Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
coiscéim thomhaiste measured step
" Déanann siad ábhair éagsúla sa seomra rang, mar shampla uainiú, ag siúl le coiscéim thomhaiste agus imlínte comh-airde.
róthomhaiste too measured
" Rinne sé gearán go raibh "fuil agus anam" in easnamh ar an ealaín nua-aimseartha, agus go raibh an ealaín a bhí sa taispeántas fuar agus róthomhaiste.
tuairisceoireacht mheáite measured reporting
" Deir Al-Jazeera go bhfuil tuairisceoireacht mheáite ar bun acu, agus go mbíonn dhá thaobh an scéil á inseacht acu.
tomhaiste measured
" Bhí sé tomhaiste ag na dochtúirí faoi seo.
breithiúnas meáite, tomhaiste balanced, measured judgement
" Cáintear as éadan gach ní a dhéanann an rialtas agus ní thugtar breithiúnas meáite, tomhaiste ar a gcuid polasaithe riamh.
tomhaiste measured
" Is é an dóigh is fearr leis seo a dhéanamh ná plé tomhaiste, staidéarach a dhéanamh ar an tuarascáil agus gníomhú ar a gcuid moltaí.
anailís thomhaiste measured analysis
" In ainneoin lasántacht na gceannlínte, tugann Comhfhreagraí Coiriúlachta an pháipéir, Michael O’Toole, anailís thomhaiste dúinn ar na príomhamhrasáin: “The Provos – Securocrats – Dissidents” agus, an aithním “srón” sheanchleachtaithe sa chéad chatagóir eile – “Ex-Comrades”? “Former IRA members may have been so angry at the betrayal that they decided to kill him without the knowledge or permission of the IRA leadership.
ráiteas tomhaiste measured statement
" Iad a d’athchlóigh ráiteas tomhaiste Michael McDowell ar nuacht a naoi an oíche roimh ré ar RTÉ: “*Cui bono?* Who would benefit from such an action? Those interested in bringing about political progress would not.
tuairisciú tomhaiste measured coverage
" Ach – mar a bheadh ríshoiléir d’aon duine a chonaic an scannán – scéal casta is ea scéal Uí Shearcaigh; scéal a mbeadh tuairisciú tomhaiste ag teastáil le hé a phlé go cothrom.
tomhaiste measured
" Ceann de bhunghnéithe na hiriseoireachta í an neamhchlaontacht agus cé nach bhfuil a leithéid de rud ann agus "iriseoir neamhchlaonta" amach is amach, ceapaim gur cheart d’aon nuachtán maith iarracht a dhéanamh a bheith tomhaiste.
ráiteas tomhaiste a measured statement
" Maidir leis na heagrais Ghaeilge, ba mhaith liom go dtabharfaí cúis nua agóide do Ghaeil an Tuaiscirt agus ráiteas tomhaiste do Chonradh na Gaeilge a bhféadfaí a eisiúint le failtiú roimh dhúnghaois éigin de chuid an rialtais.
tomhaiste measured
" Bhí caint íseal tomhaiste Choilm mar chomhlánú foirfe ar an mire comhrá a bhí á spalpadh ag John.
tomhaiste measured
" Má tá dul chun cinn le déanamh, má tá polasaithe le cur i bhfeidhm atá dleathach agus gnímh atá tomhaiste de réir chaighdeán gach dream sa choimhlint, caithfidh muid na fíricí a bhunú, dár leis.
go tomhaiste in measured manner
" Is go tomhaiste a ba cheart tabhairt faoin díospóireacht seo in áit moltaí a chur chun tosaigh nach bhfuil bunaithe ar aon taighde eolaíoch.
tomhasta measured
" Is é seo an cineál eolais atá de dhíth má táimid lenár scéal a mheas, beartú i gceart dá réir agus a theacht ar an mbuille ceart righin tomhasta le sinn a thabhairt as an ghá a bhfuilimid ann le cúig ghlúin anuas go dtínár linn féin.
díospóireacht thomhaiste measured debate
" Mar sin féin, tá sé tábhachtach tuarascáil seo na saineolaithe a scaipeadh chomh forleathan agus is féidir, chun gur féidir díospóireacht thomhaiste, chuimsitheach a dhéanamh faoi na bealaí inar féidir an dréachtstraitéis a láidriú sula nglacfaidh an rialtas léi go hoifigiúil.
thomhaiste more measured
" ” Ní raibh aon neart ar ndóigh, ag údair na turascála (ó Ollscoil Uladh agus Ollscoil Luimnigh) ar an cheannlíne úd agus thiocfadh le fo-eagarthóireacht níba thomhaiste é a chur i láthair níos cruinne: “*Bilingual People Have a Social and Educational Advantage - Report*.
Feachtais thomhaiste measured campaigns
" Feachtais thomhaiste agus ciallmhara a bhí ar bun acu.
tomhaiste measured
" Bhí an chaint a thug sé scríofa agus tomhaiste go cúramach chun aidhm éigin nár léir a bhaint amach.
tomhaiste measured, gradual
" Cad a tharla ó shin? Chaill gach foireann díobh cluiche cáilithe nó ceathrú ceannais in aghaidh chontae a bhí buailte níos túisce sa bhliain agus a rinne dul chun cinn tomhaiste sna cluichí cáilithe i gcaitheamh an tsamhraidh.
níos meáite more measured
" Tá tuairim níos meáite ag Anna, áfach.
meáite measured
" Cé gur admhaigh an tAire Pat Carey, sa gcur i láthair meáite stuama a rinne sé, nach bhfuil ach “idir 15 agus 20 bliain fágtha mar shaolré ag an nGaeilge mar theanga theaghlaigh agus phobail sa nGaeltacht,” níor thug sé le tuiscint go mbeidh an Straitéis ag dul i ngleic, go príomha in aon bhealach, leis an ngéirchéim teanga sa mhéidín beag de Ghaeltacht, ina bhfuil an Ghaeilge fós á husáid mar theanga i measc an phobail.
go deas réidh in a measured fashion
" An fhorbairt a bheadh le déanamh, chaithfí a dhéanamh go deas réidh agus le dea-thoil an cheantair.
Ba thomhaiste it was measured
" Ba thomhaiste freisin an fháilte a d’fhear mo chomharsa ag bun staighrí na heitleoige ríoga roimpi - rinne an Tánaiste an beart le dínit.
níos meáite more measured
" Tá aigne shoiléir ag teastáil anois agus déanaim gach gníomh níos moille agus níos meáite.
hionsaithe tomhaiste a dhéanamh ar to make measured attacks on
" Is féidir an míshuaimhneas ar éadan an Tánaiste agus an Taoisigh a fheiceáil go soiléir nuair a sheasann Pearse Doherty nó Mary Lou Mc Donald suas sa Dáil le hionsaithe tomhaiste a dhéanamh ar chur chuige an rialtais.
thomhaiste chomhoibríoch measured and cooperative
" Tá freagracht ar an rialtas foclaíocht rún an reifrinn a cheapadh, ach ba chóir dó dul i gcomhairle thomhaiste chomhoibríoch leis an bhfreasúra le rún simplí soiléir a chur le chéile.
le barr tuisceana from a measured understanding
" B'fhéidir gur le barr tuisceana, seachas fonn diabhlaíochta amháin, a chaith sé spalla beag neamhurchóideach leis an rí.
nach féidir a mheá ná a thomhas which can’t be measured or weighed up
" An Bhfuil A Leigheas Déanta? ============== B’fhéidir go bhfuil leigheas na nÉireannach déanta, ach nach bhfuil sé chomh feiceálach go fóill, go feidhmiúil sa saol, mar is ábhar é an t-anam nach féidir a mheá ná a thomhas.
dá mbeadh cur chuige níos tomhaiste aige were his approach more measured
" Is trua sin, mar tá an t-uafás taighde fiúntach déanta ag Donal Flynn agus thabharfaí níos mó aird dá bhfuil scríofa dá mbeadh cur chuige níos tomhaiste aige.
alt níos tomhaiste a more measured article
" a year just teaching Irish*’, amhail is go sábháilfí an méid sin mura mbeadh an Ghaeilge ar an gcuraclam oideachais! Bhí alt níos tomhaiste ar an *Irish Times* ar an Máirt 19 Márta, scríofa ag Peter McGuire faoin teideal ‘*So many quangos, so little Irish*’.
an chaint mheáite the measured tones
" Oibreoidh an caoineadh os comhair ceamara agus an chaint mheáite le lucht cinsil ar feadh tamaill, tamall gairid! Is bean í Mhic Róibín a chas leis na scoláirí.
go tomhaiste in measured fashion
" An scéal, an stair, an deacracht a bhí aige lingeáin, nó sprionganna, den chinéal ceart a aimsiú leis na snátha a oibriú go tomhaiste.
tuisceanach macríúil tomhasta understanding, princely, measured
" Mheas Balor go raibh fíor niamhrach dhiamhrach neamhaí ar ár dTaoiseach tuisceanach macríúil tomhasta, ach ní fios an log a dtitfidh céad chnap eile na firmiminte anuas ar neach dearóil daonna.
Is é tuairim mheáite Bhaloir it’s B’s measured opinion
" Is é tuairim mheáite Bhaloir gur ag caint trína mhóin atá Ming gan Taise agus gur píobaire an aon phortaigh é fosta.