Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
a neartú to strengthen
" Is í aidhm na Comhdhála bá agus tacaíocht don Ghaeilge mar bheotheanga agus cumas inti a neartú agus a bhuanú, le go mbeidh sí á húsáid go saoráideach agus go forleathan i ngach gné de shaol mhuintir na hÉireann.
a neartú strengthen
" Go mbeidh an rialtas dáiríre faoin nGaeilge agus go gcuirfidh siad an maoiniú ceart ar fáil chun í a chaomhnú agus a neartú.
an fórsa póilíneachta a neartú to strengthen the police force
" Beidh a rian sin ar an rialtas nua, rialtas atá ag pleanáil níos mó bóithre fiú a thógáil, a dteastaíonn uaidh tiomáint carranna a dhéanamh níos saoire, an fórsa póilíneachta a neartú, agus slite a aimsiú chun déileáil ar dhóigh níos éifeachtaí le hinimircigh mhídhleathacha.
an tionscal a neartú aríst to strengthen the industry again
" Táthar ag iarraidh an tionscal a neartú aríst agus tá plean ann d'fhorbairt na monarchan atá i gCill Chiaráin ag Arramara Teo.
chun timpeallacht fhisiciúil na Gaeilge a neartú to strengthen the physical environment of Irish
" ar fud na hOllscoile chun timpeallacht fhisiciúil na Gaeilge a neartú.
ag neartú de réir a chéile gradually getting stronger
" Níl aon dabht ach go bhfuil pobal na Gaeilge ag neartú de réir a chéile ach caithfear freastal ar riachtanais an phobail seo.
a neartú to stengthen
" Ina theannta sin, theastaigh uainn an Ghaeilge mar theanga labhartha sa chathair a neartú.
a neartú to strengthen
" Beartaíodh i 1985 é a oscailt go lánaimseartha mar Ionad Sealbhaithe agus Buanaithe Gaeilge lena chinntiú go mairfidh an Ghaeilge beo, trí daoine a spreagadh le hiompar agus buanú Gaeilge a neartú in abhantrach an Árais agus i measc na ndaoine a bhíonn ag soláthar seirbhísí do phobal na Gaeltachta agus na Gaeilge.
a neartú to strengthen
" Cén fhís atá agat féin maidir leis an nGaeilge? Go ndéanfaí an Ghaeilge a neartú i measc phobal Ghaeltacht Chonamara, agus go ndéanfaí na healaíona dúchasacha agus nuálacha a chothú.
a neartú to strengthen
" Cén fáth ar bunaíodh PCT? Bunaíodh Pléaráca Teoranta: (a) Chun sprid agus meanma na ndaoine sa bpobal a ardú agus a gcomhfhiosacht mar phobal Gaeltachta a neartú.
a neartú to strengthen
" Is iontach an rud é go bhfuil na teicneolaíochtaí is nua ar fad in úsáid chun an comhluadar Gaelach a neartú ar an idirlíon – bímis ag blagadóireacht ar son na cúise! Is Léiritheoir/Stiúrthóir sa réimse Eolaíochta agus Oideachais é Diarmaid Mac Mathúna leis an gcomhlacht teilifíse Agtel ((www.
a neartú to strengthen
" Is iontach an rud é go bhfuil na teicneolaíochtaí is nua ar fad in úsáid chun an comhluadar Gaelach a neartú ar an idirlíon – bímis ag blagadóireacht ar son na cúise! Is Léiritheoir/Stiúrthóir sa réimse Eolaíochta agus Oideachais é Diarmaid Mac Mathúna leis an gcomhlacht teilifíse Agtel ((www.
a théann i bhfeidhm ar chreimeadh teanga nó ar neartú teanga which impact on language decline or language strengthening
" ” An fhaillí is mó a fheiceann sé ná nach raibh aon phleanáil teanga ar siúl, nach raibh aon phlean comhtháite le tabhairt faoin speictream iomlán de rudaí a théann i bhfeidhm ar chreimeadh teanga nó ar neartú teanga.
ag neartú getting stronger
" Bhí an ghaoth ag neartú an t-am uilig agus, níos measa, tháinig an ceo isteach.
neartú, strengthening,
" “Grá do nithe Ceilteacha” an chiall atá le “Philo-Celtic” agus is é cuspóir Chumann Carad na Gaeilge ná "tacaíocht, neartú, cothú, cleachtadh, craobhscaoileadh, fairsingiú, múineadh agus athbheochan na Gaeilge mar theanga bheo i measc Chlann na nGael agus charad na nGael, i Meiriceá agus ar fud an domhain.
neartú to strengthen
" Ag labhairt dó ar an lá a ceapadh é, dúirt Dodson go dtapódh sé an deis na feachtais ar son athmhuintearais agus cearta daonna san Astráil a neartú.
Neartú strengthening
" Ag Obadh Obama agus ag Neartú Netanyahu ================= Ní hamháin gurb é Iosrael an chloch is mó ar a phaidrín, ach is cosúil nach bhfuil cloch ar bith eile air.
neartú strengthen
" Ach cad a tharlódh dá mba theach Dé Ioslamach é? Sin díreach atá beartaithe ag "Tionscnamh Córdoba", eagraíocht a bunaíodh chun an caidreamh idir Ioslamaigh agus pobal an Iarthair a fheabhsú agus a neartú.
neartú to strengthen
" Ba cheart an fócas Ghaeltachta a neartú seachas é a lagú, rud a tharlódh dá gcuirfí cúramaí na Gaeilge ar fud an stáit ar an Údarás, mar a bhí beartaithe ag an Rialtas deireanach faoin Straitéis 20 Bliain.
neartú a dhéanamh ar to reinforce
" B’fhéidir gur cur-i-bhfeidhm na rialach is gá a leasú nó soiléiriú agus neartú a dhéanamh ar an riail féin chun go n-oibreodh sí níos fearr ar son na n-imreoirí.
chun é a neartú in éadan dúshláin to strengthen it against a challenge
" Chuir rialtas slacht ar fhoclaíocht an bhille chun é a neartú in éadan dúshláin, ach measann saineolaithe ar dhlí bunreachtúil go bhfuil cinneadh na hArd-Cúirte idir dhá cheann na meá.
ag neartú feidhm iomaíoch na turasóireachta strengthening tourism’s competitive capability
" Dúirt an tAire Foster: "Is ceann de na rásaí rothaíochta is ceannasaí é an Giro d’Italia, an turas ab íocónaí do rothaithe na cruinne agus lucht leanúna an spóirt…mar thoradh ar an ócáid seo a reáchtáil beidh muid ag neartú feidhm iomaíoch na turasóireachta agus ag cur leis an gheilleagar san am i láthair agus san am atá amach romhainn.