Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
bpeaca marfach mortal sin
" An é go mbeidh Sotheby's ag díol na n-éadaí thuasluaite ar ceant i gceann cúpla bliain? Bhíodh Mart and Market ar an raidió ag tabhairt phraghas na mbeithíoch dúinn - an mbeidh praghas g-string Lizzie á fhógairt ag an BBC lá de na laethanta seo? Admhaím freisin, agus thug an sagart 20,000 coróin Mhuire dom ar an bpeaca marfach seo sa bhfaoistin, go raibh mise ag an Trooping of the Colour agus in Ardeaglais Naomh Pól nuair a bhí Micko's army ar an bpáirc sa Choiré in iomaíocht leis an Spáinn, ag iarraidh onóir Phoblacht na hÉireann a chosaint.
mbuille marfach mortal blow
" Sin ráite, ní shamhlaím na toghcháin a bheith ina mbuille marfach ag an Taoiseach.
buille marfach mortal blow
" Meastar nach bhfuil aon driopás ar an DUP socrú a dhéanamh roimhe sin le go dtig leo buille marfach, an *coup de grace*, a thabhairt do pháirtí Trimble agus seasamh s'acu féin a dhéanamh do-ionsaithe.
peaca marfach mortal sin
" An peaca marfach é seo a rá? An bhfuil seans ann go raibh an bealach oibre a d'úsáid Foras na Gaeilge le cúpla mí anuas, agus a chothaigh oiread conspóide, go raibh sé ceart? Nach bhfuil orthu bheith údarásach agus seiftiúil le hathruithe a bhaint amach? Tá na struchtúir chéanna agus na bealaí oibre céanna ag na príomheagraíochtaí Gaeilge le blianta fada anois agus b'fhéidir go bhfuil sé in am don Fhoras iad a spreagadh le hathruithe radacacha a chur i bhfeidhm.
Peaca marfach mortal sin
" MÁNAS: Peaca marfach a bheadh ann iad a chur thar teorainn ar ais — gan a gcuid airgid a thógáil uathu.
i mbaol báis in mortal danger
" Theastaigh uaidh teacht i gcabhair ar na créatúir bhochta a bhí i mbaol báis sa túr, áfach, agus léim sé ar cheann de na hinnill dóiteáin a bhí ag dul ansin.
i mbaol báis in mortal danger
" Thug Andy Hull ó Smoke Free Liverpool “a woolly compromise” ar an Pháipéar Bán agus dúirt sé go mbeidh freastalaithe i dtithe tábhairne i mbaol báis go fóill mar gheall ar chaitheamh fulangach.
peaca marfach mortal sin
" Gach seans go sílfidh daoine áirithe gur peaca marfach é leabhar mar seo a fhoilsiú i mBéarla.
peaca marfach domhaite an unforgiveable mortal sin
"peaca marfach domhaite é gan nuachtán laethúil a bheith ag pobal na Gaeilge.
peaca marfach mortal sin
" Mura bhfuil Aontachtaithe sásta a admháil nach peaca marfach é lámh Chaitlicigh a chroitheadh, cén seans atá ann go ndéanfaidh siad comhobair fhiúntach le Sinn Féin? Dúirt Martin McGuinness, mar shampla, gur dhiúltaigh Peter Robinson comhráiteas a bheadh scríofa ag an bheirt acu a chur amach ag gabháil comhghairdis le foireann shinsir Thír Eoghain a bhain craobh na hÉireann i mí Mheán Fómhair.
marfach killer, mortal
" Tá na milliúin dollar tugtha isteach ag an Lance Armstrong Livestrong Foundation a bhfuil sé mar aidhm aige an galar marfach a chloí.
marfacha mortal
" asp) Cé go raibh sé liostáilte ag an Eaglais Rómhánach i measc na bpeacaí marfacha ón tús, níor éirigh leis an gCríostaíocht saint daoine a mhaolú ariamh.
bpeaca marfach mortal sin(s)
" Ar ndóigh, tá córas an rachmais bunaithe ar an tsaint, ceann de na seacht bpeaca marfach, de réir an tseanteagaisc Chríostaí, a mhúintí fadó ar scoil.
mbaol báis mortal danger
" Cé go raibh buataisí éadroma orthu, trealamh don samhradh a bhí ann, agus níor thuig siad go mbeadh siad i mbaol báis ar an bharr gan crobh oighir agus piceanna oighir acu.
peacaí marfacha mortal sins
" Má fhaightear amach go bhfuil peacaí marfacha ar anam an DUP, thiocfadh leis an tóin titim as an pháirtí.
marfacha mortal
" Tá figiúir éagsúla cruinn thart air sa chúlra agus seasann gach ceann acu do cheann de na peacaí marfacha.
gcith marfach mortal hail
" Agus tá ’s ag éinne againn atá ar an eolas, nach múchfar an splanc sin go dtí go dtiomáinfidh siad isteach i gcith marfach piléar an luíocháin ‘gabhála’ ar deireadh, i Model ‘A’ Ford, más buan mo chuimhne - cith piléar a réitigh an Texas Ranger Frank Hamer mar bheart díoltais is mar mharbhna comhcheoil dóibh araon.
peacaí marfacha mortal sin
" Ní bhíonn orthu siúd dul chuig faoistin ná chuig Aifreann, agus níl peacaí marfacha acu.
mbaol beatha mortal danger
" Téann Aoife agus an Garda Réamonn Seoighe araon i mbaol beatha de réir mar dhruideann an tóir chun buaice.
Baol Báis mortal danger
" Baol Báis ==== Is é an AQMI atá taobh thiar d’fhuadach an tseachtar oibrí de chuid an chomhlachta Areva an mhí seo caite, ar Francaigh cúigear díobh.
faoi bhagairt an bháis in mortal danger
" Tréimhse an-deacair dá shaol a bhí ann ag an am, agus bhí teaghlach Mandelbrot thíos leis an mbochtanas agus bhíodh faoi bhagairt an bháis go minic.
choimhlint mharfach a chosc stopping mortal conflict
" Is “eagraíocht neamhrialtasach, neamhspleách, neamhbhrabúis atá tiomanta don choimhlint mharfach a chosc agus a réiteach” é an ICG, dar leis an eagraíocht í féin, ach ní aontódh gach duine leis an gcur síos sin.
básfheachtas mortal campaign
" Scríobh sé freisin mar gheall ar an dlúthnasc a d’airigh sé idir an teanga agus an básfheachtas chun saol síoraí a dh’fháilt ab ea an teanga - agus ní foláir gur rith an nasc seo leis agus focal scoir Íosa á chíoradh.
mórpheacaí marfacha great mortal sins
" Caitheann sé na mórthéamaí uilig isteach sa phota freisin; brí, nó ainbhrí na beatha, iomlánú nó scrios an bháis? Anseo atá na mórpheacaí marfacha chomh maith - uaibhreacht, saint, drúis, fearg, craos, éad agus leisce; cuir leosan cumhacht agus laige an duine.
peaca marfach mortal sin
" Is é an peaca marfach a rinne an fear seo ná gur scríobh sé na focail dhiamhaslacha seo in alt dá chuid: *“Same-sex attraction is simply a facet of the human condition”*.
i mbaol an bháis in mortal danger
" Bhí an leanbh i mbaol an bháis agus dhearbhaigh na dochtúirí go raibh aistriúchán fola de dhíth uaidh go práinneach.
bheith i mbaol a mbeatha in mortal danger
" Ar cheart d'ógánaigh Gorma a bheith i mbaol a mbeatha agus iad ag siúl trí cheantair Geala?
ghalar mharfach mortal disease
" Tá a ndóthain le déanamh ag na hothair féin agus ag na heagraíochtaí a bhaineann leis an ghalar mharfach seo.
ceann de na seacht bpeaca marfach one of the seven mortal sins
" ” Ar ndóigh, tá córas an rachmais bunaithe ar an tsaint, ceann de na seacht bpeaca marfach agus meastar nach mbíonn lucht pócair riamh sásta leis an mhéid airgid atá acu— súil le breis a mhilleann an cearrbhach.