Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
níor theip riamh ar bhean an mhisnigh the woman with courage never failed
" Is lú áiseanna agus taithí atá againn ná dreamanna eile go dtí seo ach níor theip riamh ar bhean an mhisnigh! Díograis na ndaoine atá ag obair sna scoileanna an bua is mó atá ar thaobh s'againne.
níor theip riamh ar bhean an mhisnigh the woman with courage never failed
" Is lú áiseanna agus taithí atá againn ná dreamanna eile go dtí seo ach níor theip riamh ar bhean an mhisnigh! Díograis na ndaoine atá ag obair sna scoileanna an bua is mó atá ar thaobh s'againne.
chun a chéile a spreagadh agus a mhisniú to motivate and to encourage each other
" Is mar sin a saolaíodh Iomairt Cholm Cille agus, ó shin i leith, tá an Iomairt taobh thiar de réimse leathan imeachtaí agus tionscadal, a bhfuil an Ghaeilge/an Ghàidhlig istigh ina lár, agus a thugann daoine le chéile as Albain agus as Éirinn (thuaidh agus theas) chun a chéile a spreagadh agus a mhisniú.
Misniú encouragement
" Shábhálamar slam airgid!" Misniú mór a bhí sa bheart seo do bhunadh Íle.
tagann easpa misnigh orm I become disheartened
" Uaireanta tagann easpa misnigh orm ó thaobh mo cheol a cur i láthair mhuintir an cheantair ach caithfidh mé a rá go nglacann siad go hiontach leis.
misnigh hope
" "Ta an cosc ar an tobac i bhfeidhm ansin le bliain anois agus thug sé a lán misnigh dúinne mar go bhfuil ag éirí go maith leis," a dúirt an Dr Grey.
a lán misnigh great encouragement
" Ghabh an tOllamh John Aston ó Ionad Sláinte Poiblí Learphoill buíochas le Maurice Mulcahy agus dúirt Andy Hull gur thug sé a lán misnigh do SmokeFree Liverpool.
easpa misnigh lack of courage
" Dar liom, léirigh na húdaráis easpa misnigh agus easpa cnámh droma agus iad ag plé leis an scéal seo ar fad.
Údar mór misnigh dom it's a source of great hope for me
" Údar mór misnigh dom go bhfuil an fhorbairt chéanna ar siúl i gcuid de na tíortha eile a bhfuil ballraíocht óg fhuinniúil sa CC acu.
misnigh hopefulness
" Críochnaíonn an taispeántas ar nóta misnigh agus dóchais le pictiúir ó Stuart Franklin a líonann an tsúil le ragairne mhic léinn Choláiste na Tríonóide agus iad ag ceiliúradh go croíúil ag a mbál bliantúil.
easpa misnigh lack of courage
" ” Ní raibh easpa misnigh ar bith ar Natasha, áfach, agus smaoinigh sí ar dhóigh le taithí luachmhar oibre a fháil a chuideodh léi post a fháil: oibriú saor in aisce sa ghníomhaireacht ba mhó caidrimh phoiblí sa tír, Carr Communications.
an t-ábhar misnigh is mó the biggest reason to have hope
" Nuair a bhíonn lucht na Gaeilge agus daoine nach iad ag lorg chomharthaí dóchais ó thaobh thodhchaí na Gaeilge de, is annamh nach n-úsáidtear fás na nGaelscoileanna mar an tuar dóchais agus an t-ábhar misnigh is mó.
an t-ardú misnigh the raising of spirits
" Sílim go bhfuil an t-ardú misnigh a thugann rud mar TG4 do phobal beag an-tábhachtach.
ag cailleadh misnigh losing courage
" Tá an chuma ar an scéal go bhfuil an DUP ag cailleadh misnigh agus ag éirí neirbhíseach.
misneodh would encourage
" Mheas sí go misneodh sé na hAlbanaigh agus na Breathnaigh a bheadh ag iarraidh rialtas dá gcuid féin, ach chreid sí gur thábhachtaí cúrsaí slándála agus an bua a fháil ar an IRA.
mba mhisniú would encourage
" An Craoltóir Óg Ní dóigh liom gur féidir a shéanadh dá mbeadh Gaeilge na Leabhar féin ina ceart ag láitheoirí óga raidió agus físe na linne seo, go mba mhisniú agus go mba mhéar ar eolas do go leor de lucht féachana agus de lucht éisteachta na tíre agus an domhain.
mhisniú to encourage
" Mar sin, déanfaidh mé gach iarracht cruthaitheacht agus dianobair a mhisniú.
cheal misnigh for want of courage
" Chuir sé athbhreithniú na dteorannacha Gaeltachta ar an méar fhada, arís is arís, cheal misnigh.
lagar misnigh discouragement
" Meas tú ar tháinig lagar misnigh air riamh? B’fhéidir gur tháinig ach lean sé leis.
mhisniú encourage
" D’fhliuch siad a ngoib le braon de shú na braiche, ar mhaithe leis an bheirt acu a chosaint ó luaithreach na hÍoslainne, agus chun Balor bocht a mhisniú i ndiaidh dó trí lá agus trí oíche a chaitheamh ag an gheata, gan aon ghreim bia ná néal codlata.
ag misniú encouraging
" An bhfuil an tír seo ag misniú na nÉireannach Nua seo ina gcuid teangacha a choimeád agus a chaomhnú don ghlúin eile a thiocfas amach as an gcóras oideachais faoi cheann cúig bliana déag nó scór blianta, meas tú?** SÓhU: Tá ana-chuid fadhbanna ag baint leis an gceist seo.
Is ábhar misnigh it’s an encouragement
" Is ábhar misnigh do lucht Fhianna Fáil go raibh Mícheál Martin roghnaithe ag 31% de na vótairí mar Thaoiseach i gcomórtas le 24% i bhfábhar Gilmore agus 19% i bhfábhar Enda Kenny! Cé nach bhfuil ach 16% ag admháil faoi láthair go vótálfaidh siad d’iarrthóirí Fhianna Fáil sa toghcháin, creidim go mbeidh an leibhéal tacaíochta níos airde ná sin ar an lá agus go bhféadfadh vóta Fhianna Fáil a bheith gar do 25% sa toghcháin, rud a thabharfas 35+ suíochán dóibh.
Easpa Misnigh lack of courage
" Easpa Misnigh ======== **SMM: Sheas vóta Chonamara in aghaidh an Chomh-mhargaidh ag an am, 1972.
breis briseadh misnigh more feeling of defeat
" Breis cur i gcéill, breis airgid amú agus breis briseadh misnigh a bheas de thoradh ar an bpacáiste seo, tá faitíos orm.
misniú an duine encouraging the individual
" Cibé cén gaol atá ag spórt, ceol agus caithimh aimsire le sásamh, agus ní beag an méid é, chaithfeadh sé go mbaineann siad le misniú an duine nuair a theagmhaíos sé le drochscéala nó nuair a bhuailfear mír den mhí-ádh anuas air.
Is mór an gar an focal misnigh a word of encouragement
" Is mór an gar an focal misnigh i gcluais do chomharsan.
Cothú an Mhisnigh encouraging people
"Cothú an Mhisnigh ========= Agus an t-alt macánta seo á dhíleá, is furaist claonadh Mhic Amhlaigh i dtreo an tsóisialachais agus an chumannachais a thuiscint.
An raibh cineál lagar misnigh ar dhaoine was there some loss of spirit
" An raibh cineál lagar misnigh ar dhaoine nuair a d’imigh an Raidió as an áit, meas tú?** PÓMurchú: Bhí! Ara chuir sé lagmhisneach mhór ar mhuintir na Gaeltachta.
mar aon le focail mhisnigh as well as words of encouragement
" Ní hamháin go ndearna na 'chai wallahs' bricfeasta breá blasta a sholáthar ach thug siad lón líonmhar dúinn fosta mar aon le focail mhisnigh don dúshlán a bhí romhainn.
misnigh óg is aosta the courage of young and old
" Tá créacht agus loscadh cléibh eile ag creimeadh misnigh óg is aosta, in Éirinn go háirithe, agus braithim, ceart nó mícheart, go bhfuil ciúnas aduain ina thaobh.
Léaró Dóchais agus Misnigh a gleam of hope and courage
" Léaró Dóchais agus Misnigh ============= Creidim gur eiseamláir í Adele, do ghlúin óg an lae inniu.
mór an t-ábhar misnigh a great inspiration
" Is mór an t-ábhar misnigh don duine ar an tsráid an méid sin.
níor theip ar fhear an mhisnigh the courageous never lost
" Tá obair mhaslach roimh an gcoimisinéir nua áfach, ach níor theip ar fhear an mhisnigh.
a n-easpa misnigh their lack of courage
" Measann Robert McMillen go n-íocfaidh David Trimble agus an UUP go daor as a n-easpa misnigh sa toghchán do thionól Thuaisceart Éireann ar an 26 Samhain.
easpa misnigh lack of courage
" Léirigh an tslí ar cuireadh deireadh le triail na rialacha nua sa pheil Ghaelach le gairid easpa misnigh i gCumann Lúthchleas Gael, dar le Colm Mac Séalaigh.
fear an mhisnigh the courageous person
" Is trua a deir sé, nach raibh an deis seo, My Tobii, ar an bhfód le linn do Christopher Nolan fás aníos, fear a chruthaigh in aghaidh gach constaice nach féidir fear an mhisnigh a chloí.
stiúir a misnigh guiding their confidence
" Ba léir san am sin féin, an chlisteacht sin a thug foireann chaide i ndiaidh a chéile chun tosaigh i gcomórtais ach lámh Mick O Dwyer a bheith ar stiúir a misnigh.
lena gcoinneáil misnithe to keep their spirits up
" ’ Tuigeann Colm Mac Séalaigh go gcaithfidh foireann agus a gcúltaca sa gclub an bua a bhlaiseadh ó am go chéile lena gcoinneáil misnithe.
an-ábhar misnigh great encouragement
" Léaró lucht na Fraincise i ndomhan an Bhéarla? Thug comhdháil in Ottawa an mhí seo caite an-ábhar misnigh do Bhrian Ó Broin i dtaca le gluaiseacht phobal na Gaeilge i Meiriceá Thuaidh.
misnithe go mór greatly encouraged
" Tá Brian Ó Broin misnithe go mór lena bhfuil ag titim amach i saol na Gaeilge i Nua-Eabhrac, go háirithe i bhfianaise a bhfaca sé ag comhdháil litríochta a eagraíodh ann ar na mallaibh.
Mhisnigh encouraged
" Mhisnigh cuairt a thug Brian Ó Broin ar chathair Toronto é go mór.
miotal a mhisnigh the stuff he’s made of
" Tar éis am fada traenála thug Brian Ó Broin faoi dhúshlán san ardchathair a d’fhéachfadh snáithe na matán agus miotal a mhisnigh.