Pota Focal Intergaelic
aor | major | manor | mar | mayor
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
mhaor cónaithe resident warden
" Tá an-chlú ar Chléire mar áit inar féidir a lán saghsanna éan a fheiceáil agus is féidir eolas a fháil sa Réadlann, nó cúrsaí a dhéanamh leis an mhaor cónaithe, a bhfuil ainm an-fhóirsteanach air, Steve Wing.
maor umpires
" Déantar anailís ar ról agus caighdeán na réiteoirí agus ceistítear ról nó easpa róil na maor cúil agus na maor líne.
maoir stewards
" Ní raibh córas ar bith ag na póilíní ná ag na maoir.
maoir wardens
" Eagraíonn maoir de chuid an Iontabhais cuid mhór siúlóidí agus turas thart fá Loch Cuan ón earrach go dtí an fómhar.
mhaor warden
" Ba iad sin Robin Ruddock, atá ina mhaor in ionad oideachais lasmuigh; Jim Allen, Oifigeach Comhshaoil Chomhairle Chúil Raithin; agus Robert Anderson, staraí mara atá an-eolach mar dhuine, a bhfuil am caite aige ar an fharraige é féin.
mar mhaor deireadh seachtaine as weekend supervisor
" Oibríonn Marc Ó Loinsigh ar bhonn páirtaimseartha mar mhaor deireadh seachtaine.
maoir eitleáin air stewards
" Maidir leis na maoir eitleáin ar na haerbhealaí cianaistir - a thugann do bhia agus do dheoch duit idir Baile Átha Cliath agus Nua-Eabhrac - de réir na rialacha, is cóir go mbeadh deis acu a scíth a ligean ar feadh lá nó dhó tar éis dóibh gach turas trasatlantach a chríochnú.
maor páirce park warden
" Ar an drochuair, is cosúil gur stádas é seo in ainm amháin; ní dhéanann An Roinn Comhshaoil agus Rialtais Áitiúil / Dúchas mórán leis an cheantar a chosaint; is beag maor páirce a bhíonn ag coinneáil súl ar an áit, cuir i gcás.
maor páirce park keeper
" D’inis maor páirce dúinn go raibh halla ann fadó ach go raibh mallacht ar an áit.
maor supervisor
" In 2004, nuair a labhair mé le hEmer Magee – maor SPNF atá lonnaithe i nDún na Gall – dúirt sí liom nach raibh go leor maor ann agus go bhfuil siad ag brath ar an phobal ó thaobh eolas a thabhairt do SPNF má thagann fadhbanna chun cinn.
maoir shleasa sideline official
" Sa chéad áit (agus na cluichí idir chontae is mó atá i gceist agam mar bheadh sé deacair ag leibhéal na gclubanna é a dhéanamh), ba mhaith liom féin go mbeadh dualgas níos tromchúisí ar na maoir shleasa agus chúil, agus go mbeadh ról níos gníomhaí acu, maidir le feallanna agus calaoisí a chur in iúl don réiteoir a thúisce a tharlaíonn siad.
maoir stewards
" Cé go raibh an seanchosán in aice leis, ní raibh cead ag siúlóirí dul suas ar an bharr mar thalamh phríobháideach, le Diúc Devonshire, a bhí ann, Bhí caismirtí idir na siúlóirí agus na maoir ar an lá sin, agus gabhadh cumannach óg, Benny Rothman agus ceathrar eile agus gearradh téarma phríosúin orthu.
maoir stewards
" com/watch?v=tyae2BdEOiE) Comhcheilg a bhí ann ar ndóigh idir FIFA, foireann na Fraince, Uachtarán na Fraince, Michel Platini (Uachtarán UEFA), Thierry Henry agus an réiteoir agus na maoir eile.
maor machaire warden
" Is Páirc Náisiúnta é *The Lake District* agus bíonn maor machaire ag coinneáil súil ghéar ar an áit.
maor steward
" ** Maidir le hiompar ar pháirc na himeartha míníonn an Treoraí Oifigiúil go bhfuil cosc ar ‘caint mhaslach nó bhagrach a úsáid le réiteoir, moltóir, maor, feidhmeannach’ agus an smachtbhanna sa chás seo ná cur an imreora den pháirc.
maoir stewards
" An gcuirtear dóthain freagrachta ar na maoir eile i gcás cluichí móra?** A.
mhaor steward, keeper
" **LNC: Conas agus cathain ar tosnaíodh an ISS agus an féidir leat an obair á dhéantar anseo a mhíniú dúinn?** S: Bhí bunaitheoir an ISS, Brendan Price, ag obair mar mhaor ag gairdín na n-ainmhithe fiche cúig bliain ó shin.
maor dorais bouncer(s)
" ‘Fáilte go Disco Paradise,’ arsa duine den seachtar maor dorais a bhí romhainn.
maoir chúil umpires at the goal
" In ainneoin sin áfach, d’éirigh deacrachtaí móra ar fáth éigin nach bhfuil an-soiléir, domsa ar aon nós, in a lán cluichí móra i dtaca le cumas réiteoirí, maoir chúil agus maoir líne riail na ‘cearnóige bige’ a chur i bhfeidhm.
maoir líne umpires on the side line
" In ainneoin sin áfach, d’éirigh deacrachtaí móra ar fáth éigin nach bhfuil an-soiléir, domsa ar aon nós, in a lán cluichí móra i dtaca le cumas réiteoirí, maoir chúil agus maoir líne riail na ‘cearnóige bige’ a chur i bhfeidhm.
maoir sheilge
" Theip ar iarrachtaí maoir sheilge agus tiarnaí talún áitiúla an eachtra ollfhoghla seo a stopadh ach gabhadh, ciontaíodh agus daoradh chun príosúin cúigear den lucht agóide as 'gríosú chun círéibe.
Casadh duine de na maoir orm I met one of the stewards
" Casadh duine de na maoir orm ansin agus cuma an-bhuartha air.
ag fiafrú de dhuine de na maoir inquiring of one of the stewards
" Agus cupán anraith i mo ghlaic agam, chuala mé mé féin ag fiafrú de dhuine de na maoir de m'ainneoin féin: “Cén dáta a bheas an ócáid seo ar siúl an bhliain seo chugainn?”
pé maor whatever steward
" Bhí an bóthar dúnta ón dá thaobh mar bhí saghas ráis nó rud éigin ar siúl ann agus pé maor a bhí ar an taobh san, lig sé isteach leaid amháin agus an pé maor a bhí ar an dtaobh so, ligeadar isteach Derval agus an fear a bhí ag tiomáint.
thug sé grá d'iníon maoir he fell in love with a bailiff’s daughter
" An Tomás céanna, bhí sé ina bhráthair Agaistíneach nuair a thug sé grá d'iníon maoir i Maigh Eo.