Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
ag tuar a ghrá di forecasting/measuring his love for her
" Bheadh sé ag tuar a ghrá di.
beart frithchoireachta anti-crime measures
" Bhí siad araon ag iarraidh cánacha níos ísle, seirbhísí níos fearr, fás geilleagrach níos láidre, príobháidiú, níos mó beart frithchoireachta, agus polasaithe níos déine chun déileáil le hinimirce mhídhleathach.
dhianbheart drastic measure
" Níor luaigh na Gaeil-Mheiriceánacha atá i gceannas ar cheardchumainn na bpóilíní agus na bhfear dóiteáin, Pat Lynch agus Stephen Cassidy faoi seach, an S-fhocal uafásach sin ag an teacht le chéile i Times Square, ach tá gnáthbhaill an NYPD ag caint cheana féin faoi dhianbheart a bheadh inchurtha le gníomhaíocht thionsclaíoch mhí-iomráiteach na bliana 1971.
coiscéim thomhaiste measured step
" Déanann siad ábhair éagsúla sa seomra rang, mar shampla uainiú, ag siúl le coiscéim thomhaiste agus imlínte comh-airde.
thomhas measure
" Ach is léir nach féidir brath ar dhearadh suímh gréasáin mar thomhas ar a inchreidteacht.
róthomhaiste too measured
" Rinne sé gearán go raibh "fuil agus anam" in easnamh ar an ealaín nua-aimseartha, agus go raibh an ealaín a bhí sa taispeántas fuar agus róthomhaiste.
Beartas cosanta protective measure
" Beartas cosanta ======= Bosca 50 míle cearnógach amach ó chósta thiar na hÉireann is ea an Bosca Éireannach.
tuairisceoireacht mheáite measured reporting
" Deir Al-Jazeera go bhfuil tuairisceoireacht mheáite ar bun acu, agus go mbíonn dhá thaobh an scéil á inseacht acu.
a thomhasann which measures
" Bíonn glacadóir sa ghléas loingseoireachta ar an talamh a théann i dteagmháil le trí shatailít ar a laghad, agus a thomhasann an méid ama a thógann sé ar na comharthaí éagsúla an glacadóir a shroichint.
tomhaiste measured
" Bhí sé tomhaiste ag na dochtúirí faoi seo.
a dhéanann tomhas ar which measures
" Mar shampla, baintear úsáid as trealamh a dhéanann tomhas ar leibhéal Carbóin-14 chun aois ábhar orgánach a mheas, agus tá teicneolaíocht na grianghrafadóireachta á húsáid le fada chun taifead a dhéanamh ar na rudaí a aimsítear.
a thomhas to measure
" com/, áit a mbíonn gléasanna leictreonacha á n-úsáid chun an fad idir rudaí a thomhas.
le fás a thomhas to measure growth
" Tá na heagraíochtaí stáit ag rá go bhfuil méadú tagtha i mbliana ar líon na dturasóirí, ach is dócha nach gcreideann éinne sin agus, i ndáiríre, níl aon chóras éifeachtach acu le fás a thomhas ná le figúirí cearta a chur ar fáil.
breithiúnas meáite, tomhaiste balanced, measured judgement
" Cáintear as éadan gach ní a dhéanann an rialtas agus ní thugtar breithiúnas meáite, tomhaiste ar a gcuid polasaithe riamh.
bearta measures
" Faoi na bearta seo, díolann an rialtas “morgáiste” le comhlachtaí príobháideacha a thógann otharlanna nó scoileanna.
tomhaiste measured
" Is é an dóigh is fearr leis seo a dhéanamh ná plé tomhaiste, staidéarach a dhéanamh ar an tuarascáil agus gníomhú ar a gcuid moltaí.
anailís thomhaiste measured analysis
" In ainneoin lasántacht na gceannlínte, tugann Comhfhreagraí Coiriúlachta an pháipéir, Michael O’Toole, anailís thomhaiste dúinn ar na príomhamhrasáin: “The Provos – Securocrats – Dissidents” agus, an aithním “srón” sheanchleachtaithe sa chéad chatagóir eile – “Ex-Comrades”? “Former IRA members may have been so angry at the betrayal that they decided to kill him without the knowledge or permission of the IRA leadership.
ráiteas tomhaiste measured statement
" Iad a d’athchlóigh ráiteas tomhaiste Michael McDowell ar nuacht a naoi an oíche roimh ré ar RTÉ: “*Cui bono?* Who would benefit from such an action? Those interested in bringing about political progress would not.
dianbhearta drastic measures
" Ach is é an t-adhmad is mó atá le baint ó Thuarascáil Stern ná gur mithid dúinn éirí as a bheith ag argóint faoi staitisticí agus dianbhearta a chur ina suí ar bhonn idirnáisiúnta.
a chuireann bearta i gcrích who take measures
" Anuas air sin, ba cheart go dtabharfaí dreasachtaí airgid dóibh siúd a chuireann bearta i gcrích le fuinneamh a shábháil agus go ngearrfaí pionóis ar dhaoine a chuireann fuinneamh amú go fánach.
tuairisciú tomhaiste measured coverage
" Ach – mar a bheadh ríshoiléir d’aon duine a chonaic an scannán – scéal casta is ea scéal Uí Shearcaigh; scéal a mbeadh tuairisciú tomhaiste ag teastáil le hé a phlé go cothrom.
a dhéanann dhá leath dá dhícheall who does things in half measure
" Ní fhéadfaí a rá gur duine é a dhéanann dhá leath dá dhícheall.
slat tomhais éifeachtach agus neamhspleách effective and independent means of measuring
" Is slat tomhais éifeachtach agus neamhspleách é Teastas Eorpach na Gaeilge, ar féidir leis an bhfostóir úsáid a bhaint as le cumas teanga iarratasóirí a mheas, seachas an riachtanas “Gaeilge líofa ag teastáil” a bheith luaite ar fhoirm iarratais, riachtanas atá ró-oscailte agus teibí.
bealaí costchiorraithe cost-cutting measures
" I gcomhar leis na bealaí costchiorraithe eile atá beartaithe againn, cuirfidh an infheistíocht seo ar ár gcumas leanstan linn go deireadh na tréimhse conartha – is é sin, go dtí deireadh mhí na Nollag 2008 – agus cuideoidh sé linn an nuachtán a chur ar bhonn níos láidre amach anseo.
tomhaiste measured
" Ceann de bhunghnéithe na hiriseoireachta í an neamhchlaontacht agus cé nach bhfuil a leithéid de rud ann agus "iriseoir neamhchlaonta" amach is amach, ceapaim gur cheart d’aon nuachtán maith iarracht a dhéanamh a bheith tomhaiste.
ráiteas tomhaiste a measured statement
" Maidir leis na heagrais Ghaeilge, ba mhaith liom go dtabharfaí cúis nua agóide do Ghaeil an Tuaiscirt agus ráiteas tomhaiste do Chonradh na Gaeilge a bhféadfaí a eisiúint le failtiú roimh dhúnghaois éigin de chuid an rialtais.
tomhaiste measured
" Bhí caint íseal tomhaiste Choilm mar chomhlánú foirfe ar an mire comhrá a bhí á spalpadh ag John.
tomhaiste measured
" Má tá dul chun cinn le déanamh, má tá polasaithe le cur i bhfeidhm atá dleathach agus gnímh atá tomhaiste de réir chaighdeán gach dream sa choimhlint, caithfidh muid na fíricí a bhunú, dár leis.
go tomhaiste in measured manner
" Is go tomhaiste a ba cheart tabhairt faoin díospóireacht seo in áit moltaí a chur chun tosaigh nach bhfuil bunaithe ar aon taighde eolaíoch.
réim a údaráis his measure of command
" Gan deighilt ná idirdhealú ceart déanta ar réim a údaráis i gcomhréir lena Aire Sóisir, Martin Mansergh, agus is dócha ná a mhalairt go ligfear Cullen chun bealaigh gan rómhoill.
slat yard(s, measure)
" Páirc an Phiarsaigh I mbliana reáchtáladh an comórtas peile i Ros Muc i nGaeltacht Chonamara cúpla céad slat ó theach an Phiarsaigh.
bata tomhais a cur ar to measure
" Shocraíos isteach i seanbhruíon mhaorga na mbrionglóidí ar Shráid an Mhargaidh chun bata tomhais a cur ar obair l’enfant terrible cineama na Breataine sna seascadaí, Ken Loach.
meá measuring
" Tarraingíodh aird na meán idirnáisiúnta ar Uígir na Síne le déanaí nuair a bhris ráig fornirt amach in Urumqi, príomhchathair an réigiúin Xinjiang, tráthnóna 5 Iúil.
bearta diana severe measures
" Ní bheadh sé ciniciúil mar sin buille faoi thuairim a thabhairt go ndearna an tSín áibhéil ar nasc a bheith idir Gluaiseacht Ioslamach na Turcastáine Thoir agus Al Qaeda le go mbeadh údar acu bearta diana a chur i bhfeidhm i gcoinne scarúnaithe Uígireacha.
slata tomhais measures
" Foilsiú an Drochscéala Foilsíonn an Productivity Commission, eagraíocht de chuid an rialtais náisiúnta, tuarascáil gach ré bliain ina mbaintear úsáid as slata tomhais éagsúla – nó social indicators - le stádas mhuintir dhúchais na tíre a mheas.
meas áirithe some measure of esteem
"meas áirithe ag an bpobal ar Treiber, ar a ghliceas agus ar an dóigh ina bhfuil sé ábalta ceap magaidh a dhéanamh d’fhórsaí an dlí.
coiscéim coiligh an imperceptible measure
" Tiocfaidh síneadh beag ar na laetha go luath sa bhliain úr - oiread coiscéim coiligh gach lá – agus, cé go bhfanfaidh an aimsir go dona, ardóigh an ghrian ar an spéir de réir a chéile, agus beagnach i ngan fhios dúinn beidh an geimhreadh thart is beidh snafach faoin lus agus flúirse fáis ar ball arís ann.
tomhasta measured
" Is é seo an cineál eolais atá de dhíth má táimid lenár scéal a mheas, beartú i gceart dá réir agus a theacht ar an mbuille ceart righin tomhasta le sinn a thabhairt as an ghá a bhfuilimid ann le cúig ghlúin anuas go dtínár linn féin.
díospóireacht thomhaiste measured debate
" Mar sin féin, tá sé tábhachtach tuarascáil seo na saineolaithe a scaipeadh chomh forleathan agus is féidir, chun gur féidir díospóireacht thomhaiste, chuimsitheach a dhéanamh faoi na bealaí inar féidir an dréachtstraitéis a láidriú sula nglacfaidh an rialtas léi go hoifigiúil.
thomhaiste more measured
" ” Ní raibh aon neart ar ndóigh, ag údair na turascála (ó Ollscoil Uladh agus Ollscoil Luimnigh) ar an cheannlíne úd agus thiocfadh le fo-eagarthóireacht níba thomhaiste é a chur i láthair níos cruinne: “*Bilingual People Have a Social and Educational Advantage - Report*.
Feachtais thomhaiste measured campaigns
" Feachtais thomhaiste agus ciallmhara a bhí ar bun acu.
tomhaiste measured
" Bhí an chaint a thug sé scríofa agus tomhaiste go cúramach chun aidhm éigin nár léir a bhaint amach.
tomhas measure
" Rachaidh tú ó hionad go ball eile ar an léarscáil, ag baint feidhme as compás agus am-áireamh agus tomhas choiscéimeanna.
thomhas to measure
" Is deacair méid an bhaill a thomhas go baileach, ach de réir meastachán coitianta amháin tá sé chomh mór le Texas agus tá na milliúin tonna de phlaisteach ann.
slat yard(s, measure)
" Tá gach ceann de na tithe Dé seo cúpla céad slat ó láthair an Ionad Trádála.
tomhaiste measured, gradual
" Cad a tharla ó shin? Chaill gach foireann díobh cluiche cáilithe nó ceathrú ceannais in aghaidh chontae a bhí buailte níos túisce sa bhliain agus a rinne dul chun cinn tomhaiste sna cluichí cáilithe i gcaitheamh an tsamhraidh.
níos meáite more measured
" Tá tuairim níos meáite ag Anna, áfach.
sceach i mbéal bearna a stop gap measure
" Neosfaidh an aimsir má tá an tsocracht chéanna ag an rialtas náisiúnta, nó nach bhfuil ann ach sceach i mbéal bearna, mar a mhaíonn cuid de na tráchtairí reatha abhus.
dianbhearta extreme measures
" Caithfidh ceannaire gach pobal atá i mbaol, “socht” a rá, táimid ag dul síos le fána in ionad suas, beidh deireadh iomlán leis an teanga mura ndéanfa muid dianbhearta éigin”.
meáite measured
" Cé gur admhaigh an tAire Pat Carey, sa gcur i láthair meáite stuama a rinne sé, nach bhfuil ach “idir 15 agus 20 bliain fágtha mar shaolré ag an nGaeilge mar theanga theaghlaigh agus phobail sa nGaeltacht,” níor thug sé le tuiscint go mbeidh an Straitéis ag dul i ngleic, go príomha in aon bhealach, leis an ngéirchéim teanga sa mhéidín beag de Ghaeltacht, ina bhfuil an Ghaeilge fós á husáid mar theanga i measc an phobail.
toise coime waist measure
" Bailíodh airde, meáchan agus toise coime na rannpháirtithe mar chuid den staidéar agus ríomhadh a n-innéacs corpmhaise.
go deas réidh in a measured fashion
" An fhorbairt a bheadh le déanamh, chaithfí a dhéanamh go deas réidh agus le dea-thoil an cheantair.
Ba thomhaiste it was measured
" Ba thomhaiste freisin an fháilte a d’fhear mo chomharsa ag bun staighrí na heitleoige ríoga roimpi - rinne an Tánaiste an beart le dínit.
níos meáite more measured
" Tá aigne shoiléir ag teastáil anois agus déanaim gach gníomh níos moille agus níos meáite.
Is deacair a thomhais it’s hard to measure
" An Fuacht ===== Is deacair a thomhais céard a thiocfaidh as an ngluaiseacht, ámh.
cad é an tslat tomhais atá agat how do you measure
" Cad tá á lorg agat i ndáiríre, cad é an tslat tomhais atá agat nuair atá piosa scríbhneoireachta nó ceoil á lorg agat.
hionsaithe tomhaiste a dhéanamh ar to make measured attacks on
" Is féidir an míshuaimhneas ar éadan an Tánaiste agus an Taoisigh a fheiceáil go soiléir nuair a sheasann Pearse Doherty nó Mary Lou Mc Donald suas sa Dáil le hionsaithe tomhaiste a dhéanamh ar chur chuige an rialtais.
thomhaiste chomhoibríoch measured and cooperative
" Tá freagracht ar an rialtas foclaíocht rún an reifrinn a cheapadh, ach ba chóir dó dul i gcomhairle thomhaiste chomhoibríoch leis an bhfreasúra le rún simplí soiléir a chur le chéile.
bata tomhais rule of thumb, measure
" Nuair is cuma leat fúthu, bíonn cead na gcos aon uair agat le linn na taispeána, agus, d’réir bata tomhais na gcaighdeán stiúrthóireachta a roinn Polanski go minic orainn cheana, fiú más beag féin í, is teip dó an cead imeachta sin atá againn.
tomhas a gauge, measure
" Is tomhas í rian coise den mhéad *CO2* (déocsaíd carbóin) a dhéanann tú a aschur.
ag tomhas méid an dochair measuring the amount of damage
" Is rud an-diúltach é seo, ag tomhas méid an dochair a dhéanann tú agus ag cur as do d’fhéinmhuinín, tar éis duit an-iarracht a chur isteach i scarúint do bhruscair nó taisteal ar an gcóras taistil poiblí.
an tomhas ba chruinne the most accurate measure
" B’iad na figiúirí ó SLG an tomhas ba chruinne a bhí ar fáil, le monatóireacht a dhéanamh ar staid na Gaeilge sa nGaeltacht mar theanga teaghlaigh, mar theanga scoile agus mar theanga a bhí in úsáid in imeachtaí an phobail.
le barr tuisceana from a measured understanding
" B'fhéidir gur le barr tuisceana, seachas fonn diabhlaíochta amháin, a chaith sé spalla beag neamhurchóideach leis an rí.
nach féidir a mheá ná a thomhas which can’t be measured or weighed up
" An Bhfuil A Leigheas Déanta? ============== B’fhéidir go bhfuil leigheas na nÉireannach déanta, ach nach bhfuil sé chomh feiceálach go fóill, go feidhmiúil sa saol, mar is ábhar é an t-anam nach féidir a mheá ná a thomhas.
dá mbeadh cur chuige níos tomhaiste aige were his approach more measured
" Is trua sin, mar tá an t-uafás taighde fiúntach déanta ag Donal Flynn agus thabharfaí níos mó aird dá bhfuil scríofa dá mbeadh cur chuige níos tomhaiste aige.
an grá s’acu a thomhas measure the love they have for each other
" Má deir beirt chara leat go bhfuilid i ngrá, abraimis, an féidir leatsa an grá s’acu a thomhas nó a luacháil go cruinn eolaíoch d’fhonn grá na beirte a chur i gcomórtas lena chéile? An bhfuil aon chóras sásúil ann a léireoidh go bhfuil tosaíocht ag an ngrá atá ag duine amháin acu ar an ngrá atá ag an duine eile? Níl.
alt níos tomhaiste a more measured article
" a year just teaching Irish*’, amhail is go sábháilfí an méid sin mura mbeadh an Ghaeilge ar an gcuraclam oideachais! Bhí alt níos tomhaiste ar an *Irish Times* ar an Máirt 19 Márta, scríofa ag Peter McGuire faoin teideal ‘*So many quangos, so little Irish*’.
an chaint mheáite the measured tones
" Oibreoidh an caoineadh os comhair ceamara agus an chaint mheáite le lucht cinsil ar feadh tamaill, tamall gairid! Is bean í Mhic Róibín a chas leis na scoláirí.
na meáchain bhreise agus na tomhais mhóra seo these extra measures and weighs
" Cuireadh na meáchain bhreise agus na tomhais mhóra seo ar an 159 ionas go mbeadh sí níos tarraingtí do mhuintir Mheiriceá – áit nach raibh aon Alfa Romeo ó 1995.
go tomhaiste in measured fashion
" An scéal, an stair, an deacracht a bhí aige lingeáin, nó sprionganna, den chinéal ceart a aimsiú leis na snátha a oibriú go tomhaiste.
slat tomhais solúbtha a flexible means of assessment, measuring stick
" (Theip ar an reifreann mar gheall ar scoilt i measc na bpoblachtach – ar chuala tú a leithéid riamh?) Bronnfar na teidil ar gach Ard-Ghobharnóir as seo amach agus ar Astrálaigh “*of extraordinary and pre-eminent achievement*”, slat tomhais solúbtha.
meá measuring
" Chaith Alan Desmond seal ag meá cheist mhuintir mhear na machairí in oirthear domhain, an dream daoine a dtugtar na Uígir orthu.
slat tomhais measure, yardstick
" Más slat tomhais dúinn abhus scéal geilleagair na Fionlainne, ní réiteach gasta atá i ndán dúinn in Éirinn, dar le Ciarán Mac Aonghusa.
mheá measure
" Tábhacht na hiomána i gcroí an duine óig, caithfear a aithint agus a thabhairt sa mheá más ag imeacht as Éirinn seal a bheas do thriall.
fear meáite one who measures
" Bhí fear fochaide BEO, an tUasal Balor Béimeann, ag meá na Dála úire le fear meáite dálaí úire, Bertram Ó Hernia, ID (.
ach sceach sáite sa bhearna just a stop-gap measure
" Ceapann Donncha Ó hÉallaithe nach bhfuil sa Bhille, a cheadaíonn ginmhilleadh sa Phoblacht ach sceach sáite sa bhearna.
tuisceanach macríúil tomhasta understanding, princely, measured
" Mheas Balor go raibh fíor niamhrach dhiamhrach neamhaí ar ár dTaoiseach tuisceanach macríúil tomhasta, ach ní fios an log a dtitfidh céad chnap eile na firmiminte anuas ar neach dearóil daonna.
Is é tuairim mheáite Bhaloir it’s B’s measured opinion
" Is é tuairim mheáite Bhaloir gur ag caint trína mhóin atá Ming gan Taise agus gur píobaire an aon phortaigh é fosta.