Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
naonúr mianadóirí nine miners
" Mar sin, nuair a tháinig sé chun solais go raibh naonúr mianadóirí sáinnithe faoin talamh in Pennsylvania, go mbeadh siad marbh i gceann cúpla uair agus gur beag seans a bhí ann go bhféadfaí teacht i dtarrtháil orthu, bhí an chuma air go mbeadh scéal uafáis eile le scríobh.
Crochadh naonúr acu nine of them were hanged
" Crochadh naonúr acu sna laethanta dár gcionn, duine acu, Philip Cunningham, gan fiú triail de shaghas ar bith.
naonúr Astrálach a ghabháil to arrest nine Australians
" Tá cuid den phobal san Astráil míshásta gur thug póilíní na tíre eolas d’údaráis na hIndinéise a chuidigh leo naonúr Astrálach a ghabháil i mBali níos luaithe i mbliana agus drugaí ina seilbh ach tá daoine eile den tuairim go bhfuil cibé pionós a ghearrfar orthu tuillte go maith acu.
foireann de naonúr a staff of nine
" Is é Nicholas Carolan stiúrthóir an Taisce agus tá foireann de naonúr aige.
ar a laghad naonúr páistí at least nine children
" Fear a phós cúigear ban agus a raibh ar a laghad naonúr páistí aige ab ea an Sualannach “céasta” seo! Ní fios cé mhéad máistreás a bhí aige.
naonúr nine
" Bheadh ainm John Roberts, príomhbhreitheamh na cúirte, a mbíonn naonúr breitheamh ina suí ann, ar eolas ag an gcuid is mó de na Meiriceánaigh a léann nuachtáin, agus is cinnte go mbeadh ainmneacha eile mar Thurgood Marshall (an chéad bhreitheamh gorm sa chúirt) agus Sandra Day O'Connor (an chéad bhean) ar eolas ag gach éinne a bhí ar scoil i Meiriceá.
naonúr nine
" Bhí naonúr Astrálach ar na trí dhuine dhéag ar an eitleán, a bhí ar a bhealach go Kokoda, baile beag i dtuaisceart na tíre.
naonúr nine
" Mar gheall ar ainmniúchán George Bush, tá tromlach cúigear sa naonúr breithiúna atá claonta i dtreo na heite deise.
naonúr breitheamh nine judges
" Ní fios go fóill céard a thiocfaidh as na díospóireachtaí teasaí a tharla os comhair naonúr breitheamh na Cúirte Uachtaraí.
móramh coimeádach sna naonúr a conservative majority in the nine
" Cé go gceaptar go bhfuil móramh coimeádach sna naonúr, bhíothas den tuairim go raibh cúigear acu báúil don áiteamh.
a roghnaigh an naonúr cime poblachtach who picked the nine republican prisoners
" N’fheadar an col ceathrar é, nó uncail, b’fhéidir, le David Neligan, ‘*The Spy in the Castle*’? B’eisean Oifigeach Ceannais Faisnéise an Dublin Guard Brigade in Arm an tSaorstáit i dTrá Lí - an fear a roghnaigh an naonúr cime poblachtach a cuireadh go Baile Ua Síoda fá scáth dorchadas oíche an 7ú Márta 1923.
fágtar faoi naonúr it’s left up the nine people
" Sé bliana ó thit an tóin as an ngeilleagar domhanda, bíonn na gutháin de shíor ag bualadh in oifig bheag i mBaile Blainséir agus fágtar faoi naonúr treoir a thabhairt maidir leis na roghanna atá ar fáil do dhaoine atá báite i bhfiacha.