Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
na Náisiún Aontaithe The United Nations
" Tháinig fórsaí na Náisiún Aontaithe faoi cheannas na hAstráile i gcabhair ar na daoine.
Cháin tuarascáil na Náisiún Aontaithe the United Nations report criticized
" Íocaíochtaí arda ======= Cháin tuarascáil na Náisiún Aontaithe méid na suimeanna airgid atá á n-íoc de bharr cásanna clúmhillte sa stát seo.
Chomhairle Slándála na Náisiún Aontaithe The United Nations Security Council
" Tá an tuairim ann freisin go mbaineann an seasamh faoi láthair le hainmniúchán na tíre seo ar Chomhairle Slándála na Náisiún Aontaithe.
náisiúin nua-aimseartha modern nations
" Ach níl na náisiúin nua-aimseartha ann ach cúpla céad bliain, mar sin níl ciall ar bith le scéal na Clochaoise a inse taobh istigh de theorainneacha náisiúnta, nó scéal na gCeilteach ach oiread.
i gComhairle Slándála na Náisiún Aontaithe in the United Nations Security Council
" Ní mór dúinn a bheith in ann teacht ar an eolas chun cinntí an Rialtais a scrúdú go mion, agus páirt ghníomhach a ghlacadh sa daonlathas seo a mbíonn muid chomh bródúil as agus muid ag seanmóireacht faoin Iaráic i gComhairle Slándála na Náisiún Aontaithe.
údarás na Náisiún Aontaithe authority of the United Nations
" B'fhéidir gurbh é an rud ba mhó a chuir iontas ar dhaoine ná go raibh formhór na sluaite a bhí ag máirseáil i gcoinne na cogaíochta, cuma an raibh údarás na Náisiún Aontaithe ag baint leis nó nach raibh.
Chomhdháil na Náisiún Aontaithe ar Thrádáil agus ar Fhorbairt United Nations Conference on Trade and Development
" Mar a léirítear i dtuarascáil 2002 Chomhdháil na Náisiún Aontaithe ar Thrádáil agus ar Fhorbairt, ceann de na fadhbanna a bhaineann le tráchtáil leictreonach a chothú ná go bhfuil sé deacair airgead a bhailiú ó chustaiméirí chun íoc as na hearraí agus as na seirbhísí atá á soláthar.
rúin na Náisiún Aontaithe the United Nations' motions
" Sin tír nach dtugann aird ar bith ar rúin na Náisiún Aontaithe, nó ar chearta daonna na bPalaistíneach.
gComhairle Slándála na Náisiún Aontaithe United Nations Security Council
" Níor tugadh aon suntas do na tuairimí ó na céadta dlíodóir san Astráil agus i gcéin a bhfuil taithí acu ar dhlí idirnáisiúnta a dúirt a mhalairt ar fad - go mbeadh an t-ionsaí mídhleathach mura mbeadh vóta i gComhairle Slándála na Náisiún Aontaithe (NA) ag tacú leis.
an náisiún is raimhre the fattest nation
" Cé gurb é Meiriceá "an náisiún is raimhre ar domhan" go fóill, tá na coinníollacha céanna is cúis le Meiriceánaigh a bheith chomh ramhar sin ag teacht chun cinn in Éirinn sa ré seo tar éis an Tíogair Cheiltigh.
i náisiún inimirceach in a nation of immigrants
" Rinne sé tagairt don mhéid a bhí le rá ag Ted Kennedy le déanaí, nuair a cuireadh in iúl dó go raibh an Poblachtánach Arnold Schwarzenegger díreach tofa mar ghobharnóir ar Chalifornia: "Léiríonn toghadh Arnold go bhfuil muid ag maireachtáil go cinnte i náisiún inimirceach.
na Náisiúin Aontaithe the United Nations
" Dúirt rialtas nua na Spáinne go dtabharfar a gcuid saighdiúirí siúd abhaile i mí Iúil mura bhfuil na Náisiúin Aontaithe i gceannas.
náisiún oileáin island nation
" “Is náisiún oileáin muid agus tá baint ag a lán teaghlach leis an fharraige, go speisialta i gcás phobail an chósta.
breathnóirí de chuid na Náisiún Aontaithe United Nations observers
" Thairis sin, is cosúil go bhfuil liosta naimhde Mheiriceá ag fás, ach an é dearcadh Mheiriceá ar thíortha eile an domhain atá ag cothú na feirge seo? Tar éis coicís de bhuamáil Iosraelach sa Liobáin agus na céadta marbh sa tír sin (breathnóirí de chuid na Náisiún Aontaithe ina measc), chuaigh Condoleeza Rice, Státrúnaí Mheiriceá, go dtí an Meánoirthear chun labhairt le polaiteoirí in Iarúsailéim, i gCaireo agus i mBéarút.
leas an náisiúin the good of the nation
" Ach téann sé dian orthu go léir an t-idirdhealú a dhéanamh idir leas an náisiúin, leas an rialtais agus leas an pháirtí, gan trácht ar leas pearsanta an cheannaire féinig.
ar comharthaí de chuid na Náisiún Aontaithe iad that stand for the United Nations
" Agus iad ar mhisean thar lear, bhíodh sé chomh dócha lena athrach go mbíodh na saighdiúirí ag caitheamh bairéad gorm, ar comharthaí de chuid na Náisiún Aontaithe iad.
dála an náisiúin féin like the nation itself
" Ról tairbheach idirnáisiúnta é sin a ligeadh do Rialtas Cheanada a fhógairt sa bhaile agus i gcéin gur sheas arm Cheanada, dála an náisiúin féin, do luachanna na headrána agus na measarthachta.
i bhfás agus i bhforbairt an náisiúin Éireannaigh in the growth and development of the Irish nation
" Bhí caint nach dtarlaíonn go minic ar eachtraí staire a raibh baint acu le Cumann Lúthchleas Gael (CLG) agus b’fhéidir gur fhoghlaim cuid d’aos óg na tíre beagán faoina stair agus faoi ról CLG i bhfás agus i bhforbairt an náisiúin Éireannaigh le céad fiche éigin bliain anuas.
thar na Náisiúin Aontaithe past the United Nations
" Níl cead agat rothaíocht thar na Náisiúin Aontaithe ar an rian rothar a thuilleadh, ach is féidir leat sráideanna na cathrach a úsáid.
chun náisiún cónaidhme neamhspleách a bhunú. to found an independent federated nation
" Cuireadh feachtas ar bun le cur ina luí ar dhaoine sna coilíneachtaí éagsúla gur ghá dóibh teacht le chéile chun náisiún cónaidhme neamhspleách a bhunú.
i gComórtas na Sé Náisiún. in the Six Nations
" Bheinn ag súil go mbuafaidh na hÉireannaigh agus iad ag imirt i gcoinne na nIodálach, agus b’fhéidir i gcoinne na hAlban, i gComórtas na Sé Náisiún.
tá ag éirí linn mar náisiún, we are succeeding as a nation
" Ach cá bhfios nach ndéanfaidh leithéidí Derval O'Rourke nó David Gillick nó buachaill nó cailín éigin nár chuala aon duine againn trácht air nó uirthi go fóill gaisce mór agus bonn a bhreith abhaile leis nó léi ón tSín? Ach fiú amháin mura dtarlaíonn sé sin, tá ag éirí linn mar náisiún, dar liom féin, fealsúnacht bhunaitheoirí na gCluichí Oilimpeacha a chothú.
go meallfadh One Nation agus Pauline Hanson tacaíocht chuig a pháirtí féin. that One Nation and Pauline Hanson would attract support to his own party.
" Measann go leor tráchtairí go raibh sé lánsásta sochar a bhaint as an easaontas céanna, agus go raibh sé ag súil go meallfadh One Nation agus Pauline Hanson tacaíocht chuig a pháirtí féin.
aird an náisiúin attention of the nation
" Ar an dara lá den pharlaimint nua, ní háibhéil é a rá go raibh aird an náisiúin dírithe ar an gcéad seisiún i dTeach na nIonadaithe.
na Náisiúin Aontaithe the United Nations
" Dar le tuarascáil a scríobh Rodolfo Stavenhagen (2006), *rapporteur* leis na Náisiúin Aontaithe a bhíonn ag plé le cearta daonna agus buansaoirse daoine dúchasacha, tá na difríochtaí seo sa chaighdeán maireachtála tar éis fás as “stair idirdhealaithe”.
Náisiúin Aontaithe United Nations
" “*The genocide in Rwanda was 100 percent the responsibility of the Americans!”* dar le Boutros Boutros-Ghali, a bhí ina Ard-Rúnaí ar na Náisiúin Aontaithe ag an am.
dílis dá náisiún loyal to its nation
" Tá gach pobal Eorpach dílis dá náisiún agus dá stát féin.
údaraithe ag na Náisiúin Aontaithe. authorised by the United Nations
" Chomh maith le sin, bhí an freasúra, Páirtí Lucht Oibre na hAstráile, glan in aghaidh an ionraidh de bharr nach raibh sé údaraithe ag na Náisiúin Aontaithe.
Prótacal na Náisiún Aontaithe Protocal of the United Nations
" Ghlac an Astráil le 12,000 teifeach gach bliain sa tréimhse sin; rinne siad amhlaidh i gcomhréir le Prótacal na Náisiún Aontaithe i dtaca le Stádas an Teifigh.
Náisiúin Aontaithe United Nations
" Sa bhliain 1990, mar shampla, ceapadh í mar stiúrthóir ar an mBiúró Idirnáisiúnta um Shíocháin sa Ghinéiv – an chéad bhean riamh ar tugadh an onóir sin di – agus tá obair déanta aici leis na Náisiúin Aontaithe chun feasacht a chruthú i leith iarmhairtí na tubaiste in Searnóbail.
Chomórtas Sé Náisiúin The Six Nations Cup
" Bhain na cailíní an cheathrú áit sa ‘Chomórtas Sé Náisiúin’ amach anuraidh.
Céad Mhuintir first nation
" Céad Mhuintir na hAfraice Láir Glactar leis gurbh iad na Pigmithe a bhí sna háitritheoirí bunaidh i bhforaoiseacha meánchreasa na hAfraice Láir agus is é sin is cúis leis an bhfonn atá ar ghníomhaithe Batwa an téarma Pigmí a úsáid mar gheall orthu féin le blianta beaga anuas.
leas na tíre the nation's benefit
" Nach mór an trua nach ndeachaigh an dúramán ar a ghlúine fadó os comhair Chroim Dhuibh nó Aonghus an Cheoil nó Bhadhbh an Bháis nó cibé dia fir nó bandia a aithníonn sé, ag iarraidh comhairle faoi bhealach a leasa agus leas na tíre chomh maith.
stiúradh airgeadais na tíre the nation’s financial purse strings
" Ba náireach an scéal é, gan amhras, agus ba mhór an buille don náisiún é stiúradh airgeadais na tíre a chailleadh.
tíortha an domhain the world’s nations
" De ghnáth bíonn an t-imeartas polaitíochta á imirt ag tíortha an domhain faoi cheilt uainn, ach tugann an sceitheadh is déanaí ó WikiLeaks sracfhéachaint dúinn ar conas a fheidhmíonn saol rúnda na taidhleoireachta.
staid an náisiúin the state of the nation
" Agus Balor an Bligeard ag titim thart le teann gáire agus é ag tabhairt Agallamh Bertie ar an chomhrá seo, mhaígh sé go raibh tábhacht ar leith ag baint le cuid freagraí Bhertie: “Cé nach bhfuil tuairisceoir ar bith eile sa tír ag iarraidh agallamh a chur ar fhear Dhroim Conrach, is mór is fiú a chuid tuairimí a fháil faoi staid an náisiúin, anois go bhfuil an t-olltoghchán thart agus muintir Fhianna Fáil imithe isteach i ndorchacht agus in uaigneas na hoíche polaitiúla.
ar fud na tíre nation wide
" Faoi dheireadh na gcaogaidí, bhí bunús tacaíochta faoin pháirtí ar fud na tíre a bhí bunaithe ar dhearcadh maoth pobalach: thaobhaigh siad le cúis na poblachta le mórán briathra agus le beagán beart; bhí tuiscint shimplí shoineanta acu ar an tsaol faoin tuaith; mhaígh siad go raibh siad ag seasamh ar son lucht oibre na gcathracha – rud a raibh craiceann na fírinne air ón uair a thug siad faoi shlumaí suaracha Bhaile Átha Cliath a fheabhsú agus a ghlanadh sna tríochaidí.
meán na náisiún tionsclaithe the industrial nations' average
" 2 faoin gcéad den olltáirgeacht intíre, i gcomórtas le meán na náisiún tionsclaithe ar a dtugtar na tíortha G8, atá ag 80 faoin gcéad dá n-olltáirgeacht intíre.
faoin ár bhféiniúlacht mar náisiún a fhorbairt about developing our identity as a nation
" Tugann an folús sin deis dúinn smaointe nua faoin ár bhféiniúlacht mar náisiún a fhorbairt.
Rua-Indiaigh ag labhairt a dteanga féin first nation people speaking their own language
" Bhí na Rua-Indiaigh ag labhairt a dteanga féin, Cheyanne, Apache nó cibéard.
Ba sa státnáisiún it was in the nation-state
" Agus téama an thírghrá á chíoradh anseo, dearbhaíonn Ó Giolláin: “Ba sa státnáisiún a cruthaíodh an chéad nua-aoiseacht”, léargas a chuireann argóintí níos seanda scoláirí éagsúla eile i gcuimhne dúinn.
muintir an Chéid Náisiúin First Nation People
" Níor thóg sé i bhfad ar na Dúchasaigh, a chuimsíonn muintir an Chéid Náisiúin, na hIonúitigh agus na Métis (nó Galldúchasaigh), a gcuid míshástachta a léiriú agus bunaíodh “*Idle No More*” dá bharr.
níor náisiún go stair without a history a nation doesn’t exist
" B’shin í an tuiscint chomhaimseartha Eorpach; níor náisiún go stair, is níor stair go stair scríofa.
ar chosáin agus ar cholbha bhóithre na tíre on the nations pathways and roadsi
" Ní inniu ná amárach a tharlóidh seo ach tá súil agam go gcuirfidh ábhar an ailt seo tuilleadh beochta sa díospóireacht agus, ag eascairt as sin, go gcruthófar tuiscint níos fearr ar thábhacht na Gaeilge ó thaobh feiceálacht na teanga ar chosáin agus ar cholbha bhóithre na tíre.
faoi choimirce na Náisiún Aontaithe under the auspices of the United Nations
" Áit a mbíodh iomrá le misin na saighdiúirí Ceanadacha faoi choimirce na Náisiún Aontaithe, tá sé ag dul i gcion ar phobal Cheanada de réir a chéile go bhfuil athrú suntasach ar ról a airm, a scríobhann Pádraig Ó Siadhail i Halifax na hAlban Nua.