Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
cluiche carthanachta charity match
" Imríodh cluiche carthanachta idir Hibernian Dhún Éideann agus Clyde ní ba thúisce an bhliain sin agus bailíodh lear mór airgid do charthanachtaí.
gcluichí iománaíochta hurling matches
" Is údar imní é caighdeán na gcluichí iománaíochta i gCraobhchomórtais na bliana seo agus le cúpla bliain anuas.
cluiche ceathrú ceannais peile quarter-final football match
" An lá a chuaigh mé féin ar cuairt chuige bhí an cluiche ceathrú ceannais peile idir Dún na Gall agus Baile Átha Cliath le bheith beo ar an teilifís ón ceathair a chlog ar aghaidh agus, mar sin, d'iarr sé orm bualadh isteach chuige timpeall leath i ndiaidh a dó.
cleamhnas match
" Rinneadh cleamhnas dó ach bhí triúr ban ar an ghearrliosta agus b'éigean domhsa a theacht leis agus socrú a dhéanamh cé ab fhóirsteanaí dó.
cluichí leath ceannais agus ceannais semi-final and final matches
" Agus mé i láthair ag cluichí leath ceannais agus ceannais na hÉireann i mbliana, bhain imirt Chill Chainnigh, Thiobraid Árann agus uaireanta imirt an Chláir, na Gaillimhe agus Phort Láirge an anáil díom.
neart cluichí plenty of matches
" Má chuirtear na struchtúir chearta i bhfeidhm, má thugtar neart cluichí dóibh, agus má bhíonn an t-ádh leo, d'fhéadfaidís an bua a fháil ar chontaetha láidre sa chraobhchomórtas.
cluiche sóisear iomána junior hurling match
" Briseadh lámh an fhir bhoicht nuair a bhuail imreoir é le camán le linn cluiche sóisear iomána.
ag dul ar rann ar rann dá chéile matching each other verse by verse
" "Ó, nach gcuirfeadh an garraí ola ar do chroí," ar sí agus í ag éisteacht leis na héanacha i mbun ceoil mar a bheadh siad ag dul ar rann ar rann dá chéile.
roghnú na gcluichí a thaispeántar beo the choosing of the matches shown live
" Anois d'fhéadfadh sé go bhfuil cúiseanna praiticiúla agus cúiseanna a bhaineann le hairgead agus araile ag baint leis na cinntí atá luaite thuas ach ardaíonn siad dhá cheist bhunúsacha: an é go bhfuil an pheil níos tábhachtaí ná an iománaíocht taobh istigh den Chumann Lúthchleas Gael agus an bhfuil RTÉ i gceannas maidir le roghnú na gcluichí a thaispeántar beo? Mar shampla, bhí an cluiche peile idir Áth Cliath agus An Lú beo ar an teilifís - cluiche thar a bheith aontaobhach, gan dealramh.
cluiche taispeántais exhibition match
" B'fhéidir go m'fhearr le cuid againn cluiche taispeántais ná scliúchais agus troid agus feallanna gránna.
"fíorchluiche" iománaíochta a 'real' hurling match
" Mar shampla den mheon a bhaineann leis an Craobhchomórtas, in agallamh le nuachtán náisiúnta, dúirt iarchaptaen de chuid Chontae an Chláir nach raibh sa chluiche ceannais den tSraith Náisiúnta idir Cill Chainnigh agus Tiobraid Árann (cluiche a moladh go hard) ach "cluiche taispeántais" agus go mbeadh "fíorchluiche" iománaíochta idir an Clár agus Tiobraid Árann i gCraobhchomórtas na Mumhan.
cluichí diana, iomaíocha tough competitive matches
" Is é an míniú a thugann sé ná go raibh cluichí diana, iomaíocha ag Loch Garman i gcoinne Uíbh Fháilí, Chill Chainnigh agus Phort Láirge sular bhuail siad le hAontroim, agus gur chabhraigh taithí na gcluichí go mór leo sa tréimhse dheireanach chun an bua a bhaint amach.
trí chluichí dúshláin through challenge matches
" Scoite amach ======= Fadhb eile atá ag foirne Uladh ná go bhfuil siad scoite amach ó na contaetha láidre iomána a bhféadfadh siad bheith ag foghlaim uathu trí chluichí dúshláin, idir chlub agus chontae, dá mbeidís níos congaraí dóibh.
cluiche cleachtaithe practice match
" Deir muintir Aontroma agus araile má tá cluiche cleachtaithe uathu go mbíonn orthu taisteal i bhfad ó bhaile de ghnáth, toisc nach mbíonn fonn ar na contaetha ón deisceart dul an bealach ar fad go Béal Feirste, Doire is a leithéid.
macasamhail chruinn accurate match/copy
" I gcás fir amháin, Bill Housley, fuair siad macasamhail chruinn dá DNA ó thriúr san Iorua.
ba laige a thionchar ar an gcluiche dá bharr his influence on the match was weaker as a result
" (Cé gur imir Caoimhín sa Chraobh i '78, le cead speisialta bhainisteoir Manchester United, bhí gortú dá chois ag cur as dó agus ba laige a thionchar ar an gcluiche dá bharr.
faoi laghad na gcluichí a bhíonn acu about how few matches they have
" Ceapadh go mbeidís sásta triail a bhaint as toisc go mbíonn siad ag clamhsán go minic faoi laghad na gcluichí a bhíonn acu sa chraobhchomórtas gach bliain (ceann nó dhó gach bliain i gcoinne foirne láidre - an Clár agus Tiobraid Árann anuraidh, mar shampla).
cleamhnas toghchánaíochta electoral match
" Cé a bheas leis? ======= Tá Bairbre de Brún ag suirí leis an SDLP, ag iarraidh cleamhnas toghchánaíochta a oibriú amach, ag dúil go bhfaighidh beirt náisiúnaithe dhá thrian de na trí shuíochán atá ar fáil.
cluichí iomána Chraobh na Mumhan the hurling matches in the Munster Championship
" Tá sé seo fíor go speisialta i gcás cluichí iomána Chraobh na Mumhan.
cipín solais match
" Síleadh gur chaith duine éigin cipín solais síos, cé go raibh cosc ar thobac san iarnród faoi thalamh mar gheall ar an tine ag Oxford Circus i 1985.
cleamhnas match
" Toghadh eisean, ach ar nós na dteachtaí neamhspleácha eile fágadh amuigh ar an bhfaraor géar é nuair a rinne Bertie cleamhnas leis an bPáirtí Daonlathach in athuair.
cluichí taispeántais exhibition matches
" D'imrítí cluichí taispeántais i gcathracha Mheiriceá Thoir, Thiar, Thuaidh agus Theas.
lá an chraobhchluiche the day of the final match
" Agus Tír Eoghain – nach bhfuil an lámh dhearg mar shuaitheantas acu, mar atá againn féin? Nach muidne a bhí bródúil nuair a chonacthas an lámh dhearg in airde ar fud Pháirc an Chrócaigh lá an chraobhchluiche! Lámh Dhearg abú! Agus amharc ar na dathanna a chaitheann na himreoirí: dearg agus bán, agus dath gorm ar fhobhríste gach aon duine de na himreoirí – dearg, bán is gorm: dathanna na Ríochta Aontaithe – na dathanna is ansa le gach dílseoir beo nó marbh (seachas oráiste, dar ndóigh – agus ór bhonn an phuint sterling, agus dubh an Guinness, agus donn an ispín fhriochta, agus liath luaith gheansaí Celtic i ndiaidh a loiscthe.
corrchluiche iontach the odd great match
" Bliain mhaith, bliain spéisiúil a bhí inti le neart cluichí maithe, corrchluiche iontach, cluichí eile gur fearr dearmad a dhéanamh orthu agus ábhair chainte agus chonspóide ó am go ham.
an iomarca cluichí aontaobhacha too many one-sided matches
" Bhí críoch an-mhaith leis an mbliain de bharr na gcluichí leathchraoibhe agus craoibhe ach is gá a rá go raibh an iomarca cluichí aontaobhacha i gceist, is é sin cluichí ina raibh bearna mhór idir an dá fhoireann.
aimsir na gcluichí móra iomána at the time of the big hurling matches
" Bhí roinnt mhaith plé i mbliana aimsir na gcluichí móra iomána maidir le dul chun an chluiche nó a mhalairt.
le himeacht an chluiche iomráitigh úd during the course of that famous match
" (Ceist: An raibh óráid Sheáin Óig i mbliana chomh maith nó níos fearr ná óráid Joe Uí Chonghaile i 1980?) Má bhí dearmad déanta againn air, ní raibh sé i bhfad ár mbualadh arís le himeacht an chluiche iomráitigh úd idir Gaillimh agus Cill Chainnigh i mí Lúnasa seo thart, cén fáth gurb í an iomáint an cluiche is fearr ar domhan.
de cheal aon chluiche dian due to a lack of any difficult match
" I gcoinne Luimnigh i gcluiche leathcheannais na hÉireann bhí cuma cineál stálaithe ar a gcuid imeartha, de cheal aon chluiche dian ar feadh sé seachtainí roimhe sin, agus níor éirigh leis an bhfoireann an imirt shlachtmhar chéanna a bhaint astu féin is a bhain sna cluichí go dtí sin.
cluichí iománaíochta hurling matches
" AÓF: Is as iarthar Luimnigh duit ó thús, ach feicim gur bhog tú thar an teorainn go Contae an Chláir nuair a phós tú Claire Griffin, boscadóir álainn ón gcontae sin, agus go dtéann tú go dtí cluichí iománaíochta an Chláir anois fiú! An gceapann tú gurb i gContae an Chláir atá tobar nó foinse an cheoil den chonsairtín? TC: Is fíor a rá go raibh cuid mhaith ceoltóirí ann ó Chontae an Chláir a bhí mar cheannródaithe ar an uirlis seo ceart go leor, daoine mar Mrs Crotty, Paddy Murphy, Tom Carey agus Noel Hill, mar shampla, agus go leor eile freisin.
craoltar an cluiche the match is broadcast
" Cé nach n-imrítear an spórt i mórán tíortha eile ar domhan, craoltar an cluiche in áiteanna chomh héagsúil leis an gCóiré, an Astráil, an Danmhairg, agus an Rúis.
i mbun siamsaíochta réamhchluiche, providing the pre-match entertainment,
" I mbliana beidh an sorcas Cirque du Soleil i mbun siamsaíochta réamhchluiche, Billy Joel ag canadh an amhráin náisiúnta, agus Prince, mar aon le Béyoncé Knowles, ag canadh i rith leathama.
Tá an-tóir ar na cluichí rugbaí rugby matches are very popular
" Tá an-tóir ar na cluichí rugbaí faoi láthair i ngeall ar go bhfuil foireann mhaith ag Éirinn agus gur bhuaigh an Mhumhain Corn Heineken anuraidh (cén fáth nach dtugtar ainm níos uaisle ar an gcorn seachas ainm comhlachta bheoraigh?).
an chéad chluiche idirnáisiúnta, the first international match,
" Níorbh é an chéad chluiche idirnáisiúnta, neamh-Ghaelach é, áfach, a imríodh ann riamh, mar, dar ndóigh, bhí cluichí faoi na Rialacha Idirnáisiúnta i gcoinne na hAstráile ann go minic agus bhí cluiche taispeántais den pheil Mheiriceánach ann roinnt blianta ó shin freisin.
cluiche taispeántais exhibition match
" Níorbh é an chéad chluiche idirnáisiúnta, neamh-Ghaelach é, áfach, a imríodh ann riamh, mar, dar ndóigh, bhí cluichí faoi na Rialacha Idirnáisiúnta i gcoinne na hAstráile ann go minic agus bhí cluiche taispeántais den pheil Mheiriceánach ann roinnt blianta ó shin freisin.
sa chluiche cáiliúil úd in that famous match
" Cé nach raibh mórán idir na foirne sa chluiche cáiliúil úd i 1977, bhí Ciarraí ag imirt thar cionn agus bhí an lámh in uachtar acu sa dara leath.
ag buachan cluichí gan stró winning matches with ease
" Gá le himreoirí láidreThosaigh an tSraith Náisiúnta agus bhí Áth Cliath arís ag buachan cluichí gan stró go dtí gur cloíodh Doire sa chluiche ceannais i 1976.
maireann an cluiche the match lasts
" Seachtar a bhíonn ar gach foireann agus maireann an cluiche 30 bomaite.
an scliúchas réamhchluiche. the pre-match brawl.
" Ach anois, de réir cosúlachta, "is cuid den chluiche" é an scliúchas réamhchluiche.
ar mhaithe le cluiche a bhuachaint. in order to win a match.
" Tá sé ráite ag iarimreoirí agus ag iarbhainisteoirí cáiliúla le déanaí go bhfuil na daoine thuasluaite go léir sásta rud ar bith a dhéanamh ar mhaithe le cluiche a bhuachaint.
míshásta leis an chleamhnas. unhappy with the match.
" I ndiaidh cúirtéireachta fada, phós sé Lydia Fraser, bean óg oilte a raibh a tuismitheoirí míshásta leis an chleamhnas.
ar fionraí chluiche amháin. on a one-match suspension.
" Sa deireadh, d'éirigh leo an scéal a mharú, cé gur féidir an radharc a fheiceáil in athuair ar YouTube, agus cuireadh an lacha ar fionraí chluiche amháin.
an uair dheireanach a chonaic mé cluiche peile idir-ollscoile in Éirinn, the last time I saw an inter-varsity football match in Ireland,
" Más buan mo chuimhne, an uair dheireanach a chonaic mé cluiche peile idir-ollscoile in Éirinn, bhí céad duine sa lucht féachana! Cuid de shaol ollscoile is iad na cluichí seo do gach mac léinn.
sa chéad chluiche cleachtaidh. in the first practice match.
" Toisc go raibh taithí agam ar pheil Ghaelach, cuireadh mé mar lántaca sa chéad chluiche cleachtaidh.
cluiche iomána hurling match
" Tháinig siad le chéile uair amháin sa bhliain chun cluiche iomána a imirt le haghaidh Chorn Uí Chonchúir - a bhronnadh PJ O’Connor as Learpholl - agus chun cluiche peile a imirt le haghaidh Chorn Mhig Uighir.
reáchtáladh cluichí speisialta iomána special hurling matches were run
" Le hairgead a bhailiú don eagraíocht nua, reáchtáladh cluichí speisialta iomána i Learpholl agus i Londain, ar ghlac foirne Chorcaí agus Thiobraid Árann páirt iontu.
comórtais thrialacha, test matches
" Imrítear dhá shaghas cluiche idirnáisiúnta cruicéid: na comórtais thrialacha, a mhaireann ar feadh laethanta, agus cluichí gearra ina bhfuil teorainn maidir le líon na gcor babhlála atá ceadaithe – cluichí lae agus cluiche ar a dtugtar Twenty20 Cricket, cuir i gcás.
sraith de chomórtais thrialacha a series of test matches
" Is údar bróid ar leith é i measc na nAstrálach nár chaill a bhfoireann náisiúnta sraith de chomórtais thrialacha ar an bhfód dúchais le blianta fada anuas.
de chluiche crua craoibhe. of a difficult championship match
" Is é an fáth go mbeidh sé amhlaidh ná go bhfuil bua ag na foirne seo a bhíonn mar bhua ag na foirne is fearr i gcoitinne – tuigeann siad conas cluiche a bhuachan sa deich nóiméad deireanach de chluiche crua craoibhe.
roinnt cluichí trialacha. some trial matches.
" Roghnaíodh painéal traenála ag tús na bliana tar éis gur eagraíodh roinnt cluichí trialacha.
Cleamhnas marraige match
" ” Ba iad “Damhsaíocha agus Suirí” agus “An Cleamhnas” na caibidlí ba mhó a thaitin liom mar gheall ar an ghreann agus an spraoi a bhaineann leo.
fear a dhiongbáilte his match, the like of him
" Níl macasamhail Brains Cowen, ná fear a dhiongbáilte, i mbun stáit ar bith eile san Aontas Eorpach.
an cleamhnas idir the match made between
" An bhfuil deireadh le hiriseoireacht an tsaoránaigh as Gaeilge? An bhfuil an cleamhnas idir iriseoireacht na Gaeilge agus ardáin áirithe de chuid na meán úr tite as a chéile? Cá seasann an glór úr Gaeilge a aimsíodh don ghnáthdhuine a bhuíochas d’fhorbairtí ar líne? Traidhfil blianta ó shin, bhíothas ag caint ar bhreacadh ré úr do mheáin chumarsáide na Gaeilge.
scairf dá réir a matching scarf
" Cailín deich mbliana d’aois, gúna ildaite go talamh uirthi agus scairf dá réir.
cluichí cispheile basketball matches
" Is ar na páirceanna imeartha a bhíonn an choimhlint is géire idir an dá thír le feiceáil, cluichí rugbaí idir na fir agus cluichí cispheile idir na mná ach go háirithe.
bídís ar an láthair be they at the match
" Pé scéal é níl aon amhras ná go mbeidh fiabhras an tsacair go láidir i rith na míosa seo agus lucht leanúna ag gríosú a gcuid laochra, bídís ar an láthair nó os comhair na teilifíse sa teach tábhairne nó sa bhaile.
chluiche mhór big match
" Bhí mise ag tabhairt cuidiú dó ráitis a fháil ó na heagrais Ghaeilge faoi na hathruithe a bhí beartaithe agus ag coinneáil súile ar an chlog lena chinntiú go mbeinn i dteach leanna éigin don chluiche mhór.
i gcomórtas Laighean na bliana seo chugainn in the Leinster matches next year
" Sprioc an Dá Dheich ========= An 10ú Craobh ag Brian Mac Óda mar bhainisteoir agus an 10ú bonn mar imreoir ag Henry Ó Seibhleáin – is iad sin spriocanna muintir Chill Chainnigh do 2013 agus bímis deimhin de go mbeidh gach mac agus iníon athar agus máthar de chuid phobal Chill Chainnigh ag obair ar son na spriocanna seo a bhaint amach agus go bhfóire Dia ar gach foireann a gcastar orthu! D’fhéadfadh sé tarlú dar ndóigh go mbuafadh foireann éigin ar Chill Chainnigh i gcomórtas Laighean na bliana seo chugainn ar nós mar a rinne Gaillimh in 2012 ach cén seans go dtarlóidh sé an dara huair i rith na bliana céanna? Seans faoin spéir déarfainn, mar a chonacthas i mbliana agus is lú é mar sheans agus an dá sprioc thuas luaite ina spreagadh ar leithligh ag Cill Chainnigh an chéad bhliain eile.
mhargaíocht cleamhnaithe matched marketing
" Mo léan géar! Tá plean agam amach anseo alt a scríobh faoi mhargaíocht cleamhnaithe ach má tá sibh ag smaoineamh ar phíosa teicneolaíochta a bhronnadh ar dhuine um Nollaig molaim a leithéid de Give as You Live a úsáid.
gcluiche ceannais All Ireland matches
" In ocht gcluiche ceannais a bhuaigh Ciarraí níor éirigh ach le céile comhraic díreach amháin scór a fháil agus Páidí á mharcáil – éacht go mba dheacair a shárú.
tabhairt faoi chleamhnas den chineál seo to face into such a match
" Cé gur beag difir atá eatarthu ó thaobh fealsúnachta de, is cinnte go mbeidh leisce orthu araon tabhairt faoi chleamhnas den chineál seo.
beart a dhéanamh de réir briathair action to match the sentiment
" Tá an tuiscint ann, níl de dhíth anois ach beart a dhéanamh de réir briathair.
cluichí ceannais na hÉireann All-Ireland matches
" Ní chraolann BBC NI cluichí ceannais na hÉireann mura bhfuil foireann Ultach ag imirt agus tá mé cinnte go mbeadh cur agus cúiteamh ar siúl i dTeach Craolacháin i mBéal Feirste i gceist dá mbeadh Muineacháin, An Cabhán nó Tír Chonall ag dul fá choinne Sam (dá éadóiche é an chéad bheirt!).
cluichí dúshláin challenge matches
" Ag tús 2012, cuireadh tús le feachtas iomána – feachtas earcaíochta, seisiúin traenála/oiliúna agus cluichí dúshláin.
le linn chluichí Chumann Lúthchleas Gael during GAA matches
" Tá an-imní ar Cholm Mac Séalaigh faoi na hionsaithe atá á ndéanamh ar imreoirí le linn chluichí Chumann Lúthchleas Gael ó cheann ceann na tíre.
ag báire at a match
" Tá Colm Mac Séalaigh den tuairim nach spórt a thuilleadh é a luaithe a bhuailtear duine ar bith ag báire.