Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
mhuileann mill
" Allmhairíonn Cargills, comhlacht Meiriceánach, gráinne GM ó na Stáit Aontaithe tríd an mhuileann atá acu ag dugaí Learphoill agus bíonn léirsiú ansin go minic.
muileann mill
" Tosaíodh muileann adhmaid sa bhliain 1978 agus tá ag éirí thar barr leis anois.
muileann cadáis cotton mill
" Baile ón Reabhlóid Thionsclaíoch atá ann, cosúil le go leor bailte eile thart ar Mhanchain, le muileann cadáis, sráid i ndiaidh sráide le sraitheanna tithe, canáil agus Na Pennines le feiceáil sa chúlra.
muilte lín linen mills
" Tháinig daoine den lucht oibre anseo ina sluaite móra sa naoú haois déag mar go raibh na mílte post le fáil sna muilte lín, sna dugaí agus sna longlanna.
millte spoilt
" Mar a bheadh páiste millte ann ar thiontaigh a thuismitheoirí ina éadán, tá mearbhall ar Trimble.
ag milleadh an tírdhreacha tuaithe destroying the rural landscape
" Tá An Taisce go láidir den tuairim go bhfuil muintir na hÉireann ag milleadh an tírdhreacha tuaithe leis an tógáil atá ar siúl agus go mbeadh sé níb éifeachtaí agus níb fhearr don timpeallacht dá mbeadh forbairt á déanamh ar na bailte.
bpeataí millte spoilt pets
" Tugann Síle Fisher, bean as Ciarraí o dhúchas, an-chuid cabhrach dó agus bíonn muid ag éisteacht le leithéidí Martin Hayes, Nomos, Lúnasa, Solas, Danú agus Dervish! Tá muid inár bpeataí millte acub! Bhí mé thart fá ocht mbliana is fiche d'aois ag an am sin.
oibreacha an mhuilinn the mill works
" Rinne siad athdheisiú ar oibreacha an mhuilinn, agus bhain siad úsáid as ábhar áitiúil den chuid is mó chun codanna den ghléasra a athchóiriú.
muileann mill
" Thóg sé scoileanna, teach solais úr, muileann, beairic agus teach mór dó féin.
Meileann muilte Dé níos moille God's mill grinds more slowly
" Meileann muilte Dé níos moille i gcuid de na contaetha, is cosúil.
millte ruined
" Ach, tá rud amháin soiléir, is é sin go bhfuil cúrsaí spóirt millte uair amháin eile ag airgead agus saint agus nach bhfuil sa scéal seo faoin mbainisteoir ach sampla amháin eile den "Capall*ology*" a bhaineann le cúrsaí spóirt uaireanta! *Is múinteoir scoile é Colm Mac Séalaigh a bhfuil cónaí air i mBaile Átha Cliath.
go meileann muilte CLG i bhfad níos moille ná muilte Dé that the GAA's mill grinds a lot more slowly than God's mill
" Feiceann siad go meileann muilte CLG i bhfad níos moille ná muilte Dé go minic! *Is múinteoir scoile é Colm Mac Séalaigh a bhfuil cónaí air i mBaile Átha Cliath.
iar-mhuilte lín former flax mills
" Bíonn réimse maith áiteanna i gceist, ina measc caisleáin agus tithe ceann tuí, eaglaisí agus iar-mhuilte lín, reiligí agus príosúin.
millte spoilt
" "Bhí mé saghas millte mar phaiste," a deir sé, "toisc gur samhlaíodh Baile Phib mar cheantar garbh ag an am sin.
muileann plúir flower mill
" Ba shóisialaí agus cheoltóir é a athair agus d'oibrigh sé i muileann plúir i Sráid Duibhis, agus bhí muinín an domhain aige as Wee Joe Devlin.
sheanmhuileann an old mill
" Turas eile ======= Turas iontach eile a rinne muid ná cuairt ar “*frantoio*”, a chiallaíonn fáisceán olóige, agus ansin ar sheanmhuileann ar iarsmalann bheag é anois.
muilte Dé God's mills
" Sampla an-mhaith den saghas daonlathais oscailte a bhaineann le Cumann Lúthchleas Gael, cé, ar nós muilte Dé, go meileann na muilte go mall go minic.
millte as éadan totally ruined
" Mar is é an comhthoradh is mó atá ar an tsíorthógáil seo ná go bhfuil stráicí móra den tírdhreach is deise ar domhan millte as éadan againn.
muilleann adhmaid. wood mills.
" Níor bheag an méid fiontar a bhí acu: teach tábhairne, gnó adhlacóra a raibh déantús cónraí mar chuid de, oifigí ceantálaithe, seirbhís tacsaí agus muilleann adhmaid.
millte ag an ollturasóireacht. spoilt by mass tourism.
" Ach i mo thuairimse, tá an ceantar seo millte ag an ollturasóireacht.
ó liáin na muilte, from the blades of the mills,
" Siosarnach ard ag teacht ó liáin na muilte, an fhuaim ag méadú agus ag laghdú le gach casadh den lann.
agus nach milleann éiceachórais luachmhara. and that don't destroy valuable ecosystems.
" Agus tá breis taighde de dhíth chun slite a aimsiú le bithbhreoslaí a dhéanamh nach ngoideann bia ó thíortha bochta agus nach milleann éiceachórais luachmhara.
chuig na muilinn. to the mills.
" Chaith go leor daoine a saol ag saothrú an adhmaid, ag gearradh na gcrann anuas agus á seoladh ar na haibhneacha chuig na muilinn.
bhí sé mar a bheadh déagóir millte ann. he was like a spoiled teenager
" Dímhúinte, droch-dhearcadh – bhí sé mar a bheadh déagóir millte ann.
seanmhuileann old mill
" An-chraicSa seanmhuileann ar Shráid Conway, Bóthar na bhFál, a bhí sé ar siúl, i mí an Aibreáin.
i mbaol a mhillte endangered, in danger of being devastated
" Ach gu’b é inimirce ealaíontóirí, cruthaitheoirí agus lucht critice, bhí an ceantar seo i mbaol a mhillte – bheadh sé leagtha go talamh agus bheadh na hilstóraigh a bhí a dtógáil ar fud an oileáin tógtha anseo fosta.
ag milleadh an cheoil ruining the music
" Ní dhearna Séamus gearán faoi dhuine ar bith eile a bhí ag seinm in aice leis, bíodh sé sin beagnach ag milleadh an cheoil ar achan duine eile.
ag tarraingt uisce ar a mhuileann féin bringing grist to his own mill
" Í cáinte go láidir ag a hiarghiolla, John McGuinness, cé gur dócha go raibh seisean ag tarraingt uisce ar a mhuileann féin.
millte ruined
" Chuir siad siúd é ar ais chuig Enda, ag rá nach raibh sé cosúil le cód ar bith a chonaic duine ar bith acu riamh, agus ag gearán go raibh seacht gcinn de na ríomhairí ba chumhachtaí ar domhan millte acu agus iad ag iarraidh an cód a bhriseadh.
mhillfeadh would ruin
" Níl mé ag maíomh ach an oiread gur cheart go mbeadh cosán tógtha ar achan sliabh in Éirinn - mhillfeadh a leithéid áilleacht aiceanta agus fiántas na tíre – ach ba cheart aire a thabhairt do na cnoic is mó a dhreaptar sa tír ar nós Corrán Tuathail, Cruach Phádraig, an Earagail, Sliabh a Liag agus Lug na Coille.
súil le breis a mhilleann an cearrbhach expecting more ruins the gambler
" B’fhéidir go mbeidh mé níos ádhúla an bhliain seo chugainn – cé go dtuigim go bhfuil sé ráite gur ‘súil le breis a mhilleann an cearrbhach’.
millte ruined
" Go deimhin deir an leabhar go bhfuil stráicí móra de Chontae Dhún na nGall millte ag easpa pleanála: “*cashed-up Dublin developers building holiday homes in some of Donegal’s most pristine beauty spots.
mhilleadh ruination
" An té a cheannófas toirtín úill as an chomharsain in ionad brioscaí a rinneadh i bhfad uaidh, déanfaidh sé leas daoine níos gaire dó, á gcoinneáil i mbun táirgíochta, gan trácht ar an mhilleadh aeir is talaimh lena iompar anall as tír amuigh san imigéin.
mhilleadh to ruin
" Cén fáth go gceadaítear do dhream an mhíchruinnis obair mhaith na coda eile a mhilleadh? An samhlaítear nach dtugtar an míchruinneas faoi deara, go forleathan? Cén fáth nach gcuidítear le craoltóir an mhíchruinnis i ndiaidh cláir, nó an mhaidin dár gcionn? Sin, nó a bhaint d'obair an chraolacháin! Ní hé go mbeifí ag súil le cruinneas chuile lá den saol ag duine, ach tá roinnt a chaithfear cuidiú leo.
mhill destroyed
" **SMM: Nuair a shéan lucht vótála thú do shuíochán arís i nDáil Éireann sa bhliain 2007, san am a raibh na vótóirí céanna ag tacú le polaiteoirí a mhill agus a bhochtaigh an tír seo, cad a chomharthaíonn a leithéid? Go bhfuil na daoine aineolach? Go bhfuil na daoine chomh dona lena gcuid máistrí, gur cuma leis an bpobal vótála gach ní ach a dteach féin agus a morgháiste féin? Cén míniú atá agat féin ar an diúltú ó am go chéile mar sin?** SÓhU: Ní fhéachfainn air mar sin in aon chor i ndáiríre.
dtithe millte ruined houses
" Tá an láib uileláithreach i gcónaí agus tá eagla ar mhuintir na háite roimh lucht gadaíochta atá ag creachadh na dtithe millte.
mhilleadh unspoiled
" De bharr go bhfuil muid inár gcónaí in árasán i dtír a bhfuil dlús daonra an-ard inti, is breá linn beirt an timpeallacht gan mhilleadh agus an tírdhreach garbh, cnocach atá in Éirinn.
an teanga a mhilleadh to ruin the language
" Ní dóigh liom gur cheart an teanga a mhilleadh amach is amach ach oiread – an saibhreas sin a chailleadh.
millte ruined
" An Daingean ======= **SMM: Ach an Daingean agus thart sa taobh sin, tá fógraí bóthair millte, sa Ghaeltacht féin** BNC: Ní dóigh liom gur cheart dóibh é sin a dhéanamh.
Millte ag Muilte ruined with turbines
" Millte ag Muilte? ========= Chuimhnigh mé ar an seanstáisiún ginte leictreachais i nGlinn Chatha agus mé ag éisteacht leis an gclár Iris Aniar ar Raidió na Gaeltachta ag deireadh mhí an Mhárta.
millte spoilt
" Ba dheacair dom a shamhlú go mbeidh aon áit eile ar an mbealach chomh millte le bruscar is dramhaíl is atá Ailt an Chorráin.
millte, saibhre rich and spoiled
" I measc pheileadóirí millte, saibhre a léirigh níos mó duáilcí na suáilcí go minic, bhí Giggs ina eiseamláir don óige agus ina laoch spóirt den scoth, dar leis an saol.
millte ruined
" Tá sé millte lena mbíonn de fhógraíochta air.
milleadh devastation
" Tuigfidh lucht tógtha na ladrann faoi cheann roinnt blianta, áfach, nuair a thógfar na cúisimh éagsúla chun tosaigh ina n-éadan i gcúirteanna SAM féin, an milleadh agus an scrios a rinne siad in áiteanna ar fud an domhain mar a bhfuil cosmhuintir Mhuslamach beo bocht, cosmhuintir ar neamhní lena gcuid rialtas féin iad cuid mhaith.
Gnáthbhastaird the run of the mill bastards
" Drochbhastaird Seachas Gnáthbhastaird ================== Fíu amháin, i ndiaidh do Rory McIlroy an US Open a bhaint, bhí Bord Turasóireachta Thuaisceart Éireann ar bís ag iarraidh tógáil ar an dea-phoiblíocht a chruthaigh an galfadóir catach ach i bhfaiteadh na súl, bhí an dóchas sin ina smidiríní agus buamaí peitril á gcaitheamh, ionsaithe á ndéanamh ar an PSNI, fuath agus foréigean á nochtadh ar shráideanna Bhéal Feirste agus UVF oirthear Bhéal Feirste taobh thiar de.
milleadh destruction
" Thug na siúlóirí ‘Bóthar na mBrící Buí’ ar an milleadh seo, milleadh atá mar chuid de ‘fhorbairt na háite’! Deir fógra in aice leo: ‘Treoróidh na marcanna buí ar na clocha agus ar bholláin i dtreo thoir thuaidh thú ar ais go cosán rochtana an Oilithrigh.
mhilleadh to ruin
" Gan chomhréiteach, bheadh an tUachtarán Obama in ann a chur i gcoinne na bPoblachtach go raibh siad ag staonadh d’aon ghnó chun a uachtaránacht a mhilleadh, agus go raibh siad ag scriosadh na tíre dá réir.
buailte le hurchar millte suffered a stroke
" Tá obair pháirtaimsireach ag Mija – í ag tabhairt aire do sheanfhear atá buailte le hurchar millte.
milleadh mór great damage
" Rinneadh iarracht briseadh trí thródam gardaí ach theip orthu, cé go ndearnadh milleadh mór in áiteanna ó dheas as lár na cathrach.
ag milleadh an domhain destroying the world
" Is minice ráite gur dream uafásach sinn, an cine daonna ag milleadh an domhain, gan trácht ar aon chinéal feabhais, beag nó mór, a bheith tionscanta againn.
millfidh sé a bhfuil de chrainn fuinseoige in Éirinn it shall ruin all of Ireland’s ash trees
" Ach de réir na saineolaithe tá an galar chomh láidir sin go bhfuil seans maith ann go millfidh sé a bhfuil de chrainn fuinseoige in Éirinn.
ba mhó a milleadh mostly that were ruined
" Ach b'ar na ceantracha cósta ba mhó a milleadh.
mhilleadh ruin
" Ach, má dhéanaimid scrúdú le súil ghrinn, ghéarchúiseach ar an gcaoi ina bhfuil cúrsaí spóirt admhóimid gur gá i gcónaí do lucht stiúrtha spóirt a bheith san airdeall ar theacht chun cinn drochthréithe an duine, tréithe atá in ann an spórt a mhilleadh ar na céadta míle duine.
dá milleadh féin ruining themselves
" **SMM: Nár cheart daoibh cruthú thar cinn sa gcéad ollthoghchán eile, tharla Labour a bheith dá milleadh féin le dúnghaois déine Bhanc na hEorpa agus an Choiste Idirnáisiúnta Airgeadaíochta? Mura gcruthaíonn sibh thar cinn, comharthóidh sé go bhfuil rud éicint as alt ar fad, nach fíor dom é?** TÓC: Sílimse gurbh fhearr fás réidh, seasmhach a fheiceáil sa bpáirtí ná fás thar oíche, mar a chonaic mé i bPáirtí an Lucht Oibre san olltoghchán deireanach.
ag gníomhú mar pháiste millte operating like a spoilt child
" 
 Cúpla lá roimhe rinne an tOrd Oráisteach géarcháineadh ar shagart na paróiste, ag baint díoltais amach sular tharla a dhath mar sin is léir go mbeidh an tOrd ag gníomhú mar pháiste millte le linn an tsamhraidh, compordach go leanfaidh an teideal oidhreachta a bhronn ceannairí aontachtacha orthu leis na cianta ar aghaidh go deo na ndeor.
muileann a mill
" (brzeg = bruach, kraj = críoch, krowa = bó (féach crú 7 cró), młynek = muileann, morze = muir, niebo = néal, źródło = sruth, łapa do sniegu (lapa do sneachta) = sluasaid adhmaid a dhéanfá féin le sneachta a chartadh, srl.
mhilleadh ruining
" Bhí bac curtha ar an mbóthar ag na póilíní ansin, ionas nach n-éireodh le léirsiú ar bith féasta sacair FIFA a mhilleadh.
leis an ngin ina broinn a mhilleadh to negate the foetus in her womb
" Níl aon amhras faoi ach gur deineadh éagoir uafásach ar an gcailín óg sin, a bhí ag iompar linbh tar éis a bheith éignithe, nuair a diúltaíodh cead di an tír a fhágáil leis an ngin ina broinn a mhilleadh.
nach millfí ceantair ard áilleachta in order that places of great beauty would not be ruined
" D'fhéadfadh an Bord seo a bheith i mbun beartas náisiúnta a dhréachtadh lena chinntiú go gcuirfí áiteanna faoi leith ar leataobh d'fhorbairt agus nach millfí ceantair ard áilleachta.
Is iomaí páiste ar milleadh a óige many children's childhood was ruined
" Is iomaí páiste ar milleadh a óige agus ar scriosadh a shaol dá dheasca.
d’ainneoin an milleadh go léir despite all the ruination
" Is tábhachtach an ghné dhearfach imshaoil ní mar gheall ar an leas atá ann féin, ach toisc gurb shin é an leithscéal atá an stát ag tarraingt chuige féin ina gcuid blúiríní eolais chuig na meáin chumarsáide, d’ainneoin an milleadh go léir a dhéanann siad chaon bhliain trí Bhord na Móna.
millfí tionscal na turasóireachta sa chathair úd that city's tourist industry would be ruined
" Suntasach go maith, dúnadh fiú Dealbh na Saoirse, go dtí gur tháinig rialtas Nua-Eabhrac i gcabhair, agus faitíos orthu go millfí tionscal na turasóireachta sa chathair úd.
súil le breis a mhilleann an cearrbhach hoping for more spoils the gambler
" ” Ar ndóigh, tá córas an rachmais bunaithe ar an tsaint, ceann de na seacht bpeaca marfach agus meastar nach mbíonn lucht pócair riamh sásta leis an mhéid airgid atá acu— súil le breis a mhilleann an cearrbhach.
mhill na Gradaim orm ruined the awards for me
" Buíon na báine, nó líon beag díobh, is iad a mhill na Gradaim orm i mbliana, mo léan.
an tsaint a mhill an stát seo the greed which ruined this state
" Go príomha is páirtí don meánaicme é Páirtí an Lucht Oibre, an chuid den aicme sin a chreideann gur rud maith é an comhionannas agus nach bhfuil treoraithe ag an tsaint a mhill an stát seo le linn réimeas tubaisteach Fianna Fáil agus an Páirtí Daonlathach.
ag milleadh ruining
" An féidir linn leanacht ar aghaidh ag milleadh gach áit inár dtimpeall?An gcomharthaíonn salachar tinneas intinne a bheith orainn mar dhream? Tugann Donncha Ó hÉallaithe cur síos ar an earrach i gConamara, ach deir sé go bhfuil cuid den mhaitheas bainte as an Earrach ag an bplaisteach dubh, fágtha ina ndiaidh ag feilméirí.
ag milleadh na ndaoine ruining the people
" Bhí dáréag glic a d'fhan in uaimh le barr tuisceana gurb í an fhearthain a bhí ag milleadh na ndaoine.
baol an urchair mhillte in danger of a stroke
" Tá roinnt cásanna cúirte ag cur Balor i gcontúirt casadh aigne nó fiú baol an urchair mhillte.