Pota Focal Intergaelic
both | coth | doth | foth | Goth
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
is oth liom a rá I'm afraid
" Ar an ollscoil a léigh mé féin de chéaduair é, seal fada ó shin anois is oth liom a rá, ach caithfidh mé a admháil nár léigh mé arís é go dtí ar na mallaibh.
Is oth linn an t-ardú seo, we regret this rise
" Is oth linn an t-ardú seo, ach ó bhí an t-ardú deireanach praghais ann trí bliana ó shin, tá méadú suntasach tagtha ar chostais reáchtála an nuachtáin.
is oth liom a admháil I hate to admit
" Mura bhfuil ach líon an-teoranta ar fad cainteoirí Gaeilge ina gcónaí i mbaile faoi leith, cur i gcás, cad is fiú don siopadóir spás a chur ar leataobh do nuachtán Gaeilge (gan trácht ar spás suntasach) nuair a bhíonn breis is dosaen teideal eile – as Éirinn, Sasana agus oirthear na hEorpa – le díol aige go laethúil? Mar sin, tagann an cheist chun cinn: an bhfuil aon mhargadh ann do nuachtán laethúil Gaeilge? Mar iar-eagarthóir ar nuachtán Gaeilge, is oth liom a admháil nach measaim go bhfuil.
is oth liom a rá I regret to say
" Níor mhair sé sin i bhfad, is oth liom a rá.
Is oth liom I regret
" Is oth liom, áfach, go bhfuil an seasamh seo á thógáil ag Fine Gael.
Is oth liom I regret
" Is oth liom a thuairisciú nach bhfuil obair Reeves thar moladh beirte i gcomórtas leis an mbunleagan.
Is oth liom a rá I’m afraid to say
" **LNC: Agus anois, cén fáth go dtagann na rónta chugaibh ag an ISS?** S: Is oth liom a rá, go bhfuil neart cúiseanna ann.
Is oth liom a chlos I’m sad to hear
" Deirtear gur chum an tAthair Maurice Stack as Lios Tuathail an aoir dhátheangach seo a leanas agus gur aithris sé ón gcrannóg í: “Is oth liom a chlos gur chaill Billy Rockett *All the gold that he had through a hole in his pocket* Imídh libh abhaile agus ná déanaidh dearúd ar an mbailiúchán eile Dé Domhnaigh seo chúinn”.
is oth liom a admháil I don't like to admit
" Is breá leis an dá dhream araon a bheith ag spochadh go neamhurchóideach as a chéile agus is oth liom a admháil go bhfaigheann na Sasanaigh an ceann is fearr ar na hAstrálaigh den chuid is mó.
gurbh oth leis an fhoireann that the staff were sorry
" I ráiteas a eisíodh ar an 6 Meán Fómhair, dúradh gurbh oth leis an fhoireann nach mbéifí ag foilsiú an nuachtáin as seo amach mar chuid den *Irish Independent*.