Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
Mercanna Aireachta ministerial Mercs
" An baol a bheadh leis an straitéis sin ná go bhféadfadh an chuma a bheith ar an scéal go raibh siad sásta dul isteach sa leaba le páirtí ar bith ar mhaithe leis na Mercanna Aireachta a fháil.
ordú aire ministerial order
" Bheadh duine eile de na robálaithe, Joe Dillon, sa phríosún muradh botún a deineadh in ordú aire agus é á aistriú ó Phríosún Mhuinseo go Port Laoise.
ordú aire ministerial order
" Gabhadh arís é tamall ina dhiaidh sin ach an uair seo, agus é á aistriú ó Phríosún Mhuinseo go Port Laoise, deineadh botún in ordú aire agus bhí sé saor arís.
cinneadh aire ar bith any ministerial decision
" Is mian leo rialacha úra a thabhairt isteach le go dtiocfadh le 30 ball den Tionól "*petition of concern*" a iarraidh, rud a stopfadh cinneadh aire ar bith go dtí go bhfaigheadh an cinneadh sin "tacaíocht trasphobail.
liúntais Aireachta ministerial allowance
" Cuimsíonn na costais bhreise seo taisteal agus cothabháil, liúntais Aireachta agus costais ghutháin.
shaol aireachta ministerial life
" Grád: D Martin Cullen (An tAire Ealaíon, Spóirt agus Turasóireachta): Tá bás mall, pianmhar i ndán dá shaol aireachta.
Aireachta ministerial
" Lena chois sin, baintear úsáid go fíorannamh as an CASA (ar chostas €2,821 san uair) mar chúltaca don tSeirbhís Aerthaisteal Aireachta, agus tá na turais sin san áireamh san anailís seo.
ag gnóthú aireachta winning a ministerial position
" D'fhreastail sé ar an Seanad arís ó 1983 go dtí 1987 nuair a fuair sé an lámh in uachtar ar Coogan an iarraidh seo agus ar ais leis chun na Dála, ag gnóthú aireachta dó féin, Gnóthaí Pobail, Comhionannais agus Gaeltachta agus é i gceannas air nuair a bunaíodh Teilifís na Gaeilge (TG4 inniu) i 1996, beart a bhfuil sé an-mhórtasach as.
aireacht shinsearach senior ministerial position
" In ainneoin go bhfuil sé anois nócha is a seacht bliain d’aois; in ainneoin go bhfuil na blianta fada caite aige mar ghiolla umhal uiríseal do Pháirtí na Léinte Gorma, agus d’iliomad ceannairí ar an pháirtí sin; in ainneoin nach bhfuair sé fiú anois aireacht shinsearach, bíonn fáthadh an gháire i gcónaí air.
d’éirigh sé as an aireacht he left the ministerial position
" Cé gur thaitin sé go mór leis a bheith ag bualadh le ceannairí mór le rá agus é ag taisteal fud fad na cruinne, d’éirigh sé as an aireacht tar éis bliain go leith le seasamh i gcoinne Gillard don cheannaireacht.
le linn a príomhaireachta during her prime-ministerial term
" Ba bheag fairsinge a bhain lena pearsantacht dar le Moore, ach creideann sé gur thug sé sin cosaint di le linn a príomhaireachta.
meitheal idir-aireachta curtha ar bun set up an inter-ministerial group
" Is léir gur cur chuige é seo a thaitníonn leis an rialtas reatha a bhfuil meitheal idir-aireachta curtha ar bun chun léirmheas a dhéanamh ar an rochtain atá ag inimircigh ar sheirbhísí poiblí.