Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
ócáid event, occasion
" Ceann de na rudaí is bunúsaí ar fad ná go gcruthaíonn tú féin an taitneamh a bhaineann tú as áit ar bith, nó ócáid ar bith ag a bhfuil tú.
ócáid cheiliúrtha celebratory occasion
" Theastaigh uathu ócáid cheiliúrtha a chruthú, ócáid ag a mbeadh seans ag na hamhránaithe na hamhráin dhúchasacha a chur i láthair an phobail ar bhealach spraíúil nádúrtha, lasmuigh de thionchar na gcomórtas.
babhta occasion
" Ach an babhta seo rinne sí caol díreach ormsa agus stán san aghaidh orm.
ócáidí occasions
" Is iad na hócáidí móra, i bPáirc an Chrócaigh, Stáid Semple, agus araile, a tharraingíonn an phoiblíocht agus aird na meán cumarsáide náisiúnta, ach gan obair agus díograis na gcumann ar fud na tíre, ní bheadh na himreoirí agus, dá bhrí sin, na hócáidí móra sin ann.
ócáid shollúnta solemn occasion
" Mar sin, nuair a bhailigh oifigigh phoiblí, ceoltóirí agus daoine mór le rá le chéile Dé Máirt, 16 Iúil chun an t-ionad a oscailt atá mar chuimhneachán ar an Ghorta Mór a mharaigh breis is milliún Éireannach, ócáid shollúnta a bhí i gceist.
hócáidí móra big occasions
" Is fíor nach raibh mórán gréine againn le linn an tsamhraidh agus go raibh cuid mhór báistí ann ar uairibh ach nuair a bhí na cluichí móra á n-imirt is annamh a bhí sé go dona agus is minic a tháinig an ghrian amach do na hócáidí móra amhail is go raibh Dia féin ag iarraidh féachaint cén chaoi ina raibh ag éirí leis na contaetha éagsúla agus iad ag imirt i bPáirc Semple, i bPáirc an Chrócaigh agus mar sin de.
ócáidí móra iomána big hurling occasions
" Is foireann óg iad fós agus a lán taithí acu ar ócáidí móra iomána.
ócáid stairiúil historic occasion
" Ar an iomlán, meastar gur ghlac milliún go leith duine i 100 tír thart timpeall an domhain páirt san ócáid stairiúil sin, a d'eagraigh (www.
ócáid occasions
" Tá Pádraig Ó Siadhail ag scríobh bheathaisnéis Phiarais Bhéaslaí faoi láthair agus beidh sé ag nochtadh leacht cuimneacháin sa tsráid inar rugadh an file Gaelach agus an réabhlóidí seo i Learpholl in 1881, mar ócáid eile san fhéile in 2004.
ach go hannamh on the odd occasion
" D'imir sé go leor peile leis an CYO, ach níor éirigh leis áit a fháil ach go hannamh ar fhoireann chispheile buachaillí na hardscoile, Providence College.
ócáidí cultúrtha cultural occasions
" Buíochas leis an *Cultural Relations Committee *in Éirinn, faighimid an maoiniú chun an faolchú a choimeád ó mo dhoras-sa (agus chun íoc as an-chuid ócáidí cultúrtha leis), ach, i ndáiríre, nach fearr uaireanta an Ghaeilge mhilis thaoisleannach i do bhéal seachas bia? Mar sin, ní raibh ach breaceolas ag formhór na mac léinn ar an nGaeilge, seachas ag beirt nó triúr a chaith seal ag staidéar in Áras Uí Chadhain ar an gCeathrú Rua.
dhá mhórócaid two big occasions
" Beidh dhá mhórócaid ar siúl le linn tréimhse uachtaránachta Phroinsias Uí Mhaonaigh ar Oireachtas na Gaeilge i mbliana.
d'ócáidí taitneamhacha of enjoyable occasions
" AÓF: Luann sibh go músclaíonn na tiúin atá ar an albam seo cuimhní cinn, de chairde, de gháire, d'oícheannta deireanacha, d'ócáidí taitneamhacha.
ag ócáid bhrónach at a sad occasion
" An mbíonn an ceol i gcónaí mar sin daoibh, mar thaithí a mhúsclaíonn mothúcháin? An gcabhraíonn an ceol libh caoineadh riamh? LK: Mhothaigh mise i gcónaí go n-ardaíonn sé mé ag ócáid bhrónach.
ag faire ar mhórócáid stairiúil eile watching another big historic occasion
" Is eagal liom go rabhamar ag faire ar mhórócáid stairiúil eile an mhí seo caite nuair a rinne Taoiseach de chuid na tíre seo díluacháil iomlán ar Chnoc na Teamhrach, ceanncheathrú thaoisigh uile Éireann ar feadh na mílte bliain agus láithreán seandálaíochta a bhfuil clú idirnáisiúnta air sa lá inniu.
ócáid occasion
" Bíonn ócáid bhronnta na Réaltaí ar na hócáidí is mó spóirt i rith na bliana lasmuigh d'imirt na gcluichí féin.
chraoltaí ócáidí móra spóirt beo big sports occasions used to be broadcast live
" Ar feadh na mblianta ní raibh againne ach Teilifís Éireann ach chraoltaí ócáidí móra spóirt beo ó am go ham, cluichí leathcheannais agus ceannais na hÉireann, Corn an FA agus imeachtaí eile ar nós dornálaíochta trom-mheáchain an domhain (is cuimhin liom Cassius Clay/ Muhammad Ali ag tosú amach le Craobh Dhomhanda i gcoinne Sonny Liston), corn sacair an domhain i 1966 agus mar sin de.
d’ócáidí speisialta amháin for special occasions only
" “Ní dhéanann muid iad ach d’ócáidí speisialta amháin, mar is obair an-dian í.
ar ócáidí foirmeálta formal occasions
" Tagann daoine agus imíonn siad, fanann daoine roinnt laethanta agus tagann daoine chun an cheantair agus b'fhéidir nach ndéanfadh siad aon fhreastal ar ócáidí foirmeálta an Oireachtais in aon chor.
ócáidí éagsúla different occasions
" (Bhí mé ag caint le Galloway an tseachtain seo caite fosta mar go bhfuil an bheirt acu ag tabhairt léachtaí – ag ócáidí éagsúla – le linn Fhéile Bhéal Feirste.
ar lear mór ócáidí on lots of occasions
" I mí na Samhna amháin, bhí cur agus cúiteamh ar siúl faoin ábhar ar lear mór ócáidí.
mórócáid big occasion
" Beidh Tóstal na Gaeilge, mórócáid na Gaeilge in 2006, ar siúl sa Corrib Great Southern Hotel, Gaillimh, Dé hAoine agus Dé Sathairn 24 agus 25 Márta 2006.
mórócáid big occasion
" Beidh Tóstal na Gaeilge, mórócáid na Gaeilge in 2006, ar siúl sa Corrib Great Southern Hotel, Gaillimh, Dé hAoine agus Dé Sathairn 24 agus 25 Márta 2006.
ar ócáid sheolta a thuarascála on the occasion of the launch of his report
" Mar a dúirt an Coimisinéir Teanga ar ócáid sheolta a thuarascála, bhainfeadh na daoine seo an oiread céanna tairbhe as lá sa gharraí mar nach bhfuair siad a dhath ar a shon riamh.
mórócáid big occasion
" Beidh Tóstal na Gaeilge, mórócáid na Gaeilge in 2006, ar siúl sa Corrib Great Southern Hotel, Gaillimh, Dé hAoine agus Dé Sathairn 24 agus 25 Márta 2006.
na hócáidí móra spóirt the great sport occasions
" Is deacair súil a choinneáil ar chúrsaí spóirt i gcomhthéacs mar sin, in ainneoin gurb é an samhradh an t-am a tharlaíonn na hócáidí móra spóirt sa chuid seo den domhan.
dá mbronnfaí bronntanas bláthanna ar ócáidí speisialta if flowers were presented on special occasions
" Ní ábhar iontais a bheadh ann dá mbronnfaí bronntanas bláthanna ar ócáidí speisialta mar laethanta breithe ach fiú muna mbíonn i gceist ach bualadh isteach chuig cara, ní haon rud thar an gcoitiantacht é táth breá bláthanna bheith ina ghlac ag Polannach.
mar ócáid cheiliúrtha do gach éinne as an occasion of celebration for everyone
" Altú do Dhia a bhí ann ar dtús, is dócha, ach ós rud é gur tír shaolta í na Stáit Aontaithe go hoifigiúil, breathnaítear ar an bhféile anois mar ócáid cheiliúrtha do gach éinne ar an Oileán Úr.
mórán ócáidí agus imeachtaí eile many other occasions and events
" Is léir go bhfuil baint mhór ag an alcól leis an gceiliúradh ó thaobh spóirt de chomh maith le mórán ócáidí agus imeachtaí eile i saol mhuintir na hÉireann – bainiseacha, baistí, torthaí scrúdaithe agus mar sin de.
eachtra mhórthaibhseach impressive occasion
" Ní féidir a shéanadh, ámh, gur eachtra mhórthaibhseach atá sa Superbowl.
ag treorú shruth na hócáide; directing the flow of the occasion;
" Theo Weber ag treorú shruth na hócáide; a mhac Aonghus ag léamh giota as fógra báis a scríobhadh faoi Phádraig; deartháir Phádraig ag léamh sleachta as scéal eachtraíochta a scríobh Pádraig nuair a bhí sé sna déaga; fear céile Nuala (iníon Theo) ó Mheicsiceo ag seinnt giotáir agus ag canadh amhráin a chum sé don ócáid.
ag canadh amhráin a chum sé don ócáid. singing a song she wrote for the occasion.
" Theo Weber ag treorú shruth na hócáide; a mhac Aonghus ag léamh giota as fógra báis a scríobhadh faoi Phádraig; deartháir Phádraig ag léamh sleachta as scéal eachtraíochta a scríobh Pádraig nuair a bhí sé sna déaga; fear céile Nuala (iníon Theo) ó Mheicsiceo ag seinnt giotáir agus ag canadh amhráin a chum sé don ócáid.
sách maith don ócáid, good enough for the occasion,
" Maidir leis an gcluiche féin, bhí sé sách maith don ócáid, ag cur san áireamh gurbh é an chéad chluiche “ceart” den bhliain úr ag na foirne a bhí i lár a gcuid traenála le haghaidh cluichí móra an tsamhraidh.
leis an ócáid a cheiliúradh. to mark the occasion.
" Thaifead an BBC clár speisialta leis an ócáid a cheiliúradh.
ar ócáidí speisialta. on special occasions.
" Anois, bíonn sé oscailte i rith an tsamhraidh agus ar ócáidí speisialta.
ag ócáidí faoi leith. at particular occasions.
" **An Mhaoiris agus na Maoraigh**Dála muidne in Éirinn, bíonn fonn ar dhaoine a dteanga dhúchais a labhairt ag ócáidí faoi leith.
an iarraidh sin on that occasion
" Agus, ar ndóigh, fuair sé maoiniú flaithiúil ón bhfondúireacht chéanna an iarraidh sin freisin.
dearcadh contráilte wrong occasion
" Tá an dearcadh contráilte laistigh den státseirbhís, is eagal liom.
sealanna occasions
"sealanna caite aici ag obair mar iriseoir do sheirbhísí éagsúla raidió RTÉ, agus tá roinnt oibre déanta aici mar scríbhneoir scripte do Ros na Rún ar TG4.
spreagann occasioned
" Is riachtanach an tseift í sin chun dul i ngleic leis an tsoiniciúlacht bhinbeach a spreagann teorainn reatha na Gaeltacht.
eagruithe organized occasions
" Rachaidh cúig bliana thart gan mórán ar siúl ach ranganna do thosaitheoirí in ionad cultúir éigin, agus ansin, gan choinne, tiocfaidh slám mór eagruithe chun cinn.
Céard a tharla sa saol what occasioned
" **SMM: Céard a tharla sa saol gur bhog tú go hÉirinn?** SÓD: Nuair a bhí mé teacht abhaile go Meiriceá, stop mé isteach ag mo mhuintir in Árainn.
uaireanta on occasion
" Cé go mbíonn sé i gceist acu cabhair a thabhairt don eán róin, uaireanta, ní bhíonn siad gortaithe ar chor ar bith, agus tá an bhainirseach san fharraige leis an mac ar an trá ag glacadh sosa! Bheadh an bhainirseach an-chrosta le duine ar bith a thiocfadh i ngaobhar dá heán, agus is féidir leo a bheith an-ionsaitheach ar fad má cheapann siad go bhfuil an t-eán i gcontúirt.
imeacht occasion
" Ach bhí meas mór ag a lán scríbhneoirí agus ealaíontóirí ar an taispeántas: “In, or about, December 1910 human character changed,” a dúirt Virginia Woolf, an t-úrscéalaí, faoin imeacht.
Spreag occasioned
" Spreag na heachtraí uafásacha i nDoire go mór é leis an phictiúr a dhéanamh agus d’aithin sé fosta gur téama idirnaisiúnta a bhí ann.
dár ghin occasioned by
" B’ilghnéitheach na léargais dár ghin an bhéim sin, ach ní cóir beag is fiú riamh do dhéanamh den thimpeallacht intleachtúil sainiúil uirbeach sin dar ghearr Tóibín as an gcloich.
an t-imeacht occasion
" Bhí an t-imeacht taithneamhach le cur i láthair snasta.
t-imeacht a d'eagraigh occasion organized
" Ar ndóigh, níorbh é an t-imeacht a d'eagraigh *Families Acting for Innocent Relatives* atá i gceist agam ach turas na mílte Ultach a fhad leis an Staid *Aviva* i mBaile Átha Cliath do chluiche leathcheannais Chorn *Heineken* ina bhfuair foireann rugbaí Chúige Uladh an lámh in uachtar ar Dhùn Èideann le háit a ghnóthú i gcluiche ceannais an chomórtais in éadan Chuige Laighean i *Twickenham*.
imeacht occasion, event
" Mhínigh an tOllamh Marianne Elliot don lucht éisteachta gur smaoineamh de chuid Fergal Keane a bhí san imeacht nuair a thug an bronnadh céim oinigh ar an iriseoir iomráiteach ar na mallaibh.
ghin siad they occasioned
" Bhí lucht leanta fhoirne na dtíortha eile faoi dhraíocht ag amhránaíocht na nÉireannach, ag an spiorad a ghin siad gach áit a ndeachaigh siad, agus ag a gcairdiúlacht agus a láíocht.
Teagmhas Stairiúil an historic occasion
" Teagmhas Stairiúil ========= Dé Céadaoin, chroith Eilís II lámh le Martin McGuinness, LeasChéad Aire ó thuaidh agus iarcheannaire an IRA, in Amharclann an Lyric i mBéal Feirste.
tráthanna fuirseoireachta agus grinn occasions of comedy and fun
" In ainneoin na ngnéithe diúltacha a luadh cheana, feicfear tráthanna fuirseoireachta agus grinn cosúil le méaldráma Boucicault.
thuill an cinneadh the decision occasioned
" In ainneoin gur thuill an cinneadh a rinne an Vatacáin páirt a ghlacadh sa Biennale moladh óna lán daoine, cháin daoine eile é ag rá nach raibh mórán doimhneachta ag baint leis an taispeántas agus gur deis chaillte a bhí ann rud fiúntach éigin a rá.
móide ócáidí siamsaíochta plus social occasions
" Dá bhrí sin, is é bunfhealsúnacht an chumainn dar liom deiseanna rialta, leanúnacha tríd an bpeil Ghaelach agus tríd an iománaíocht móide ócáidí siamsaíochta a bheith ar fáil trí mheán na Gaeilge agus ar an gcaoi sin comhluadar inmharthana teanga a spreagadh agus a neartú.
freastal ar an ócáid attend the occasion
" Ciallaíonn sin gur féidir le hiriseoir físe – nó tú féin, a léitheoir dhil – dul chuig seimineár éigin, ceamara beag a chur ar siúl agus imeachtaí an lae a chraoladh beo ar an idirlíon ar an bpointe (má tá ceangal leathanbhanda ar fáil san ionad); freastal ar an ócáid agus nótaí a ghlacadh; alt anailíse ar ábhar an tseimineáir a scríobh an oíche sin; agus pacáiste iomlán leis an alt, nasc chuig taifead den chaint, agus grianghraf a chrochadh ar do bhlag (nó a sholáthar do nuachtán idirlín) an mhaidin dár gcionn.
ag ócáid chuimhneacháin in ómós do on the occasion of paying respect to
" Thosaigh an lucht féachana ag feadaíl go drochmheasúil ar an uachtarán, Jacob Zuma, ag ócáid chuimhneacháin in ómós do Mandela féin.
ag corrócáid sóisialta at the odd social occasion
" An áit a bhfuil Gaeilge á labhairt ag corrócáid sóisialta nó taobh istigh den chóras oideachais i nGaelscoileanna agus i measc dornán díograiseoirí, ní thiocfaidh mórán athrú ar nósmhaireacht teanga as seo go ceann scór blianta eile.
dhá imeacht speisialta two special occasions
" Fógraíodh an dea-scéala seo ag dhá imeacht speisialta a bhí á reáchtáil i mBaile Átha Cliath agus i mBéal Feirste.
ócáid occasion
" Bhí Liz Curtis i láthair ag ceolchoirm a thug amhránaithe salm as Albain i mBéal Feirste an mhí seo caite agus bhain sí féin agus an slua mór a bhí ansin an-sult as an ócáid.
dúisithe occasioned
" Cead cainte, cead cáinte agus cead adhartha do chách más fíor don dlí, ach tá deacracht ar leith dúisithe ag Tionscnamh Córdoba, nó Páirc 51 mar atá anois air.
Theagmhaigh had occasion to meet
" Theagmhaigh Seán Mac Risteaird leis an obair mhaith a dhéanann an t-eagras Féileacáin, eagras a thacaíonn le teaghlaigh a iompraíonn ualach trom cumhaíúil na marbhghine.