigh a fhágáil Ghabhla agus na n-oileán eile le cur fúthu ar tír mór.
go tír mór to the mainland
" Bhí baicle daoine as Toraigh i láthair a tháinig go tír mór go speisialta le John Beag a chloisteáil.
ar an tír mór on the mainland
" Ag tús na 1980í bhí an t-oileán beagnach bánaithe de bharr easpa seirbhísí agus de bharr neamhshuim an rialtais, agus bhog leath de mhuintir an oileáin amach le cónaí a dhéanamh ar an Fhál Carrach ar an tír mór.
ar an mhórthír on the mainland
" Rinne na Lochlannaigh ionsaithe ar an oileán, mar sin bhí ar na manaigh bailiú leo, agus thóg siad mainistir ar an mhórthír.
an mórthír the mainland
" Tógadh an báirse go speisialta don Iontaobhas Náisiúnta, le ba agus caoirigh a bhogadh idir an mórthír agus na hoileáin.
ar tír mór on the mainland
" * Gluais • Glossary dul i dtaithí arget used to seanmóirsermon léachtaíreadings gnáthchomhráordinary conversation chomh tuirseach is a bhínnhow tired I used to be luasspeed sruth caintea stream of words foighneachpatient botúinmistakes séiplíneachchaplain bosca faoistineconfession box ag éisteachthearing confessions eascainíswearing iarrachtattempt leithreastoilet sna Flaithisin Heaven seálshawl sa Nigéirin Nigeria deoisediocese gáneed ualachburden misneachhope leictreachaselectricity cuisneoirífridges cadhnrabattery a bheadh le luchtúwhich would have to be charged gineadóirgenerator go han-spárálachvery sparingly scannán an-mholtaa highly-praised film deontasgrant bolgánbulb mionrud éiginsome small thing le caoi a chur airto repair it m'airdmy attention draíochtmagic a d'ardaíodh mo chroíwhich used to lift my heart a chuaigh i bhfeidhm go mór ormthat really made an impression on me spioradáltachtspirituality achrannquarrelling aighnisdisputes tuairimí láidrestrong opinions pearsantachtaí láidrestrong personalities in árach a chéileat loggerheads Ghoill naimhdeas mar sin go mór ormthat sort of hostility really upset me chruthódh séit would prove turas na croisethe stations of the cross an CarghasLent aisteachstrange gníomh creidimhan act of faith ráiteasstatement briathar Déthe word of God béimemphasis trí chéilein general gannscarce comaoineachcommunion fireann nó baineannmale and female an-ghar don nádúrvery close to nature do bhaol a mbáiteto the danger of being drowned scór ógánachtwenty young men a bádhwho were drowned truamhéalachheart-breaking strompthastiff ina baclainnon her arm mothúcháinemotions ar tír móron the mainland ag cur láimhe ina mbás féincommitting suicide d'aireofáyou would feel bádrowning sciobadh na farraigethe sea's snatching sólássolace i gcréin the soil i ngaineamh na cillein the sand of the grave faraoralas uaigneas imeachtathe loneliness of departure cé is moite de na laethanta saoireapart from the holidays a fhilleann go lánaimsearthawho return on a full-time basis de cheal postanna feiliúnachadue to a lack of suitable jobs ábhair acadúlaacademic subjects
ar tír mór on the mainland
" An raibh míbhuntáistí ar leith ag baint le heirí aníos ar oileán? "Is dócha go raibh," a deir sí, "sa mhéid is go raibh orm freastal ar an mheánscoil ar tír mór.
mórthír mainland
" Bealaí OSP thar lear ======= Ní hí Éirinn an t-aon tír amháin a bhfuil bealaí OSP le fáil inti: is amhlaidh go bhfuil roinnt mhaith bealaí idir mórthír na hAlban agus Inse Orc, an tSealtainn agus Inse Ghall; cuid de na bealaí idir bailte iargúlta san Iorua; idir tír mór san Iodáil agus an tSairdín; agus (*vive la différence!*) bealaí idirnaisiúnta ó Strasbourg go cathracha Eorpacha, chun go mbeidh turas deas simplí abhaile ag na Teachtaí Eorpacha díograiseacha.
an mórthír the mainland
" Thosaigh an feachtas in Devonport agus anois tá sé tugtha go dtí an mórthír acu.
leis an mhórthír with the mainland
" Tá cuasa ann anois a nascann Oileán Whithorn leis an mhórthír.
ar an mhórthír on the mainland
" Is fiú €5,100 an deontas seo do thithe ar an mhórthír agus €15,300 do thithe ar na hoileáin.
ar an mhórthír. on the mainland.
" Tá sé suite ag an bhealach isteach go Linne Sheileach, cóngarach do bhaile an Òbain ar an mhórthír.
go dtí an mhórthír to the mainland
" Is minic a dhéanann turasóirí dearmad gur oileán atá i Manhattan, croílár Nua-Eabhrac, agus go mba chalafort trádála é i lár cuain i bhfad sular tógadh na droichid agus tolláin a lig don chathair leathnú amach thar uisce go dtí an mhórthír (agus, go deimhin, go dtí oileáin eile sa chuan, mar a tharla le Staten Island).
mórthír mainland
" Tá sé nasctha leis an mórthír trí dhroichead atá suite ar an taobh thuaidh den oileán agus is féidir teacht agus imeacht ar bháid farantóireachta ar an taobh theas.
ar tír mór on the mainland, ashore
" Agus teastaíonn ó John Bolton, iar-Ambasadóir chuig na Náisiúin Aontaithe i rialtas Bush, go rachadh ‘comhghuaillíocht toilteanais’ isteach ar tír mór le bunáiteanna na bhfoghlaithe a scriosadh.
tíre móire mainland
" UUP agus Alliance Scéal cinnte nach rachaidh siad chuig an UUP, páirtí atá ina staicín áiféise anois mar thoradh ar an seasamh a ghlac siad ar aistriú chumhachtaí póilíneachta agus cirt, ar an nasc atá acu - nó nach bhfuil acu - le Páirtí Coimeádach na “tíre móire”.
“mhórthír” mainland
" Tá saoirse de shaghas éigin bainte amach ag na 26 Chontae, mar sin tá cead acu a bheith chomh hÉireannach agus is mian leo (ahem!), ach ó thuaidh, b’fhurasta a chreidbheáil go raibh an naimhdeas don stát agus don “mhórthír” bunaithe ar fhríth-Shasanachas.
ar tír mór on the mainland
" Iles du Salut ainm na n-oileán, toisc go raibh raibh siad mar thearmann do na misinéirí ón mhaláire ar tír mór, ach a mhalairt a bhí i gceist nuair a shroich Papillon an áit.
ar tír mór san Astráil on the Australian mainland
" Tá líon na gcóálaí ar tír mór san Astráil tite 51 faoin gcéad le trí bliana anuas, de réir an Líonra, agus tá titim de 64 faoin gcéad le sonrú ó cuireadh tús le monatóireacht an Líonra deich mbliana ó shin.
díothaithe ar an tír mór extinguished on the mainland
" Maíonn saineolaithe áirithe go mbeidh an cóála díothaithe ar an tír mór taobh istigh de thréimhse 30 bliain mura bhfaightear leigheas ar chlamadóis.
Tá amharc ón ionad ar thír mór one can see the mainland
" Tá amharc ón ionad ar thír mór a shíneann ó Rinn Ros Eoghain sa taobh thuaidh go dtí beanna mórthaibhseacha Shliabh a Liag sna taobhanna theas agus thoir theas.
ar tír mór on the mainland
" Tá saol an oileáin san fhuil sna daoine ach feiceann siad an dóigh a bhfuil an saol ag athrú ar tír mór: an saol sóisialta, agus an tsaoirse atá ag daoine, agus na deiseanna atá ag daoine óga (in ainneoin na géarchéime geilleagraí).
ar tír mór níos líonmhaire ná daonra an oileáin more numerous on the mainland than the population of the island
" Bhí na Stáit bainte amach ag breis is milliún Pórtó Ríceach faoin mbliain 1960 agus faoi 2003 bhí na Pórtó Rícigh ar tír mór níos líonmhaire ná daonra an oileáin féin sa bhaile.