Pota Focal Intergaelic
at | mac | mag | malt | mam
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
an cheist achrannach the difficult question/matter
" Go follasach, choinnigh na páirtithe polaitíochta amach as an cheist achrannach.
ábhar conspóide a matter of controversy
" Ba chúis díomá do go leor daoine agus ábhar conspóide an Stiúrthóir Declan McGonagle a bheith ag fágáil na dánlainne i ndiaidh do deich mbliana a chaitheamh ina bun.
mar ábhar práinne as a matter of urgency
" Ceapaim gur gá díriú ar cheist páistí a thógáil le Gaeilge mar ábhar práinne.
mataí beorach beer mats
" "Thosaíomar feachtas fógraíochta le fógraí i dtithe tábhairne: ar na mataí beorach agus sna leithris.
ábhar práinne a matter of urgency
" Ag deireadh na míosa seo caite d'eisigh an eagraíocht idirnáisiúnta Amnesty ráiteas ag rá gur ábhar práinne a bhí ann go ngníomhódh an Rialtas ar an gceist seo.
go neafaiseach matter of factly
" Tá na buanna agus na cáilíochtaí uilig aici, a deir sí go neafaiseach lom, ach gan sotal ar bith, chun tabhairt faoin obair seo.
stuama self-possessed, matter of fact
" Thosaigh muintir na hOllainne, a bhíonn chomh Cailvíneach agus stuama de ghnáth, ag éirí tochtach, bogchroíoch.
dóithín easy matter
" "Má tá Enron agus Worldcom ábalta na billiúin de bhrabach fealltach a ghnóthú, níl ann ach dóithín do dhochtúirí na hÉireann an ceann is fearr a fháil air sin.
ag fiosrú an scéil investigating the matter
" Tá póilíní ón Indinéis, ón Astráil agus ó thíortha eile ag fiosrú an scéil.
cúis bhróid matter for pride
" "Bhí iontas orm nuair a fuair mé an duais seo, agus is cúis bhróid dom é," a dúirt Denis Maher liom.
réiteach na ceiste the solution to the matter
" Tá cainteanna atoisithe idir tromlach na bpáirtithe polaitíochta ó thuaidh le theacht ar réiteach na ceiste.
Díol spéise é it is a matter of interest
" Díol spéise é go raibh Ledwith mar dhara rogha na coitiantachta nuair a ceapadh an Cairdinéal Desmond Connell mar Ard-Easpag ar Bhaile Átha Cliath i 1988.
Ábhar suntais eile another matter worthy of notice
" Ábhar suntais eile ná go bhfuil Martin McGuinness i Meiriceá fá choinne cainteanna le Richard Haass, Comhairleoir George W.
ábhar spéise matter of interest
" Beidh na cáipéisí a bhaineann le cinneadh an Rialtais faoi chásanna mhí-úsáid ghnéasach na hEaglaise - is é sin, go seasfaidh an stát formhór na gcostas - ar fáil am éigin sa bhliain 2007, nuair is cinnte go mbeidh an scéal seo fós ina ábhar spéise ag an bpobal.
is díol spéise it's a matter of interest
" Maidir le cúrsaí iománaíochta, cé nach ionann bua sa tSraith Náisiúnta agus cinnteacht faoi bhua a bhaint amach sa Chraobhchomórtas ina dhiaidh sin, is díol spéise gur bhuaigh Tiobraid Árann agus Cill Chainnigh an dá chomórtas sin i 2001 agus 2002 fé seach.
ábhar subject-matter
" Nuair a tugadh cuireadh dom colún míosúil faoi chúrsaí spóirt a scríobh le haghaidh *Beo!* níor cuireadh aon srian nó laincis orm maidir le hábhar.
is cuma cén teanga a labhraíonn tú no matter what language you speak
" Tá a mórchuid bródúil as an teanga agus sásta í a labhairt má thugtar an spreagadh dóibh, ach i ndeireadh na dála is féidir leat a bheith cinnte go bhfaighidh tú fáilte is fiche anseo, is cuma cén teanga a labhraíonn tú.
is cuma cé as é no matter where he is from
" An bhfuil tréith amháin a bhaineann le gach fear dóiteáin, is cuma cé as é? Ní gá do Cole aon mhachnamh a dhéanamh ar an cheist.
scríbhneoir aitheanta ar an cheist a recognised writer on the matter
" Ní féidir a shéanadh go raibh an-fhadhb ag an tír san am a chuaigh thart, ach anois? "Nílim ag rá nach bhfuil fadhb de shaghas éigin ag Albain a bhfuil cruth seicteach uirthi," arsa an Dr Mike Rosie, socheolaí in Ollscoil Dhún Éideann agus scríbhneoir aitheanta ar an cheist, "agus, cinnte, ní féidir aon rud eile ach 'seicteachas' a lua i gcás bhás Mark Scott.
ábhar orgánach organic matter
" Mar shampla, baintear úsáid as trealamh a dhéanann tomhas ar leibhéal Carbóin-14 chun aois ábhar orgánach a mheas, agus tá teicneolaíocht na grianghrafadóireachta á húsáid le fada chun taifead a dhéanamh ar na rudaí a aimsítear.
cheist matter
" Cén fhís atá agat féin don Ghaeilge? Caithfidh mé an cheist sin a fhreagairt i gcomhthéacs Ceanadach.
an cheist seo a chíoradh to discuss this matter
" Is mór an trua, áfach, gur beag duine i measc na bhfeisirí eile a bheadh in ann an cheist seo a chíoradh i nGàidhlig.
gur chuma that it didn't matter
" Chonaic seisean go leor dá thaithí féin sa scannán chomh maith, agus dúirt sé gur chuma gur ar theaghlach as Éirinn a bhí an scannán ag díriú.
ag fiosrú an scéil investigating the matter
" Ach tá an FBI ag fiosrú an scéil anois agus tugann sé sin dreach eile dó.
ábhar gáire laughing matter
" Tá sé ráite ag ollamh amháin, a dtugtar "the father of potty parity" air, nach ábhar gáire ar bith é seo.
fá dtaobh den cheist seo about this matter
" Cé go bhfuil dualgas ar gach fostóir, de réir an Health and Safety at Work Act 1974, sláinte a chuid fostaithe a chosaint, agus go ndúirt Cód Cleachtais ón Health and Safety Commission i Meán Fómhair 2000 go raibh an ceart ag freastalaithe i dtithe tábhairne a bheith ag obair in atmaisféar saor ó thoit, is cuma le rialtas Tony Blair fá dtaobh den cheist seo.
cúis bhróid agus bhróin matter for pride and sadness
" " Tá rian fágtha ag an tubaiste ar mhuintir Learphoill, agus ba cúis bhróid agus bhróin dúinn anseo an t-ainm Paul Harrison a fheiceáil ar an fhoireann sa chluiche deireanach den séasúr in aghaidh Newcastle United.
cuma cé na foirne atá ag imirt no matter what teams are playing
" Tá aithne agam ar dhaoine a théann go dtí cluichí móra na gCraobhchomórtas Peile agus Iomána ar fud na tíre, cuma cé na foirne atá ag imirt.
faoin gceist fhíor-thromchúiseach seo about this very extremely serious matter
" Bhí an tAire Spóirt faoi agallamh níos mó ná uair amháin in aghaidh an lae le gairid chun ceisteanna a fhreagairt faoin gceist fhíor-thromchúiseach seo.
dá fheabhas é no matter how good he was
" Nuair a fheiceann tú reathaithe na hAetóipe, cuir i gcás, ag rith l0,000 méadar gan stró ar bith tuigeann tú nach mbeadh seans ag Éireannach ina gcoinne dá fheabhas é.
chúis gháire laughing matter
" "An ag magadh atá siad?" Bhí a fhios agam an freagra - níorbh aon chúis gháire é seo.
is í an chloch is lú ar a bpaidrín í its the matter they're least concerned about
" In ainneoin go ndearbhaíonn siad gur cheart go mbeadh Giobráltar faoi chumhacht na Spáinne, i ndáiríre is cuma leo faoin gceist go ginearálta - is í an chloch is lú ar a bpaidrín í.
nár chuma what would it matter
" Mura n-éireodh leo nár chuma - bheadh a fhios againn ansin gurb é an córas atá ann an córas is fearr.
ábhar conspóide matter of controversy
" Tá na fuinneoga mar ábhar conspóide idir Campbell's Catering, úinéirí an chaife, agus Treasury Holdings, úinéirí an fhoirgnimh.
go dtí gur tharraing na meáin aird ar an cheist until the media drew attention to the matter
" ” Cé gur scríobh an dlíodóir arís chuig an Aire ag tús 2005, ní go dtí gur tharraing na meáin aird ar an cheist i mí an Mheithimh go ndearnadh rud ar bith.
go dtí gur tharraing na meáin aird ar an cheist until the media drew attention to the matter
" ” Cé gur scríobh an dlíodóir arís chuig an Aire ag tús 2005, ní go dtí gur tharraing na meáin aird ar an cheist i mí an Mheithimh go ndearnadh rud ar bith.
Nach cuma duit what does it matter to you
" ” “Nach cuma duit,” arsa an dara bean.
rótheoranta, ó thaobh ábhair agus mothúchán de too limited, as regards subject-matter and emotions
" ” Tá go leor amhrán comhaimseartha ar an dlúthdhiosca seo, cinn le Richard Thompson agus Gerry O'Beirne ina measc, agus fiafraím di an léiríonn sé sin go measann sí go bhfuil na hamhráin thraidisiúnta rótheoranta, ó thaobh ábhair agus mothúchán de.
faoin dtráth seo is cuma by now it doesn't matter
" Fós tuirseach ach faoin dtráth seo is cuma.
ábhar fonóide laughing matter
" Bhí sé ina ábhar fonóide ar feadh na mblianta go mbíodh níos mó fomhuireán ag páirc siamsaíochta The West Edmonton Mall ná mar a bhí ag cabhlach Cheanada.
fírinne an scéil the truth of the matter
" Is é fírinne an scéil ná gur bunaíodh muid le uair an chloig sa lá de chláracha nua-léirithe ón earnáil neamhspleách a sholáthar agus uair an chloig eile a fháil ó RTÉ – dhá uair an chloig sa ló.
is cuma cé a bhuann. it doesn't matter who wins.
" Anois nuair a imríonn Everton agus Newcastle, Aston Villa agus Spurs, agus mar sin de, is cuma cé a bhuann.
dóithín easy matter
" Níorbh aon dóithín é ach d\'éirigh léi".
an cheist chigilteach seo? this delicate matter?
" Más rud é gur beag nár thit an tóin as an Eagraíocht Trádála Domhanda (WTO) mar gur theip orthu a theacht ar aontú faoi dheireadh a chur le fóirdheontais talmhaíochta, cén seans go n-éireodh níos fearr leo agus iad ag plé leis an cheist chigilteach seo? Is éard atá de dhíth ná an toil pholaitiúil le haghaidh a thabhairt ar an téamh domhanda.
ábhar conspóide matter of controversy
" Go follasach, tá baint idir teanga agus féiniúlacht agus nuair atá an fhéiniúlacht féin ina cnámh spairne idir dhá ghrúpa, beidh an teanga ina ábhar conspóide ach níor mharaigh teanga aon duine riamh.
go mba chuma that it wouldn't matter
" Thuigfeá uaidh go mba chuma cén spórt a bheadh i gceist ach, mar a d'admhaigh siad féin, feileann sé féin agus a dheartháir don pheil Astrálach toisc go bhfuil siad ard agus tanaí (tanaí i gcomórtas le tarbh, abair!) B’fhéidir gurbh í an mhír ba thaitneamhaí agus ba dhaonna den chlár ar fad, agus ar chuir go leor daoine suim ann, ná turas Sheáin Óig chuig a áit dhúchais agus áit dhúchais a mháthar, Oileán Rotuma, Fidsí.
ní bheadh an cheist á tógáil. the matter wouldn't continue to be raised.
" Dá dtiocfadh an CPS agus, sa deireadh thiar, Rialtas na Breataine, amach agus gan clóca a chaitheamh ar an fhírinne, nó murar bhain fórsaí “slándála” úsáid as sceimhlitheoirí dílseacha le Caitlicigh a mharú, ní bheadh an cheist á tógáil.
is cuma cén aois í. it doesn't matter what age it is.
" Má dhéantar go maith í beidh sí go maith, is cuma cén aois í.
cloí le hábhair chultúrtha agus stairiúla to stick to cultural and historic subject-matter
" “Níor phéinteáil mé gunnadóirí riamh; rinne mé iarracht cloí le hábhair chultúrtha agus stairiúla i gcónaí,” a dúirt Ervine.
is cuma céard atá ag tarlú it doesn't matter what is happening
" Is féidir leis a spící a chur amach agus é féin a dhúnadh isteach chun a rud féin a dhéanamh, is cuma céard atá ag tarlú taobh amuigh.
is cuma faoi na fíricí. it doesn't matter about the facts
" “Arís, dealraíonn sé gurb é is tábhachtaí ná an idé-eolaíocht – is cuma faoi na fíricí.
gur chuma cé a bheas ina bhainisteoir that it doesn't matter who is manager
" Umar na haimléiseMaidir le foireann sacair na tíre, níl le rá ach go bhfuil sí in umar na haimléise le cúpla bliain anuas agus dar liom gur chuma cé a bheas ina bhainisteoir sna blianta gearra atá romhainn - níl an tallann ar fáil faoi láthair ó thaobh na n-imreoirí de le dul chun cinn a dhéanamh.
is cuma cárb as muid it doesn't matter where we are from
" Cuireann an fhéile i gcuimhne dúinn gur linne ar fad an Ghaeilge, is cuma cárb as muid nó cé acu ar féidir linn idirdhealú a dhéanamh idir an tuiseal tabharthach agus an tuiseal ginideach nó nach féidir! Mar a deir mana na féile, “Croí na Teanga – *It’s You*!”Mar is gnáth, cuirfear tús le clár leathan imeachtaí leis an bhféile a cheiliúradh i rith na seachtainí díreach roimh Lá Fhéile Pádraig.
Is cuma cén iarracht a dhéanann tú, it doesn't matter what effort you make
" Is cuma cén iarracht a dhéanann tú, ní thuigeann siad faic atá á rá agat – agus measaimse go mbíonn siad mar sin d’aon turas.
ábhar inspéise material/subject matter of interest
" Is cinnte go bhfuil ábhar inspéise sa saothar seo do lucht na Gaeilge agus is cosúil go dtabharfaidh sé lón machnaimh don chuid eile den tsochaí Éireannach nach bhfuil eolach ar an teanga nó ar na nithe atá ina n-údair imní – agus ina n-údair bhróid – dá lucht labhartha in Éirinn agus i gcéin.
leis an scéal seo a chur ina cheart. to rectify this matter
" Is léir go bhfuil obair mhór roimh ghluaiseacht na Gaeilge leis an scéal seo a chur ina cheart.
Is cuma cén t-am den lá nó den oíche It doesn't matter what time of day or of night
" Is cuma cén t-am den lá nó den oíche a théann tú ann, beidh siad sna háiteanna céanna – ag siúl leo gan stró agus rírá an tsaoil ag dul ar aghaidh thart timpeall orthu.
is cuma céard eile a thiocfaidh chun solais it doesn't matter what else come to light
" D’fhéadfadh sé tarlú go n-éireoidh leis teacht slán as an tsáinn seo ar fad – is cuma céard eile a thiocfaidh chun solais mar gheall ar thochailt Bhinse Fiosraithe Mahon – de bhrí gur thuig sé go raibh a phort seinnte agus de bhrí gur thuig sé gurb é is tábhachtaí ná leas a pháirtí agus leas mhuintir na tíre seo.
tar éis dom cluinstin faoina hábhar tráchtais, having heard about the subject matter of her thesis,
" CóragrafaíochtTá Jenny Roche ag déanamh PhD sa damhsa comhaimseartha agus tar éis dom cluinstin faoina hábhar tráchtais, bhí mé ag súil go mór lena saothar a fheiceáil.
is cuma faoina hinscne. it doesn't matter about her gender
" Ach tá beagnach 25 bliain imithe tharainn anois, agus is léir go mbreathnaíonn pobal Mheiriceá ar Hillary Clinton ar an dóigh chéanna a mbreathnaíonn siad ar iarrthóir ar bith: polaiteoir is ea í go príomha, is cuma faoina hinscne.
is cuma ann nó as í. it doesn't matter whether it is there or not
" Leis an fhírinne a rá, is cuma ann nó as í.
Déanta na fírinne as a matter of fact
" Ina dhírbheathaisnéis ‘Lá an Phaoraigh’, a scríobh sé i dteannta a dheirféar, Aoife, (Cló Iar-Chonnachta 2007) deir Seán Óg de Paor: “Déanta na fírinne, ní raibh tada eile i mo shaol chomh tábhachtach céanna leis an bpeil”.
Is díol speise iad they are a matter of interest
" Is díol speise iad do thurasóirí a thagann ina sluaite anois, ó tharla an sos cogaidh agus bíonn fonn orthu siúl thart agus grianghrafanna a tharraingt.
phointe íogair a touchy matter
" Naimhde ar an IdirlíonA luaithe is a luaim leathshlí tríd an agallamh go bhfuil an cur síos atá le fáil mar gheall ar Harris ar Wikipedia léite agam tuigim go bhfuilim tagtha ar phointe íogair, pointe a ghoilleann go mór air.
gur gnó do that it's a matter for
" Caithfear an cheist a chur, an cuspóir pholasaí a bhí á nochtadh ag an Aire, nó an amhlaidh go raibh sé ag tapú an deis poiblíocht a fháil dó féin le caint san aer? Thiocfadh leis an Aire a rá gur gnó do Fhoras na Gaeilge é na heagrais dheonacha a athstruchturú, ach ar ndóigh, ’sé féin a bhí ag plé an ábhair go poiblí.
cúrsaí cánach a tax matter
" Ach d’fhág sí an Fhrainc go luath ina dhiaidh sin agus chuaigh sí chun cur fúithi i Londain, ar chúiseanna a bhain le cúrsaí cánach a dúradh ag an am.
iomrá i gcónaí always a matter of discussion
" Criostóir Ó Rinn Tá iomrá i gcónaí ar Christy Ring mar ghaiscíoch spóirt, an laoch iomána ab fhearr riamh dar lena lán.
scéal uafáis a terrible matter
" Is scéal uafáis é scéal eacnamaíocht na tíre seo faoi láthair.
ina dhíospóireacht é as a matter of debate
" Sa teach againne, is minic ina dhíospóireacht é faoi Chonradh Liospóin: mise ar thaobh amháin den argóint agus bean an tí ar an dtaobh eile.
Nach é sin croí na ceiste isn't that the heart of the matter
" Tuigeadh go forleathan go raibh seans láidir ann go gcaillfeadh Dati a haireacht ag tús 2009 (4) ach samhlaigh an tionchar a bheadh ag cinneadh Sarkozy dá socródh sé iarraidh uirthi an rialtas a fhágáil le linn di a bheith ar saoire máithreachais! Croí an scéil Nach é sin croí na ceiste, i ndeireadh báire, do na mná ar fad a thug páiste ar an saol in 2008? Conas roghnú idir an saol pearsanta agus an saol gairmiúil? Tá a fhios agam gur ceart an cheist chéanna a chur ar na fir inár measc ach níl an tsochaí ag an bpointe sin fós, a dheartháir! In alt dar teideal Pas mères et pas amères a foilsíodh sa pháipéar nuachta Libération ar an 19.
Ábhar iontais a matter of amazement
" Ábhar iontais ab ea é sin i bhfianaise oiread cainte a bhí déanta ag an Aire Éamon Ó Cuív ar an ábhar.
Ceist críonnachta a matter of reason
" Nárbh fhearr i bhfad don bheirt Aire suíochán gnó a fháil ar eitilt tráchtála as na haerfoirt sin? Ceist críonnachta agus dea-shampla atá ann.
hábhar subject, matter
" Maidir le hábhar an chruinnithe, thuairiscigh an t-alt: “*U.
ní haon ribín réidh é it's no easy matter
" Bíonn ar an tír 90% dá fuinneamh a allmhairiú ina bhreosla iontaise agus ní haon ribín réidh é a bheith ag brath, ní hamháin ar sholáthar na mbreoslaí féin, ach a bheith ag brath, chomh maith leis sin, ar na praghsanna atá socraithe ag an margadh míthrócaireach idirnáisiúnta.
ábhar conspóide éigin some controversial matter
" Ach le roinnt ama anuas, tá sé tugtha faoi deara agam go n-ardaítear i gcónaí ábhar conspóide éigin sna sála ar aon drochnuacht eacnamaíochta.
ábhar matter
" Ní hamháin sin, ach bíonn tionchar ag a gcuid earráidí ar thorthaí cluichí, agus tá roinnt staidéir déanta ar an ábhar seo.
An Cheist Chreidiúna the matter of credibility
" An Cheist Chreidiúna: A nó B? Tús déanta i nglanadh suas na Dála, ach ní leor fós é.
an scéal the matter
" Más olc é an scéal i leith céimithe nua i mbliana, is measa fós a bheidh sé an bhliain seo chugainn nó i gceann cúpla bliain, fiú amháin.
leigheas an scéil the remedy of the matter
" Má tá fadhb ann, bainfidh daoine leas as an chóras pholaitiúil agus as traidisiún láidir an daonlathais chun feabhas agus leigheas an scéil a chur i bhfeidhm.
cúis iontais a matter of amazement
" Cuireann sé iad i gcomparáid le mún asail, cé gur cúis iontais é do go leor daoine go mbeadh fios a bhlasta sin ag Laoch na Litríochta.
ábhar matter, question
" Tubaiste ar Muir Ní raibh mórán eile le rá ar an ábhar seo ag an bhfreasúra ná ag an rialtas sna míonna ina dhiaidh sin.
dá fheabhas no matter how good
" Ní mór a rá, áfach, nach bhfuil foireann ar bith dá fheabhas í dochloíte go deo.
ábhar matter
" Ceist An-Mhór Cé gur ábhar réasúnta beag ar bhealach an méid seo, ardaíonn sé ceist an-mhór agus is í sin, cé chomh daonlathach agus atá an próiséas polaitaíochta faoi láthair?An ceart nó an fiú próiséas eile a fhorbairt a chuirfeadh leis an daonlathas agus a chinnteodh go raibh deacrachtaí agus dúshláin na bpobal á gcur ar chlár oibre na gcomhairlí contae?An bhféadfaí córais a fhorbairt i ndáilcheantair ina mbeadh cruinnithe poiblí eagraithe ag coistí pobail le hiarrthóir dá gcuid féin a roghnú lasmuigh den chóras páirtí.
an chloch ba mhó ar pháidrín the most pressing matter
" Faoi dheireadh 2008, níorbh é an Iaráic an chloch ba mhó ar pháidrín na cosmhuintire níos mó, ach a bpócaí.
is cúis imní é it's a matter for concern
" Gan amhras, is cúis imní é an líon bád atá á ngabháil ag foghlaithe mara amach ó chósta na Somáile le tamall, mar is ceann de na bealaí farraige is gnóthaí ar domhan é.
croílár an scéil the heart of the matter
" Is fíorannamh go deo a théann na meáin chorporáideacha go croílár an scéil, agus ní haon eisceacht é an scéal seo.
croí na ceiste the heart of the matter
" Úsáid nó reic an eolais, sin í croí na ceiste.
ábhar matter
" com eolas a bhailiú faoin ábhar is mó spéise le do léitheoirí, is féidir suirbhéanna a chruthú is a scaipeadh, is féidir ábhar ar leith a dháileadh ar ghrúpaí ar leith agus ligfidh córas CustomerMinds duit margaíocht téacs a dhéanamh freisin.
fírinne an scéil the truth of the matter
" Roinnt uaireanta an chloig ina dhiaidh sin, thug an té a chreid é cuairt orm agus as an mhéid a d’inis sé dom, chonaic mé fírinne an scéil agus chreid mé.
Ba chuma it didn't matter
" Ba chuma sa sioc leis faoi pholasaithe eile na nDaonlathach.
ar an ábhar on the matter
" " Tír gan Anam, Riamh! Ba pléisiúr domsa léacht an Ollaimh Daniel Cassidy a chloisteáil ag coláiste Oideas Gael arú anuraidh agus é ag caint faoin sórt 'Béarla ' a bhí acu i Nua-Eabhrac agus an leabhar a scríobh sé ar an ábhar sin :"*How the Irish Invented Slang*.
Cheist a Chíoradh discussing the matter
" ” (The Irish Times 13 Meitheamh) An Cheist a Chíoradh Is é mo bharúil gur tuairimí macánta iad seo a bhfuil leas an phobail agus na tíre á spreagadh.
ábhar roghnach option, matter of choice
" An dtig géilleadh do phrionsabail de réir mar a athraíonn cúrsaí geilleagair? B’fhíor don Choimisinéir Teanga, Seán Ó Cuirreáin, nuair a thug sé le fios i mbliana nár cheart breathnú ar an tacaíocht atá de dhíth ar an Ghaeilge mar ábhar roghnach breise: “Is buanchearta iad cearta teanga; ní lamháltais ná pribhléidí iad a thugtar le linn aimsir na flúirse.
pilleadh ar an téad eile to return to the other matter
" D’fhonn pilleadh ar an téad eile thuas, len iad féin, an státseirbhís, a naomhú i súile an phobail, scaoiltear scéal leis na meáin faoi dhreamanna isteach sa tír ag tarraingt airgid an cháiníocóra le faofú rialacha an stáit.
dá laghad no matter how small
" Thosaigh an Ghéarleanúint ansin sna 1690í, reachtanna i ndiaidh reachta a cheil oideachas agus céim aníos, dá laghad, ar Chaitlicigh, móramh mór na tíre, agus níl mé a rá gur bhisigh sin a raibh i ndán don teanga ná do lucht a labhartha.
díol suntais a matter of amazement
" An Turlach Mór Is díol suntais é go bhfuil an loch ollmhór seo, an turlach is mó ar domhan, b’fhéidir, le feiceáil faoi láthair i limistéar ina bhfuil triomach ann le blianta anuas.
údar mórtais a matter of pride
" Ba dhaingean Caitliceach an áit seo san Athleasú Creidimh (is as Crosby Vincent Nichols, Ard-Easpag Westminster nua) agus ba údar mórtais do theaghlaigh mar na Pinningtons gur choinnigh siad an seanchreideamh tríd an Ghéarleanúint.
cúis magaidh a matter of ridicule
" Agus is é an toradh a bhíonn ag sin nó go ndéantar cúis magaidh domh – mé ansin go sona ag tarraingt liom ar phictiúirí – agus freastalaí na bainise i racht sciotíola gach uair a chloiseann siad an dineasár seo de cheamara obscura ag scríobadaigh agus mé ag bogadh an scannáin go dtí an chéad chlaonchló eile.
Ábhar cause, a matter
" Ábhar faoisimh a bhí i ngach duine acu don status quo.
ábhar matter
" Níl sí sásta labhairt go poiblí ar an ábhar fós.