Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
a d'eascair ón gcruinniú which emerged from the meeting
" Agus munar éirigh leo gach a bhí uathu a chur i gcrích, d'éirigh leo an bhrí is an bheatha a shú amach as mórán chuile ráiteas, chuile cháineadh, chuile phlean gníomhaíochta, chuile straitéis a d'eascair ón gcruinniú nach raibh ag teacht lena gclár féin.
de dheasca an chruinnithe because of the meeting
" Tuairiscíonn Anton Mac Cába sa nuachtán *Lá *go bhfuil an chuma ar an scéal "go mbeidh deireadh leis an UPRG" de dheasca an chruinnithe le Maskey.
miontuairiscí an chruinnithe the minutes of the meeting
" An tseachtain ina dhiaidh sin fuair mé miontuairiscí an chruinnithe ó rúnaí an phríomhoide, a bhí i láthair ar an 4 Nollaig.
ag bualadh le meeting
" Is breá liom an bhís a bhíonn ort ó bheith ag canadh ar an stáitse agus a bheith ag bualadh le daoine ó gach ceard.
eagraíodh cruinnithe agóide protest meetings were organized
" Pléadh na cásanna ar an chlár, eagraíodh cruinnithe agóide, labhair polaiteoirí amach ar son na ndaoine a bhí tar éis litir a fháil, agus cuireadh brú ar na bainc eolas a bhí ina seilbh a thabhairt dá gcustaiméirí saor in aisce, seachas ar chostas €500 faoi mar a bhí á bhagairt acu.
ag bualadh léi meeting her
" Thosaigh mé ag bualadh léi ag seisiúin agus ag féiltí éagsúla.
toradh an chruinnithe seo the result of this meeting
" Beidh le feiceáil cad é an tionchar a bheas ag toradh an chruinnithe seo ar dhul chun cinn an UUP, ach is léir go bhfuil tús á chur anois le sraith eile coimhlintí a dhéanfas an oiread céanna dochair don dream a n-éireoidh leo is a dhéanfar don dream nach mbeidh an bua acu.
miontuairiscí an chruinnithe the minutes of the meeting
" /2003-01/) faoi na maslaí a thug Griffiths, atá ina bhainisteoir sa choláiste, do na hÉireannaigh ag cruinniú den Choiste Sláinte agus Sábháilteachta in Ormskirk and Skelmersdale College, Lancashire, agus an dóigh nach raibh an leas-phríomhoide, Ian Farmer, sásta aon trácht a dhéanamh ar na maslaí i miontuairiscí an chruinnithe.
a mbíodh cruinnithe aige iontu in which he used to have meetings
" Bhí a fhios aige cá raibh cónaí ar McKevitt, agus bhí eolas aige ar thithe eile i gceantar Dhún Dealgan a mbíodh cruinnithe aige iontu.
cruinnithe ginearálta bliantúla annual general meetings
" Cé gur gnátheagraíocht é Cumann na Gaeltachta (tá táillí ballraíochta, cruinnithe ginearálta bliantúla agus toghcháin i gceist), seachnaímid an "múnla corparáideach".
seomraí cruinnithe meeting rooms
" Cuireann an tÁras réimse leathan seirbhísí ar fáil don phobal - seirbhís chomhairleach in úsáid na Gaeilge, seomraí cruinnithe, seirbhísí rúnaíochta, dearadh póstaer, leabhrán, ticéad, etc.
Cruinniú paraimíliteach paramilitary meeting
" Cad é a bhí ar siúl? Cruinniú paraimíliteach? Thuig mé an scéal nuair a thug mé faoi deara go raibh cúpla gluaisteán folamh, ach ní raibh duine ar bith seachas mé féin ag siúl thart ar an imfhálú.
cruinnithe éagsúla a eagrú to organize various meetings
" I mí Feabhra na bliana seo, d'fhógair UNESCO go rabhadar ag teacht go hÉirinn agus iarradh ar an Roinn Oidhreachta cruinnithe éagsúla a eagrú le deis a thabhairt do ghrúpaí castáil leis na toscairí Fumiko Ohinata ó UNESCO agus Tom Hassalls ar son ICOMOS.
ag cruinnithe comhairlí contae at county council meetings
" " Agus iarrthóirí de chuid lucht na dteifeach ag seasamh i nGaillimh, i gContae an Chláir agus i Ros Comáin, an mbeidh iolrachas nua na hÉireann le feiceáil ag cruinnithe comhairlí contae amach anseo? *Is as Baile Átha Cliath é Uinsionn Mac Dubhghaill ach tá sé ina chónaí i gConamara anois, áit a bhfuil sé ag obair mar iriseoir físe le Nuacht TG4.
chruinniú mullaigh an Aontais Eorpaigh the EU summit meeting
" Céard a spreag na léirsitheoirí a tháinig amach ar shráideanna Bhaile Átha Cliath le linn chruinniú mullaigh an Aontais Eorpaigh i dtús na míosa? Sa bplé ar fad sna meáin roimh ré leagadh an-bhéim ar an mbaol foréigin a bhí ann, ach is beag plé a rinneadh ar na cúiseanna agus ar na haidhmeanna a bhí ag an lucht agóide.
gcruinniú ginearálta bliantúil annual general meeting
" Fuair mé cuireadh le gairid chuig a gcruinniú ginearálta bliantúil san Ionad Éireannach i Learpholl ((www.
sraith cruinnithe series of meetings
" Beidh sraith cruinnithe againn anois faoi fheachtas in éadan táillí uisce a bhunú, agus tá na daoine seo ar fad uilig ag eagrú cruinnithe thart timpeall air sin.
miontuairiscí na gcruinnithe the minutes of the meetings
" Más cruthú ar bith iad na seisiúin oscailte agus miontuairiscí na gcruinnithe, áfach, ní léir gur cloiseadh an glór seo go rómhinic.
cruinnithe spreagúla rousing meetings
" Bhíodh cruinnithe spreagúla ann i gcónaí nuair a bhíodh sé i láthair agus níor chuir sé fiacail ann riamh.
eagraíodh cruinniú duit a meeting was organised for you
" Cúpla mí ó shin, sheol tú liosta isteach de "na haerlínte is tabhachtaí dom" agus eagraíodh cruinniú duit le roinnt acu.
castáil le duine i mbeár meeting someone in a bar
" “Níl na míbhuntáistí céanna ag baint le bualadh le duine ar líne is a bhaineann le castáil le duine i mbeár,” a deir Darling.
ollchruinniú mass meeting
" Ní dhearnadh tagairt ar bith do dhrámaíocht na Gaeilge agus is ar an gceist sin a dhíreoidh an t-ollchruinniú speisialta a bheas ar siúl in axis le linn na féile Borradh Buan Fásta.
mbord comhdhála meeting table
" Tagann croitheadh ar an mbord comhdhála ina oifig le meáchan an fhillteáin.
bhí sé cosúil le castáil ar chol ceathrair it was like meeting a cousin
" Mar a dúirt fear amháin liom, bhí sé cosúil le castáil ar chol ceathrair nach raibh aithne agat air go dtí sin.
bhí sé cosúil le castáil ar chol ceathrair it was like meeting a cousin
" Mar a dúirt fear amháin liom, bhí sé cosúil le castáil ar chol ceathrair nach raibh aithne agat air go dtí sin.
cruinnithe meetings
" Bíonn cruinnithe ag gach cumann áitiúil anseo, ó choiste na dtuismitheoirí ón scoil go dtí an club gunnadóireachta.
bhí sé cosúil le castáil ar chol ceathrair it was like meeting a cousin
" Mar a dúirt fear amháin liom, bhí sé cosúil le castáil ar chol ceathrair nach raibh aithne agat air go dtí sin.
ollchruinniú éigeandála mass emergency meeting
" Na nithe atá ag teastáil ón GPA ======= Céard tá ag teastáil ón GPA ar aon nós? Tar éis ollchruinniú éigeandála den eagraíocht i bPort Laoise agus i mBéal Feirste i mí Aibreáin seo caite, d’eisigh eagraíocht na n-imreoirí idirchontae de CLG preasráiteas.
cruinniú mullaigh summit meeting
" Fógraíodh go mbeadh cruinniú mullaigh in Canberra ach dúirt Clare Martin nach mbeadh sí féin ag freastal air, cé go bhfuil cúram chúrsaí dúchasacha na Críche uirthi, go raibh dóthain cainte déanta.
gur fheil cruinniú mar seo don rialtas feidearálach that a meeting like this suited the federal government
" Tá daoine ann a déarfadh gur fheil cruinniú mar seo don rialtas feidearálach, go dtabharfadh sé le tuiscint don phobal go raibh rud éicint ar siúl acu tar éis neamhaird a bheith tugtha ar na fadhbanna acu le deich mbliana.
ag casadh le coistí áitiúla meeting local committees
" Lena chois sin, rinne sé suirbhé sna monarchana éagsúla a raibh Gaeltarra ag plé leo sna Gaeltachtaí go léir; chaith sé tréimhsí ar an mbóthar, ag casadh le coistí áitiúla agus go háirithe le lucht bainistíochta na monarchan, féachaint cén chaoi a raibh cúrsaí Gaeilge sna ceantair éagsúla.
cruinnithe cairdiúla friendly meetings
" Ar ndóigh, ní cruinnithe cairdiúla iad seo de ghnáth – mar aon le cluichí ríomhaireachta eile tá go leor foréigin i gceist le roinnt MMOs.
i gcóngar halla cruinnithe an bhaile beside the meeting hall of the town
" Ach, in 2004, fritheadh fodhlí ó bhaile Pittsfield, Massachusetts, a ritheadh i 1791, ag toirmeasc cluiche darbh ainm “Base-ball” i gcóngar halla cruinnithe an bhaile.
miontuairiscí an chruinnithe sin the minutes of that meeting
"miontuairiscí an chruinnithe sin againn agus, spéisiúil go leor, is i nGaeilge a scríobhadh iad.
Reáchtáladh cruinniú poiblí i mBéal Feirste a public meeting was held in Belfast
" Reáchtáladh cruinniú poiblí i mBéal Feirste an tseachtain seo caite inar cháin poblachtánaigh easaontacha seasamh Shinn Féin go binbeach.
cruinnithe meetings
" “Mar shampla, agus muid ag cruinnithe faoi dhéanamh an scannáin *Whale Rider*, bhíodh daoine ag rá, ‘Cén fáth a bhfuil Niki Caro (nach Maorach í) chun an scannán seo fúinne a stiúradh? Céard a dhéanfaimid má tá an *marae* (teach an phobail) uainn agus sibh i mbun scannánaíochta? Caithfidh muid cead teacht agus imeacht a bheith againn.
ag casadh ar chladhairí agus ar chneámhairí, meeting rogues and crooks,
" Chaith Balor an Bleachtaire trí mhí dá shaol ar a chamchuairt fud fad na tíre, ag bualadh le bligeaird agus le bithiúnaigh, ag casadh ar chladhairí agus ar chneámhairí, ag raimleáil agus ag bacaíl a bhealaigh ó thábhairne go hósta.
cruinnithe a eagrú to organise meetings
" Bíonn sé deacair cruinnithe a eagrú agus na páirtithe ar fad a bhí bainteach le heachtra a thabhairt le chéile.
teach tionóil maisiúil an elegant meeting house
" Scríobh an ministir Protastúnach, John Grant, go raibh teach tionóil maisiúil ag an sagart Caitliceach, ach bhí a mhalairt aige féin: teach a raibh fuinneoga briste ann.
ionad cruinnithe, a place for meetings,
" HQ an bhanna – ionad cleachtaidh, ionad cruinnithe, tearmann, spás cónaithe Rónáin.
Tionólfar cruinniú éigeandála náisiúnta an emergency national meeting will be convened
" Tionólfar cruinniú éigeandála náisiúnta den Pháirtí Daonlathach le go ndéanfaidh an triúr acu mionscrúdú ar na hathruithe seo.
ar chonclúidí an chruinnithe of the conclusions of the meeting
" Is cosúil ó mheamram a d’ullmhaigh Martin Hanevy agus Eamon Stack ón roinn ar an 4 Aibreáin 2007 -- meamram a thugann achoimre ar chonclúidí an chruinnithe a bhí acu leis an aire an lá roimhe sin -- gur aontaíodh gur chóir bunús dlíthiúil a chur faoin churaclam: *“It is proposed to proceed as follows: .
cruinniú de bhainistíocht na roinne a meeting of the management of the department
" Achoimre ar mholtaí a d’eascair as cruinniú de bhainistíocht na roinne a bhí ann: *“In the medium term it will be important that regulations are introduced to prescribe the curriculum at primary and secondary level.
ag freastal ar chruinnithe attending meetings
" Thosaigh Tommy féin ag freastal ar chruinnithe de chuid Chomhairle na Breataine sa bhliain 1949, agus baineann sé úsáid as a chuimhní féin chun an scéal a insint.
cruinniú dí-choimisiúnaithe decommissioning meeting
" ’ Bhí cruinniú dí-choimisiúnaithe ag lucht UDA Nó bhí Paisley is McGuinness dá gciapadh dá gcrá.
ag castáil le daoine nua. meeting new people.
" Cuidíonn an taisteal go mór leat ó thaobh a bheith ag déileáil le daoine freisin, go háirithe agus tú ag castáil le daoine nua.
ag bualadh le daoine meeting people
" Bhí am chomh deas sin againn ag taisteal timpeall na tíre ag bualadh le daoine suimiúla.
reáchtáladh cruinniú a meeting was held, organised
" Mar is iondúil agus príomh-airí na hAstráile ar cuairt sa Bhreatain, reáchtáladh cruinniú oifigiúil idir Rudd agus an bhanríon.
na cruinnithe is tábhachtaí the most important meetings
" Is dóigh liom go bhfuil ainm na cathrach an-oiriúnach mar go mbíonn na cruinnithe is tábhachtaí sa tír ar siúl inti.
cruinniú spioradálta a eagrú to organise a spiritual meeting
" Iarradh ar Manitou cruinniú spioradálta a eagrú le linn na comhdhála.
cruinniú éigeandála emergency meeting
" Ag cruinniú éigeandála de mhuintir na Seirbhíse Rúnda agus na bhFórsaí Cosanta socraíodh go raibh sé i bhfad róchontúirteach an Tóirse a ligean faoi bhúir asail do Ghleann Cholm Cille ag an am sin den bhliain, cionn is go raibh daoine aisteacha as gach aon chearn den domhan ann, agus mic léinn chomh maith.
I lár an chruinnithe in the middle of the meeting
" I lár an chruinnithe, tháinig scairt ó Brains Cowen.
cruinnithe meetings
" Faoina stiúir, tá €73 milliún cruinnithe in Éirinn go dtí seo.
cruinniú poiblí public meeting
" Ag cruinniú poiblí i gContae an Chabháin ar an 24 Lúnasa, dúirt an Teachta Dála agus ceannaire Shinn Féin sa Dáil, Caoimhghin Ó Caoláin, mura mbeadh athrú poirt ag an DUP ar réimse polasaithe, nach mbeadh rogha ar bith ag Sinn Féin ach a gcuid airí a tharraingt amach as an Tionól agus brú a chur ar na baill sin de chuid Rialtas na Breataine atá freagrach as cúrsaí an Tuaiscirt.
cruinniú meeting
" Tá mé ag dul chuig cruinniú le Mark French.
ag bualadh lena chéile meeting with each other
" Beidh Robinson agus McGuinness ag bualadh lena chéile le bealach chun cinn a oibriú amach an tseachtain seo, ach ní dócha go mbeidh cruinniú den Fheidhmeannas – an chéad cheann a bhí le bheith ar siúl ó bhí mí an Mheithimh ann – ag dul ar aghaidh Déardaoin.
Reáchtáladh tionól a meeting was organized
" Reáchtáladh tionól de shliocht na ndílleachtaí seo ag Díseart Naomh Cléimint, atá corradh is céad ciliméadar siar ó thuaidh as Canberra, le comóradh céad bliain is seasca na scéime a cheiliúradh.
déanamh comhluadair meeting people
" Greim bia agus déanamh comhluadair "Séard a rinne mé ná thug mé cuireadh do Gerry Adams a theacht chun dinnéara toigh s'agam.
ollshlógadh a mass meeting
" “Is cuimhin liom a bheith ag tuairisciú ar ollshlógadh a bhí ag na Peace People i Londan.
coinne agallaimh interview meeting
" Turas chun na Seapáine faoin Nollaig a thug orainn an coinne agallaimh seo a chur ar athló go dtí mí Eanáir.
cruinnithe le freastal meetings to attend
" Bíonn cruinnithe le freastal agus cinní le glacadh.
gcruinniú mullaigh summit meeting
" Tá sé mar aidhm ag an gcruinniú mullaigh seo cinnirí éagsúla de chuid na polaitíochta, an ghnó agus eagraíochtaí neamhrialtais a thabhairt le chéile chun beartas nua, comónta a chur chun cinn i dtreo leigheas a fháil ar an ailse.
fhreastal ar spriocdháta foilsithe meeting a target publication deadline
" Fiú más gá fanacht go tús an tsamhraidh lena fhoilsiú, is ceart gur ar théagair na mbeartas seachas ar fhreastal ar spriocdháta foilsithe a mheasfar an iarracht.
chóras cruinnithe áitiúla a system of local meetings
" Tá straitéis suimiúil á leanúint ag an dá phríomhpháirtí, Fine Gael agus Fianna Fáil, sa mhéid go bhfuil iarrthóirí i gceantracha áirithe roghnaithe trí phróiséas agallaimh seachas theacht frí chóras cruinnithe áitiúla de bhaill an pháirtí.
cruinnithe poiblí public meetings
" Ceist An-Mhór Cé gur ábhar réasúnta beag ar bhealach an méid seo, ardaíonn sé ceist an-mhór agus is í sin, cé chomh daonlathach agus atá an próiséas polaitaíochta faoi láthair?An ceart nó an fiú próiséas eile a fhorbairt a chuirfeadh leis an daonlathas agus a chinnteodh go raibh deacrachtaí agus dúshláin na bpobal á gcur ar chlár oibre na gcomhairlí contae?An bhféadfaí córais a fhorbairt i ndáilcheantair ina mbeadh cruinnithe poiblí eagraithe ag coistí pobail le hiarrthóir dá gcuid féin a roghnú lasmuigh den chóras páirtí.
ollchruinniú a mass-meeting
" Ó Bhearna go Carna Má ghlactar le sampla amháin a thiocfadh a fheidhmiú ó thaobh na Gaeltachta de: Thiocfadh ollchruinniú a eagrú i measc na gcoistí pobail uilig ó Bhearna go Carna chun go roghnófaí duine amháin, gan nasc páirtí ar bith agus go mbeadh an duine sin roghnaithe don toghchán le seasamh do Ghlór an Phobail.
cruinnithe olltábhachtacha meetings of super importance
" Is cosúil go bhfuil an méid sin ama caite acu sna gluaisteáin mhóra agus sna cruinnithe olltábhachtacha is gur chaill siad cibé tuiscint a bhí acu ar an ghnáthshaol.
seomraí cruinnithe meeting rooms
" Fíorú Físe Ach bhí fís ag daoine i Ros Muc agus i gCamus, agus an fhís a bhí acu, páirc peile cheart agus ionad le seomraí feistis agus seomraí cruinnithe a thógáil.
bualadh le meeting with
" Anois, in áit bualadh le chéile le haghaidh cuideachta agus comhrá, is rómhinic ar fad sinn ag seoladh ‘sonc’ ar Facebook, nó ‘gíog’ ar Twitter.
cruinniú meeting
" Thug m’athair Garmin mar bhronntanas do mo mháthair (briseann an dúchas trí shúile an chait!) Is minic a thabharfainn mo chéad ghin ar mhaithe lena leithéid is mé caillte i gceantar iargúlta ar an mbealach chuig cruinniú, ach bhraith mé go minic go gcuirfeadh Garmin srian leis an deoraíocht a thugann an turasóir i dtreo seoda iargúlta ar a laethanta saoire.
Teagmháil meeting
" Teagmháil an Duine leis an Leabhar Is rud fisiciúil é leabhar.
cruinnithe meetings
" Do chuid mhaith feisirí, seo é an chéad uair le ráithe nó níos mó a thug siad cuairt abhaile, agus dá réir sin, eagraíonn siad cruinnithe poiblí chun fáil amach cad iad na ceisteanna is mó atá ag déanamh scime dá dtoghthóirí.
meascadh meeting, mingling
" Mura bhfuil sin agat, níl daoine ag teacht le chéile, gan meascadh le daoine eile, níos mó agus níos mó, - an bhfuil a fhios agat, tá sé níos fusa sa Ghaeltacht, buailfidh daoine lena chéile sa teach leanna.
cruinnithe meetings
" Reáchtáil siad roinnt cruinnithe poiblí le gairid.
chruinniú meeting
" I miontuairisc de chruinniú idir feidhmeannaigh shinsireacha na Roinne agus An Bord Snip Nua (8 Aibreáin 2009) agus a scaoileadh chugam tríd an Acht um Shaoráil Faisnéise, cheistigh Mary Walsh (ón Bhord Snip) an gá a bhí leis na naoi gcinn déag d'eagraíochtaí Gaeilge a fhaigheann maoiniú ón Fhoras.
cruinniú meeting
" Tá muid ag súil le dul chun cinn i dteagasc na Gaeilge sa Bhreatain tar éis cruinniú suntasach a d'eagraigh Glór na nGael i mBaile Átha Cliath i Meán Fómhair.
chruinnithe meeting
" Chuala mé an seanfhocal "Ní neart go chuir le chéile" níos mó ná uair amháin i rith an chruinnithe.
cruinnithe meetings
" Dar le Blankfort, bíonn cruinnithe seachtainiúil ag an CGM le hardoifigeach nó le ceann stáit na mballstát AE.
ráschruinnithe race meetings
" Anuas ar sin, eagraítear ráschruinnithe fud fad na tíre ar an lá céanna agus bailíonn na sluaite acu, iad gléasta go lonrach.
cruinnithe meetings
" Bhíodh sí thart leis siúd chuig na cruinnithe, go rúnda, mar a bheadh ina girseach ina chuideachta aige.
cruinnithe meetings
" B’annamh ach an oiread nach n-eitlíodh Airí rialtais go Béal Feirste nuair a bhí cruinnithe á reáchtáil sa bhaile sin, cé nach nglacann sé ach uair go leith dul ann ar an mhótarbhealach ó Bhaile Átha Cliath.
ollchruinniú mass meeting
" Bhí toirmeasc fós ar Tamazight, áfach, agus d’fhonn aitheantas a ghnóthú don teanga d’eagraigh an Ghluaiseacht Chultúrtha Bheirbeireach ollchruinniú i 1990 sa phríomchathair.
ollchruinniú mass meeting
" Bhí cainteanna idirnáisiúnta ar siúl ar feadh bliana roimh an ollchruinniú féin agus ba chóir go mbeadh dréachtphlean curtha le chéile roimh ré.
cruinniú a meeting
" ” Ceist mhór thromchúiseach Leanadh leis an díospóireacht ag cruinniú den Chomhchoiste um Ghnóthaí Ealaíon, Spóirt, Turasóireachta, Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta cúpla seachtain ó shin, áit ar thapaigh cinnirí ghluaiseacht na Gaeilge a moltaí faoin dréachtstráitéis a chur in iúl.
teagmhála meeting
" Má tá Gaeilge na Breataine ag iarraidh a bheith ina fíor-scáthghrúpa sa tír, agus a bheith ag feidhmiú ina 'Aon phointe teagmhála amháin mar chainéal idir an Bhreatain agus Éirinn'.
gcruinniú meeting
" Ag an gcruinniú, dúirt fear amháin as Charna, Pádraig Ó Cosgordha, go mb’fhearr comóradh a dhéanamh ar shaíocht na Gaeltachta.
cruinniú meeting
" Dar le iarfhear céile Anna Chapman i Londain, níorbh iontas ar bith dó gur spiaire í, ó bhíodh sí i gcónaí ag cruinniú le Rúisigh eile go rúnda.
cruinnithe meetings
" Ar shiúlóid lena mhadra, mar shampla, a bhí sé le linn ceann de na cruinnithe le Gerry Adams.
cruinnithe meetings
" ” Ní chiallaíonn sé sin go mbeidh ar 100% de na daoine atá ag cur fúthu sa nGaeltacht máirseáil chun go dtarlóidh na hathruithe seo, ach más féidir leo tacaíochta a thabhairt, a bheith níos dóchasaí ina gcuid suirbhéanna, más féidir leo litir a scríobh chuig an TD, más féidir leo a bheith i láthair ag na cruinnithe poiblí agus a dtoil láidir a léiriú go bhfuil siad ag iarraidh an teanga Ghaeilge agus an tsaíocht ar fad a bhaineann leí a chaomhnú, mura dtaispeántar an toil láidir seo nó mura mbíonn sé ann, níl tú chun aon difríocht a dhéanamh do stádas na Gaeilge.
cruinniú meeting
" D’fhág sé an cruinniú le cóip den leabhar *‘Football and its Fans: Supporters and the Relations with the Game, 1885-1985’* faoina ascaill aige.
chruinniú comhaireachta cabinet meeting
" Léiríonn miontuairiscí den chruinniú comhaireachta ar an 23 Iúil, 1980, gur aithníodh go leor de na fadhbanna rochtana, fuinnimh agus farantóireachta a bhí ag na hoileánaigh.
cruinniú mullaigh summit meeting
" Ag cruinniú mullaigh de chuid an G20 ag tús 2010, is éard a bhí le rá ag uachtarán Mheiriceá, Barack Obama, faoi Lula ná: “Sin é an fear!” Le tuiscint cad is cúis leis an ngrá seo ar fad caithfidh muid dul siar sa stair, siar chuig an triomach a chéas drochthailte an stáit bhoicht Pernambuco in oirthuaisceart na tíre sna 1950í.
chruinnithe pobail public meetings
" Níor mhór an cheist a chur, cad chuige ar dhiúltaigh an rialtas do bhreis is tríocha ceann de na moltaí sin? An raibh fiúntas ar bith leis an phróiseas fhadálach chomhairliúcháin - idir chruinnithe pobail, aighneachtaí srl.
cruinniú a meeting
" **SMM: Níl sé i bhfad ó shin ó shiúilís amach as cruinniú nuair a d'fhógair Olli Rehn go gcaithfeadh gach ní a raibh le rá aige fanacht ina rún.
cruinniú a meeting
" Bhí mo sheanathair gafa leis an bhfeachtas seo agus chuaigh sé chuig cruinniú i gCorcaigh ag ceapadh gur cruinniú faoi chúrsaí airgid a bheadh sé, ach tharla gur faoi chúrsaí teanga a bhí sé.
cruinnithe meetings
" Baisteadh chapels ar craobhacha ceardchumainn mar sin, an áit a raibh cruinnithe acu.
cruinniú meeting
" Ar na himeachtaí is fearr, dar léi, bhí cruinniú dar teideal *Irish, Queer and Equal*, imeacht a thug dúshlán mór do dhaoine a bheith ag smaoineamh ar dhaoine aeracha ina bpobail féin.
cruinniú meeting
" Tá sé dochreidte mar shampla go mbeadh 'comhairleoir' de chuid an Aire Danny Kennedy, Dr Brian Crowe, ag iarraidh táille gnéis a ghearradh ar chailín a bhí ag iarraidh cruinniú leis an Aire Fostaíochta agus Foghlamtha san Fheidhmeannas ó thuaidh.
gcruinniú meeting
" Frainc Reidy, saineolaí cúrsaí míleata an raidió, a bhí faoi agallamh agus é ag caint faoin gcruinniú a bhí ar siúl i Halla Pobail Chamuis an oíche roimhe sin faoi mhuilte gaoithe atá beartaithe don cheantar.
An Dáil the meeting place
" An Dáil ==== Ciallaíonn an focal dúchasach Toronto áit na gcruinnithe agus is cathair mar a tuairisc í mar sin mar is minic daoine ag teacht i ndáil a chéile anseo.