Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
roithleán spin, whirling motion
" Casadh na séasúr, an nádúir, an dúchais agus an chultúir ina roithleán ar thuirne na beatha! Tá an oiread sin féilte ceoil anois ann is go bhféadfá an samhradh ar fad a chaitheamh ag dul ó cheann go ceann agus tá daoine ann a dhéanann a leithéid.
aistarraingíodh rún Arlene Foster Arlene Foster's motion was withdrawn
" Ag an chruinniú ar 1 Nollaig, aistarraingíodh rún Arlene Foster - a mhol go gcuirfí deireadh leis an chomhrialtas feidhmeannach ó thuaidh mura mbeadh díchoimisiúnú iomlán curtha i gcrích ag deireadh mhí Feabhra - ar mhaithe le rún eile David Burnside a mhol athbhreithniú ar straitéis "gunnaí agus rialtas" an UUP i mí an Mhárta agus go bhfágfadh an páirtí an Chomhairle Thuaidh/Theas mura gcuirfí ar ais siombail an Bhriotanachais sa chóras póilíneachta agus sna cúirteanna.
rúin motion
" Rogha na n-imreoirí ======= Cuireadh tús le foireann iománaíochta Choláistí Átha Cliath sa bhliain 1994 de bharr rúin ar glacadh leis ag cruinniú cinn bhliana Chomhairle Choláistí Laighean, is é sin go mbeadh cead ag foireann thar ceann Choláistí Átha Cliath páirt a ghlacadh i gCraobhchomórtas Choláistí Laighean 'A'.
moillithe slow-motion
" Is é sin, in ionad imreoirí peile a thaispeáint ag rith i dtreo an chúil, d'fhéadfaí leagan moillithe a thaispeáint, agus anailís a dhéanamh ar an eachtra sin sa chluiche.
rún motion
" Ach an comhtharlúint é, agus borradh faoi Shinn Féin, go bhfuil comhairleoirí de chuid Fhianna Fáil ag moladh go ndéanfaí cónascadh idir páirtí s'acusan agus an SDLP? I mí Mhárta na bliana seo, ritheadh rún ag Ardfheis Fhianna Fáil a mhol gur cheart don pháirtí gníomhú ar bhonn 32 chontae.
rún conspóideach controversial motion
" Cheap sé an rún conspóideach seo d'Ard-Fheis Chonradh na Gaeilge i nDún Dealgan i 1915: "Gan baint ar bith a bheith ag Conradh na Gaeilge le haon cheist pholaitíochta nó le haon cheist chreidimh, agus gan a bheith de chúram ar an gConradh ach náisiún Gaelach neamhspleách a dhéanamh d'Éirinn, saor ó gach ceannsmacht Gallda.
rúin motions
" Is é argóint na hAstráile go bhfuil airm ollscriosta ag an Iaráic, nó á bhforbairt acu, agus go bhfuil sárú déanta acu ar rúin na Náisiún Aontaithe.
rún motion
" An tseachtain ina dhiaidh sin fuair mé miontuairiscí an chruinnithe ó rúnaí an phríomhoide, a bhí i láthair ar an 4 Nollaig.
rúin na Náisiún Aontaithe the United Nations' motions
" Sin tír nach dtugann aird ar bith ar rúin na Náisiún Aontaithe, nó ar chearta daonna na bPalaistíneach.
rún motion
" " Luann sí rud eile a chuireann iontas uirthi: "Ghlac Comhairle Chathair Dhoire le rún in éadan an chogaidh san Iaráic.
siúl motion
" Nuair a thosóidh sé ag ardú beidh siúl 35 ciliméadar san uair faoi agus tiománfaidh an ghaoth sin 32 tuirbín a bheas 40 méadar os cionn na talún.
rún motion
" Bhí cónaí ar an teaghlach i mBaile Átha Cliath, ach chaith siad ar a laghad ráithe chuile bhliain i nDún Chaoin, i dteach a huncail, an Monsignor Pádraig de Brún.
rún motion
" Is eagraíocht dhaonlathach é Cumann Lúthchleas Gael (CLG), rud a chiallaíonn gur féidir le ball ar bith den eagraíocht rún nó moladh a chur chun cinn le plé ag léibhéil éagsúla na heagraíochta: an club, coiste an chontae agus an Chomhdháil Náisiúnta.
in aghaidh an rúin against the motion
" Labhair an comhairleoir Kiron Reid in aghaidh an rúin.
Moltaí cruthaitheacha creative motions
" Moltaí cruthaitheacha curtha chun cinn aige agus d'éirigh leis smacht a choinneáil ar chuid de na comhaltaí achrannacha.
Acadamh Scannán, Ealaíon agus Eolaíochta Academy of Motion Pictures, Arts and Science
" Bhíodh sé ina chathaoirleach ar Bhord Scannán na hÉireann agus tá sé ina bhall den Acadamh Scannán, Ealaíon agus Eolaíochta i gCalifornia go fóill.
rúin motions
" Fimíneacht ======= Léiríonn rúin a cuireadh chun tosaigh agus ar glacadh leo ag Ard-Fheiseanna Fhianna Fáil idir 1968 agus 1970 go raibh céatadán mór den pháirtí a chreid gur fimínteacht a bhí ann a bheith ag comóradh laochra na Cásca agus ag an am céanna gan teacht i gcabhair ar a mbráithre i nDoire, an Dún, Ard Mhacha, Fear Manach, Aontroim agus Tír Eoghain agus iad faoi ionsaí.
rúin motions
" Seo iad na rúin a dúirt siad ar glacadh leo: Glacann an t-ollchruinniú seo le héilimh áirithe i dtaobh leas imreoirí.
rith Fine Gael rún Dála Fine Gael ran a Dáil motion
" Sé mhí roimh fhógra an Aire Airgeadais rith Fine Gael rún Dála ag cáineadh an rialtais mar nach raibh siad ag déanamh faic i dtaobh dhílárú na státseirbhíse.
an rún the motion
" Sa vótáil ar an rún “that UK forces be used in Iraq” ar an 17 Márta 2003 i Westminster, bhí 412 Feisire ar son an rúin agus 149 ina aghaidh.
ar son an rúin in favour of the motion
" Sa vótáil ar an rún “that UK forces be used in Iraq” ar an 17 Márta 2003 i Westminster, bhí 412 Feisire ar son an rúin agus 149 ina aghaidh.
tairiscint i dtaobh Aerfort na Sionainne a motion about Shannon Airport
" Ba bheag nár theip ar an Rialtas maidir le tairiscint i dtaobh Aerfort na Sionainne ag deireadh mhí Mheán Fómhair agus chuir an Freasúra rún eile os comhair na Dála an tseachtain chéanna – tairiscint mhímhuiníne i leith an Taoisigh.
rún eile another motion
" Ba bheag nár theip ar an Rialtas maidir le tairiscint i dtaobh Aerfort na Sionainne ag deireadh mhí Mheán Fómhair agus chuir an Freasúra rún eile os comhair na Dála an tseachtain chéanna – tairiscint mhímhuiníne i leith an Taoisigh.
tairiscint mhímhuiníne i leith an Taoisigh. a no-confidence motion in regard to the Taoiseach.
" Ba bheag nár theip ar an Rialtas maidir le tairiscint i dtaobh Aerfort na Sionainne ag deireadh mhí Mheán Fómhair agus chuir an Freasúra rún eile os comhair na Dála an tseachtain chéanna – tairiscint mhímhuiníne i leith an Taoisigh.
rún motion
" Cuireadh tús le cúrsaí an mhí seo le rún in éadan úsáid na Gaeilge in imeachtaí an Tionóil.
ar son an rúin in favour of the motion
" **Stádas**Ní raibh stádas na heagraíochta nua soiléir go dtí Ard-Fheis CLG i mBaile Átha Cliath sa bhliain 1928 nuair a vótáil na hionadaithe ar son an rúin go mbeadh Comhairle na Breataine ina comhairle cúige agus go mbeadh seaimpíní na Breataine páirteach i gcluichí ceannais na hÉireann ag leibhéal na sóisear.
rún motion
" Fear faille is ea Kenny, agus léirigh sé go bhfuil easpa tuisceana agus breithiúnais i gceist óna thaobhsan de mar gur shíl sé go mbeadh sé cuí teacht i dtír ar chruachás Ahern ar an 2 Aibreán agus rún a chur os comhair mhuintir na hÉireann nach bhfuil an dara suí sa bhuaile ann anois ach olltoghchán eile a ghairm.
an moladh the motion
" Ach ó dhuine éigin eile a tháinig an moladh agus vótáladh ar a shon.
in éadan rún an reifrinn against the referendum's motion
" DeisAisteach le rá, sa bhliain 1999 nuair a bhí deis ag muintir na hAstráile athrú a dhéanamh ar an mbunreacht – athrú a chuirfeadh ar chumas an rialtais náisiúnta Astrálach a cheapadh mar cheann stáit – chaith os cionn 54 faoin gcéad de mhuintir na tíre vóta in éadan rún an reifrinn.
gheáitsíocht dhrámata dramatic motions
" Agus Gorgeous George? Bhuel, bhí an-cháil go deo air mar iomrascálaí blianta fada sula raibh a leithéid de rud agus The World Wrestling Federation ann, Hulk Hogan agus an gheáitsíocht dhrámata ar a dtugtar iomrascáil inniu! Ba eisean a chuir tús an “iomrascáil” seo, lena iompar gáifeach sa chró.
chás dlí a chur sa tsiúl putting in motion a court case
" B’éigean do Robinson gníomhú agus táthar ag caint ar chás dlí a chur sa tsiúl le go bhfillfear ar an leagan ar aontaigh an Tionól air.
rún a motion
" Cúpla lá tar éis bhás na mbuamadóirí, d’eisigh an Seanadóir Stephen Smith ráiteas inar thug sé le fios go molfaidh an Astráil rún ag na Náisiúin Aontaithe ag lorg moratóra idirnáisiúnta ar phionós an bháis.
moladh motion, advice
" Is dlúthchairde iad Dodson agus Calma agus, de réir an Choimisinéara, níl i moladh Dodson maidir le dáta an lae náisiúnta ach réamhtheachtaire ar dhíospóireacht náisiúnta eile ar cheist na poblachta.
Rún motion
" Céad Rún an Chláir: An Scoilt Thóg an próiseas idirbheartaíochta achar fada, ach ag deireadh mhí na Samhna d’fhógair príomh-idirbheartaí de chuid an fhreasúra, Ian Macfarlane, go raibh sé lán sásta leis an mbille leasaithe agus mhol sé dá pháirtí tacú leis.
rún motion
" Ag cruinniú mullaigh de chuid thíortha Mheiriceá Theas agus na Mara Cairib i Meicsiceó, ag deireadh Mhí Feabhra, ghlac 32 thír d’aon ghuth le rún tacaíochta don Airgintín i gcás na n-oileán.
rún motion
" Thoiligh Seanad an NUI ar an 23 Meitheamh 1910 glacadh le rún a mhol de hÍde a shocraigh go mbeadh an Ghaeilge ina hábhar riachtanach don mháithreánach ón bhliain 1913 ar aghaidh, ach amháin do mhic léinn nach raibh cónaí orthu in Éirinn le trí bliain roimhe sin.
rún motion
" Leis sin, mhol an Comhairleoir Conneely rún lena leithéid a dhéanamh.
a rithim féin leis it’s own steam, motion
" Is léir go bhfuil próiseas cumhachtach ar siúl a bhfuil a rithim féin leis.
ar son rúin for the motion
" Cuireadh go mór leis an bhfeachtas ar son an athraithe nuair a labhair an tAire Airgeadais, an Seanadóir Penny Wong, ar son rúin ag tacú le pósadh comhghnéis, a ritheadh ag comhdháil den pháirtí san Astráil Theas.
moladh seo this motion
" Ach ní rachaidh an moladh seo chun leas na tíre gan leasuithe móra eile a chur leis.
rúin motions
" De réir an chórais seo, bíonn ar gach ball de pháirtí, nó de pháirtithe, an rialtais vóta a chaitheamh ar son rúin an rialtais sa Dáil.
rún motion
" Tharraing an Lucht Oibre siar an rún mímhuiníne sa Rialtas, mar go raibh faitíos orthu go dtitfeadh an Rialtas agus go dtitfeadh an Bille Airgeadais dá réir.
níor glacadh leis an rún the motion wasn't accepted
" Reáchtáladh reifreann faoin gceist sin in 2005, ach níor glacadh leis an rún an uair sin.
an rún the motion
" Ag Comhdháil Ceardchumann na hÉireann a tionóladh i Halla an Bhaile i gCluain Meala sa mbliain 1912, mhol James Connolly an rún go mba cheart structúr polaitiúil a bhunú le hionadaíocht a dhéanamh ar son aicme oibre na hÉireann.
draoi na síorghluaiseachta the perpetual motion magician
ar an mall-luas in slow motion
" Más Ozzie Osbourne ar an mall-luas é, lúide na heascainí, ach le gruaig, feisteas, dreachadh súl agus beol Robert *‘The Cure’* Smith, níl ansin ach creatlach fisiciúil an charachtair.
raibh rún faoi chaibidil there was a motion being discussed
" Tá sé íorónta, mar sin, go raibh rún faoi chaibidil sa Pharlaimint náisiúnta ag gabháil leithscéal iarbháis le duine de na reathaithe Astrálacha ba rathúla riamh sna Cluichí Oilimpeacha an mhí chéanna, mí Lúnasa, inar reáchtáladh na mórshiúlta i mbliana le fáilte abhaile a fhearadh roimh na lúthchleasaithe ag filleadh ó na cluichí i Londain.
Ritheadh an rún d’aon ghuth the motion was passed unanimously
" Ritheadh an rún d’aon ghuth le leithscéal a ghabháil le Peter Norman, rábálaí Astrálach a tháinig sa dara háit sa rás dhá chéad méadar sna Cluichí Oilimpeacha i Meicsiceo sa bhliain 1968.
cailleadh an rún the motion lost
" Ba é Sinn Féin a mhol an rún ag iarraidh ar an Fheidhmeannas reachtaíocht a thabhairt isteach leis an phósadh comhghnéis a cheadú ach cailleadh an rún 53 vóta in éadan 42.
gan tacú leis an moladh not to assist the motion
" Tá Fianna Fáil agus Sinn Féin ar son Seanad Éireann a choinneáil is a athnuachan agus beidh a gcuid urlabhraithe ag iarraidh ar a lucht tacaíochta gan tacú leis an moladh.
glacadh leis an mholadh a glacadh le móramh accept the motion which accepted a majority
" Ar ndóigh, caithfidh an rialtas trasna na teorann (cén teorainn?) glacadh leis an mholadh a glacadh le móramh 73% a bhí i bhfách agus 20% ina éadan (Ní raibh an 8% cinnte nó níor léirigh siad aon bharúil).
atá á gcur ar siúl ag Stáit being set in motion by states
" Is cinnte go bhféadfaí locht a fháil ar an teoiric ghinearálta seo a chuireann Dauvergne chun cinn, ach feictear dom gur míniú maith é an teoiric seo ar roinnt mhaith de na tionscnaimh atá á gcur ar siúl ag Stáit ar fud na cruinne le breis is deich mbliana anuas i ngort na hinimirce.
Rotha Mór an tSaoil ag Síorchasadh life is in perpetual motion
" Dá mbeifeá chun cur síos a dhéanamh orainn ó thaobh stíle de, is dócha go bhféadfá a mhaíomh gur meascán eicléicteach atá ann idir cheol traidisiúnta na hÉireann, ceol na muintire agus an ceol domhanda – táimid oscailte don iliomad tionchar agus stíle - ó Michael Jackson go Mozart! Rotha Mór an tSaoil ag Síorchasadh ============== **M.
glacadh le rún to accept a motion
" Tar éis feachtas fíoreagraithe, d’éirigh le Conradh na Gaeilge, brú a chur ar Sheanad na hOllscoile nuabhunaithe glacadh le rún, inar socraíodh go mbeadh an Ghaeilge ar cheann de na hábhair riachtanacha le fáil isteach san Ollscoil, do dhaoine a rugadh in Éirinn.
glacadh le rún a mhol de Íde a motion presented by (Hyde) was accepted
" Ag cruinniú de Sheanad an NUI ar an 23 Meitheamh 1910 glacadh le rún a mhol de Íde go mbeadh an Ghaeilge ina hábhar riachtanach don mháithreánach ón mbliain 1913 ar aghaidh, ach amháin do mhic léinn nach raibh cónaí orthu in Éirinn le trí bhliain roimhe.
síorghluaiseachta leanúnaí perpetual motion
" Is é samhail Heraclitus é, fealsamh ‘na síorghluaiseachta leanúnaí’.