Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
dheamhan a miste liom I don't care
" Nár aifrí Dia orm é - dheamhan a miste liom.
Dheamhan ar mhiste le hIvan Ivan didn't give a damn
" Dheamhan ar mhiste le hIvan - bhí a thearmann féin aige anois agus ba sin an carr.
dheamhan a miste liomsa I couldn't care less
" “Nach bhfuil an t-airgead i do phóca agus dheamhan a miste liomsa mura ndallann sí an doras arís.
nár mhiste leis who wouldn't mind
" Cén duine ciallmhar a bheadh ag iarraidh a bheith ina bhainisteoir ar fhoireann peile nó iománaíochta nó a leithéid ar na saolta seo? Cén cineál duine nár mhiste leis dá ndéanfaí mionanailís agus plé ar a raibh déanta aige gach seachtain sna meáin chumarsáide – na saineolaithe ar an bpainéal, na hiománaithe ar an gclaí, blagodóirí na ríomhairí glúine agus téacsóirí an domhain mhóir ag caint faoi? Amadán, b’fhéidir, nó fealsamh nó fanaiceach, nó gnáthdhuine, seans, ar mian leis a bheith páirteach i gcúrsaí spóirt i ndiaidh dá sheal imeartha féin teacht chun críche.
mura miste leat. if you wouldn't mind
" Balor: Ba mhaith le léitheoirí *Beo Ar Éigean!* léargas inteacht a fháil ar thús do shaoil agus ar d’óige, mura miste leat.
níor mhiste it would be no harm
" Má éiríonn le sin, níor mhiste bainistíocht RnaG agus TG4 a chur ar chúrsa athchóirithe cleamhnais in Oideas Gael.
Níor mhiste no harm
" Má éiríonn le sin, Níor mhiste bainistíocht RnaG agus TG4 a chur ar chúrsa athchóirithe cleamhnais in Oideas Gael.
ceann nár mhiste a chur san áireamh one (a council) best considered
" ” Comhairle mhaith shílfeá, agus ceann nár mhiste a chur san áireamh agus muid ag tabhairt aghaidh ar an ghéarchéim eacnamaíochta reatha.
Ní miste it's no harm
" Aisteach, a Uachtaráin! An-aisteach! Ach cén moladh eile atá agat chun muintir na hÉireann a tharrtháil ón tubaiste, seachas éisteacht leis an Taoiseach agus an Tánaiste? Beairic: An Ghaeilge! Ní miste airgead a chaitheamh ar an Ghaeilge, go háirithe ar na coláistí atá ag freastal ar dhaoine fásta, coláistí i gCúige Uladh go háirithe, iad siúd atá in aice na farraige agus a dtagann lear mór daoine ón iasacht chucu.
dream nár mhiste leo those who didn't mind
" Deis mhór a bhí ann cnap airgid a dhéanamh don dream nár mhiste leo an dlí a bhriseadh.
nár mhiste that it's no harm
" Sílim nár mhiste na trí ráithe, nach mór, atá caite agam i ‘dtír na deise’ a mheas.
ní miste no harm
" Cad é mar atá an saol agat i ndiaidh na dtoghchán? An bhfuil tú fós compordach mar cheannaire ar an tír seo? Biffo: Bhuel, a Bhaloir, ní miste dom a rá ag tús an agallaimh seo nach mise ceannaire na tíre ar chor ar bith.
mura miste leat if you don't mind
" Balor: A Thaoisigh, mura miste leat mé á fhiafraí, cad as a dtiocfaidh na storm troopers seo? Mura bhfuil siad le híoc, cá raibh siad am an toghcháin? Má tá siad le híoc, cé atá chun é sin a dhéanamh? Agus cad leis? Agus ceist níos práinní fós, cén áit a bhfaighidh tú fiche míle camán ag an am seo den bhliain, nuair nach bhfuil traenálaithe na bhfoirne iomána in ann cúpla camán sa bhreis a aimsiú ar eagla a mbriste? Biffo: Ceist mhaith, a Bhaloir.
mura miste leat if you don't mind
" Fágfaimid mar sin é, mura miste leat.
ní miste no harm
" ” Ní féidir an fhianaise go léir a scagadh anseo, ach ní miste rud spéisiúil amháin a lua.
Níor mhiste it wouldn't be any harm
" Forbairt Aiceanta Inbhuanaithe Níor mhiste i gcónaí, ar ndóigh, teann a bheith ar ár gcúl againn in am an ghátair.
nár mhiste it'd be no harm
" Go tobann rith sé liom nár mhiste rothaíocht thairis go dtí Marin County, an leithinis shaibhir atá ceangailte le San Francisco ag an droichead.
Níor mhiste no harm to
" Le Deich mBliana Anuas Níor mhiste cúpla dáta a roinnt anseo le go dtuigfear an mhoilleadóireacht atá i gceist agam: Aibreán 1999: Dúirt Éamonn Ó Cuív sa Dáil (29/04/1999), mar Aire Sóisearach na Gaeltachta, go raibh "issues as regards Gaeltacht boundaries on which we will have to bite the bullet ".
níor mhiste a rá it's no harm to say
" Ba sna nuachtáin Bhéarla a tharla an díospóireacht faoi chostaisí aistriúcháin agus cearta bunreachtúla phobal na Gaeilge agus níor mhiste a rá go raibh cuid de bunaithe ar aineolas is ar chlár oibre folaithe.
níor mhiste it'd be no harm
" Agus deireadh bliana eile buailte linn, níor mhiste roinnt machnaimh a dhéanamh ar staid an domhain.
Níor mhiste it'd be no harm
" Níor mhiste don CLG teacht ar sheifteanna chun an chonstaic sin a shárú ar nós gan na clogaid a bheith á gcaitheamh le linn an mhórshiúil roimh an gcluiche mór.
níor mhiste it'd be no harm
" I bhfocail eile, daoine a thosaigh ar scoil idir lár na gcaogaidí agus lár na nóchaidí is mó a bheadh san fhórsa oibre i 2006 agus níor mhiste a rá go raibh rogha na gaelscolaíochta teoranta go maith i gcaitheamh formhór an ama sin.
Níor mhiste it'd be no harm
" Níor mhiste dá réir sin aird a thabhairt ar a bhfuil le rá acu más mian linn tionscal na turasóireachta a chaomhnú nó a fhorbairt.
Ní miste it's no harm
" Ní miste dóibh siúd a shaothraíonn an tsíocháin cuimhneamh air sin: gurb ann fós dá leithéid d’olc agus go mbeidh síorthroid ina éadan.
ní miste it's no harm to
" Ós ag caint ar a leithéid atá mé, ní miste cuimhniú ar cheannródaithe eile a bhí gníomhach sa ghort céanna: is ábhar iontais dúinn an méid amhrán a chruinnigh Énrí Ó Muirgheasa i dTír Eoghain agus in oirthear Dhún na nGall dá dhá shaothar a tháinig i dtús cadhnaiochta, Céad de Cheóltaibh Uladh agus Dhá Chéad de Cheóltaibh Uladh agus an t-ábhar a fuair an Canónach Coslett Ó Cuinn atá á chur os ár gcomhair i rith an ama.
ní miste it's no harm
" Bradán Beatha an Bhronco === Ar cheann de na focail is minice a luaitear i dtaobh Maradona is ea bronco agus ní miste breathnú níos doimhne ar a bhfuil i gceist leis an bhfocal seo i gcaint Spainnis na hAirgintíne, arae tugann sé léargas an-mhaith dúinn ar an cineál duine atá i Maradona.
Ar mhiste leat would you mind
" Agus an braon deireanach ag sileadh de bhéal an dara buidéil *Jameson 15 Year Old Reserve*, dúirt Balor go dtosódh sé le roinnt ceisteanna boga, chun Dermo a chur ar a shuaimhneas: **Balor: Ar mhiste leat a rá liom, a Ardeaspaig, an raibh bean agat riamh?** Dermo: Bhuel, a Bhaloir, seachas mo mhamaí agus mo chuid deirfiúracha, bhí cúpla aintín agam agus bean tí thall is abhus nuair a bhí mé i mo shagart cúnta.
Níor mhiste a rá it wouldn’t be wrong to say
" Níor mhiste a rá gur plean é seo atá mantach go leor i gcomórtas lena bhfuil faoi chaibidil in Éirinn.
Ní miste a rá it’s no harm to say
" Ní miste a rá gur mór an sú a bhain Balor Beadaí as an dá tháirge áirithe sin le linn dó a bheith thall.
mura miste leat please
" *“How do you like your steak, sir?”* a d’fhiafraigh an lucht freastail de arís agus arís eile, ach ba é an freagra céanna a bhí ag Balor gach aon uair: *“Hanging over the side of the plate,* mura miste leat, a dhuine chóir, agus déan deifir, maith an fear!” Ba é an dá mhar an chéile é i dtaca leis an bheoir: *“Would you like a pitcher of beer for the table, sir?”* “Níl tart ar bith ar an tábla le hais an tarta atá ormsa, a húirín.
ní miste no harm
" ” Inis Iathghlas na nIarbhaincéirí ================ Agus ós ag caint dúinn ar an reachtas úr in Éirinn, ní miste do Bhalor tagairt a dhéanamh do chuairt na Banríona Eilís II ar Oireachtas na Gaeilge i gCill Airne.
mura miste leat if you don’t mind
" Beidh an sneachta mar phluid teasa acu, mura miste leat, go gcloise an mada rua iad! Bíonn tolláin déanta acu agus bíonn siad suas síos tríd na tolláin faoin mbrat mór sneachta.
ar mhiste leat would you mind
" “Maith dom, a mhórgacht, ach ar mhiste leat mé ag cur agallaimh ort?” “Cé atá ann?” a d’fhiafraigh Enda, agus é ag iarraidh teacht chuige féin ó áilleacht na físe a bhí aige.
Ní miste it’s no harm
" Ní miste ar dtús an beartas a scrúdú go mion agus go cruinn, agus féachaint céard iad na giotaí de a bheidh le caitheamh i dtraipisí… **Balor: “Ach, a Thaoisigh, dúirt tú ó thús go raibh an beartas sin daingean dobhogtha do-athraithe; ach tá tú ag rá linn anois go mbeidh píosaí de le caitheamh amach?”** Enda: “Tá an ceart ar fad agat, a Bhaloir.
níor mhiste it’s no harm
" Tharla go bhfuil roinnt taighde déanta ar ghné den ábhar cheana féin agus gur cuireadh torthaí, as tíortha atá inchomórtais le hÉirinn, i láthair i mBaile Átha Cliath 22-24 Aibreán 2004, gur fhoilsigh Ollscoil na Banríona, Béal Feirste, an t-eolas sin sa bhliain 2006 faoin teideal *‘Voces Diversae: Lesser-Used Language Education in Europe*’, níor mhiste aird léitheoirí BEO a tharraingt ar bhlaisín den eolas sin.
ní miste breathnú it’s no harm to look
" ”* Ach maidir leis an réabadh agus an marú a tharraing na muirthéachtaí síochánta anuas ar mhuintir an Mhéanoirthir i mbliana, ní miste breathnú níos doimhne ar alt a scríobh Lewis i 1992 dar teideal *“Rethinking the Middle East.
Níor mhiste it’d be no harm
" Níor mhiste d’easaontóirí an réigiúin cuimhneamh ar fhocail Sheldon Adelson freisin.
Ní miste it’s no harm
" Is caoithiúil tuismitheoirí a spreagadh i leith an tumoideachais an tráth seo bliana, san am a mbíonn fuadar faoi cén scoil sa cheantar a rachaidh ár naíonán ag deireadh an tsamhraidh? Ní miste an fhírinne lom a inse, gur i dtuilleamaí na haon teanga amháin a bhíonn gasúir i gcóras scolaíochta an Bhéarla.
mura miste leat if you don’t mind
" ” Beairic Mhicí Johnny ========= “Anois, a Bheairic, an cheist dheireanach, mura miste leat.
mura miste leat an meafar if you permit the metaphor
" Baineadh sé le dearcadh creidimh na bProtastúnach nó ná baineadh, ba é an chóir fhioscach riamh an chloch ba mhó ar a bpaidrín (mura miste leat an meafar!).
ní miste leat téacs text doesn’t bother you
" Gan amhras, má tá tú ag léamh an ailt seo, ní miste leat téacs.
níor mhiste must
" Má tá aon tíocht aniar le bheith ann dóibh, níor mhiste don phobal áitiúil caoi a chur orthu féin agus an áit a ghlanadh suas sara ndéantar iarracht na turasóirí is na cuairteoirí a mhealladh chun na háite.
ní miste dó he won’t mind
" Gidh ea, ní miste dó tagairt bheag a dhéanamh dá Mórgacht Ríoga Impiriúil Chorgiach agus don fhear a raibh sí ag brostú abhaile as Éirinn chun an leaba a chóiriú dó i dTeach Buckingham.
nár mhiste leo they wouldn’t mind
" 
I dtaighde a rinne an Coimisiún Comhionannais, dúirt 5% de na daoine a d’fhreagair nár mhiste leo dá mbeadh duine de chreideamh eile ag obair ina dteannta ach bhí dearcadh diúltach ag 21% den suirbhé i leith homaighnéasaigh agus leisbiaigh.
Shíl mé nár mhiste caidéis a chur I felt it’d be nice to have a chat
" Shíl mé nár mhiste caidéis a chur orthu.
ar mhiste leis would he mind
" Nuair a theastaigh ó ghlúin nua tabhairt faoi arís sna seascaidí, an chéad rud a rinneadar, chuireadar Pádraig Ó hIrghile ag fiafraí d'Éamon de Valera ar mhiste leis dá dtógfaí an leacht.
Níor mhiste it’d be no harm
" Níor mhiste mar sin a fhiafraí cé mhéid eolais go díreach a bhí ag bord Mheitheal Forbartha na Gaeltachta faoi na cleachtais a bhí ar bun ag an eagraíocht phobail Ghaeltachta sin sular chinn siad éirí as trádáil ar an 7 Meán Fómhair seo caite de bharr dócmhainneachta.
níor mhiste it’d be no harm
" Le go dtarlóidh sin, níor mhiste idé-eolaíocht nua náisiúnta a fhorbairt is a chur i lár an allagair phoiblí.
nár mhiste dá bhrí sin it’d be no harm therefore
" ) agus nár mhiste dá bhrí sin na daoine atá freagrach as ullmhú foirne a íoc freisin.
Ní miste dom no harm if I
" Bail In 2 ==== **Balor:** Ní miste dom a admháil nach dtuigim é seo ar chor ar bith, a fheara.
ní miste it’s no harm
" Éireannaigh na hAlban, ní miste dóibh cuimhneamh nach amháin gur Éireannaigh iad ach gur Gaeil iad fosta agus tacú lena macasamhail eile ar neamhchead datha, teanga is creidimh.
níor mhiste it’d be no harm
" Sna saolta deireanacha seo má tá feidhm cheart le bheith ag an teach níor mhiste rogha barainneach a dhéanamh faoi cé a cheapfar nó a thoghfar ina gcomhaltaí.
níor mhiste it’d be no harm were
" Ar mhaithe le pleanáil teanga agus i bhfianaise na Straitéis Fiche Bliain, níor mhiste go mbeadh go gcuirfí ceist sa chéad Daonáireamh eile, le fáil amach an mó teaghlach ar fud an stáit ina bhfuil an Ghaeilge á labhairt mar theanga baile.
Murar Mhiste if it were not
" “Ní bheidh mórán de theacht isteach againn ón mhuirear sin!” Murar Mhiste ===== Ar na buntáistí is mó atá ag an tír i láthair na huaire, seachas muintir na Síne a bheith mar dhlúthchairde againn, tá na hacmhainní nádúrtha is fearr san Eoraip.
ní miste dom a mhaíomh it’s no harm for me to claim
" Anois, sula dtosaíonn léitheoirí Beo Ar Éigean! ag cur briathra i mbéal Bhaloir, nó ag cur drochghníomhartha i leith an Chomhrialtais, ní miste dom a mhaíomh nach bhfuil sé ar intinn ag Rialtas na hÉireann muirear a ghearradh ar an aer úr… ach amháin mar a bhaineann le cuairteoirí.
cé nár mhiste although it’d be no harm
" Maidir leis an iomáint, tá súil agam nach smaoineofar ar an leasú céanna a dhéanamh, cé nár mhiste bealach nó bealaí a aimsiú le cabhrú leis na maoir an riail mar atá sí a chur i bhfeidhm go cóir agus go cothrom.
níor mhiste duit it’s be no harm
" Sula bhfaighfidh tú deis cheart socrú isteach i do phost úr mar sin, níor mhiste duit mar chéad chúram iarracht mhór a dhéanamh tionchar dearfach a imirt ar an phróiseas.
Ní miste dúinn we have to
" Ní miste dúinn ár ndícheall a dhéanamh solas an chreidimh chirt a shoilsiú ar dhílseánaigh bhochta an Phápa.
níor mhiste an cheist a chur it would be no harm to ask
" Ach le hairgead gann na laethanta seo, níor mhiste an cheist a chur, an bhfuil an tairbhe is fearr á baint as Scéim na gColáistí Gaeilge, ar mhaithe leis an nGaeilge? Creidim nach bhfuil.
nár mhiste iarracht níos fearr a dhéanamh a better effort ought to be made
" Ina áit sin, feictear dom nár mhiste iarracht níos fearr a dhéanamh dul i bhfeidhm ar dhaoine óga le Gaeilge measartha líofa acu cheana, bíodh sí acu ón scoil nó ón baile, sa gcaoi is go mbeidh sé tarraingteach dóibh a bheith ina nGaeilgeoirí, ’sé sin ina chainteoirí laethúla Ghaeilge lena gcairde.
Ní miste a lua it’s no harm to mention
" Ní miste a lua gur do dhaoine ó thíortha lasmuigh den AE amháin atáimid ag tagairt agus ceist na hinimirce neamhdhleathaí san AE á plé.
Ní miste dúinn we’d prefer
"Ní miste dúinn an t-oileán seo a choinneáil glan agus geanmnaí,” a dúirt Rí an Oileáin.
Ní miste domsa iad a chosaint I must protect them
" Ní miste domsa iad a chosaint ar gach olc, ar gach doghníomh agus ar gach aimhleas.
Níor mhiste an cheist a chur no harm to put the question
" Níor mhiste an cheist a chur fosta an bhfuil a leithéid de choinníoll leatromach i bhfianaise na ndlithe déine a chuireann cosc ar idirdhealú ar bhonn aoise i réimsí eile de shaol na hÉireann? Níor mhiste amharc ar thréimhse feidhme an Uachtaráin fosta.
ar mhiste leat would you mind
" Ach ar dtús, ar mhiste leat an buinsín gairleoige sin a bhaint de do mhuineál.
Ar mhiste leat do dhearcadh a mhíniú dom would you mind explaining yourself to me
" Ar mhiste leat do dhearcadh a mhíniú dom, le do thoil?” “Á a Bhaloir, ní chreideann tú gach rud a léann tú sna nuachtáin, an gcreideann? Caidé atá siad ag rá fúm anois? Nó caidé atá Enda ag cur i mo leith anois?” “Níl ann ach an fhírinne lom, a Angela.
Níor mhiste sin that’d be no harm
" Níor mhiste sin, más féidir aird a dhíriú ar an ngéarchéim teanga sna pócaí Gaeltachta atá fágtha, tar éis 90 bliain d’ár rialtas féin.
Ar mhiste leat would you mind
" **Balor: Ar mhiste leat mé ag cur ceiste ort faoi chúrsaí oideachais, a Chú Chulainn? Cén áit a ndeachaigh tú ar scoil?** Cú Chulainn: Scoil? Scoil? Ní raibh mise riamh ar scoil? Piteoga agus Caitlicigh agus Náisiúnaithe agus Poblachtaigh a théann ar scoil, Bhaloir.
níor mhiste ceann a thabhairt it’d be no harm to take heed
" Ach ar eagla go mbeadh pobal na Gaeilge róshócúlach faoina mbua, níor mhiste ceann a thabhairt don mhéid a bhí le rá ag an Aire Oideachais, Ruairí Quinn, anuraidh.
B’fhéidir nár mhiste perhaps it’d be no harm to
" Neamhiontas a Dhéanamh de Ghné Éigin den Dearcadh Coiteann ======================= B’fhéidir nár mhiste tuairim Paul Feyerabend i dtaca le ‘dul chun cinn’ na heolaíochta a thabhairt chun cuimhne sa chás seo, leis.
níor mhiste dóibh aird a thabhairt ar they’d need to consider
" Má tá fíorspéis ag Sinn Féin san athmhuintearas, níor mhiste dóibh aird a thabhairt ar a raibh le rá ag náisiúntóir Protastúnach, Earnán de Blaghd, ina leabhar Briseadh na Teorann.
B’fhéidir nár mhiste perhaps it’d be no harm to mention
" B’fhéidir nár mhiste an coincheap seo, grá, a shoiléiriú ábhairín anois.
ní miste dom ceist bheag bhídeach a chur ort it’s no harm to quiz you on just one small thing
" Tá mé chun rith síos go dtí an bhialann Iodálach ar an choirnéal… Ceist Neafaiseach go Maith ======= **Balor: Ní maith liom cur isteach ort, a Richie, agus tú faoi lán seoil, ach ní miste dom ceist bheag bhídeach a chur ort: caidé an tuarastal atá agat féin, nuair a chuireann tú na dúthrachta airgid san áireamh?** Richie: Arú, a Bhaloir, dúirt tú nach gcuirfeá an cheist sin orm.
Níor mhiste a rá, áfach it’d be no harm to say however
" Níor mhiste a rá, áfach, nach bhfuil aon ní greanta i gcloich go fóill agus tá neart ama ag na heagrais Ghaeilge agus ag tuismitheoirí gur cás leo an t-oideachas lán-Ghaeilge a chur ina luí ar an Aire Quinn agus ar a gcuid iondaithe tofa go bhfuil a mhalairt de shlí ann.
níor mhiste a chuimhneamh it’d be no harm to remember
" Sa chomhthéacs sin, níor mhiste a chuimhneamh gur ceadmhach go fóill idirdhealú a dhéanamh de réir sainmheon creidimh.
Níor mhiste athruithe a dhéanamh it’d be no harm to make changes
" Níor mhiste athruithe a dhéanamh i modhanna oibre an tSeanaid.
Ní miste dom a bheith cúramach lena n-ithim I have to be careful what I eat
"Ní miste dom a bheith cúramach lena n-ithim,” a mhínigh sí.
munar mhiste leo if that’s okay with them
" Mholfainn aghaidh a thabhairt ar na Meiriceánaigh, munar mhiste leo, agus snas Corcaíoch a chur ar Salem Arthur Miller nó The Best Man de chuid Gore Vidal.
mura miste leat if you don’t mind
" Leabhar a scríobh mé féin, mura miste leat, an dara ceann: *Hidden History: Irish in Liverpool* / An Ghaeilge i Learpholl (ISBN 9780956452719; ar £5) agus tá sé le seoladh Dé Sathairn 12 Deireadh Fómhair san iarsmalann ag an *Pier Head*, Learpholl ag 3 i.
diabhal ar mhiste liom I don’t mind if I do
" (Céard a déarfadh an fear aniar ach 'diabhal ar mhiste liom'.
nár mhiste le státseirbhíseach nó beirt a civil servant or two wouldn’t mind
" B'fhéidir nár mhiste le státseirbhíseach nó beirt de chuid na linne seo dá mbeadh an chinniúint sin i ndán do Mhícheál freisin: ní cheileann 'Roy Keane na Gaeilge' an mhífhoighid atá air faoin státchóras, faoin gcaoi a múintear an teanga, ná faoin bpolaitíocht áitiúil i gConamara.
Níor mhiste it’d be no harm
" Níor mhiste dá scríobhfadh léitheoirí BEO faoina gcuid eachtraí féin faoi bhun an ailt seo, mar is cóir go dtuigfimis cé chomh forleathan, nó a mhalairt, atá na heachtraí teanga seo.
shíl mé nár mhiste I thought it’d be no harm
" Agus nuair a tharla i gcomhluadar mé le Peggy Seeger le deireanas, shíl mé nár mhiste cúpla ceathrú den amhrán a rá di, mar is ise agus Ewan Mac Coll a rinne an buntaifeadadh do Topic Records sna seascaidí.
níor mhiste a mheabhrú don it’d be no harm to remind the
" Ach níor mhiste a mheabhrú don Chonradh nach ar mhaithe le dlithe na hEorpa a bheith ar fáil i nGaeilge a bhí mise, agus cuid mhaith eile, ag máirseáil i mBaile Átha Cliath ar an 15 Feabhra agus arís i gConamara ar an 23 Feabhra.
Níorbh mhiste it’d be no harm
" Níorbh mhiste don Foras muinín a chur sna díograiseoirí an chéad uair eile.
Níor mhiste it'd be no harm
" Níor mhiste ábhar an ailt seo le PJ Mac Gabhann as an bhFrainc a chur i gcomórtas le halt as an Astráil (le Bearnaí Ó Doibhlin) san eagrán céanna seo.
mura mhiste leat if you please
" Ag bun thuas an domhain ó dheas a bhí Pat Butler ag scagadh na scannán an iarraidh seo! D’fhreastail sé ar Fhéile Scannáin Sydney, mura mhiste leat.
ní miste súil a chaitheamh ar ais it’s no harm to look back
" Má bhíonn siad ag faire orainn, ní miste súil a chaitheamh ar ais orthu.
mura miste leat if you don’t mind
" Is é sin, ceist Deán na Spéire, mura miste leat, nó an cainéal Sky.