Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
tráchtairí nuachtáin newspaper commentators
" Tá an rún seo cáinte ag cuid mhaith tráchtairí nuachtáin agus daoine eile agus tá sé tar éis dlús a chur leis an díospóireacht taobh istigh den Chumann Lúthchleas Gael faoi stádas amaitéarach imreoirí an Chumainn agus ceist na n-íocaíochtaí a chur faoin spotsolas arís.
nuachtáin thablóideacha tabloids
" Bíonn trácht leanúnach sna nuachtáin thablóideacha ar an fhiosrúchán agus ar an fhianaise agus bíonn daoine ar bís le níos mó eolais a fháil.
nuachtáin náisiúnta local papers
" Ní éireodh leis an striapach roimhe seo teacht ar mhargadh chomh mór, fiú dá gcuirfeadh sí fógra sna nuachtáin náisiúnta gach lá den tseachtain.
tuairiscí nuachtáin newspaper reports
"tuairiscí nuachtáin le fáil ar chluiche marn grook ó 1841 ach is cosúil go raibh sé á imirt i bhfad roimhe sin.
nuachtán áitiúil local paper
" "A country which is close to my heart," a dúirt sé leis an nuachtán áitiúil anseo.
nuachtáin newspapers
" B'fhéidir go raibh sé fóirsteanach, agus muid ag tarraingt ar dheireadh na bliana 2002, go raibh na nuachtáin agus na meáin eile i Nua-Eabhrac agus sna Stáit Aontaithe ag díriú a n-airde ar scéal faoi ghrúpa eolaithe a mhaígh gur éirigh leo duine clónáilte a thabhairt ar an saol den chéad uair riamh.
nuachtán newspaper
" Ní féidir liom lá a chaitheamh gan ar a laghad nuachtán amháin a léamh.
nuachtáin newspapers
" Is beag lá nach mbíonn tagairt éigin le feiceáil sna nuachtáin do Luas, an córas nua iompair atá á thógáil i mBaile Átha Cliath, agus gearáin a bhíonn i gceist go minic.
Ní cheapfá é ó na nuachtáin you wouldn't think it from the papers
" Ní cheapfá é ó na nuachtáin, ach tá cúrsaí oideachais i mbéal an phobail le tamall anuas.
nuachtáin thablóideacha tabloid papers
" Dúirt sé fosta gur tugadh neamhaird ar na fíricí is tábhachtaí tar éis do na nuachtáin thablóideacha dul thar fóir leis an scéal.
nuachtán náisiúnta national newspaper
" Mar shampla den mheon a bhaineann leis an Craobhchomórtas, in agallamh le nuachtán náisiúnta, dúirt iarchaptaen de chuid Chontae an Chláir nach raibh sa chluiche ceannais den tSraith Náisiúnta idir Cill Chainnigh agus Tiobraid Árann (cluiche a moladh go hard) ach "cluiche taispeántais" agus go mbeadh "fíorchluiche" iománaíochta idir an Clár agus Tiobraid Árann i gCraobhchomórtas na Mumhan.
beidh rath ar an nuachtán seo this paper will be a success
" Ach i ndeireadh báire beidh rath ar an nuachtán seo má thig leis 5,000 cóip a dhíol agus tuilleadh fógraíochta a shaothrú.
nuachtáin newspapers
" Bíonn cláracha raidió agus teilifíse, nuachtáin, irisí, cláracha plé, scéalta agus ceachtanna le fáil saor in aisce, ach cúpla nóiméad a chaitheamh ag baint úsáide as inneall cuardaithe.
ag seachadadh nuachtán delivering newspapers
" Bhí sé greannmhar mar dúirt mo thuistí go raibh orm íoc as mé féin, cé go raibh a fhios acu nach raibh airgead ar bith agam! Mar sin, chun íoc as, fuair mé post ag seachadadh nuachtán ó dhoras go doras.
i bhfábhar na nuachtán in favour of the newspapers
" Dá mba rud é go raibh ar chomhairle preas ag an am, lán le ceapacháin de chuid Fhine Gael, cinneadh a ghlacadh maidir le scéal a foilsíodh i nuachtáin áirithe maidir leis Uasal Lowry, is deacair a shamhlú go rialfaidís i bhfábhar na nuachtán.
nuachtán newspaper
" Go dtí sin, bhí mé ag scríobh go rialta do nuachtán thall i Sasana darb ainm an *Irish Post*.
na nuachtáin thablóideacha the tabloids
" Ach le cúpla bliain anuas tá an t-eagarthóir ag iarraidh an nuachtán a athrú le go mbeadh sé níos cosúla leis na nuachtáin thablóideacha, ar nós an *Daily Mirror*, foilseachán a mbíodh sé ag obair dó.
nuachtán newspaper
" Chun feabhas a chur a mo chuid Gaeilge, bím ag éisteacht le Raidió na Gaeltachta ar an idirlíon, tá síntiús agam leis an nuachtán *Foinse *agus, chomh maith leis sin, léim an iris seo, *Beo!, *gach mí.
sna nuachtáin in the newspapers
" Is í Bairbre de Brún an t-iarrthóir is airde próifíle sa rás - ball sinsearach de Shinn Féin agus iar-Aire Sláinte san Fheidhmeannas ó thuaidh - agus Eamonn McCann, fear atá ag plé le cúrsaí polaitíochta le 35 bliain anuas agus a bhíonn le feiceáil go minic ar an teilifís agus sna nuachtáin.
ailt nuachtáin newspaper articles
" Músclaítear fiosracht na mná, Aoife, nuair a thagann sí trasna ar scéal tragóideach in ailt nuachtáin sa teach.
nuachtán áitiúil local newspaper
" Bhí scéal i nuachtán áitiúil ag deireadh na míosa seo caite faoi na gardaí breith ar dhuine ag cóisir i mbaile fearainn tuaithe a raibh seacht gcinn de *joints *agus píosa de phiolla eacstaise ina sheilbh.
cuid de dhlúth is d’inneach den nuachtán tablóideach part of the very fabric of the tabloid newspaper
" Scannail ghnéis ======= Is cuid de dhlúth is d’inneach den nuachtán tablóideach iad scéalta a bhaineann le scannail ghnéis.
ag léamh nuachtáin reading a newspaper
" Bhí siad ar fad ag léamh nuachtáin – rogha i bhfad níos saoire, caithfidh mé a admháil.
nuachtán newspaper
" Thug nuachtán amháin an “Golden Trophy” air, mar shampla, agus “The Iron Man” an t-ainm a bhí ag *Weekly Variety* air.
ag léamh nuachtáin reading a newspaper
" Bhí siad ar fad ag léamh nuachtáin – rogha i bhfad níos saoire, caithfidh mé a admháil.
sleachta as na nuachtáin excerpts from newspapers
" Déanaim iarracht meascán maith de stór focal ag baint le téamaí nua agus pointí gramadaí a theagasc, agus sleachta as na nuachtáin nó as dán le Nuala Ní Dhomhnaill nó Cathal Ó Searcaigh a léamh gach lá.
sciath nuachtán a shield of newspapers
" Cé a bhí ina sheasamh idir mé agus maidneachan ach Éamonn Ó Doornail, an tEagarthóir Téagartha; clogad crua na ceartaiseachta fána cheann, sciath nuachtán crochta lena thaobh, claíomh géar na fíréantachta ina láimh dheas agus péire peann ina láimh eile, agus nuair a chonaic mé é gléasta mar a bhí agus solas niamhrach na húrmhaidine ag lonrú fríd a chuid gruaige cataí ciardhuibhe, dúirt mé gur mhór an trua nach raibh mo Canon EOS Digital liom nó nach gcreidfeadh duine ar bith ar chlár an domhain an chuma churata, oscartha, laochta a bhí air an mhaidin sin.
i gcuid de na nuachtáin in some of the papers
" Bhí muid thíos, agus tá fós i gcuid de na nuachtáin, thíos i gcúinne beag íseal.
le nuachtán laethúil a sholáthar to provide a daily newspaper
" Tá conradh ar fiú €596,000 é bronnta ar *Lá* le nuachtán laethúil a sholáthar agus tá iris idirlín den chéad scoth againn.
ag léamh an nuachtáin. reading the paper,
" Bhí a hathair ag léamh an nuachtáin.
nuachtáin de chuid na heite clé left-wing newspapers
" Chuir muid nuachtáin de chuid na heite clé agus litreacha chuige ó Learpholl agus ba léir ó na litreacha a scríobh sé ar ais go raibh scoilt san IRSP.
teanga na nuachtán, the language of the newspapers,
" Ach tá an Fharóis tar éis fás go mór: déantar na nótaí airgid a priontáil i bhFaróis, is í an Fharóis teanga na nuachtán, an raidió agus na teilifíse, faigheann na páistí oideachas trí Fharóis.
alt nuachtáin a newspaper article
" Léifidh siad alt nuachtáin sula léifidh siad leabhar agus léifidh siad alt Gaeilge ar nuachtán Béarla de rogha ar fhoilseachán Gaeilge.
foilsiú nuachtáin the publishing of a newspaper
" Os a choinne sin, tá daoine amuigh ansin a shílfidh go bhfuil mé i mo bhall de Shinn Féin ar an ábhar go raibh baint agam le foilsiú nuachtáin ar le duine é a bhíodh ina chomhairleoir de chuid an pháirtí sin.
i dtaobh an ghá a bhí le nuachtán laethúil trí mheán na Gaeilge, regarding the need for a daily paper through the medium of Irish,
" Tar éis dó plé a bheith aige le leithéidí Sheáin agus Shéamuis Mhic Sheáin ó Bhóthar Seoige i dtaobh an ghá a bhí le nuachtán laethúil trí mheán na Gaeilge, bhunaigh grúpa daoine (Gearóid Ó Cairealláin agus Eoghan Ó Néill ina measc) an nuachtán Preas an Phobail ag tús na n-ochtóidí.
an conradh úr do nuachtán laethúil the new contract for a daily paper
" Agus is léir go bhfuil údar bróid aige mar gheall ar gur éirigh leis an nuachtán an conradh úr do nuachtán laethúil a fháil ó Fhoras na Gaeilge, in ainneoin go raibh grúpa láidir, an *Irish News*, san iomaíocht don chonradh sin.
tuilleadh nuachtán more newspapers
" Téann siad thar fóir mar go mbíonn a fhios acu go ndíolfar tuilleadh nuachtán dá bharr.
ar chlúdach na nuachtán on the coverage of newspapers
" Is cinnte go ndéanann na meáin tagairt dóibh, ach is annamh a bhíonn siad ar chlúdach na nuachtán lá i ndiaidh lae, ach amháin má léiríonn an pobal go bhfuil spéis faoi leith acu i scéal áirithe.
nuachtáin newspapers
" **I gcoinne Acht na Gaeilge** Ansin, labhraíonn muid ar Acht na Gaeilge agus an dóigh a bhfuil leithéidí an *News Letter* (ceann de nuachtáin Bhéal Feirste) i gcoinne an achta, ag rá nach gcuirfeadh Protastúnaigh fáilte roimh a leithéid.
Tuairiscíodh i roinnt nuachtán it was reported in some newspapers
" Tuairiscíodh i roinnt nuachtán an mhaidin dár gcionn “go raibh aithne ag na Gardaí” ar an té a maraíodh.
eagarthóir nuachtáin newspaper editor
" Saor cloiche, geolaí, scríbhneoir, bailitheoir béaloidis agus eagarthóir nuachtáin a bhí ann.
eagarthóir nuachtáin newspaper editor
" Saor cloiche, geolaí, scríbhneoir, bailitheoir béaloidis agus eagarthóir nuachtáin a bhí ann.
an nuachtán clóite the printed newspaper
" Is iomaí buntáiste atá ag seirbhísí ar líne nach bhfuil ag an nuachtán clóite – idirghníomhaíocht agus cuardach cartlainne ina measc.
Thig nuachtáin a phriontáil in iliomad láithreacha anois a newspaper can be printed in many different locations now
" Thig nuachtáin a phriontáil in iliomad láithreacha anois seachas a bheith á seachadadh ar thraenacha nó leoraithe ó aon lárionad amháin.
ó nuachtáin from newspapers
" Aon duine nár chuala fós faoi thrioblóidí an Taoisigh le tamall anuas, is i bhfad ón raidió, ó nuachtáin agus ón teilifís a chaitheann sé a shaol.
leathanach tosaigh gach nuachtáin the front page of every newspaper
" Dé Domhnaigh an 2 Meán Fómhair, ba é an scéal ar leathanach tosaigh gach nuachtáin sna Stáit ná gur éirigh leis na Daithithe beaga seo na Góiliataí móra a leagan.
i nuachtáin náisiúnta na tíre in the national press
" Colúnaí bisiúil atá ann a bhfuil cáil bainte amach aige de thoradh a phróis ghéir, agus tá suas le ceathrú milliún focal den phrós sin á bhfoilsiú go bliantúil i nuachtáin náisiúnta na tíre ó bhí 1981 ann.
nuachtán Sasanach English newspaper
" “Féach air seo,” a deir sé agus é ag taispeáint ailt ón nuachtán Sasanach *The Telegraph* dom a bhfuil “*The UK’s population could almost double within a lifetime to more than 100 million, new figures have shown*” mar cheannteideal air.
nuachtáin newspapers
" ” Cé go bhfuil an comhad ag baint le Pádraig Ciosóg (Cisteoir Chraobh Learphoill de Chonradh na Gaeilge i 1916) ó Leabharlann Náisiúnta na hÉireann sa leabharliosta, níl nuachtáin mar *Fáinne an Lae* agus *An Claidheamh Soluis*, *Beo!* nó iris ar bith Ghaeilge ann.
ailt sna nuachtáin náisiúnta, articles in the national papers,
" Bhí baill áirithe den fhoireann ag achrann is ag bruíon le chéile go leanúnach agus d’éirigh cúrsaí chomh holc sin sa deireadh go raibh ailt sna nuachtáin náisiúnta, fiú, faoi chúrsaí ansin.
De réir nuachtán áitiúil an lae dar gcionn, according to the next day's local paper
" De réir nuachtán áitiúil an lae dar gcionn, bean áitiúil ocht mbliana is caoga d'aois a bhí inti.
A bhuíochas do nuachtáin áitiúla thanks to local newspapers
" A bhuíochas do nuachtáin áitiúla – *The Newsletter* a thugann tacaíocht don DUP, ina measc – agus an tAcht um Shaoráil Faisnéise ó thuaidh, tháinig na fíricí seo uilig chun solais diaidh ar ndiaidh.
nuachtán táblóideach tabloid newspaper
" Ach is iomaí uair a cáineadh “Liveline” le blianta beaga anuas as ucht é a bheith ag láimhseáil scéalta áirithe mar a bheadh nuachtán táblóideach ann, in ainneoin gur clár de chuid craoltóra seirbhíse poiblí é.
ar chéad leathanach an nuachtáin. on the front page of the newspaper
" “Chuala iriseoir éigin de chuid an *Evening Herald* faoin scéal le linn dom a bheith san ospidéal agus an chéad rud eile, bhí an ceannteideal “*RTÉ star in cancer shock*” le feiceáil ar chéad leathanach an nuachtáin.
nuachtán laethúil daily newspaper
" Agus ní haon ionadh é go bhfuil deacrachtaí airgid ag an nuachtán laethúil a bunaíodh i 1984 agus atá á sholáthar ar dheontas €280,000 sa bhliain faoi láthair.
atá sásta seasamh le fís an nuachtáin laethúil Ghaeilge. we are standing by the vision of an Irish daily newspaper
" Áirímid go leor Gaeilgeoirí aitheanta mar scairshealbhóirí fosta, daoine ar nós Shéamuis Uí Thuathail, Phádraig Uí Shnodaigh agus Shéamuis Mhic Sheáin, atá sásta seasamh le fís an nuachtáin laethúil Ghaeilge.
go mbeidh sé in ann an nuachtán seo a stiúradh trí cibé farraigí corracha atá roimhe. that he will be able to guide the newspaper through whatever troubled waters that lie ahead
" ***Athruithe ag an bharr:*** Ón 3 Márta, is é Dónall Mac Giolla Chóill a bheas mar eagarthóir ar *Lá Nua* agus táimid thar a bheith muiníneach go mbeidh sé in ann an nuachtán seo a stiúradh trí cibé farraigí corracha atá roimhe.
ba gheall le míorúilt an nuachtán a fháil in aon chor. it was like a miracle to get the paper at all
" Bhíodh sé lá nó dhó déanach i gcónaí agus ní bhíodh ann ach cúpla leathanach dubh agus bán ach ba gheall le míorúilt an nuachtán a fháil in aon chor.
tharrtháil na scairshealbhóirí an nuachtán the shareholders saved the newspaper
" An uair seo, tharrtháil na scairshealbhóirí an nuachtán agus leanfar den fhoilsiú páipéir agus leictreonach araon go deireadh na bliana ar aon chuma.
ag íoslódáil ár nuachtáin laethúil downloading our daily newspaper
" Deirtear nach fada go mbeimid go léir ag íoslódáil ár nuachtáin laethúil nó á léamh ar an Idirlíon amháin.
gur chun tairbhe phobal na mionteanga é nuachtán laethúil sa teanga sin. that the daily newspaper in the minority language benefits the speakers of that language
" Aithním an dúshlán iriseoireachta a bhaineann le foilsiú nuachtáin i mionteanga: an ndíríonn tú ar pholaitíocht na teanga féin nó an ndéanann tú iarracht cothromaíocht a bhaint amach idir "gnáthscéalta" agus scéalta na teanga? D’fhéadfaí a rá gur maith liom an teoiric: gur chun tairbhe phobal na mionteanga é nuachtán laethúil sa teanga sin.
chun go mbeadh rath ar an nuachtán so that the newspaper would be sucessful
" Margadh?An cheist is mó agus is bunúsaí, is dócha: an bhfuil pobal na Gaeilge (pé rud é sin) sásta nuachtán laethúil Gaeilge a cheannach? Léireodh taithí *Lá* agus *Lá Nua* nach bhfuil go leor acu sásta é a dhéanamh chun go mbeadh rath ar an nuachtán agus nach mbeadh sé i dtuilleamaí na ndeontas an iomarca.
Ní hionann fonn a bheith ar dhuine nuachtán a cheannach wanting to buy a paper is not the same as
" Ní hionann fonn a bheith ar dhuine nuachtán a cheannach agus dul amach chuig an siopa agus é sin a dhéanamh gach maidin, áfach.
i margadh iomaíoch na nuachtán in the competitive newspaper market
" Mura bhfuil sé d’acmhainn acu nuachtán laethúil den chaighdeán seo a fhoilsiú – agus creidim gur bunriachtanais iad na gnéithe sin thuas nach féidir a bheith beo dá n-éagmais i margadh iomaíoch na nuachtán – b’fhearr éirí as an bhfoilsiú laethúil agus nuachtán seachtainiúil a dhéanamh de *Lá Nua* arís, nó é a fhoilsiú dhá nó uair uaire sa tseachtain, agus díriú ar chúrsaí an Tuaiscirt den chuid is mó.
nuachtán seachtainiúil weekly newspaper
" Mura bhfuil sé d’acmhainn acu nuachtán laethúil den chaighdeán seo a fhoilsiú – agus creidim gur bunriachtanais iad na gnéithe sin thuas nach féidir a bheith beo dá n-éagmais i margadh iomaíoch na nuachtán – b’fhearr éirí as an bhfoilsiú laethúil agus nuachtán seachtainiúil a dhéanamh de *Lá Nua* arís, nó é a fhoilsiú dhá nó uair uaire sa tseachtain, agus díriú ar chúrsaí an Tuaiscirt den chuid is mó.
ag léamh nuachtáin. reading a newspaper.
na nuachtáin agus foilseacháin the newspapers and publications
" ) Is é an t-idirlíon an nasc is mó atá agam leis na nuachtáin agus foilseacháin lena mbím ag scríobh.
de réir tuairiscí sna nuachtáin according to reports in the newspapers
" ie/) i bhfeidhm ag doladhroichid an M50 agus de réir tuairiscí sna nuachtáin, tá go leor daoine fós ag fanacht ar na clibeanna leictreonacha atá ordaithe acu.
nuachtáin newspapers
" Cheana féin, tá na nuachtáin lán scéalta mar gheall air.
nuachtáin áitiúla local newspapers
" Go tobann, tá lear mór ranganna oíche fógartha ar fhuinneoga siopaí, sna nuachtáin áitiúla agus ar achan bhalla bán atá ar fáil.
nuachtán newspaper
" Bunaíodh Ciste Fiadhúlra an Domhain ar an 11 Meán Fómhair 1961 i ndiaidh do Sir Julian Huxley sraith alt a scríobh sa nuachtán *The Observer *inar mhaígh sé go raibh fiadhúlra na hAfraice go mór i mbaol.
ag caint le hiriseoir de chuid nuachtáin áitiúil speaking with a journalist from a local newspaper
" Agus é ag caint le hiriseoir de chuid nuachtáin áitiúil i nDoire, dúirt David Armstrong go raibh an baile chomh biogóideach is a bhí sé riamh.
nuachtán seachtainiúil weekly newspaper
" Ó mhí Aibreáin seo chugainn, áfach, tá rún ag Foras na Gaeilge gan maoiniú a bhronnadh feasta ach ar nuachtán seachtainiúil Gaeilge amháin agus tá siad ag iarraidh go mbeidh seirbhís leictreonach ag baint leis.
fágfar na nuachtáin Ghaeilge ar an trá fholamh ar fad the Irish language newspapers will be left completely destitute
" Trá fholamhAr ndóigh, fágfar na nuachtáin Ghaeilge ar an trá fholamh ar fad má thriomaíonn tobar na bhfógraí stáit, rud a d’fhéadfadh a bheith ar na bacáin, dar liomsa.
nuachtáin réigiúnacha regional newspapers
" Nós coitianta go maith anois is ea é go bhfoilsíonn na nuachtáin réigiúnacha eagrán i lár na seachtaine agus ceann eile ag an deireadh seachtaine.
Tuairiscíodh i nuachtán Iosraelach it was reported in an Israeli newspaper
" Tuairiscíodh i nuachtán Iosraelach dar teideal *Haaretz* ar an 11 Lúnasa gur labhair aire Seoirsiach, Temur Yakobashvili, as Eabhrais ar sheirbhís raidió de chuid arm na nIosraelach, agus go ndúirt “*Israel should be proud of its military which trained Georgian soldiers*.
nuachtáin newspapers
" An mórtas Bhí mórtas áirithe le brath i gcuid de na ceannlínte sna nuachtáin ar an lá a foilsíodh an scéal seo: ‘La France reste la championne de la fécondité en 2008’ (Le Monde); ‘Les Britanniques nous envient’ (Le Parisien).
nuachtáin éagsúla various newspapers
" Is ionann sin agus €100,000 sa mheán gach mí le hocht mí déag anuas! Suim airgid é seo atá sa bhreis ar an mhéid a fhaigheann na hAirí mar chúiteamh ar a gcuid costas mar Theachtaí Dála, atá flaithiúil go maith iontu féin, agus a fhoilsítear go tráthrialta i nuachtáin éagsúla mar thoradh ar iarratais tríd an Acht um Shaoráil Faisnéise (ASF).
nuachtán newspaper
" Tá daoine ann, a scríobh sé sa nuachtán Libération ar an 23 Feabhra, agus is ar éigean go bhfuil siad in ann maireachtáil ar an bpá íosta mhíosúil.
nuachtán áitiiuil local newspaper
" Bhí brón air nuair a d' admhaigh sé seo don nuachtán áitiiuil, ach caithfidh mé a rá gur chuir a ghníomh fearg orm.
scéalta nuachtáin newspaper takes
" Agus é ag labhairt ar an fhealsúnacht san eacnamaíocht, ’sé sin an tionchar a bhíonn ag smaointí agus barúlacha an duine ar an gheilleagar, dúirt sé gur cheart dúinn uile go léir ár gcuid teilifíseán a mhúchadh agus éirigh as a bheith ag léamh scéalta nuachtáin faoin gcruachás ina bhfuil muid faoi láthair.
heagarfhocal an nuachtáin the newspaper's editorial
" Tá sé in am, dar le heagarfhocal an nuachtáin Libération a foilsíodh ar an 14/15 Márta, an dlí seo a chur ar ceal má tá brí ar bith leis an bhfocal ‘solidarité’!
nuachtáin newpapers
" Bheadh ainm John Roberts, príomhbhreitheamh na cúirte, a mbíonn naonúr breitheamh ina suí ann, ar eolas ag an gcuid is mó de na Meiriceánaigh a léann nuachtáin, agus is cinnte go mbeadh ainmneacha eile mar Thurgood Marshall (an chéad bhreitheamh gorm sa chúirt) agus Sandra Day O'Connor (an chéad bhean) ar eolas ag gach éinne a bhí ar scoil i Meiriceá.
nuachtán newspaper
" Bheadh an t-idirlíon ina chuidiú do thionscadal na nuachtán, ní bheadh ann ach bealach eile chun na scéalta móra a scaipeadh agus, go bunusach, bhaileofaí an nuacht féin ar an bhealach chéanna.
nuachtán newspapers
" Seanfhocal nach sáraítear: Mura mbí ach Aire agat, bí i lár an aonaigh leis! Balor: Bhuel, a Thaoisigh, ní gá dom dul i muinín na nuachtán le fáil amach go bhfuil slad i ndiaidh a bheith déanta ar Fhianna Fáil sna toghcháin áitiúla agus Eorpacha, in ainneoin gur iarr tú ar mhuintir na hÉireann díriú ar cheisteanna beaga suaracha áitiúla agus dearmad a dhéanamh den tsáinn ina bhfuil an tír.
nuachtáin newspaper
" Samhlaigh anois go raibh botún ann agus náid amháin fágtha as an bpraghas agus foilsíonn gach nuachtáin áitiúil é dá bharr.
nuachtán newspaper
" Inniu INNIU, an nuachtán seachtainiúil Ghaeilge a bhíodh ann, nuair a bhíos ar scoil.
nuachtáin newspapers
" Chomh maith lena n-easpa tallainne a ghlóiriú as cuimse, bíonn na hirisí is na nuachtáin breac le pictiúir áille díobh chuile lá.
nuachtáin a newspaper
" Seo ceist ar fiú a phlé san am i láthair agus tairiscintí á lorg ag Foras na Gaeilge do fhoilsitheoir nuachtáin.
nuachtáin newspapers
" Bhí mé ag brath ar an raidió agus na nuachtáin.
nuachtán newspaper
" Bhí sé i nuachtán an tseachtain seo caite go rabhas ag déanamh *The Afternoon Show*.
nuachtán newspaper(s)
" Bhraith mé nuachtán Gaeilge uaim fosta aimsir an Oireachtais tráth ar tháinig an scéal brónach gur cailleadh Seán Mag Fhionnghaile, aisteoir iontach as Gaoth Dobhair, agus an scríbhneoir Mícheál Ó Brolcháin.
nuachtáin newspapers
" Bhí a fhios acu cad é bhí ag gabháil a thitim amach - dar fia, bhí sé sna nuachtáin - ach ní raibh siad in ann é a stad.
nuachtán newspapers
" Agus scríobhfar mórchuid litreacha chuig gannchuid nuachtán.
nuachtán newspaper
" Scríobh sé caibidil don leabhar *‘The Impact of the 1916 Rising’* (in eagar ag Anthony Coughlin) agus scríobhadh sé corralt don *Irish Democrat*, nuachtán an Connnolly Association.
nuachtán newspaper
" Ag caint leis an nuachtán Sasanach, *The Guardian*, mhaígh sé: *“Until quite recently, to be Irish meant to be not-English.
nuachtán newspaper
" Chuir sí féin agus a cara Anna Johnston nuachtán dar teideal Shan Van Vocht in eagar ó 1896-1899 inar cuireadh ábhar Gaelach na linne chun cinn, ó chomóradh céad bliain Éirí Amach na nÉireannach Aontaithe go cluichí Gaelacha.
nuachtán a newspaper
" Deich mbliana ó shin agus mé ag obair do nuachtán in iarthar Bhéal Feirste, hiarradh orm scairt ghutháin a chur ar pholaiteoir Aontachtach ar Bhóthar na Seanchille le ceist a chur air an mbeadh sé sásta dá mbogfaí an balla síochána siar mar bhíothas ag iarraidh tuilleadh tithe ‘Caitliceacha’ a thógáil i gceantar Chluain Ard ach nach raibh an spás ann dóibh.
nuachtán newspaper(s)
" Bhí a chuid grianghraf le feiceáil tar éis na tubaiste ar phríomhleathanach na nuachtán ar fud an domhain.
nuachtáin newspapers
" Leis na doiciméid sceite is déanaí, mar shampla, tá Wikileaks ag obair as lámh le nuachtáin idirnáisiúnta, The New York Times sna Stáit Aontaithe agus The Guardian sa Bhreatain Mhór san áireamh.