Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
millte spoilt
" Mar a bheadh páiste millte ann ar thiontaigh a thuismitheoirí ina éadán, tá mearbhall ar Trimble.
bpeataí millte spoilt pets
" Tugann Síle Fisher, bean as Ciarraí o dhúchas, an-chuid cabhrach dó agus bíonn muid ag éisteacht le leithéidí Martin Hayes, Nomos, Lúnasa, Solas, Danú agus Dervish! Tá muid inár bpeataí millte acub! Bhí mé thart fá ocht mbliana is fiche d'aois ag an am sin.
millte ruined
" Ach, tá rud amháin soiléir, is é sin go bhfuil cúrsaí spóirt millte uair amháin eile ag airgead agus saint agus nach bhfuil sa scéal seo faoin mbainisteoir ach sampla amháin eile den "Capall*ology*" a bhaineann le cúrsaí spóirt uaireanta! *Is múinteoir scoile é Colm Mac Séalaigh a bhfuil cónaí air i mBaile Átha Cliath.
millte spoilt
" "Bhí mé saghas millte mar phaiste," a deir sé, "toisc gur samhlaíodh Baile Phib mar cheantar garbh ag an am sin.
millte as éadan totally ruined
" Mar is é an comhthoradh is mó atá ar an tsíorthógáil seo ná go bhfuil stráicí móra den tírdhreach is deise ar domhan millte as éadan againn.
millte ag an ollturasóireacht. spoilt by mass tourism.
" Ach i mo thuairimse, tá an ceantar seo millte ag an ollturasóireacht.
bhí sé mar a bheadh déagóir millte ann. he was like a spoiled teenager
" Dímhúinte, droch-dhearcadh – bhí sé mar a bheadh déagóir millte ann.
millte ruined
" Chuir siad siúd é ar ais chuig Enda, ag rá nach raibh sé cosúil le cód ar bith a chonaic duine ar bith acu riamh, agus ag gearán go raibh seacht gcinn de na ríomhairí ba chumhachtaí ar domhan millte acu agus iad ag iarraidh an cód a bhriseadh.
millte ruined
" Go deimhin deir an leabhar go bhfuil stráicí móra de Chontae Dhún na nGall millte ag easpa pleanála: “*cashed-up Dublin developers building holiday homes in some of Donegal’s most pristine beauty spots.
dtithe millte ruined houses
" Tá an láib uileláithreach i gcónaí agus tá eagla ar mhuintir na háite roimh lucht gadaíochta atá ag creachadh na dtithe millte.
millte ruined
" An Daingean ======= **SMM: Ach an Daingean agus thart sa taobh sin, tá fógraí bóthair millte, sa Ghaeltacht féin** BNC: Ní dóigh liom gur cheart dóibh é sin a dhéanamh.
Millte ag Muilte ruined with turbines
" Millte ag Muilte? ========= Chuimhnigh mé ar an seanstáisiún ginte leictreachais i nGlinn Chatha agus mé ag éisteacht leis an gclár Iris Aniar ar Raidió na Gaeltachta ag deireadh mhí an Mhárta.
millte spoilt
" Ba dheacair dom a shamhlú go mbeidh aon áit eile ar an mbealach chomh millte le bruscar is dramhaíl is atá Ailt an Chorráin.
millte, saibhre rich and spoiled
" I measc pheileadóirí millte, saibhre a léirigh níos mó duáilcí na suáilcí go minic, bhí Giggs ina eiseamláir don óige agus ina laoch spóirt den scoth, dar leis an saol.
millte ruined
" Tá sé millte lena mbíonn de fhógraíochta air.
buailte le hurchar millte suffered a stroke
" Tá obair pháirtaimsireach ag Mija – í ag tabhairt aire do sheanfhear atá buailte le hurchar millte.
ag gníomhú mar pháiste millte operating like a spoilt child
" 
 Cúpla lá roimhe rinne an tOrd Oráisteach géarcháineadh ar shagart na paróiste, ag baint díoltais amach sular tharla a dhath mar sin is léir go mbeidh an tOrd ag gníomhú mar pháiste millte le linn an tsamhraidh, compordach go leanfaidh an teideal oidhreachta a bhronn ceannairí aontachtacha orthu leis na cianta ar aghaidh go deo na ndeor.