Pota Focal Intergaelic
loath | oat | oth | áith | ath-
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
mhóid dílseachta oath of allegiance
" Sa lá atá inniu ann tá triúr feisirí poblachtánacha sa chruachás céanna agus bhí sé spéisiúil píosa as dialann Tony Benn MP a léamh sa *Guardian* ar na mallaibh faoi na deacrachtaí a bhí aige leis an mhóid dílseachta don bhanríon i 1964.
móid oath
" Mo thrua! Cúpla lá sular ghlac sé móid na hoifige thug sé féin agus a bhean cuairt ar na Clintons.
mionn oath
" Anois tá sé i bhfeidhm agus níl ach dhá phointe nach n-aontaíonn Sinn Féin leo, dar leis, is é sin, an dóigh nach mbeidh orthu siúd atá ina mbaill de na póilíní cheana féin an mionn nua ar chearta daonna a thabhairt agus maoiniú do na boird nua áitiúla póilíneachta.
mionn dílseachta oath of allegiance
" Ag an am sin dúirt Boothroyd nach raibh cead isteach acu mar nach raibh siad sásta mionn dílseachta a thabhairt don bhanríon, mar a rinne gach feisire eile.
mhionn oath
mionn oath
" Go ginearálta, tacaíonn na feisirí leis an Ghàidhlig, dar le hAlasdair MacCaluim: "Ag an Phàrlamaid dheireanach, mar shampla, bhí triúr a thug a mionn as Gàidhlig: Coinneach Mac an Tòisich (Làbarach), Rob Gibson (Pàirtaidh Nàiseanta na h-Alba) agus Eleanor Scott (Uaine)".
mionn dúshlánach challenging oath
" " Leis an mionn dúshlánach sin a fhógraítear an chéad chath eile sa gcoimhlint fhíochmhar atá ar bun faoi láthair sna Stáit Aontaithe.
móid oath
" Ach toisc go mbíonn ar na feisirí parlaiminte go léir a shuíonn ar choiste an Uasail Murphy móid a ghlacadh nach labharfaidh siad choíche faoi ghnóthaí an choiste lasmuigh de, ní bheidh a fhios againn go deo cé acu ar ghéill nó nár ghéill an Coiste dóibh siúd nach raibh sásta nach mbeadh aon ról níos mó ag na seirbhísí rúnda i bpolaitíocht na hÉireann.
móid rúndachta at oath of secrecy
" Glacann gach ball den tSeirbhís Dúrúnda móid rúndachta agus bíonn gach aon rud ina dhúrún docht daingean acu - cosúlacht Íosa Mhic Ghiolla Mháire sa chuntas.
mionna oath
" Ghlac na hÉireannaigh Aontaithe an mionna ar Chnoc na hUaimhe i dtuaisceart Bhéal Feirste troid a chur ar Shasana, ach ag an am chéanna, Caitlicigh, Protastúnaigh agus Easaontóirí a thabhairt le chéile.
Móid na Dílseachta the Oath of Allegiance
" Fianna Fáil - an Páirtí Poblachtach a dhíbhunódh an Conradh Angla-Éireannach, a chuirfeadh Móid na Dílseachta ar ceal, a sheasfadh leis an daoscarslua – “the men of no property”.
leabhar éithigh false oath
" Bolton, ar ambasadóir Mheiriceá ag na Náisiúin Aontaithe é anois, Donald Rumsfeld, atá anois mar Rúnaí Cosanta Mheiriceá, Paul Wolfowitz, iar-Rúnaí Cosanta Mheiriceá, agus Lewis Libby, státseirbhíseach in oifig an leasuachtaráin, a dhíotáil binse fiosraithe Comhdhála le déanaí as leabhar éithigh a thabhairt.
móid oath
" Níl an DUP sásta an chumhacht a roinnt le Sinn Féin go dtí go dtabharfaidh Martin McGuinness móid go dtabharfaidh sé tacaíocht don PSNI, a deir siad, ach is léir go bhfuil ceannaireacht an pháirtí i bhfách le Comhaontú Chill Rimhinn.
móid oath
" Sa bhliain chéanna, ghlac sé móid don IRB.
faoi mhionn under oath
" Ach dúirt aon duine dhéag – le linn dóibh a bheith faoi mhionn – go bhfaca siad na plátaí agus dúirt triúr acu gur thaispeáin aingeal dóibh iad.
mhionn oath
" ”* Cheapfá go mbeadh fonn ar Joel Pollak na sonraí a sceitheadh don phobal faoin gcaoi a raibh Schakowsky sáinnithe ag gníomhaire mná de chuid na Tuirce, mar a léirigh Edmonds ina fianaise faoi mhionn i gcás cúirte in Ohio i mí Lúnasa anuraidh.
mhóid dhílseachta oath of loyalty
" Ach dhá sheachtain sular ghlac sé an mhóid dhílseachta i mí Eanáir 2003, labhair Alan Greenspan, ceannaire an Bhainc Chúlchiste Fheadarálaigh, agus Robert Rubin, Príomhfheidhmeannach Goldman Sachs, leis an cheannaire nuathofa.
móid an oath
" Pléifidh mé an Titanic am éigin feasta, ach is é an cuimhneachán polaitiúil is mó a bheas ar siúl i mbliana, 2012, ná Conradh agus Cúnant Sollúnta Uladh caipéis a shínígh ceathrú milliúin duine ar an 28ú Meán Fómhair 1912 inar thug géillsinigh seo Sheoirse V móid go seasfadh siad taobh le taobh lena chéile agus “an ghéarchéim” faoi Pharlaimint Riail Dúchais a bhunú in Éirinn a fhuascailt.
as ar glacadh le mionn from which was accepted an oath
" Dream Buailte nó Dream a Buaileadh? ================== Deir seanfhocal linn, ‘an madadh a bhuailtear sa chloigeann, cuimhníonn sé!’ B’fhéidir gur ag cuimhneamh le fada a bhí muintir na hÉireann agus gurb ’in é an fáth a raibh na coiscéimeanna malltriallach le breis is céad bliain anuas: Cogadh na Talún, Cogadh na Saoirse as ar glacadh le mionn ‘don Rí’ le ‘Saorstát’ a bhaint amach.
gur cheart deireadh a chur leis an mhóid the oath ought to be ended
" Seans fosta gur cheart deireadh a chur leis an mhóid a thugann an tUachtarán i láthair 'Dia na n-uile chumhacht' ar na cúiseanna céanna atá luaite agam thuas.
as mionnú éithigh of lying while under oath
" Bhí fianaise bhréagach, nó ‘fitting up’ mar a thugtar uirthi i mbéarlagair lucht na coiriúlachta, i measc na líomhaintí a cuireadh ina leith, agus ciontaíodh cuid acu as mionnú éithigh agus as saobhadh cúrsaí na córa ní ba dhéanaí.
na mílte an mionn as Gaeilge thousands took the oath in Irish
" Fianaise eile ón am sin ná an chuairt a thug an tAthair Theobald Mathew ar Learpholl i Mí Iúil 1843, nuair a thug na mílte an mionn as Gaeilge: “Geallaim le cabhair Dé, gan aon sort ólacháin mheisceamhail a dhéanamh arís go brách.
Ghlac siad móid they took an oath
" Ghlac siad móid *'to uphold King, Country and Constitution*’ agus mar sin de thug said léasadh do lucht stailce le linn na tréimhse ar a dtugtar Red Clydeside.
mionn dílseachta oath of allegiance
" Ní hiad Sinn Féin an t-aon dream atá ag diúltú mionn dílseachta a thabhairt don Bhanríon Eilís, mar a mhíníonn Tony Birtill.