Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
de ghlan mheabhair off by heart
" Bhí an plean leagtha amach go beacht acu, bhí na preasráitis réidh, bhí "an líne" de ghlan mheabhair acu.
faoi bhac meabhrach mentally handicapped
" Inis sin do theaghlach Mario Marquez, fear faoi bhac meabhrach, agus gan aige ach IQ 65, a cuireadh chun báis i 1995 de bharr gur éignigh agus gur mharaigh sé déagóir.
Chuas as mo mheabhair I went mad
de ghlan mheabhair off by heart
" Samhlaím má chuirim a bhfuil ar an dá leathanach seo de ghlan mheabhair go mbeidh meadhrán orm ina dhiaidh.
as do mheabhair glan totally insane
" "Níor chreideas go bhféadfainn teacht chuig an bpointe go mbeinn ag rá liom féin, 'An bhfuil tú as do mheabhair glan a bheith á chur seo amach trí Ghaeilge? Má chuireann tú é seo amach i mBéarla beidh deis agat díospóireacht a thosnú, a bheith i lár na díospóireachta sin.
as mo mheabhair insane
" Cheap mé féin go mb'fhéidir gurbh as mo mheabhair a bhí mé agus chuile rud á fhágáil i leataobh agam chun mionteanga a fhoghlaim.
nuair a d'fhill a mheabhair when he regained consciousness
" Á ardú ar shínteán a bhí siad nuair a d'fhill a mheabhair, cuid dá chiall is a spiorad chuige.
as a meabhair mad
" Nuair a fógraíodh an tionscadal seo i dtosach roinnt blianta ó shin dúradh nach dtógfaí an túr choíche agus go raibh na daoine a bhí ina bhun as a meabhair.
as a meabhair crazy
" "Tá siad go léir rud beag as a meabhair.
de ghlan mheabhair off by heart
" Ní hamháin go raibh na hamhráin aige féin, ach bhí siad de ghlan mheabhair fosta ag neacht dá chuid, a raibh cónaí air léi.
as mo mheabhair out of my mind
" "Bhí mé cráite leis an ocras," a dúirt Prolain Delarre mar chosaint ag a triail i 1912, "agus chuir an bhean óg (i bpictiúr de chuid Boucher) leis an mhiongháire agus na héadaí galánta mórchostais as mo mheabhair mé.
as a meabhair mad
" Bhí a fhios ag Nicholson, a fuair bás i Jersey City in 1855, go raibh go leor dá cairde den tuairim go raibh sí as a meabhair de bharr gur chaith sí oiread ama in Éirinn.
as do mheabhair ar fad totally mad
" Céard a thug go Poblacht na Seice in aon chor mé? Cinnte tá Prág go hálainn mar chathair, lena hailtireacht chlasaiceach mheánaoiseach, beoir bhlasta agus mná áille, ach canathaobh go dteastódh uait fanacht ann seachas ar do laethanta saoire amháin, mar a dhéanann gach éinne eile? Nó an bhfuil tú as do mheabhair ar fad? B'in iad na ceisteanna infhoilsithe a cuireadh orm nuair a chuir mé in iúl do mo chairde agus mo ghaolta go rabhas ag glacadh le post ag múineadh Gaeilge san ollscoil ansin.
as mo mheabhair mad
" Ar bhealach bhí mé as mo mheabhair i bhfianaise a laghad taithí a bhí agam ó thaobh bainistíochta de.
ana-mheabhrach very intelligent
" "Bhí léachtóirí againn a bhí go hiontach ach bhí cuid acu, agus tá mé cinnte go raibh siad ana-mheabhrach, ach ní raibh tuairim acu conas ábhar a chur i láthair.
de ghlan mheabhair off by heart
" Is iar-mheánmhúinteoir Béarla mé agus, dála cuid mhór de mo chomhghleacaithe, bainim sult as sleachta le húdair áirithe a chur de ghlan mheabhair agus, uaireanta, a úsáid nuair a bhíonn deis oiriúnach ann.
meabhair intelligence
" "Nach bhfuil meabhair ar bith agat? Tá mé chun tú a chaitheamh amach as do phost.
as do mheabhair mad
" a thaiscemy dear geallúintípromises ag maíomh as an ngadhar nuaboasting about the new dog breitheamhjudge gadaíthief i bhfoisceacht scread asail den tighanywhere near the house ag drannadhsnarling ag tafannbarking go béasachpolitely ó chianaibha while ago tíosachsparing caifeachwasteful saoiwise man agus go mbraithfidh tú ag baileand that you'll feel at home púicfrown malaíeyebrows maitheasgood gléas ceoilmusical instrument coinneappointment táillefee trí bhonn airgidthree coins as do mheabhairmad breitheamhjudge tinneas fiacailetootache tolgcouch barróghug deinin dearmad ar an bpianI forget the pain
meabhrach intelligent
" Agus mé i mbun cainte léi, rith sé liom gur duine thar a bheith acadúil agus meabhrach í.
ba bheag nár cuireadh mé féin as mo mheabhair I was nearly driven mad myself
" D’oibrigh mé ar feadh míosa i gclinic do dhaoine a raibh fadhbanna intinne acu, agus ba bheag nár cuireadh mé féin as mo mheabhair.
as a mheabhair mad
" Ní raibh aon chosúlacht idir é agus athair Hugo Hamilton, a bhí saghas as a mheabhair – de réir an leabhair, pé scéal é.
meabhrach intelligent, clever
" Bagairt ar chearta daonna ======= Duine meabhrach é Harper.
cruinniú mo mheabhrach the gathering of my thoughts
" * Gluais • Glossary cuairteoirvisitor saoithiúilpeculiar prochógcave, hovel i gceann mo mharanaengaged in contemplation meanaawl a thriailto try oidíteachers dá ngníomhóinn mar a iarradh ormhad I acted as I had been told brocaisden le m’uillinnbeside my elbow ag stánadh uirthistaring at it go mínósachrudely an léaráid áirithe sinthat particular sketch sula gcuirfeadh sé forrán ormbefore he would address me dúil bheolive creature cruinniú mo mheabhrachthe gathering of my thoughts frídín deannaighdust germ m’fhabhramy eyelash aireattention glasuainevivid green donnliath na huaimhethe grey brown of the cave feisteas coimhthíochstrange attire seacht fairsingeseven times more wide leadhb leathana wide piece fionnachrithgoose-flesh tír shiocthafrozen country géagalimbs aeráid fhionnuar s'againneour cool climate ionsar achan rud sa phluaistowards everything in the cave Cliseadh Shráid Wallthe Wall Street Crash Géarchéim Munchenthe Munich Crisis slis creigea piece of rock ina dhornin his fist ionsormtowards me cén treo a léifinn íwhat direction I'd read it treoraitheguides toilteanachwilling comhléaráideoirífellow illustrators cúigear glaschraicneach eilefive other green-skinned creatures brollach is másaíbosom and thighs ag sciolladóireachtscolding ag fiafraí dá chéileasking each other dheamhan fonn ormI wasn't in the mood ghréasobairfancywork saothraithelabourers mo chuid líníochta féinmy own drawing mo shamhlaíocht féinmy own imagination a míniúto explain it tinfeadhinspiration leamhdull páistí fuaite earraí leathairthe children who sew leather goods sclábhlannasweatshops fá mo choinne féinfor myself a dhath ar bithanything i gceathrú inteacht eile den domhanin some other quarter of the world
de ghlan mheabhair off by heart
" Éisteann muid le dlúthdhioscaí Thaidhg Mhic Dhonnagáin gach lá - tá na focail uilig de ghlan mheabhair ag Conall.
cuid de mheabhair chorparáideach na rannóg éagsúil stáit some of the corporate memory of the various state departments
" Leis an mhéid athruithe foirne atá tuartha, níl dabht ar bith ach go gcaillfear cuid de mheabhair chorparáideach na rannóg éagsúil stáit.
imithe as a meabhair gone mad
" As a meabhair Táthar ag rá, gan mórán daoine taobh amuigh de Mheiriceá ag cur ina aghaidh, go bhfuil ceannairí Mheiriceá imithe as a meabhair.
as mo mheabhair out of my mind
" Agus níl bealach níos fearr chun sin a dhéanamh ná léim amach as eitleán agus é ag 10,000 troigh! Teaindim a bhí i gceist agus nuair a osclaíodh doras an eitleáin, agus dúirt mo chara teaidim liom, “Anois a Mháire, cuir do chosa amach as an eitleán ansin!”, dúirt mé liom féin go raibh mé as mo mheabhair! Ach ní raibh mórán de rogha agam agus síos linn, 30 soicind ag saorthitim agus trí nóiméad ag eitilt síos ar an bparaisiút.
na bealaí diamhra a bhí ag a mheabhair, the mysterious ways of his mind,
" Ar na séasúir a bhí ag a thinneas, na bealaí diamhra a bhí ag a mheabhair, a shíceolaíocht agus an domhaintuiscint a bhí aige air féin, a thinneas is na modhanna neamhghnácha a d’úsáid sé le fanacht slán.
fadhb mheabhrach mental problem
" Chuala mé óna bhean Maureen go raibh imní air faoin bhia sa phríosún – shíl sé go raibh nimh ann agus stad sé ag ithe go rialta agus ba léir óna iompar go raibh fadhb mheabhrach aige.
imithe glan as a mheabhair gone completely mad
" Mar gheall ar an gcóireáil díth chéadfach a cuireadh air agus é i bpríosún, is cosúil go bhfuil sé imithe glan as a mheabhair anois, agus nach mbeifear in ann leanacht ar aghaidh lena thriail.
den tuairim go raibh mé as mo mheabhair! of the opinion that I was mad!
" Chuir na cainteoirí dúchais fáilte romham ceart go leor, cé go raibh siad den tuairim go raibh mé as mo mheabhair! Ach iadsan a raibh an chumhacht acu i gcúrsaí oideachais agus eile, níor chuir siadsan fáilte ar bith romham.
as do mheabhair mad
" “This extraordinary mouse functions both as Internet telephone and USB optical mouse!” Nach bhfuil cuma olc go leor ort cheana féin agus ríomhaire glúine agat i gcaife? Seo slí iontach chun a chinntiú go gceapfaidh daoine thart timpeall ort go bhfuil tú as do mheabhair ar fad ar fad! Is ábhar iontais leanúnach dom na gléasanna nua ar fad cosúil leo seo a thagann ar an margadh nach bhfuil úsáideach in aon chor.
meabhair meaning
" Is léir go bhfuil dearmad déanta ag an gcine daonna ar an rabhadh sin breis is uair amháin ón Dara Cogadh Domhanda ar aghaidh, ach b’fhéidir nach cóir iontas a dhéanamh de sin nuair is deacair do shamhlaíocht agus d’intinn an duine meabhair a bhaint as a leithéid d’oilc.
meabhrach conscious
" Bean thart ar sheasca bliain d'aois a bhí inti, mheas mé, agus bhí sí meabhrach – bhí a súile ar oscailt.
as a meabhair cheana féin, out of their minds already
" Tá cuid mhaith de choirpigh na tíre as a meabhair cheana féin, agus cuireann soláthar seasta drugaí de gach sórt go mór leis an bhfadhb.
ag dul as a mheabhair going out of his mind
" Nuair a chuireann Lars a pháirtí nua – Bianca – in aithne dá dheartháir agus dá dheirfiúr chéile agus iad ag ithe dinnéir i dteach s’acusan, síleann siad go bhfuil sé ag dul as a mheabhair go dtí go míníonn comhairleoir dóibh go bhfuil Lars ag déanamh iarrachta a chuid fadhbanna síceolaíocha a réiteach agus go bhfuil Bianca, a leannán sileacóin, ag cuidiú leis.
go bhfuil sí as a meabhair, that she is out of her mind
" Síleann a cuid cairde go bhfuil sí as a meabhair, ach tá a fhios aici go n-athróidh siad a bport nuair a ardófar praghas an pheitril go $8 in aghaidh an ghalúin.
sa cheapadh meabhrach. in intelligent design.
" Dúirt Edwin go raibh an domhan 4,000 bliain d'aois agus gur chreid sé sa chruthaíochtachas agus sa cheapadh meabhrach.
as do mheabhair out of your mind
" Cad é do bharúil de ‘Leaid sa Leaba’?” “An as do mheabhair atá tú? An Leaid sa Leaba? Cén sórt colúnaí a cheapann tú atá ionam?” “Anois, a Phóil,” a dúirt sí go séimh, “caithfidh tú forbairt mar iriseoir.
as a mheabhair le fearg mad with rage
" Istigh sa veain bhí an tiománaí as a mheabhair le fearg ag croitheadh a dhorn liom.
as a meabhair mad
" ‘Antichrist’, le Lars Von Trier Ná himigh i ngiorracht scread asail do ‘Antichrist’ le Lars Von Trier, fan iomlán glan ar an scannán a scoilt Féile Scannán Cannes ina dhá leath i mbliana, má cheapann tú nach bhfuil seans dá laghad, ‘dá laghad’ a deirim, go bhféadfaí go mbeadh fiúntas agus dleathacht ealaíne de shaghas éigin i scannán ina bhfuil neart míreanna mar seo a leanas tríd síos:- bean a ghearrann a brillín di féin le deimheas mór garraíodóireachta, nó siosúr maintín, ní fhéadfainn a bheith cinnte cioca gléas gearrtha a d’úsáid sí - i ngar-seat ollmhór caol díreach os comhair an cheamara, í dulta glan iomlán as a meabhair le ciontacht a mhíneod ar ball; an bhean chéanna i lár seisiúin suirí lena fear roimhe sin nuair a d’fhág sí gan aithne gan urlabhra é tar éis a mhagairle a bhataráil le ceap adhmaid, mar gur theastaigh uaithi eisean a ghortú as a ról féin sa chiontacht thuasluaite.
Bhí an mheabhair ann he was conscious
" Bhí an mheabhair ann fós agus d'inis sé di gur thit sé ar 1.
as do mheabhair crazy
" "An bhfuilir as do mheabhair?" Mhínigh mé dó go raibh m'intinn athraithe, ach ní ar na sruthanna a bhí seisean ag smaoineamh, ach ar an bhfuacht.
de ghlan mheabhair by heart
" Níl ann ach go gcaithfidh gach páiste a chuireann isteach ar Scéim Labhairt na Gaeilge Cré na Cille a fhoghlaim de ghlan mheabhair – achan eadarlúid san áireamh.
mheabhair meaning
" org/news/5158) Neosfaidh an aimsir cén mheabhair a bhaineann an rialtas as athshlánú na bpobal dúchais foraoise.
de ghlan mheabhair learn by heart
" Tá an seantiomna ar fad de ghlan mheabhair ag Cuach, ach níl mise leath chomh naofa leis; níl agamsa ach cúig leabhar déag – ach is iad na leabhair is fearr atá de ghlan mheabhair agamsa – na cinn leis na habominations ar fad iontu, má thigeann tú leat mé, a Bhaloir.
meabhair sense
" Is dócha gurb í an phríomhcheist atá le cur agus muid ag iarraidh meabhair a bhaint as an gceapachán mar sin, an cúis sách maith tóir an phobail a bheith ar dhuine leis an duine céanna a roghnú i gcomhair post fíordhúshlánach? Ní foláir a chur sa mheá freisin gur fear é Maradona – bíodh go bhfuil sé ag teannadh le leathchéad bliain d’aois – a bhfuil go leor fadhbanna domhainfhréamhaithe dá chuid féin aige, ní áirím an cúram a bheith air faire amach do scata imreoirí éilitheacha, cuid acu an-teasaí ina mbealach féin.
meabhrach awake, thinking
" Tá sé thar am againn a bheith meabhrach nuair a bhéarfaidh sinn aghaidh ar an siopa.
galar meabhrach mental illness
" Ní rud nua é an tuiscint seo, mar sin, go bhfuil ceangal idir an chruthaitheacht agus galar meabhrach.
meabhair chinn awareness
" Tá an feachtas Crocwise ar siúl ag rialtas na Críche Thuaidh le meabhair chinn faoi chontúirt na gcrogall a ardú i measc mhuintir na críche agus turasóirí araon.
chaill deirfiúr eile dá chuid a meabhair another sister lost her reason
" Bhí a athair ina sheanmóirí mire, fuair a mháthair agus a dheirfiúr bás nuair a bhí seisean óg agus chaill deirfiúr eile dá chuid a meabhair.
amach as a chloigeann meabhrach féin out of the top of his head
" Cé as a dtáinig an uimhir mar sin? Is cosúil gur dúradh leis na saineolaithe go mba shin an sprioc a bhí socraithe ag an Aire Ghaeltachta ag an am, Éamonn Ó Cuív, amach as a chloigeann meabhrach féin! Le cur i gcéill mar sin ar bun, cén chaoi a bhféadfadh duine a bheith muiníneach as Straitéis atá lochtach ó thaobh spriocanna réadúla a cheapadh.
a taithí saoil agus meabhrach her life experience and thought
" Is iomaí gné a shníonn ina chéile i ngréasán greanta a cuid filíóchta; tá an teanga, an dúchas, an béaloideas, an litríocht, a taithí saoil agus meabhrach; tá an cumas éachtach sin trína n-éiríonn léi an meafar bíogach soilseach a chruthú, ag fí na ngnéithe sin ar a chéile go healaíonta gan d'ornáidíocht ach maise na háille.
mheabhair a bhaint as an méid a tharla to understand what had happened
" Rinne lucht leanúna agus lucht tráchtaireachta iarracht ar mheabhair a bhaint as an méid a tharla.
curtha dhíom agam gan mo mheabhair a chailliúint passed through it without losing my mind
" Gabhaim buíochas go bhfuil geimhreadh fada fliuch eile curtha dhíom agam gan mo mheabhair a chailliúint.
raibh sí as a meabhair she was out of her mind
" Ba chuma léi gur cheap formhór státseirbhíseach na hÉireann go raibh sí as a meabhair i 1981 nuair a chuir sí iachall orthu an focal “*alienation*” a bhaint de cháipéis oifigiúil.
a raibh meabhair ar bháid aige who knew about boats
" Agus tháinig ansin fear a bhí in aice na háite, a raibh meabhair ar bháid aige i mbruach Loch Coirib'.
as a meabhair of their knocker
" Achan Fhear Níos Mire ná a Chéile ================ Le tamall rófhada, tá muid ag plé le daoine atá craiceáilte as a meabhair mar a bheadh saoithe iontu.
fadhbanna meabhrach ar psychological problems affecting
" Le cois na heitinne, is léir go bhfuil fadhbanna meabhrach ar Alina, galar na scitsifréine san áireamh.
i dtreo ná cuirfid siad aon duine macánta as a mheabhair so they won’t drive any decent person out of their mind
" Tar anso amárach, a Niocláis,” ar seisean leis an mbearbóir, “agus déanfaimid tine chnámh de na leabhraibh mallaithe seo, i dtreo ná cuirfid siad aon duine macánta as a mheabhair go deo arís.
galar meabhrach mental illness
" Feictear do dhaoine baint a bheith ag an chruthaitheacht le galar meabhrach.
duine meabhrach a sensible person
" Chuirfeadh cuid den chaint a dúradh ó shin duine meabhrach i mbun finscéalaíochta.
meabhrach scéalach talkative and thoughtful
" Bhí Robert McMillen siúlach chuig cluiche rugbaí in Aviva le hUltaigh ilchineálacha agus ilbhratacha ar na mallaibh, agus tháinig sé abhaile uaidh meabhrach scéalach.
Tugann moill meabhair delay means time to consider
" Tugann moill meabhair, nó is cosúil gur an-tomhasta a chas ceamaraí David Simon, fear The Wire, nuair a thug sé faoi Treme a cheapadh i New Orleans.