Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
nuacht reatha current news
" An réabhlóid sa teicneolaíocht fhaisnéise ======= Níl aon insint ar an dúil atá ag an bpobal i gcúrsaí faisnéise, go háirithe sa nuacht reatha.
na príomhfheasacháin nuachta the main news bulletins
" Comhtharlúint, nó díreach in am do na príomhfheasacháin nuachta ar chósta thoir na Stát Aontaithe? "Éirí amach" Bhasra.
Fíor-nuacht real news
" Fíor-nuacht atá i gceist agam - scéala nach bhfuil ag nuachtán ar bith eile!" Bhí Balor prioctha ag an bheach.
heagraíochtaí nuachta news organizations
" Anois agus an phríomhchuid den chogadh san Iaráic thart, tá roinnt mhaith de na hiriseoirí a bhí "neadaithe" le harm na Stát Aontaithe ar a slí abhaile - agus is cinnte go mbeidh na heagraíochtaí nuachta a chuir ann iad ag súil go dtiocfaidh a gcuid fón daor satailíte abhaile leo freisin.
ár gcraoladh nuachta féin our own news broadcast
" Déanaimid ár gcraoladh nuachta féin sa seomra ranga, le ceannlínte, fógraí faoi cheolchoirmeacha, scannáin, srl, agus réamhaisnéis na haimsire.
an t-aon fhoinse nuachta the only source of news
" Bunaíodh Gael Linn sa ré réamhtheilifíse agus ba é an t-aon fhoinse nuachta a bhíodh ag daoine sna meáin chlosamharc ná na pictiúrlanna ar fud na tíre.
an nuacht is déanaí the latest news
" ie)) mar a bhfuil eolas faoi gach gné den chumann agus de na cluichí maidir le stair, cluichí le theacht, an nuacht is déanaí faoi fhoirne agus imreoirí, eolas ar pheil agus iománaíocht, forbairt na gcluichí agus mar sin de.
léitheoir nuachta páirtaimseartha part-time newsreader
" Chuir mé isteach ar phost mar iriseoir agus fuair mé post mar iriseoir agus mar léitheoir nuachta páirtaimseartha ag an deireadh seachtaine.
in áit suíomh eile nuachta instead of other news sites
" Cuireann *blogs *ar chumas daoine cineál de nuachtlitir a scríobh ar líne agus bíonn sé suimiúil tuairiscí ar *blogs* a léamh ó am go ham in áit suíomh eile nuachta.
eagraíochtaí móra nuachta big news organisations
" An ráflaí agus tuairimíocht atá á bhfoilsiú i *blogs* nó fíricí? Bhí am ann gur cheap roinnt daoine go gcuirfeadh *blogs* deireadh le heagraíochtaí móra nuachta ach is léir anois nach dtarlóidh sé sin.
córas lárnaithe nuachta centralised news system
" Tá gá le córas lárnaithe nuachta chun na tuairiscí ar fad a scagadh agus chun iarracht éigin a dhéanamh na fíricí a chinntiú – cé go mbeidh spás ann i gcónaí do thuairimíocht agus claonadh polaitiúil ar scéalta.
daonlathú seo na nuachta this democratising of the news
" Léirigh cur chuige an BBC gur féidir le heagraíochtaí nuachta leas a bhaint as daonlathú seo na nuachta chun seirbhís níos fearr a chur ar fáil.
craoladh nuachta news broadcast
" D’éist muid le gach craoladh nuachta, ag dúil le go dtiocfadh imalartú ag an bhomaite deireanach.
an phríomh-cheannlíne nuachta the main news headline
" “Adams strongly condemns murder of Donaldson” – an phríomh-cheannlíne nuachta istigh.
léitheoirí nuachta newsreaders
" Tá dúshláin phearsanta á gcruthú ag HD do dhaoine freisin: toisc go mbíonn cuma níos soiléire ar gach rud, bíonn ar aisteoirí agus léitheoirí nuachta a bheith níos cúramaí lena smideadh agus gach goirín a cheilt go cúramach! Is léiritheoir/stiúrthóir sa réimse eolaíochta agus oideachais é Diarmaid Mac Mathúna leis an gcomhlacht teilifíse Agtel ((www.
an léitheoir nuachta the newsreader
" Cuimhním siar anois ar ghrianghraf de m’athair ar nuacht RTÉ agus an léitheoir nuachta ag rá gur toghadh é ina uachtarán.
an chomhdháil nuachta the news conference
" Chuir siad imní ar chuid den lucht tacaíochta anseo nuair a labhair siad faoi “The Liverpool Reds” agus “the Liverpool franchise” ag an chomhdháil nuachta in Anfield ar an 6 Feabhra.
i gcúrsaí reatha agus nuachta. in current affairs and news.
" Is iad na dúshláin is mó atá anois ann, dar leis, ná an lucht féachana a mhéadú, na struchtúir mhaoinithe a chur in oiriúint don tseirbhís agus scileanna na seirbhíse a fhorbairt i gcúrsaí reatha agus nuachta.
Ní hionann siamsaíocht agus nuacht. Entertainment and news are not the same.
paraiméadair chraobhscaoilte na nuachta the parameters of news dissemination
" Ach is cinnte go raibh paraiméadair chraobhscaoilte na nuachta athraithe ó bhonn.
gníomhach i gcumadh na nuachta active in shaping the news
" Lena chois sin, tugtar deis don ghnáthdhuine a bheith gníomhach i gcumadh na nuachta agus é féin a chur in iúl mar iriseoir.
míreanna nuachta news items
" Is léir, mar shampla, go bhfuil an tóin ag titim as ról fadbhunaithe na hiriseoireachta traidisiúnta mar gheatóirí a dhéanfadh cinneadh faoi na míreanna nuachta agus faoi na tuairimí ba cheart a chur faoi bhráid an phobail.
míreanna nuachta news pieces
" Ina dhiaidh sin, rinne sé an t-iliomad cláracha pobail agus míreanna nuachta sular oibrigh sé ar chlár conspóideach do Channel 4 dar teideal "Mother Ireland", clár a bhain le mná agus an náisiúnachas.
tomhaltóirí nuachta news consumers
" Ní gá gur tomhaltóirí nuachta iad an lucht léitheoireachta nó éisteachta a thuilleadh, ach táirgeoirí atá in inmhe a gcuid tuairiscí féin a bhailiú agus a chur le chéile.
scéalta móra nuachta big news stories
" Cúis mhórtais do Bhalor a cháil mar thuairisceoir tuisceanach agus mar fhiosraitheoir fáidhiúil, agus dá mbeadh barúil aige faoi na scéalta móra nuachta sular thit siad amach ar chor ar bith, ní bheadh tuairisceoirí an *Sindo* agus an *Star*, an *Mirror* agus an *Messenger of the Sacred Heart* ach in áit na leathphingne i gcomparáid lenár laoch.
cinnlínte na nuachta news headlines
" Sin agaibh cinnlínte na nuachta do mhí na Samhna.
mar phríomh-mhír nuachta as the main news story
" Bhí an scéal mar phríomh-mhír nuachta ar an teilifís agus ar an raidió lá i ndiaidh fhoilsiú an ailt.
scéal nuachta news story
" Is iomaí scéal nuachta atá scríofa agus craolta le déanaí ar an Aire Sláinte, Mary Harney, agus ar mhí-éifeachtacht Fheidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte.
ag léamh na nuachta reading the news
" Ba é an múinteoir Pádraig Ó Méalóid – a bhíodh tráth den saol ag léamh na nuachta ar RTÉ – a chuir tús lenár gceol nuair a thosaigh sé ag múineadh na feadóige stáin dúinn.
cainéil nuachta, news channels
" Is mallacht an tsaoil chomhaimseartha é an dóigh a mbíonn cainéil nuachta, ar nós SkyNews, ag iarraidh a gcláracha a líonadh.
i ndiaidh a bheith sa nuacht after being in the news
" Dar ndóigh, tá an scoil sin i ndiaidh a bheith sa nuacht cuid mhór le blianta beaga anuas.
chuig an seomra nuachta to the newsroom
" Is cuimhin liom agus mé ag obair le Century Radio i 1990 go dtagadh *Lá* sa phost chuig an seomra nuachta gach maidin agus é rollta isteach air féin mar a bheadh sorcóir ann.
mar pháipéar nuachta náisiúnta. as a national newspaper
" Ach mar iaririseoir a chaith seacht mbliana ag obair le RTÉ agus TG4, cheisteoinn cuid de pholasaí eagarthóireachta *Lá Nua* mar pháipéar nuachta náisiúnta.
dul i ngleic le scéal nuachta mar sin to face up to a news story like that
" Níor glacadh leis an líomhain sin go rósciobtha, mar is ait le muintir na tíre dul i ngleic le scéal nuachta mar sin – uaireanta feictear cait ar strae mar ábhar ar an nuacht teilifíse.
tuairiscí nuachta, news reports
" Roimhe sin, chloisinn na staitisticí mar gheall ar SEIF agus bhreathnaínn ar na tuairiscí nuachta, ach níor thuig mé riamh céard a bhí i gceist leis, i ndáiríre, go dtí gur chónaigh mé i measc na ndaoine atá thíos leis.
tosaíochtaí nuachta na hardchathrach news priorities of the capital
" Locht atá ar go leor de na meáin Ghaeilge ná go mbíonn siad ró-Ghaillimheach ina gcur chuige agus go meastar nach gá ach tosaíochtaí nuachta na hardchathrach a bhogadh siar leis an tsúil eile a aimsiú.
nuacht te-bhruite hot off the press news
" Beart ciallmhar is ea é go bhfuil an Foras ag éileamh go mbeidh leagan leictreonach agus idirghníomhach den nuachtán neartaithe seachtainiúil ar fáil ach níl sé soiléir óna bhfógra an bhfuil siad ag dréim go mbeidh nuacht te-bhruite á postáil gach lá.
nuacht chuimsitheach comprehensive news
" Is beag nuachtán Domhnaigh náisiúnta a bhíonn ag soláthar seirbhís laethúil de nuacht chuimsitheach agus b’fhearr i bhfad go mbeadh leithéidí Nuacht TG4 nó Raidió na Gaeltachta i mbun an chúraim seo.
páipéir nuachta newpapers
" Biffo: Ná creid gach a léann tú sna páipéir nuachta, a Bhaloir.
nuacht reatha current news
" Bhí sé ábalta nuacht reatha na seachtaine a chuimsiú agus blaiseadh a thabhairt ar céard a bhí romhainn, ó thaobh polaitaíochta agus eacnamaíochta de.
lucht nuachta news staff
" Agus dhiúltaigh sé go gcuirfí ar fáil do lucht nuachta aon tuairisc inmheánach roinne nó rialtais ar chás Commins faoi Alt 25 den Acht um Shaoráil Faisnéise.
léitheoir nuachta newsreader
" Más nuacht é, ámh, ní léir dom é, nó tá an léitheoir nuachta ag screadaíl ar thráchtaire éigin ar cheamara eile, agus tá duine eile (tuairisceoir, is cosúil), ag screadaíl ar an mbeirt acu.
lucht féachana na nuachta news viewers
" agus do lucht féachana na nuachta.
nuacht Chríostúil Christian news
" Níorbh fhada go raibh stáisiúin nuachta ar fáil dóibh siúd ar thaitin nuacht Chríostúil leo, nuacht na heite clé, nuacht thapa.
tuairisce nuachta news reporting
" Ar cheart do lucht stáisiún nuachta a bheith ag eagrú slogaí polaitiúla? An féidir leis an stáisiún tabhairt le fios i ndáiríre gur stáisiún tuairisce nuachta iad, seachas stáisiún déanta nuachta? Deacair a thomhas, ach bhí an méid sin feirge ar lucht na stáisiún cábla eile, gur thograigh siad cúpla seachtain ó shin an rud céanna a dhéanamh.
bharr na nuachta the headline
" Bhí sé ar bharr na nuachta ar feadh cúpla lá, go raibh sé le Man U a fhágaint ina dhiaidh, mar nach raibh an club sin ag caitheamh a dhóthain airgid ag ceannach imreoirí maithe, le himirt taobh leis.
Mionscéalta nuachta small trifling tales
bhriseann scéalta nuachta newstories break
" Má léim alt eile i nuachtán faoina sciobtha is a bhriseann scéalta nuachta ar Twitter, Facebook is ar YouTube caillfidh mé a laghad stuaime is atá fanta ionam.
thomhaltóirí nuachta news consumers
" Níor ghá gur thomhaltóirí nuachta iad an lucht léitheoireachta nó éisteachta a thuilleadh ach táirgeoirí a bheadh in inmhe a gcuid tuairiscí féin a bhailiú is a chur le chéile.
iomaí tuairisc nuachta many news reports
" Is iomaí tuairisc nuachta ar bhás Qaddafi a luaigh Eitilt Pan Am 103 ach ní chloistear focal faoi Eitilt 114 de chuid Aerlíne Arabach na Libia.
Go maire sé a nuacht good luck to him
" Go maire sé a nuacht agus go ndéana sé muintir na hÉireann mórtasach as ár gcultúr ilghnéitheach is as ár gcumas ildhánach.
drochscéalta nuachta bad news
" Le drochscéalta nuachta maidir le geilleagar na tíre, níl amhras ach go bhfuil buairt ar dhaoine faoin todhchaí is faoi thodhchaí a bpáistí agus cuireann sé seo go mór le fadhbanna meabhairshláinte.
iarfhear nuachta ex-newsman
" Ní chreidim gur "Sinn Féin" a bhí i gceist ag iarfhear nuachta UTV ach gur ar bhaill an UUP amháin a bhí an todhchaí ag bráth.
mhír nuachta bit of news
" Féach mar shampla an mhír nuachta gur éirigh le heolaí sa tSín fótoin a chianaistriú níos faide ná riamh.
fhear nuachta newsperson
" Thosaigh mé mar fhear nuachta agus tá mé leo go fóill! Teach Eorpach ====== **SMM: Phós tú bean in Albain.
foireann nuachta a news team
" Bhí foireann nuachta ó TG4 ann leis an scéal a cheapadh agus iad ag béarlóireacht le chéile, amach os comhair chuile dhuine.
gur tugadh aird uirthi ar na mórscéalta nuachta that it made the news
" Bhí an eachtra chomh dona is gur tugadh aird uirthi ar na mórscéalta nuachta teilifíse agus raidió chomh maith leis na scéalta spóirt.
ná mar a chloisimid sa nuacht than what we hear
" Ní hé go ndéarfainn gur phobal foirfe, éagsúil ar fad í an ghlúin óg sna Stáit Aontaithe anois, ach chónaigh mé i measc scata mac léinn óg ó chuile chearn den tír ar feadh bliana, agus ba aigne éagsúil ar fad a bhí acu ná mar a chloisimid sa nuacht i dtaobh Mheiriceá, agus ceapaim gur cheart solas a shilleadh air sin.
thuairiscí nuachta bailithe news reports gathered
" Tá cartlann chuimsitheach d'agallaimh, de dhíospóireachtaí, de bhéaloideas agus de thuairiscí nuachta bailithe ag Raidió na Gaeltachta le dhá scór bliain anuas.
láithreoir nuachta news presenter
" 
Le 17 mbliana, tá Róisín ag obair mar thuairisceoir agus mar láithreoir nuachta do RTÉ agus do TG4.
ag léamh na nuachta reading the news
" ”
 Thosaigh Róisín ag obair ar RTÉ agus í 19 mbliana d'aois ag léamh na nuachta le linn di bheith ag dul don chéim in DCU.
le gné éigin nuachta with some news aspect
" Thiocfadh leat an mheitheal bheag a bheas ina bhun a shamhlú ag breathnú ar an chéile ar an gcéad lá acu san oifig, agus iad ag rá lena chéile: an mbeidh muid anseo amárach? An dtabharfaidh an Foras an t-am dúinn leis an bpáistín fionn seo a thógáil, nó an dtitfidh an tua go tobann orainn faoi mar a thit rómhinic san am a caitheadh? Agus cén saghas ainmhí aisteach idir-dhá-stól atá idir lámha againn ar aon nós? Nuachtán seachtainiúil in-íoslódáilte le gné éigin nuachta a bheas á uasdátú níos minicí ná sin? An n-éireoidh linn muinín an phobail a fháil don ainmhí aduain seo? An dara dúshlán ná dúshlán na samhlaíochta.
mórán nuachta ó shuíomhanna ar an idirlíon much news from sites on the internet
" Bhí daoine eile ann a dúirt go gceannaíonn ach nach léann siad mórán nuachta ó shuíomhanna ar an idirlíon.
maidir le soláthar seirbhís nuachta regarding the provision of a news service
" Mianta an Phobail ======== Foilsíodh ar an 17 Nollaig ‘an anailís ar thorthaí an tsuirbhé phobail agus ar mholtaí ón tsraith fócasghrúpaí maidir le soláthar seirbhís nuachta’ ar shuíomh idirlíon an Fhorais.
ar bun i seomraí nuachta na tíre going on in the country’s newsrooms
" Gheobhaidh an léitheoir spléachadh ní hamháin ar ealaín na ceirde ach ar an chleasaíocht a bhíonn ar bun i seomraí nuachta na tíre.
pléascadh ar gach meán nuachta bursting onto every news medium
" Go gearr i ndiaidh ceist na ndaoine ar a seachnadh pléascadh ar gach meán nuachta i gcéin agus i gcóngar, bhí mé ag caint le hiarchime poblachtach faoin cheist.
ainneoin na dtuairiscí nuachta uilig despite all the news reports
" Tá sé amuigh ar bannaí faoi láthair, Ach san agallamh a rinneadh le Ed Moloney, deir sé nach bhfuil aon deimhniú ann - ainneoin na dtuairiscí nuachta uilig, gurb é Ivor Bell atá faoi agallamh sa téip atá mar dhúshraith do chás chúirte.
Scaip an nuacht the news spread
" Scaip an nuacht ar leathanach Facebook na heagraíochta.
an nuacht is déanaí faoi the latest news about
" Drochscéala ‘Eugene Goostman’ ============= Dóibh siúd a bhfuil deacrachtaí muiníne acu cheana, déarfainn gur chuir an nuacht is déanaí faoi Dhuais Turing soir in iomlán iad.
ndéantar nuashonrú ar an sruth nuachta updating is done on the news stream
" Tá trolláil tugtha faoi ndeara ag beagnach gach aon duine faoin am seo agus tá an dream óg ag glacadh le nósanna mar fho-ghiolcaireacht nó 'subtweeting' ina gcáintear duine ar Twitter gan ainm úsáideora an duine a lua; mar an gcéanna, tarlaíonn a leithéid ar Facebook le '*vaguebooking*' ina ndéantar nuashonrú ar an sruth nuachta trí cháineadh doiléir a dhéanamh ar úsáideoir eile.
na taighdeoirí ionramháil ar shruth nuachta the researchers managed the news-stream
" Sa triail seo rinne na taighdeoirí ionramháil ar shruth nuachta úsáideoirí ionas nach bhfeicfeadh siad ach scéalta brónacha nó áthasacha.
eagarthóir nuachta news editor
" An mhí seo: Eoghan Ó Néill, eagarthóir nuachta le Raidió Fáilte 107fm (Béal Feirste).
Ceannasaí Nuachta agus Cúrsaí Reatha Head of News and Current Affairs
" Tá Aled Eirug, Ceannasaí Nuachta agus Cúrsaí Reatha le BBC na Breataine Bige, i ndiaidh tuarascáil a scríobh faoin chraoltóireacht trí Ghaeilge i dTuaisceart Éireann, tuarascáil a mbeidh an-tionchar aici ar earnáil na teilifíse sna blianta atá amach romhainn.
tuairiscí nuachta news reports
" Míníonn Diarmaid Mac Mathúna an tslí a raibh deis ag gnáthdhaoine cur le tuairiscí nuachta na meán cumarsáide tar éis bhuamáil Londan an mhí seo caite, a bhuí sin leis an teicneolaíocht nua.
pháipéar nuachta newspaper
" Tá ré an nuachtáin, mar pháipéar nuachta, tugtha.
tuairiscí nuachta news reports
" Agus tuairiscí nuachta ann go bhfuil daoine in Inis Eoghain ag fanacht sé mhí le coinne a fháil leis an tSeirbhís Bhuiséadta agus Chomhairle Airgid, pléann Niamh Ní Shúilleabháin obair na seirbhíse agus cruachás a cliant.