Pota Focal Intergaelic
aice | ice | nic | niche | Nick
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
Ba dheas it was nice
" Ba dheas bualadh le roinnt de chéad choiste Mhainistir na Féile, a bhuaigh an phríomhdhuais an chéad dá bhliain, ag ócáid ceiliúrtha a bhí againn ansin an mhí seo caite.
ridire dubh black knight (sarcastic, not a nice person)
" " "Tá croí ag an ridire dubh i ndiaidh an iomláin," arsa Cian leis féin.
gníomhaíochtaí deasa nice activities
" Taispeánann siad tírdhreacha a léiríonn pléisiúr agus suaimhneas seachas sclábhaíocht agus cruatan, agus daoine ag ligean a scíthe agus ag tógáil rudaí go réidh i mbun gníomhaíochtaí deasa.
lab deas a nice sum
" Ach is lab deas é mar thús, agus táimid dóchasach go mbeidh cás láidir againn le leanúint leis an obair, agus le méadú airgid a fháil nuair a bheidh an chéad trí bliana curtha dínn againn.
Nár dheas an mhaise dá mairfeadh sin wouldn't it be nice if that lasted
" Nár dheas an mhaise dá mairfeadh sin.
cruthú pictiúr deas the creation of nice pictures
" Dar ndóigh, tá a fhios againn uilig nach cruthú pictiúr deas is aidhm don ealaín, ach gan an *hype *a bhí ann de bharr Ghradam Turner, an mbeadh an oiread céanna spéise ag daoine sna saothair seo? Cad é a bheadh fágtha … ráitis mhóra chliste gan mórán taobh thiar díobh nó rud éigin fiuntach? Is é firinne an scéil, dar liom féin, ná gan an rírá agus daoine a bheith ag tógáil raice faoi Ghradam Turner nach mbeadh an duais chomh luachmhar sin.
cuimhní deasa cinn nice memories
" "Shíl mé gur uaidh féin a bhí sé ag teacht ach, i bhfírinne, bhí sé ag teacht ón stuif a chuireadh sé ar mhála na bpíobaí uilleann a bhí aige!" Ról an cheoil ======= Cinnte, tá cuimhní deasa cinn ag baint leis an cheol, ach cad é an rol atá aige sa saol? Nuair atá smacht ag tíoróntacht na gcairteanna ar an oiread sin daoine óga, nach bhfuil fiúntas an cheoil laghdaithe go mór? "Tá an saol níos fearr de dheasca an cheoil," arsa Neil.
ar shiúlóid dheas on a nice walk
" Siúlóid ======= Oíche Nollag chuamar ar shiúlóid dheas le hais Loch Michigan, ag teocht (nó fuacht?) 10 gcéim faoin reo-phointe.
breá clúthar nice and cosy
" Bhí mé i mo luí i mo leaba agus mé breá clúthar nuair a chuala mé mo mháthair ag trup trapáil thart fán teach sula dtáinig an lá.
Chonradh Nice the Nice Treaty
" I ndiaidh an dara reifreann ar Chonradh Nice, cuir i gcás, cuireadh 32 éileamh faoin Acht um Shaoráil Faisnéise isteach maidir leis an gcoiste sin agus maidir le gníomhaíochtaí na n-ionadaithe Éireannacha ann.
trá fhíorálainn a really nice beach
" Ó am go chéile, tógaim an traein amach go Sitges, príomhchathair aerach na hEorpa (de réir dealraimh!) agus áit ina bhfuil trá fhíorálainn.
trá fhíorálainn a really nice beach
" Ó am go chéile, tógaim an traein amach go Sitges, príomhchathair aerach na hEorpa (de réir dealraimh!) agus áit ina bhfuil trá fhíorálainn.
gailearaí beag deas grianghrafadóireachta a nice small gallery of photography
"gailearaí beag deas grianghrafadóireachta ar Shráid Great Newport.
tá rithim an tsaoil breá mall the rhythm of life is nice and slow
" Tá an bia iontach, tá an bheoir saor agus tá rithim an tsaoil breá mall.
cuma i bhfad níos deise a far nicer appearance
" Bíonn an prionsabal seo i gceist agus le feiceáil go soiléir nuair a leanann scannán an nuacht ar stáisiún teilifíse – bíonn cuma i bhfad níos deise ar an scannán de ghnáth toisc go raibh trealamh i bhfad níb fhearr in úsáid.
caithfidh gur thuill sí suim bhreá airgid di féin. she must have earned a nice sum of money for herself.
" Agus an leabhar sin, *Mary McAleese: the Outsider* ar liosta na leabhar ba mhó a raibh ceannach orthu nuair a foilsíodh é i 1999, caithfidh gur thuill sí suim bhreá airgid di féin.
an chuimhne is deise the nicest memory
" AÓF: Cén uirlis cheoil is fearr leat? TM: An phíb uilleann, ar ndóigh! AÓF: An bhfuil aon uirlis nach dtaitníonn leat? TM: An bainseó! AÓF: Cad í an chuimhne is deise atá agat ar 2006 ó thaobh an cheoil nó na hamhránaíochta de? TM: Nuair a chas an fear sin Alan Burke, a luaigh mé ar ball, “Óró sé do bheatha abhaile!” ag seisiún amhránaíochta ag an bhféile sin in Copenhagen.
siméadracht dheas a nice symmetry
"siméadracht dheas ag baint le bean agus dhá bhó, nó fiú le fear agus dhá bhó.
cor deas a nice twist
" Maidir leis an toghchán náisiúnta, is fada uainn fós é ach cuireadh cor deas sa scéal nuair a d’fhógair Maxine McKew, a bhí ina hiriseoir teilifíse leis an ABC go dtí le gairid, go seasfadh sí in aghaidh an Phríomh-Aire, John Howard, ina shuíochán i Sydney.
deas príobháideach nice and private
" Shíl mé go mbeadh sé deas príobháideach ansin, i bhfad ó na siopadóirí galánta.
guthanna deasa nice voices
réimse deas fíonghort a nice range of vineyards
" Leanamar treoraí ar thuras lae chun réimse deas fíonghort a fheiceáil, agus chun foghlaim faoi na cineálacha éagsúla fíniúna.
an chuid is áille the nicest part
" ” Domsa is é an chuid is áille den leabhar ná an giota beag dialainne tar éis dó seachtain a chaitheamh i dToraigh ag seinnt agus ag cuartú i measc na ndaoine.
cúpla siopa deas ceirde a few nice craftshops
"cúpla siopa deas ceirde ann agus tá iarsmalann bheag an-mhaith sa chearnóg, in aice leis an oifig turasóireachta.
árasán deas a nice apartment
" Mar a dúirt mé, ní raibh sé ar intinn agam riamh Zabkowice a fhágáil, gan trácht ar an bPolainn féin – bhí post maith agus árasán deas agam.
go deas réidh. nice and slowly.
" Luíonn luas an scéil trí chéile le sceitheadh a rún agus déantar ar an *dénouement *go deas réidh.
íomhá dheas a nice image
"íomhá dheas thall a rinne grúpa saindearthóirí grafacha ón gcoláiste chun an coincheap a léiriú.
a raibh post bog sábháilte aige who had a nice soft and safe job
" ”**Cogaíocht** Seans maith go síleann go leor daoine faoi thríocha bliain d’aois nach bhfuil in Myers ach colúnaí deisbhéalach a raibh post bog sábháilte aige leis an *Irish Times* ar feadh na mblianta.
acrainm maith néata nice neat acronym
" Mob members usually have stressed-out MoBs for mothers, and absent FoBs for dads” “Roghnaigh mé an focal ‘*bastard*’ mar gur bhraith mé gur acrainm maith néata a bhí in 'MoB' – i.
ar bhialann dheas about a nice restaurant
" Mar shampla, cad faoi sheirbhís a ligfeadh duit comhairle a fháil ón “gcomhluadar” ar líne ar bhialann dheas a bheadh in aice leis an suíomh ina bhfuil tú i do sheasamh? Ar ndóigh ba mhaith le Google seans a bheith acu bialann a fhógairt leat ag an am céanna.
Chan ionann agus Conradh Nice, unlike the Nice Treaty
" Chan ionann agus Conradh Nice, measadh go mbeadh sé "mí-dhaonlathach" iarraidh ar phobail na dtíortha a dhiúltaigh don Bhunreacht vótáil in athuair, agus dá bharr sin, is faoi na parlaimintí náisiúnta a bheas sé an conradh úr a dhaingniú.
cheann de na páirtithe ba ghlóraí in éadan Nice one the parties most vocally against Nice
" Tá sé de bhuntáiste ag an Taoiseach, áfach, go bhfuil an Comhaontas Glas – a bhí ar cheann de na páirtithe ba ghlóraí in éadan Nice – mar chuid den Chomhrialtas anois agus iad tiomanta maidir lena a dtacaíocht a thabhairt don chonradh.
i bhfoirm íomhánna deasa. in the form of nice images.
" Ní hamháin go bhfaigheann tú torthaí níos fearr tar éis duit rud éigin a chuardach, ach tá cuma níos fearr orthu freisin toisc go bhfuil comhéadain ghrafacha acu ina dtaispeántar gach rud i bhfoirm íomhánna deasa.
i bhfoirm dheas ghrafach, in nice graphic form,
" Is suíomhanna iad seo ina dtaispeántar eolas i bhfoirm dheas ghrafach, in ionad mar dhlúthliosta téacs.
braithfidh sé breá nádúrtha. it'll feel nice and natural.
" Ach má bhaineann tú triail as ar feadh cúpla nóiméad, braithfidh sé breá nádúrtha.
an n-amharcfadh an féileacán agus an tsíog go deas would the butterfly and the fairy look nice
" Do bharúil an n-amharcfadh an féileacán agus an tsíog go deas i seomra suí dhíonteach Michelle?Is as Doire ó dhúchas í Ciara Nic Gabhann agus tá sí ag obair mar mhúinteoir ealaíne i meánscoil nua lán-Ghaelach in Inis Eoghain i mbliana.
tá sé deas a bheith múinte it is nice to be nice
" Nach bhfeiceann siad go bhfuil conradh beag i gceist – duine a thabhairt ó A go B – agus nuair a bhíonn an conradh beag sin comhlíonta go mbíonn cead acu tú a robáil! Nuair a bhím i siopa, nó in san óstán, bím i gcónaí ag iarraidh mo chuid Fraincise a chleachtadh, agus cé go mbíonn Béarla ag gach duine ar fhoireann an óstáin de ghnáth, tá sé deas a bheith múinte agus iarracht a dhéanamh a dteanga a úsáid.
stíl bhreá iriseoireachta a nice journalistic style
" Is iad na buanna is mó atá ag baint leis an saothar seo ná, sa chéad dul síos, go bhfuil na haltanna i mBéarla agus, sa dara dul síos, gur éirigh leis na húdair ar fad stíl bhreá iriseoireachta a chothú ina gcuid scríbhneoireachta agus nár ghéill siad don chathú dul i muinín an bhéarlagair acadúil.
stíl bhreá nádúrtha nice natural style
" Bhí neart flosctha faoin scannán agus bhíothas ag moladh stíl bhreá nádúrtha na n-aisteoirí Irglova agus Hansard.
breá cóngarach nice and close
" Chuirfinn roinnt comhairle ar dhuine atá ag smaoineamh ar dhul ar shaoire sciála: roghnaigh óstán atá suite i lár an bhaile agus atá breá cóngarach do gach rud – na hardaitheoirí sciála, na *gondolas* agus na tithe leanna a mbíonn *après-ski *ar siúl iontu.
slí bheatha dheas an phinn the nice career of the pen
" Tá airgead mór ag a céile, tá bréagán de pháiste aici féin agus slí bheatha dheas an phinn aici lena cuid ama a mheilt.
Dhiúltaigh muintir na hÉireann do Chonradh Nice the people of Ireland rejected the Nice Treaty
" Dhiúltaigh muintir na hÉireann do Chonradh Nice ach d’éirigh leis an rialtas é a bhrú ar an bpobal, i reifreann nua, le prótacal faoi chúrsaí neodrachta.
cúlra deas compordach nice comfortable background
" Tá mise ádhúil go leor; tá cúlra deas compordach agam.
D'aimsigh mé áit dheas le fanacht ann I found a nice place to stay
" D'aimsigh mé áit dheas le fanacht ann i sráidbhaile beag taobh amuigh de Larrasaona ar a dtugtar Akerreta.
dhea-rúin na bliana úire the nice ruins of the clay year
" Níl fágtha anois de dheasghnátha bliantúla seo lár an gheimhridh ach díriú ar dhea-rúin na bliana úire: iad a chumadh, a scríobh, a mhionnú.
Léiriú deas a nice example
" Léiriú deas é seo ar a dheacra is a bheidh sé gearradh siar ar an mhéid gháis cheaptha teasa a chruthaítear sa tír seo.
is deise nicest
" Tá an ceann is deise, uimhir 600 amuigh ar cíos ag lánúin aerach is cosúil, a scríobhann scéalta grá faoin ainm cleite “*Judith Gould*”.
Sturmbanfuhrer nice guy
" I dtaca leis an Guinness, is é a deir sé: “Bíonn blas ar an bheagán, go háirid ar an bheagán a bhímse in ann a cheannach ar an tuarastal suarach a fhaighim ó Beo Ar Éigean! ón am ar tháinig Sturmbanfuhrer Josef Mac Slua Muirí mar eagarthóir ar an liarlóg seo.
is deise nicest
" Cumann Peile an Phiarsaigh nó ‘Na Piarsaigh’, cad eile, is ainm don chumann áitiúil agus in ainneoin na heisimirce, na dífhostaíochta agus na bochtaineachta sna blianta atá thart, tá ceann de na staid pheile is deise atá le feiceáil in Éirinn tógtha ag cumann na bPiarsach i Ros Muc.
fíorchineálta really very nice
" Tá daoine fíorchineálta ar m’aithne nach gcreideann na scéalta uafáis seo inniu féin, i ndiaidh a bhfuil craolta sna meáin faoi.
cneasta nice
" Ach, mar a gheobhainn amach, dá mhéad a scéimh is ea is mó a cneastacht is a cineáltas.
eagarthóir nice guy (ironic)
" Cé a chreidfeadh é, a léitheoirí dílse? Cé a chreidfeadh, in am seo an mheathlaithe, go dtabharfadh eagarthóir Beo Ar Éigean! cúpla Euro le dul chuig Féile na nGael i Milwaukee? Ach sin mar a tharla.
glaochanna deasa nice calls
" DÓS: Rós Dubai! Sin ceann de na glaochanna deasa a fuaireas, ach faraor, ní rabhas in ann fanacht rófhada ann.
deasa nice
" Is tír nua é Meiriceá go fóill, agus is annamh, mar sin, go bhfeictear cathracha le foirgnimh agus radharcanna deasa, ach is eisceacht é San Francisco.
focal deas nice word(s)
" Nach aisteach an bhliain a bhí i 2009? Bronnadh Duais Nobel na Síochána ar Barack Obama as a chuid focal deas i gCairo, fad is a bhí sé ag géarú ar an gcogadh in aghaidh na Moslamach san Afganastáin agus sa Phacastáin.
iontach lách really nice
" An méid scéalta atá ann atá chomh greannmhar – is dóigh go mbíonn sé ina ‘chraggy island’ in amanna - agus dream iontach lách daoine ann.
nach méanar di how nice for her
" Is Meiriceánach í a dhéanann an-chuid taistil ina cuid oibre le comhlacht mór idirnáisiúnta teicneolaíochta – nach méanar di! Thug mé faoi deara giolc áthais uaithi lá amháin ag rá go raibh Foursquare tagtha go Baile Átha Cliath.
anaoibhiúil not nice
" Tá Banríon na Sasanach i ndiaidh OBE a bhronnadh ar amharclann ársa anaoibhiúil an Gate agus ar fhear an tí sin, Mick Colgan.
bealach fíordheas very nice manner
" Tá Shane os cionn sé troighe, mór matánach agus bíonn bealach fíordheas aige le 'no' a rá le daoine.
is deise nicest
" ’ Seafóid, faoin chosán is deise in Éirinn.
caoin ná cuí nice and proper
" “I gcogaíocht an lae inniu”, a scríobh Ernest Hemingway, fear a chonaic lena shúile féin uafás chogaíocht na linne seo i gCogadh Cathartha na Spáinne, “níl aon rud faoin bhás atá caoin ná cuí.
mhiasa deasa nice dishes
" Maidir le muintir Fhianna Fáil, tá Balor ag smaoineamh ar mhiasa deasa uisce a fháil dóibh chomh maith le tuáillí chun go nífidh siad a gcuid lámh i ndiaidh dóibh feic saolta a dhéanamh de mhuintir na hÉireann os comhair an tsaoil mhóir.
go gleoite really nice
" Tá siad monachróim ach tá roinnt díbh go gleoite, roinnt díbh greannmhar, roinnt meonach, ach tá siad go léir uathúil.
is deise ar domhan nicest in the world
" Is dócha gurb é seo an codladh is deise ar domhan, an geimhriú a dhéanann an t-ainmhí, nuair a mhoillíonn buille an chroí agus na hanála chomh maith ar an mbolg lán agus greim bia in aice lapa fosta, ligfidh an t-ainmhí néal an gheimhridh as a cheann ar a sháimhín só! Deirtear go mbíonn sé an-deacair ainmhí mar seo a dhúiseacht.
sráidbhailte deasa nice villages
" Tá bóthar ‘La Route Touristique’ le taobh na farraige idir sráidbhailte deasa nár fhulaing aon díobháil ailtireachta ach ab é na fógraí bóthair.
Sláimín deas a nice amount
" Sláimín deas thiocfadh leat a rá.
slachtmhar nice
" An tEarc Luachra ========= Breathnaíonn an craiceann an-tirim agus garbh ar an talamh ach san uisce, breathnaíonn sé an-bhog agus slachtmhar.
Nach méanar dúinn isn’t it nice for us
" Nach méanar dúinn nár ghlac sé lena chomhairle féin.
lúib dheas a nice corner
" Tugadh ciseán míre don bheirt againn agus shocraíomar síos i lúib dheas den trá chun ár scíth a ligean tar éis ghníomhaíochtaí na maidine.
aoibhinn nice
" org/> Ar ndóigh is féidir Facebook a úsáid chun griangraif a roinnt ach uaireanta bíonn tú ag iarraidh go bhfeicfeadh níos mó ná do chairde an griangraf aoibhinn a tharraing tú.
Shíl mé nár mhiste caidéis a chur I felt it’d be nice to have a chat
" Shíl mé nár mhiste caidéis a chur orthu.
meangadh ceanúil nice smile
" Is cuimhin liom freisin, an meangadh ceanúil a bhí air agus é i mbun scríobh go foighneach, le fuadar na gcéadta gasúr ina thimpeall.
is deise nicest
" Is minic gurb é seo an seomra is deise sa teach, le diwan bog, nó mataí, ar an urlár timpeall ar na ballaí, agus adhairteanna ar fáil le haghaidh compoird don droim.
is deise agus is cáiliúla nicest and most famous
" Mar aon leis na dioscaí, tá leabhar 40 leathanach le clúdach crua a dhéanann an t-ábhar a chíoradh: Faightear anseo an saothar is deise agus is cáiliúla dá chuid, idir cheol don cheolfhoireann agus do Cheoltóirí Chualann.
An Dea-fhocal nice words
" An Dea-fhocal in Áit an Chúitimh ================== Ní costais na seirbhísí amháin, ar ndóigh, a chuireann isteach ar an phobal.
go breá réidh nice and easy
" D’ainneoin fadhb aitheanta na nua-Naitsithe a bheith sa Ghearmáin, in Oirthear na tíre ach go háirithe, ghlac die Polizei - na póilíní go breá réidh leis gur ar bhithiúnaigh eachtrannacha amháin a bhí an fhreagracht iomlán as na dúnmharuithe brúidiúla seo.
giota beag maisiúil ar thaobhlíne a nice little addition on the periphery
" Tá cluainire de Phríomhfheidhmeannach, Charles (Bruno Todeschini, soifisticiúil, síodúil, dathúil – teaspeántas sármhaith) ag iarraidh go mbeadh sí ina giota beag maisiúil ar thaobhlíne a ego féinig.
níos deise nicer
" Tuigeann an suíomh seo go bhfuil sé níos deise obair ar son sprioc dhearfach dhéanasach in ionad a bheith in ísle brí faoi mhéad do rian coise a chaithfidh tú a laghdú.
eiseamláir deas a nice example
" ”* Seo eiseamláir deas de mhuinín Ferguson agus fadhbanna á scagadh aige.
brabach deas a nice profit
" Deineann úinéirí na gcoláistí brabach deas as an ngnó, agus ní locht orthu é sin.
níos deise nicer
" Ach bhí cósta Gleann Cholm Cille níos deise ná é, dar léi.
go deas fóirsteanach nice and suitable
" ’* Bhí ceol na hÉireann go deas fóirsteanach, mar nach amháin go raibh neart íobartach de bhunadh na hÉireann i measc an 96 a fuair bás sa tubaiste ar 15 Aibreán 1989, ach bhí siadsan chun tosaigh i bhfeachtas an *Hillsborough Justice Campaign* chun an fhírinne faoin ár a aimsiú.
ba dheise nicest
" Sheachain sé an autobahn an bealach ar fad, agus nuair a bhí nóin bheag agus deireadh an lae ann, drúcht ag méadú agus clocha ag géarú, agus éanacha beaga na coille craobhaí ag dul fá bhun dídine agus foscaidh, thóg sé a cheann agus d’amharc sé uaidh agus caidé a chonaic sé ar bharr cnoic ach an caisleán ba dheise dá bhfaca sé ar bhuille a dhá shúl riamh.
Ní haoibhinn an ceol é sin ach an oiread that’s not nice to hear either
" Ní haoibhinn an ceol é sin ach an oiread toisc gur chruthaigh an t-aitheantas dleathach sin deacrachtaí ilghnéitheacha don choimcne Gaelach.
cuma dheas orthu a nice appearance to them
" “Tá an ceol i gcónaí ansin ach maidir leis na héadaí de, is maith liom rudaí atá spraíúil a bhfuil cuma dheas orthu agus ar chaith daoine dúthracht go leor ag cruthú na n-éadaí agus na hataí, go bhfuil an-chuid scileanna i gceist.
cuma dheas ar na soilse the lights appeared nice
" Bhí cuma dheas ar na soilse i lár na cathrach, Margadh na Mór-Roinne faoi lán tseoil ar thailte Halla na Cathrach agus dúscaifte ag rith thart mar a bheadh seangáin ann, ag iompar cumhráin, carbhat, bréagán agus an uile chineál pronntanais.
ní bheidh cuid mhór de iontach deas a lot of it won’t be very nice
" 
Beidh 2013 suimiúil againn, is cosúil, ach ní bheidh cuid mhór de iontach deas.
go deas soiléir nice and clearly
" “Labhair go deas soiléir dom,” arsa sé, “beidh mise a rá seo ar an ardán.
go deas, urramach agus béasach nice, decent and respectful
" An aicme a thapaigh an deis lena dtuairim a chur in iúl, caithfear a rá go raibh siad go deas, urramach agus béasach lena chéile ar feadh i bhfad.
mar gheall gur dream deas ionraic iad because they’re a nice honest crowd
" ie go ceann i bhfad mar gheall gur dream deas ionraic iad 99% de lucht scríofa bunailt na hirise, bíodh ainm cleite nó ainm dílis orthu.
ní ba dheise dom féin ná mar a bhí dósan nicer for me than for him
" D’fhéadfainn a mhaíomh go raibh an chuairt ní ba dheise dom féin ná mar a bhí dósan, mar tá cairde liom leathchéad bliain níos óige ná é agus ní fios an t-éileamh go léir a bhíos ar bun acu.
ba dheas an mothúchán a cheapadh it was nice to think
" Le bheith fírinneach, ba caitheamh aimsire an-taitneamhach an agóidíocht: bhí taobh sóisialta ag baint leis agus ba dheas an mothúchán a cheapadh go bhfuil tú ag seasamh don rud atá ceart, dar leat féin agus ní raibh aon ghá ualach na freagrachta a théann le cumhacht a iompar.
cé go mba dheas liom altought it was nice for me
" Níorbh é an brabach ba thábhachtaí, cé go mba dheas liom go bhfuil €65 breise sa gciste atá agam le Betfair thar mar a bhí ag tús an tséasúir.
go deas le tiomáint nice to drive
" Is í an Yeti an carr is minice a gcuireann daoine ceisteanna orm fúithi – cé go mbíonn a fhios acu go mbíonn bíonn roinnt de na carranna is deise agus is costasaí sa tír á dtiomáint agam! Is Maith Léi Turas Trastíre =========== Tá an Yeti go deas le tiomáint, cé nach bhfuil an roth stiúrtha thar mholadh beirte.
i bhfad níos deise a lot nicer
" Tá stíl i bhfad níos deise ar an gcorp – agus roinnt athruithe déanta ar an inneall freisin.
is deise nicest
" Cé gurb iad roinnt de na daoine is clistí agus is deise ar bhuail mé leo riamh, níl aon amhras go dtagann an-chuid dá dtuiscint agus tiomantas ó mhíshuaimhneas.
Faigheann siad pingin dheas as they make a nice penny from it
" Faigheann siad pingin dheas as, saor ó cháin.
cuma dheas a nice appearance
" Ag Mealladh na nEorpach ========== Tá cuma dheas ar an gcarr seo, is SUV í agus ba mhór an t-éacht í a chur ar an margadh.
Ba dheas a cheapadh it’d be nice to think
" Ba dheas a cheapadh go dtiocfadh duine thall is abhus slán i ndiaidh an tríú cogadh domhanda, ach cé ar mhaith leis fanacht beo faoin talamh ar feadh breis is sé mhí le teacht aníos ina dhiaidh sin chuig domhan nach mbeadh aon léas de sholas na gréine le feiceáil ann ar feadh blianta fada? Dá gcuimhneodh daoine go leor ar a leithéid in am, d’fhéadfaí é sheachaint.
le bliain úr faoi mhaise a nice New Year
" San idirlinn, tá daoine macánta ag fanacht le poist, le caighdeán ceart maireachtála agus le bliain úr faoi mhaise.