Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
nóisean an bhaile the notion of home
" Déanann ollionaid mar The Villages, a bhfuil a bhformhór lonnaithe i ndeisceart na Stát Aontaithe ar fad, creimeadh ar an snaidhm idir baill éagsúla teaghlach agus nóisean an bhaile.
tuairim dá laghad the slightest notion
" ) Ní fhéadfadh sé go bhfuil sin folláin, agus tarlaíonn nach bhfuil tuairim dá laghad ag daoine cén réiteach atá ar an bhfadhb mhór seo.
nóiseán na fanachta the notion of waiting
" Chomh maith le léiriú a dhéanamh ar an tslí a n-éiríonn le daoine iad féin a chur in oiriúint d’áit, léiríonn Bowler nóiseán na fanachta.
nóisean notion
" Ach is é an cheist mhór ná cad é go díreach atá i gceist leis an damhsa ar an sean-nós, agus an bhfuil cineál amháin de ann? Is é an chéad phointe ná go dtéann an nóisean nach bhfuil ann ach cineál amháin de go hiomlán in éadan an tsainmhínithe bhunúsaigh atá ar an fhocal “sean-nós”.
nóisean na hathbheochana the notion of the revival
" Aiste shuntasach is ea í mar go ndéantar plé suimiúil inti, ní hamháin ar an nGaeilge, ach ar an dóigh ar tháinig athrú íde-eolaíoch ar an Stát sna caogaidí nuair a thángthas ar an tuiscint go raibh teipthe ar fhís de Valera – is é sin, go raibh teipthe ar nóisean na hathbheochana agus ar an gcaomhnaitheacht.
nóisean an tairbh a bull's notion
" Tá glúin amuigh ansin ar tí pléascadh, nach bhfuil oiread agus nóisean an tairbh acu cad is údar don fhuinneamh scriostach seo laistigh díobh.